Tús curtha le híocaíochtaí faoi Scéim Tacaíochta Farae 2022 fógartha ag an Aire McConalogue
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, inniu go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí le feirmeoirí faoi Scéim Tacaíochta Farae 2022.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá an-áthas orm go bhfuil tús curtha an tseachtain seo ag mo Roinn leis na híocaíochtaí seo faoin Scéim Tacaíochta Farae le níos mó ná 71,000 feirmeoir incháilithe. Tá sé mar phríomhthosaíocht agam íocaíochtaí a eisiúint go tapa chuig teaghlaigh feirme agus táim bródúil as an méid atá bainte amach go dtí seo. Is borradh tábhachtach ioncaim d'fheirmeoirí iad na híocaíochtaí seo ag an am seo den bhliain agus, ar ndóigh, is aitheantas iad ar na costais bhreise ionchuir atá roimh fheirmeoirí mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin agus ar an gcostas leanúnach maireachtála”.
Thug an Scéim Tacaíochta Farae 2022, a fógraíodh i mí an Mheithimh na bliana seo, dreasachtaí d'fheirmeoirí, go háirithe feirmeoirí stoic thirim, chun níos mó farae (sadhlas agus/nó féar) a fhás don gheimhreadh seo, lena chinntiú nach mbeidh aon fhadhb leasa ainmhithe ag Éirinn le linn an gheimhridh agus an earraigh seo chugainn.
Dúirt an tAire McConalogue freisin:
“Is ionann an buiséad don Scéim Tacaíochta Farae agus €56 milliún le ráta íocaíochta €100 in aghaidh an heicteáir, le huasmhéid de 10 heicteár ag fáil tacaíochta”.
Leanfar ar aghaidh ag eisiúint íocaíochtaí chuig cásanna imréitithe ar bhonn rialta sna seachtainí amach romhainn.
Mhol an tAire d'fheirmeoirí a bhfuil ceisteanna acu maidir leis an Scéim Tacaíochta Farae iad a sheoladh trí ríomhphost chuig fss@agriculture.gov.ie
Thapaigh an tAire McConalogue an deis freisin chun a mheabhrú don 71,000 iarratasóir incháilithe faoi Scéim Tacaíochta Farae 2022, más mian leo iarratas a dhéanamh ar Scéim Tacaíochta Farae 2023, go gcaithfidh siad é sin a dhéanamh ar líne faoi mheán oíche an 5 Nollaig 2022.
Bhí sé mar aidhm ag an Scéim Tacaíochta Farae 2022 spreagadh a thabhairt d'fheirmeoirí, go háirithe feirmeoirí stoic thirim, chun níos mó farae (sadhlas agus/nó féar) a fhás don gheimhreadh amach romhainn lena chinntiú nach mbeidh aon fhadhb ag Éirinn maidir le leas ainmhithe sa gheimhreadh agus san earrach amach romhainn.
Ní raibh ach feirmeoirí a bhfuil féarthailte acu incháilithe chun iarratas a dhéanamh agus níl aon tacaíocht á cur ar fáil do sholáthraithe bainne. Níl talamh curaíochta incháilithe le haghaidh tacaíochta.
10 heicteár an t-uaslimistéar incháilithe le haghaidh íocaíochta faoin scéim agus tá uasíocaíocht fhéideartha €1,000 i gceist.
Cuireadh tús le híocaíochtaí i mí na Samhna 2022 chuig cásanna imréitithe. Maidir le gach cás nach bhfuil imréitithe, a luaithe a bheidh gach cigireacht riaracháin, comhlíontachta agus ar an láthair déanta, déanfar na híocaíochtaí seo roimh dheireadh 2022.