An tAcht um Míchumas - Oifigeach Fiosrúcháin
- Foilsithe: 5 Feabhra 2008
- An t-eolas is déanaí: 18 Deireadh Fómhair 2022
Cheap Roinn an Taoisigh Oifigeach Fiosrúcháin, chomh maith, chun gearáin a rinneadh faoi alt 38 den Acht um Míchumas, 2005 a imscrúdú.
Tabharfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin faoi imscrúduithe go príobháideach agus cuirfidh siad tuarascáil scríofa le chéile ar a n-imscrúduithe. Caithfear cóip den tuarascáil a thabhairt d’Ard-Rúnaí na Roinne agus don duine a rinne an gearán.
Caithfear a leagan amach sa tuarascáil seo torthaí an Oifigigh Fiosrúcháin agus a lua cé acu ar theip nó nár theip ar an Roinn foráil/forálacha an Achta a chomhlíonadh, agus má theip, caithfear na bearta a lua nach mór don Roinn tabhairt fúthu leis an bhforáil/na forálacha ábhartha den Acht a chomhlíonadh.
Is iad na sonraí teagmhála don Oifigeach Fiosrúcháin:
[location 2904 ]