English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

An Rannán Eacnamaíoch

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 26 Samhain 2018
  • An t-eolas is déanaí: 3 Márta 2021


Aonad Beartais Eacnamaíoch

Tugann an t-aonad seo comhairle don Taoiseach ar bheartas atá dírithe ar gheilleagar inbhuanaithe agus athléimneach a chur chun cinn le fócas ar leith ar phoist, iomaíochas, margadh an tsaothair, fiontar agus saincheisteanna scileanna.

Coinníonn sé forbhreathnú ar shaincheisteanna tábhachtacha earnála nó beartais a bhfuil tionchair eacnamaíocha níos leithne acu, lena n-áirítear tithíocht agus pinsin. Tacaíonn sé le Coiste Comh-Aireachta A, a dhéileálann leis an ngeilleagar agus leis na Grúpaí d’Oifigigh Sinsearacha idir-rannacha a bhaineann leis.

Déanann sé monatóireacht agus tuairisciú ar chur i bhfeidhm Phlean Gníomhaíochta do Phoist an Rialtais, cur chuige ilbhliantúil, tras-rialtasach chun tacú le cruthú post.

Comhordaíonn an t-aonad Clár Náisiúnta Athchóirithe na hÉireann, a tháirgtear agus a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh go bliantúil. Déanann sé teagmháil freisin, thar ceann na roinne, leis an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) - an comhlacht náisiúnta neamhspleách atá freagrach as staitisticí oifigiúla a chomhordú agus a fhoilsiú.


Aonad Bonneagair Eacnamaíoch, Rialála agus Athrú Aeráide

Tacaíonn an t-aonad seo le hobair an Taoisigh agus an rialtais chun geilleagar inbhuanaithe a thógáil trí fhorbairt inbhuanaithe, le fócas ar leith ar fhorbairt príomhthosaíochtaí bonneagair, rialáil eacnamaíoch, forbairt réigiúnach agus tuaithe, gníomhaíocht ar athrú aeráide, chomh maith le forbairt ar athrú aeráide, chomh maith le an próiseas náisiúnta um measúnú riosca.

Tá ról lárnach ag an aonad i gceapadh agus i gcur i bhfeidhm polasaithe ábhartha rialtais, ag bainistiú agus ag tacú le hobair struchtúir ‘rialtais uile’ - lena n-áirítear Coiste Comh-Aireachta D agus Coiste Comh-Aireachta G agus Grúpaí Oifigeach Sinsearacha gaolmhara - chun seachadadh éifeachtach tráthúil a chinntiú. .


Aonad Cosanta Sonraí

Tacaíonn an t-aonad seo leis an Aire Stáit atá freagrach as Cosaint Sonraí agus cuireann sé le cur chuige ‘rialtas iomlán’ i leith na saincheisteanna agus na ndúshlán a éiríonn as digitiú méadaitheach an tsaoil nua-aimseartha agus an méadú suntasach gaolmhar ar mhéid na sonraí pearsanta a ghintear.

Tacaíonn an t-aonad le hobair Choiste Comh-Aireachta A maidir leis an ngeilleagar digiteach.