Tús curtha le Réamhíocaíochtaí don Scéim um Chúnamh Próitéine ar fiú €3 mhilliún í fógartha ag an Aire McConalogue
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D inniu go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí faoin Scéim um Chúnamh Próitéine 2020.
Dúirt an tAire McConalogue
“Tá ríméad orm a dheimhniú go bhfuil íocaíochtaí á n-eisiúint faoi láthair faoin Scéim um Chúnamh Próitéine 2020. Cuidíonn an cúnamh airgid a chuirtear ar fáil faoin scéim seo le feirmeoirí atá ag saothrú pónairí, piseanna agus lúipíní tairbhí timpeallachta a chur ar fáil chomh maith le foinsí dúchasacha próitéine a shaothrú do bheatha ainmhithe.
Dúirt an tAire freisin
“Tá €3 mhilliún curtha i leataobh arís i mbliana don Scéim um Chúnamh Próitéine, agus tá tús á chur le híocaíochtaí chuig an tuairim is 1,000 iarratasóir. Is é an ráta atá socraithe i mbliana ná €215 an heicteár, agus léiríonn sé sin tacaíocht thábhachtach d'fheirmeoirí curaíochta."
CRÍOCH