Tuilleadh de Thaifid Stairiúla Breitheanna, Póstaí agus Básanna le fáil Ar Líne Fógartha ag an Aire Madigan agus ag an Aire Doherty
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá taifid shibhialta na bpóstaí go léir ón mbliain 1845 go dtí 1944 ar fáil ar líne anois don phobal, chomh maith le taifid chlár na mbreitheanna don bhliain 1919 agus taifid chlár na mbásanna don bhliain 1969. Tá breis is 15.5 milliún de thaifid cláir ar fáil ar líne anois don phobal len iad a fheiceáil agus lena n-úsáid le haghaidh taighde ar an láithreán gréasáin www.irishgenealology.ie .
Áirítear i measc na dtaifead atá ar fáil ar líne anois:
Mhínigh Josepha Madigan, An tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta:
"Déanann an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta sonraí chlár na mbreitheanna, póstaí agus básanna a eisiúint go bliantúil mar chuid de chomhpháirtíocht leanúnach idir mo Roinn féin agus an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí. Is é is aidhm leis na taifid stairiúla seo a chur ar fáil gan srian agus go héasca don phobal ar fad anseo sa bhaile agus ar fud an Diaspóra."
Dúirt an tAire Madigan chomh maith:
"Leanfar den obair thábhachtach seo. Leanfaidh ár gcuid ranna den obair i gcomhar seo chun taifid stairiúla a dhigitiú agus a chur ar fáil sna míonna agus sna blianta amach romhainn".
Áirítear ar an obair sin íomhánna de suas le 1.5 milliún taifead báis a bhaineann leis an tréimhse idir 1864 agus 1877 nach bhfuil curtha ar fáil don phobal fós a dhigitiú.
Leag Regina Doherty TD, an tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (a bhfuil freagracht uirthi i leith na Seirbhíse um Chlárú Sibhialta) béim:
“Tá ríméad orm go bhfuil an togra seo chun taifid stairiúla chlár na bpóstaí sibhialta a chur ar fáil don phobal ar an láithreán gréasáin www.irishgenealogy.ie tugtha chun críche. Ghlac sé roinnt blianta togra na bpóstaí a thabhairt chun críche - mar gheall ar an mbail atá ar roinnt de na taifid níos sine - ach is féidir teacht anois ar na póstaí stairiúla ar líne anois den chéad uair. Is iontach an t-éacht é seo don tSeirbhís um Chlárú Sibhialta agus cinnteofar go ndéanfar na taifid luachmhara seo a chaomhnú i bhfoirm dhigiteach do na glúnta atá le teacht".
Dúirt an tAire Doherty chomh maith gur tosaíodh ag clárú póstaí Sibhialta in Éirinn sa bhliain 1845 agus is féidir teacht go héasca anois ar bhreis is 100 bliain de thaifid stairiúla póstaí ar mhaithe le stair teaghlaigh agus taighde stairiúil. Tá taifid phósta ó bhlianta roimhe sin a chláraigh comhlachtaí Eaglasta le fáil chomh maith ar www.irishgenealogy.ie.
Dúirt an tAire chomh maith:
"Táthar ag feabhsú agus ag cur leis na taifid thar a bheith luachmhar go leanúnach ar an láithreán. Is taipéis shaibhir cinnte de stair na hÉireann an láithreán seo a chuirtear ar fáil ar ardán a bhfuil sé thar a bheith éasca teacht air agus tá sé ar fáil saor in aisce do gach duine".