English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Nochtaí Cosanta sa Roinn

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 30 Meitheamh 2021
  • An t-eolas is déanaí: 27 Márta 2025

Is éard is nochtadh cosanta ann ná nochtadh faisnéise a bhfuil claonadh ann, de réir tuairim réasúnta atá ag oibrí, éagóir ábhartha amháin nó níos mó a thaispeáint a tháinig ar aird an oibrí i gcomhthéacs a bhain leis an obair agus nochtar é ar an modh a fhorordaítear san Acht um Nochtadh Cosanta, 2014: https://www.irishstatutebook.ie/eli/2014/act/14/enacted/en/print.html arna leasú leis an Acht um Nochtadh Cosanta (Leasú), 2022: https://www.irishstatutebook.ie/eli/2022/act/27/enacted/en/print.html

Téann formhór na ndaoine i dteagmháil lena bhfostóir ar dtús chun éagóir a thuairisciú.

Mura bhfuil tú ag iarraidh tuairisc a thabhairt chuig d’fhostóir, is féidir leat tuairisc a thabhairt chuig duine forordaithe, go ginearálta rialálaí san earnáil ábhartha.

Mura bhfuil tú cinnte cé leis ar cheart duit teagmháil a dhéanamh, is féidir leat tuairisc a thabhairt chuig Coimisinéir na Nochtaí Cosanta – tuilleadh eolais anseo.

Má tá tú nó má bhí tú fostaithe ag comhlacht poiblí, b’fhéidir go mbeifeá in ann tuairisc a thabhairt chuig Aire Rialtais a bhfuil freagracht air/uirthi as an gcomhlacht poiblí. Chun nochtadh cosanta a dhéanamh don Taoiseach, cliceáil ar an doiciméad thíos.

Ministerial Channel_Protected Disclosures
Amharc amharc

Tabhair ar aird – Faoin Acht, ní mór gach nochtadh cosanta a dhéantar don Aire nó d’Aire Stáit a aistriú chuig Coimisinéir Neamhspleách na Nochtaí Cosanta.


Cúlra

Tá sé mar aidhm ag an Acht um Nochtadh Cosanta, 2014, creat láidir reachtúil a sholáthar chun oibrithe a chosaint a bhfuil imní orthu maidir le héagóir a d’fhéadfadh a bheith tugtha dá n-aird san ionad oibre. Leis an reachtaíocht, cuirtear sraith chuimsitheach fostaíochta agus cosaintí eile ar fáil d’fhostaithe a dhéanann nochtaí den sórt sin agus a ngearrann a bhfostóir pionós orthu nó a fhulaingíonn díobháil ó thríú páirtí mar gheall ar imní a bheith acu maidir le héagóir a d’fhéadfadh a bheith déanta ina láthair oibre.

Tá nósanna imeachta i bhfeidhm ag Roinn an Taoisigh le haghaidh nochtaí cosanta a forbraíodh i gcomhréir leis an Acht um Nochtadh Cosanta, 2014, agus a d’aontaigh an bord bainistíochta.

Tá an t-eolas seo a leanas sna nósanna imeachta sin:

• an chaoi ar féidir le baill foirne nó baill foirne atá ar scor nochtadh a dhéanamh

• an méid a tharlóidh nuair a dhéanfar nochtaí

• an méid a dhéanann an roinn chun na baill foirne a chosaint

Tá tiomantas láidir ag an roinn lena chinntiú go bhfuil a cultúr agus timpeallacht oibre sa roinn a spreagann, a éascaíonn agus a thacaíonn le fostaithe.

Éilítear in Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta go bhfoilseofar tuarascálacha bliantúla maidir le nochtaí a fhaigheann an Roinn.

Ní bhfuarthas aon nochtadh cosanta idir na blianta 2014 agus 2022, an dá bhliain sin san áireamh.

Protected Disclosures Annual Report 2020
Protected Disclosures Annual Report2020
Amharc amharc
Department of the Taoiseach Protected Disclosures Annual Report 2021
Amharc amharc
Protected Disclosures Annual Report 2022
Amharc amharc