English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Saoráil Faisnéise (FOI)

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 27 Samhain 2018
  • An t-eolas is déanaí: 9 Nollaig 2021


Intreoir

Foráiltear san Acht FOI go bhfuil na cearta dlí seo a leanas ag gach duine ón 21 Aibreán 1998 ar aghaidh:

• an ceart teacht a bheith ar thaifid oifigiúla arna gcoinneáil ag ranna rialtais nó ag comhlachtaí poiblí eile a liostaítear san Acht

• an ceart go ndéanfaí faisnéis phearsanta a choinnítear maidir leo a cheartú nó a nuashonrú i gcás ina bhfuil faisnéis dá leithéid neamhiomlán, mícheart nó míthreorach

• an ceart go dtabharfaí cúiseanna dóibh i leith cinntí a dhéanann comhlachtaí poiblí a théann i bhfeidhm orthu

Trí na cearta seo, is féidir le daoine, ón 21 Aibreán 1998, rochtain ar fhaisnéis phearsanta arna coinneáil maidir leo agus ar thaifid eile a cruthaíodh i ndiaidh an 21 Aibreán 1998 a iarraidh, is cuma cén uair a cruthaíodh an fhaisnéis.


Scéim Foilseacháin FOI

Tá Scéim Foilseacháin FOI ullmhaithe ag an roinn ina gcuirtear réimse faisnéise ar fáil maidir leis an roinn agus obair na roinne.


Log Ráithiúil FOI a fhoilsiú

San am i láthair, foilsíonn Roinn an Taoisigh liosta ar bhonn ráithe d’iarrataí FOI neamhphearsanta maidir le taifid dá leithéid atá eisithe ó Roinn an Taoisigh. Tá foilsiú an loga FOI seo ar cheann de líon beart atá dírithe ar thrédhearcacht a chur chun cinn trí fhaisnéis a fhoilsiú mar ghnáthnós. Is féidir tuilleadh faisnéise a iarraidh trí dhul i dteagmháil leis an Aonad um Shaoráil Faisnéise trí ríomhphost: foi@taoiseach.gov.ie nó ar an nguthán (01) 619 4139.


Mar a fheidhmíonn FOI

Faoin Acht, éilítear ar chomhlachtaí poiblí freagra a thabhairt ar iarrataí ón bpobal maidir le faisnéis a choinníonn siad. Sa chuid is mó de chásanna, ní mór do chomhlachtaí poiblí cinneadh a thabhairt ar iarraidh laistigh de 4 seachtaine ar an iarraidh a fháil. Sainítear seachtain san Acht a bheith ina 5 lá comhleanúnacha den tseachtain gan Sathairn agus saoirí poiblí a chur san áireamh (ní chuirtear Domhnaí san áireamh ach oireadh toisc nach laethanta den tseachtain iad).


Mar is féidir iarraidh FOI a dhéanamh

Ní mór iarrataí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh i scríbhinn chuig Aonad FOI na roinne agus ba chóir tagairt a dhéanamh don Acht. Más gá an fhaisnéis a chur ar fáil i leagan amach áirithe (fótachóip nó diosca ríomhaire mar shampla) ba chóir é sin a lua go sonrach san iarraidh.

Ba chóir go mbeadh iarrataí chomh sonrach agus is féidir ionas go mbeifear in ann an fhaisnéis atá á hiarraidh a aithint. Nuair is féidir, déan iarracht an tréimhse ama a chur in iúl maidir leis na taifid a bhfuil tú ag iarraidh teacht orthu e.g. taifid a cruthaíodh idir Bealtaine 2012 agus Nollaig 2012. Chomh maith leis sin, más féidir é, déan iarracht réimsí na roinne a mheasann tú a d’fhéadfadh bheith ar na réimsí ab ábhartha i ndáil le d’iarraidh.


Táillí maidir le faisnéis a iarraidh faoin Acht FOI

Níl aon táille i gceist le hiarraidh a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Is beag seans go ngearrfar táille ar bith i ndáil le taifid phearsanta, seachas sa chás go bhfuil líon mór taifead i gceist.

Maidir le taifid neamhphearsanta, d’fhéadfaí táillí a chur i bhfeidhm i leith an ama a chaitear ar na taifid a aimsiú agus i leith aon chostais chóipeála a thabhódh an roinn d’fhonn an t-ábhar a d’iarr tú a chur ar fáil duit i gcás ina bhfuil costas iomlán níos mó ná €100 i gceist. I gcás ina sáraítear an tairseach íosta seo (atá comhionann le 5 huaire saor in aisce), gearrfar ráta €20 in aghaidh na huaire i leith na tréimhse iomlán ama a chaitear.

