Gnóthaí Corparáide
- Foilsithe: 7 Meán Fómhair 2001
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Is é misean na Rannóige Gnóthaí Corparáideacha:
- bainistíocht ardchaighdeáin airgeadais, soláthair agus taistil a sheachadadh
- acmhainní daonna
- ICT
- lóistín
- bainistíocht taifid agus eolais
agus seirbhísí eile tacaíochta a chur ar fáil don Roinn, don Taoiseach agus do bhaill foirne taobh istigh de chreat stóinsithe rialaithe.
Mar chuid den obair leanúnach a dhéanaimid, féachaimid le deiseanna a aithint chun próisis ghnó, cumarsáide agus sreafa faisnéise a fheabhsú ar fud na Roinne agus lenár gcustaiméirí inmheánacha agus seachtracha.
Eagraíonn an Rannóg turais threoraithe timpeall Thithe an Rialtais, a bhíonn ann ar an Satharn de ghnáth. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar na turais anseo.
Tá an Rannán comhdhéanta de na réimsí seo a leanas:
An tAonad Acmhainní Daonna
Cuireann an tAonad Acmhainní Daonna obair agus acmhainní na Roinne in oiriúint do na tosaíochtaí atá aitheanta i Ráiteas Straitéise na Roinne agus sa Straitéis AD. Féachann an tAonad Acmhainní Daonna le cinntiú go bhfuil an phróifíl cheart foirne ag an Roinn sa tslí is go bhfuil meascán ceart scileanna agus grád acu i ngach réimse. Féachaimid freisin le haghaidh a thabhairt ar aon bhearna scileanna atá ann le gur féidir linn spriocanna straitéiseacha na Roinne a sheachadadh agus freagairt do thosaíochtaí a bhíonn ag athrú. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Acmhainní Daonna ag HR@taoiseach.gov.ie
An tAonad Airgeadais
Cuireann an tAonad Airgeadais bainistíocht ardchaighdeáin airgeadais, soláthair, taistil agus seirbhísí eile gaolmhara ar fáil do Roinn an Taoisigh laistigh de chreat cuntasachta, freagrachta agus údaráis airgeadais sainmhínithe. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Airgeadais ag finance.unit@taoiseach.gov.ie
Aonad ICT
Tacaíonn an tAonad ICT leis an Taoiseach, an Rialtas agus le foireann Roinn an Taoisigh maidir lena bpríomhghníomhartha a chur i gcrích agus a gcuspóirí straitéiseacha a bhaint amach trí na háiseanna agus na seirbhísí ICT a theastaíonn a chur ar fáil ar bhealach éifeachtúil, solúbtha. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Aonad ICT ag itu@taoiseach.gov.ie
Eolas, Seirbhísí agus Tacaíocht Bainistíochta
Soláthraíonn agus déanann cothabháil ar lóistín agus áiseanna; cinntíonn go gcomhlíonann an Roinn oibleagáidí sláinte agus sábháilteachta agus cuireann seirbhís Clárlainne, Cartlainne agus Leabharlainne ar fáil do Roinn an Taoisigh.