English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Brat Náisiúnta

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 1 Samhain 2018
  • An t-eolas is déanaí: 14 Feabhra 2024

Is siombal í Bratach Náisiúnta na hÉireann, ar a bhfuil na trí dhath glas, bán agus oráiste, de chuimsiú agus an uaillmhian aontacht a bhaint amach idir daoine den uilechineál traidisiún ar an oileán seo.

Tá an bhratach faoi dhó a hairde ar leithead. Tá na trí dhath den mhéid céanna agus is é an dath glas is gaire don bhratchrann.

Thomas Meagher a chuir an Bhratach ar foluain ar dtús an 7 Márta 1848 ag 33 An Meal, Port Láirge agus a dúirt in Aibreán na bliana sin:

“The white in the centre signifies a lasting truce between Orange and Green and I trust that beneath its folds the hands of Irish Protestants and Irish Catholics may be clasped in generous and heroic brotherhood”.

Cuireadh ar foluain í os cionn Ard-Oifig an Phoist le linn Éirí Amach 1916 agus glacadh léi mar bhratach Shaorstát na hÉireann in 1922 agus glacadh go foirmeálta léi ar Bhratach Náisiúnta na tíre i mBunreacht 1937.