An Bord Náisiúnta Staidrimh
- Foilsithe: 1 Samhain 2018
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Déantar cur síos in alt 19 den Acht Staidrimh ar fheidhmeanna an Bhoird Náisiúnta Staidrimh i leith treoir straitéiseach an CSO a stiúradh, le comhaontú an Taoisigh, maidir le:
(a) tosaíochtaí a bhunú chun staidreamh oifigiúil a thiomsú agus a fhorbairt;
(b) measúnú a dhéanamh ar na hacmhainní foirne, trealaimh agus airgeadais ba chóir a chur ar fáil chun staidreamh oifigiúil a thiomsú;
(c) eadráin a dhéanamh, faoi réir chinneadh deireanach an Taoisigh, in aon choinbhleachtaí a éireoidh idir an Oifig agus údaráis phoiblí eile i ndáil le staidreamh a bhaint amach as taifid nó le gníomhaíochtaí staidrimh a chomhordú.
Foráiltear faoin Acht go gceapfaidh an Taoiseach cúigear a bhfuil cumas agus taithí chruthaithe acu i réimsí ábhartha:
beirt a ainmneoidh an Taoiseach; agus
triúr a ainmneoidh eagraíocht nó eagraíochtaí a mheasann an Taoiseach a bheith ionadaíoch ar lucht úsáidte staidrimh oifigiúla agus soláthraithe faisnéise faoin Acht.
An 15 Bealtaine 2017 rinne an Taoiseach athnuachan ar chomhaltacht an bhoird. Mairfidh tréimhse an bhoird trí bliana.
Is mar seo a leanas atá comhaltacht an bhoird:
Ainm | Post |
An tUasal Anne Vaughan (Cathaoirleach) | Cathaoirleach an Bhoird Náisiúnta Staitisticí, Iar-Leas-Rúnaí ag an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí |
An Dr. Eimear Cotter | Ceann Roinne - Teicneolaíochtaí Ísealcharbóin, SEAI |
An tUasal Gerard Brady | Eacnamaí Sinsearach, IBEC |
An tUasal John Martin | Anrá Taighde Taca, Institiúid Geary UCD |
An tUasal Gerard O'Neill | Cathaoirleach, Amárach Research |
An tUasal John Shaw* | Rúnaí Cúnta, Roinn an Taoisigh |
An tUasal John McCarthy* | Rúnaí Cúnta, An Roinn Airgeadais |
An tUasal Padraig Dalton* | Ard-Stiúrthóir, CSO |
Níl aon fholúntas ar an mbord faoi láthair.
- Foráiltear faoi Alt 18 den Acht Staidrimh 1993 gur ionadaithe sinsearacha ar Roinn an Taoisigh agus an Roinn Airgeadais beirt de chomhaltaí an Bhoird. Is comhalta de bhrí oifige ar an mBord Ard-Stiúrthóir an CSO.