Ag ullmhú do Brexit
- Foilsithe: 31 Eanáir 2020
- An t-eolas is déanaí: 14 Bealtaine 2024

None
Tá an Ríocht Aontaithe ar tí imeacht as an Aontas Eorpach. Níltear cinnte fós faoi cathain nó faoin gcaoi a dtarlódh sin.
Tá sé comhaontainte ag an AE agus an RA le déanaí go mbeidh síneadh go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2019, ionas gur féidir leis an bpróiséas poilitíochta sa RA leanúint ar aghaidh, agus é mar aidhm aistarraingt ordúil den RA ón AE a chinntiú.
Is cuma cén cruth deireadh a bheidh ar an mBreatimeacht, beidh roinnt athruithe, a bhfuilimid ag ullmhú dóibh, mar thoradh ar chinneadh na Ríochta Aontaithe an AE a fhágáil, anseo in Éirinn agus i measc ár gcomhpháirtithe san AE, chomh maith.
Cé go bhfuil go leor éiginnteachta ann go fóill, is tábhachtach go mbíonn cur amach ag gach duine ar an méid a d’fhéadfadh bheith i gceist le Brexit i dtaobh do ghnó agus do shaoil laethúil.
Más saoránach buartha thú, nó má tá tú ag smaoineamh ar cén tionchar a bheidh ar an mBreatimeacht ar do chuid ghnó, tá sé mar aidhm ag an tsuíomh gréasáin Rialtais seo cabhair a thabhairt duit le dul i mbun ullmhúcháin
Táimid ag obair chun an suíomh gréasáin seo a choimeád suas chun dáta leis an bhfaisnéis is déanaí. Féach ar an suíomh go rialta toisc go dtugtar faisnéis chun dáta go minic.
None
Uasdátú, 4 Meán Fómhair 2019: Do Ghnó a Ullmhú le bheith réidh le Brexit – Céimeanna Praiticiúla. Leagann an treoirleabhar seo amach naoi bpríomhchéim is ceart do gach gnólach - beag nó mór – a ghlacadh leo chun go mbeidh siad réidh le himeacht an RA ón AE.
Bí ar an eolas i gcónaí
Chun teacht ar nuashonruithe rialta ar Brexit:
- An fios duit an méid atá á dhéanamh ag an AE le hullmhú do Brexit?
- Lean Getting Ireland Brexit Ready ar Twitter. Is é @BrexitReadyIRL príomhchuntas Twitter an Rialtais don nuacht is déanaí maidir le Brexit.