English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Oileán Comhroinnte


Tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte

Tá sé mar aidhm ag tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte an rialtais an oiread leas agus is féidir a bhaint as na deiseanna ar fad a eascraíonn as Comhaontú Aoine an Chéasta chun comhoibriú, caidreamh agus comhthuiscint a fheabhsú ar an oileán agus dul i dteagmháil le gach pobal agus gach traidisiún d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le todhchaí chomhroinnte.


Is éard atá i gceist le tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte ná:

  • oibriú le Feidhmeannas Thuaisceart Éireann agus le Rialtas na Breataine d’fhonn aghaidh a thabhairt ar dhúshláin straitéiseacha atá le sárú ar oileán na hÉireann
  • tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an ngeilleagar uile-oileáin, cur leis an gcomhoibriú Thuaidh/Theas, agus infheistíocht a dhéanamh san Iarthuaisceart agus i réigiúin na teorann
  • idirphlé fiúntach agus cuimsitheach a chothú chomh maith le clár cuimsitheach taighde ionas gur féidir teacht ar chomhthuiscint maidir le todhchaí chomhroinnte ar an oileán

Tá aonad um Oileán Comhroinnte i Roinn an Taoisigh ag feidhmiú mar spreagadh agus mar chomhordaitheoir ar an tionscnamh uile-rialtais seo.

Fógraíodh an Ciste um Oileán i mBuiséad 2021, ciste ina bhfuil €500m de mhaoiniú caipitil ar fáil idir 2021-25, agus é curtha i leataobh chun infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail chomhoibríocha Thuaidh/Theas.


Tuarascáil ar Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte 2023 – Gníomhú i leith Todhchaí Chomhroinnte

Leagtar amach i dTuarascáil ar Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte 2023 – Gníomhú i leith Todhchaí Chomhroinnte an tríú bliain de Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, agus conas a thug an Rialtas a thiomantas chun cinn chun idirchaidreamh a dhéanamh le gach pobal agus traidisiún le todhchaí chomhroinnte a chruthú ar an oileán, atá buntacaithe ag Comhaontú Aoine an Chéasta. Foilsíodh an tuarascáil ar an 8 Feabhra 2024.

Tuarascáil Thionscnamh Oileáin Comhroinnte 2023 - Beart maidir leis an Saol ata I nDan ar Oilean Comhroinnte
Amharc amharc

Déan teagmháil linn

Is féidir dul i dteagmháil leis an aonad um Oileán Comhroinnte ag: SharedIsland@taoiseach.gov.ie


Nuachtlitir Oileáin Chomhroinnte

Léigh na heagráin go dtí seo den nuachtlitir.

Cláraigh don Nuachtlitir Oileán Comhroinnte thíos:

Mailchimp CSS


mc_embed_signup{background:#fff; clear:left; font:14px Helvetica,Arial,sans-serif; }

/* Add your own Mailchimp form style overrides in your site stylesheet or in this style block.

We recommend moving this block and the preceding CSS link to the HEAD of your HTML file. */

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 6 Deireadh Fómhair 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025