Go ginearálta, tá uasteorainn €500 i gceist le táillí dá leithéid, ach sa chás go mbeadh costas níos mó ná €700 i gceist chun na taifid a chuardach, a aisghabháil agus a chóipeáil, d’fhéadfaí diúltú don iarraidh mura ndéantar raon na hiarrata a chúngú.

Liosta na dTáillí:

Cuardach agus aisghabháil: €20 in aghaidh na huaire

Costais chóipeála: Fótachóipeáil in aghaidh na bileoige €0.04

CD-ROM €10

Radagraf €6

Achomhairc

• Táille athbhreithnithe inmheánaigh: €30 (€10 do shealbhóir cárta leighis)

• Achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Faisnéise: €50 (€15 do shealbhóir cárta leighis)


Taifid a bhfuil teacht agam orthu

Is iad na taifid seo a leanas na taifid atá laistigh de raon an Achta FOI:

• na taifid ar fad a bhaineann le faisnéis phearsanta atá i seilbh na roinne, beag beann ar an uair a cruthaíodh iad

• gach taifead eile ón am a cuireadh tús leis an Acht FOI (an 21 Aibreán 1998)

• taifead ar bith eile is gá chun an taifead reatha a thuiscint, fiú sa chás gur cruthaíodh na taifid roimh an 21 Aibreán 1998

• taifid phearsanra na mball foirne a cruthaíodh ón 21 Aibreán 1998 ar aghaidh agus taifid a cruthaíodh roimh an dáta sin atá á n-úsáid nó atá á moladh lena n-úsáid ar bhealach a dhéanann dochar nó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don té atá i gceist

Mar sin féin, d’fhonn gnó an rialtais a chur i gcrích mar is ceart, beidh sé riachtanach cineálacha áirithe faisnéise a dhíolmhú óna n-eisiúint i gcúinsí áirithe. Tá siad sin leagtha amach san Acht. Áirítear leis na príomhdhíolúintí taifid a bhaineann le:

• cruinnithe rialtais

• forfheidhmiú an dlí agus slándáil

• faisnéis rúnda agus faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de

• faisnéis phearsanta (seachas faisnéis a bhaineann leis an duine a atá ag déanamh na hiarrata)


An tráth is féidir leat a bheith ag súil le freagra

Faoin Acht, ní mór iarraidh ar thaifid a admháil laistigh de choicís, agus sa chuid is mó de chásanna, ní mór freagra a thabhairt laistigh de 4 seachtaine. Sainítear seachtain san Acht a bheith ina 5 lá comhleanúnacha den tseachtain gan Sathairn agus saoirí poiblí a chur san áireamh (ní chuirtear Domhnaí san áireamh ach oiread toisc nach laethanta den tseachtain iad). Má tá tríú páirtí i gceist, d’fhéadfadh sé bheith ina trí seachtaine eile sula dtugtar freagra.


An chéad chéim eile sa chás nach bhfuilim sásta leis an gcinneadh maidir le m’iarraidh

Mura bhfuil tú sásta le freagra na roinne is féidir leat a iarraidh go ndéanfadh ball foirne níos sinsearaí laistigh den roinn athscrúdú ar chinneadh. Ba chóir iarrataí ar athbhreithniú maidir le cinneadh, mar aon le táille €30 nó táille laghdaithe €10 do shealbhóirí cárta leighis a sheoladh chuig:

An tAonad um Shaoráil Faisnéise

Tabhair ar aird: Baineann na táillí seo le hiarrataí neamhphearsanta amháin.

Ma tá tú fós míshásta leis an gcinneadh, tá an ceart agat an cinneadh a achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise. Ba chóir iarrataí ina bhfuil na táillí iomchuí (€50 nó táille laghdaithe €15 do shealbhóirí cárta leighis) a chur ar aghaidh go díreach chuig an seoladh seo a leanas:

Oifig an Choimisinéara Faisnéise


Cúnamh maidir le hiarraidh a dhéanamh

Ma theastaíonn aon chúnamh uait, beidh foireann an Aonaid FOI lánsásta cuidiú leat maidir le d’iarraidh a leagan amach. Chomh maith leis sin, tá an t-aonad ar fáil chun cuidiú le daoine faoi mhíchumas a gcearta a chur i bhfeidhm faoin Acht FOI (mar shampla, trí ghlacadh le hiarrataí ó bhéal ó dhaoine nach bhfuil in ann léamh agus/nó scríobh mar gheall ar a míchumas, trí chur ar chumas an iarrthóra taifid a scrúdú nó taifid a mhíniú dó nó di).

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an aonad ag:

An tAonad um Shaoráil Faisnéise


Loga Ráithiúil FOI