Tús curtha le Réamhíocaíochtaí €15.5 milliún do Scéim Leasa na gCaorach fógartha ag an Aire McConalogue
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go gcuirfear tús le réamhíocaíochtaí faoi Bhliain 6 de Scéim Leasa na gCaorach.
Dúirt an tAire,
“Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil tús curtha le €15.5 milliún san iomlán a eisiúint chuig thart ar 17,500 feirmeoir atá rannpháirteach i Scéim Leasa na gCaorach.
“Léiríonn na híocaíochtaí seo an t-athrú ar an mbliain tagartha a thug mé isteach anuraidh chun a chinntiú go léiríonn an bhliain tagartha an leibhéal gníomhaíochta ar fheirmeacha na rannpháirtithe ar bhealach níos fearr i bhfianaise na himeachta ama ó tugadh isteach an scéim in 2016.
“Léiríonn leathnú na scéime le dhá bhliain anuas agus an t-athrú ar an mbliain tagartha tiomantas an Rialtais don earnáil caorach in Éirinn.”
Dúirt an tAire freisin,
“Is tacaíocht thábhachtach iad na réamhíocaíochtaí seo ag ráta 85% den íocaíocht bhliantúil iomlán d'fheirmeoirí caorach chun príomhghníomhartha leasa a sheachadadh agus cuireann siad borradh airgeadais ar fáil d'fheirmeoirí aonair agus don gheilleagar tuaithe i gcoitinne. Eiseofar na híocaíochtaí cothromaíochta don scéim sa dara ráithe de 2023.”
Dúirt an tAire
“Is í seo an bhliain dheireanach de Scéim Leasa na gCaorach, a tugadh isteach i mí na Nollag 2016.
“Níos déanaí i mbliana, beidh mé ag seoladh comharba na scéime seo, an Scéim Feabhsuithe Caorach (SIS), a bheidh dírithe freisin ar fheirmeoirí caorach a bhfuil caoirigh acu. Cuirfidh an SIS leis an dul chun cinn atá déanta ag Scéim Leasa na gCaorach trí thacaíocht a chur ar fáil do ghníomhartha a fheabhsaíonn sláinte agus leas ainmhithe in earnáil na gcaorach.
“Léireoidh tabhairt isteach na scéime seo tiomantas leanúnach an Rialtais seo don earnáil caorach sna blianta amach romhainn.”
Mar fhocal scoir, d'áitigh an tAire ar aon fheirmeoir a bhfuil fiosrúcháin gan réiteach acu ón Roinn freagra a thabhairt a luaithe is féidir chun íocaíocht a éascú."