Tús curtha leis an Scéim Íocaíochta Bhunúsach, Scéim na bhFeirmeoirí Óga agus íocaíochtaí Cúlchiste Náisiúnta - €1.12bn íoctha anois le feirmeoirí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, inniu go bhfuil tús curtha leis na híocaíochtaí comhardaithe faoi Scéim Íocaíochta Bhunúsach (BPS) agus Glasú 2021 de réir an sceidil.
Tabharfaidh tús na n-íocaíochtaí comhardaithe BPS an t-iomlán a íocadh faoi Scéim 2021 go dtí €1.12 billiún le beagnach 121,000 feirmeoir.
Dúirt an tAire McConalogue,
“Ó lár mhí Dheireadh Fómhair i leith, tá €769 milliún íoctha ag mo Roinn i réamhíocaíochtaí BPS le breis agus 118,000 feirmeoir. Tá réamhíocaíocht 70% faighte ag thart ar 97% de na feirmeoirí incháilithe uile. Táim sásta a dhearbhú go bhfuil na híocaíochtaí comhardaithe 30% faoin BPS tosaithe anois agus go bhfuil siad de réir an sceidil."
Dúirt an tAire,
“Tugaim tosaíocht d’eisiúint tapa íocaíochtaí i mo Roinn. Is tacaíocht ríthábhachtach d’fheirmeoirí ar fud na tíre agus do gheilleagar iomlán na tuaithe an €1.12 billiún a íocadh go dtí seo faoi BPS 2021 agus Glasú. Leanann eisiúint éifeachtach na Scéime d’fheirmeoirí de bheith ina phríomhthosaíocht do mo Roinn."
Dheimhnigh an tAire go gcuirfear tús freisin le híocaíochtaí faoi Chúlchiste Náisiúnta 2021 agus faoi Scéim na bhFeirmeoirí Óga inniu. Dúirt an tAire, “Tá áthas orm go bhfuil íocaíochtaí faoin gCúlchiste Náisiúnta agus faoi Scéim na bhFeirmeoirí Óga á n-eisiúint freisin toisc go bhfuil ról ríthábhachtach ag an dá íocaíocht i dtacú le feirmeoirí óga agus d'fheirmeoirí nua."
Chinn an tAire,
“Beidh íocaíochtaí le feiceáil i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí sna laethanta amach romhainn agus leanfaidh an Roinn uirthi ag próiseáil, mar ábhar práinne, gach cás atá fágtha le híoc de réir mar a thugtar aghaidh ar aon cheisteanna atá fós gan réiteach. D'áitigh an tAire ar aon fheirmeoir a bhfuil fiosrúcháin gan réiteach acu ón Roinn freagra a thabhairt a luaithe is féidir chun íocaíocht a éascú."
Is féidir le feirmeoirí ar mian leo teagmháil a dhéanamh leis an Roinn maidir lena n-íocaíochtaí BPS nó ANC, glaoch ar an Líne Chabhrach um Íocaíochtaí Díreacha ag 057-8674422. Is féidir le feirmeoirí aon fhiosrúcháin a d’fhéadfadh a bheith acu a chur isteach ar líne trí https://agfood.agriculture.gov.ie/sso-auth-ui-applicant/#/login, agus is féidir miondealú mionsonraithe ar íocaíochtaí a rochtain freisin.
Tá sé beartaithe go dtosóidh íocaíochtaí cothromaíochta faoin Scéim um Limistéir Sriantachta Nádúrtha (ANC) an tseachtain seo chugainn, agus eiseofar íocaíochtaí faoin Scéim Cabhrach Próitéin agus faoin mBeart Ionchorpraithe Tuí i mí na Nollag freisin.