Tús curtha le hÍocaíochtaí Scéim Orgánach 2022 fógartha ag an Aire Hackett
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, go bhfuil íocaíochtaí sa bhreis ar €5.3m á n-eisiúint chuig breis is 1000 feirmeoir mar chuid de Réamhíocaíochtaí 2022 do Scéim na Feirmeoireachta Orgánaí.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire,
“Cúis áthais dom a fhógairt go bhfuil tús á chur le Réamhíocaíochtaí Scéim na Feirmeoireachta Orgánaí 2002 a eisiúint. Tá na híocaíochtaí atá á n-eisiúint inniu cothrom le méadú de €1.3m i gcomparáid le 2021. Tá mo Roinn tiomanta do chinntiú go bhfaigheann feirmeoirí a gcuid íocaíochtaí in am gach bliain agus chuige sin, tá na híocaíochtaí eisithe níos luaithe i mbliana agus leanfar le híocaíochtaí a chur ar fáil d'fheirmeoirí sna seachtainí beaga amach romhainn. Is mian liom a mheabhrú d'fheirmeoirí orgánacha a bhfuil deireadh ag teacht lena gconarthaí i mbliana nach mór dóibh iarratas a dhéanamh ar agfood.ie roimh an 9 Nollaig más mian leo páirt a ghlacadh sa scéim nua.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire freisin,
“Le blianta beaga anuas, tá roinnt mhaith spéise léirithe san Earnáil Orgánach agus tá an earnáil ag fás freisin, agus tá sé mar aidhm againn an sprioc atá sonraithe i gClár an Rialtais - go mbeadh táirgeadh orgánach ar bun ar 7.5% de talamh - a chomhlíonadh. Dá réir sin, tá na híocaíochtaí seo atá á gcur ar fáil d'fheirmeoirí orgánacha riachtanach chun tacú le cothabháil agus le haistriú chuig Feirmeoireacht Orgánach. Chomh maith leis sin, is mian liom a mheabhrú d'fheirmeoirí go bhfuilimid ag glacadh le hiarratais go dtí an 9 Nollaig agus molaim d'aon duine ar spéis leo iarratas a dhéanamh é sin a dhéanamh anois. Mar a d'fhógair mé roimhe seo, i ndiaidh na bliana 2023 bainfidh feirmeoirí atá ag glacadh páirte i Scéim na Feirmeoireachta Orgánaí tairbhe as rátaí íocaíochta feabhsaithe agus as íocaíocht rannpháirtíochta.”
Chomh maith leis sin, tharraing an tAire Hackett aird ar na gníomhaíochtaí atá curtha i gcrích ag an Roinn mar chuid de sceideal iomlán imeachtaí agus rannpháirtíochta go dtí seo in 2022 ar mhaithe le creat comhleanúnach agus straitéiseach a bhunú chun tacú leis an earnáil Orgánach
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Hackett mar fhocal scoir
“Geallaim d'fheirmeoirí go leanfar leis an obair a bhaineann leis na paraiméadair sin a chuirfidh ar chumas Feirmeoirí agus táirgeoirí aistriú chuig an bhFeirmeoireacht Orgánach a bheachtú agus a fhorbairt amach anseo agus cinnteofar go mbeidh rath ar a gcuid gnóthaí agus go n-éiríonn leo barr a gcumais a bhaint amach. Cinnteoidh na buntáistí a bhaineann le haistriú chuig Feirmeoireacht Orgánach go dtéann prionsabail bhunúsacha na timpeallachta feabhsaithe chun tairbhe do chách agus trí úsáid a bhaint as modhanna inbhuanaithe feirmeoireachta go gcinntítear go mbaineann ár bpobail tairbhe as torthaí níos fearr.”
• Tá na réamhíocaíochtaí seo cothrom le 85% den íocaíocht bhliantúil iomlán atá á tairiscint faoi OFS. Tá sé beartaithe an 15% eile a íoc i mí Bealtaine 2023
• I láthair na huaire, tá thart ar 2100 feirmeoir orgánach ag glacadh páirte i Scéim na Feirmeoireachta Orgánaí agus beidh na híocaíochtaí bliantúla a dhéanfar faoin Scéim cothrom le thart ar €13 milliún.
• Tá táirgeadh orgánach ar siúl ar thart ar 110,000 heicteár i láthair na huaire
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Rannán Orgánach DAFM trí ghlaoch ar an uimhir 053 91 63400 nó trí r-phost a sheoladh chuig organic@agriculture.gov.ie
Nótaí do na hEagarthóirí maidir le Scéim na Feirmeoireachta Orgánaí 2023:
Ar mhaithe le léargas a thabhairt ar an leibhéal méadaithe tacaíochtaí, tá áireamhán íocaíochtaí forbartha d'fheirmeoirí agus ar fáil ag https://cap-calculators.apps.rhos.agriculture.gov.ie/
Ar an áireamhán seo taispeántar an luach a bhaineann le haistriú chuig feirmeoireacht orgánach.
Beifear ag glacadh le hiarratais ar an Scéim ó gach earnáil go dtí an 9 Nollaig 2022.
Tá treoirleabhar a bheidh áisiúil d'iarratasóirí poitéinsiúla maidir le próiseas iarratais Scéim na Feirmeoireachta Orgánaí agus doiciméad CCanna le fáil ar shuíomh gréasáin na roinne: Organic Farming Scheme
Tá bota comhrá ar fáil ar agfood.ie chun ceisteanna coitianta maidir le feirmeoireacht orgánach a fhreagairt.
Tá sraith Bileog Eolais nua maidir le Feirmeoireacht Orgánach forbartha ag Teagasc chun eolas a roinnt le feirmeoirí atá ag smaoineamh ar fhiontair orgánacha. Ina theannta sin, tá treoirleabhar nua dar teideal “Organic Farming – A Step-by-Step Guide to Conversion” forbartha agus ar fáil ar suíomh gréasáin the Teagasc website.
Tá cóipeanna de théarmaí agus coinníollacha Scéim na Feirmeoireachta Orgánaí le fáil ar leathanach orgánaice na Roinne ag Scéim na Feirmeoireachta Orgánaí.
Tá sprioc ar leith sonraithe i gClár Rialtais na hÉireann - beidh an talamh atá in úsáid d'fheirmeoireacht orgánach méadaithe faoi thrí faoin mbliain 2027, go dtí thart ar 330,000 heicteár. Tá an sprioc seo curtha san áireamh i bPlean Straitéiseach CAP na hÉireann, Fís Bia 2030 agus Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide.
Maidir le feirmeoir stoic thirim a bhfuil 40 heicteár in úsáid aige/aici d'fheirmeoireacht orgánach i rith 5 bliana scéim na feirmeoireachta orgánaí, beidh an íocaíocht 54% níos airde ná mar a bhí faoin CAP roimhe seo.
Is é cuspóir foriomlán Scéim na Feirmeoireachta Orgánaí níos mó buntáistí don timpeallacht agus do leas ainmhithe a chinntiú agus táirgeoirí a spreagadh chun freagairt don éileamh margaidh ar bhia atá á tháirgeadh go horgánach.
Tá buiséad iomlán luach €256 milliún leithdháilte ar OFS thar shaolré an CAP nua.