English

Cuardaigh ar fad gov.ie

An Comórtas Nisiúnta Treabhdóireachta 2024

Beidh sráidbhaile spreagúil de léirsithe idirghníomhacha ag rialtas na hÉireann ag Craobhchomórtais Náisiúnta Treabhdóireachta 2024, ón 17 Meán Fómhair go dtí an 19 Meán Fómhair ag Ráithín an Uisce, Port Laoise, Co. Laoise.

Beidh beagnach 150 taispeántóir i láithair sa sráidbhaile ó ranna agus ó ghníomhaireachtaí rialtais éagsúla, faoin téama ‘Do Rialtas, Do Phobal'.

Beidh deis ag cuairteoirí chuig an ócáid teagmháil dhíreach a dhéanamh le foirne rialtais chun foghlaim faoi na tacaíochtaí, na seirbhísí agus na beartais is déanaí a bhfuil suim acu iontu.

Tabharfar ardán leis an sráidbhaile do réimse leathan tionscnamh agus tosaíochtaí Rialtais, lena n-áirítear ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara; Teagasc; Bord Bia agus eile. Beidh moil ann freisin a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide, tithíocht, sábháilteacht ar bhóithre, tacaíochtaí gnó, cultúr, cruthaitheacht, tacaíochtaí pobail, breisoideachas agus earcaíocht.

How to travel to the Ploughing Championships

You are encouraged to use public transport going to and from the Ploughing Championships. For updates on train and bus times as well as road closures check Transport for Ireland.

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 3 Iúil 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025