English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An chaoi ar féidir le daoine agus grúpaí pobail cuidiú linn

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 10 Márta 2022
  • An t-eolas is déanaí: 24 Samhain 2022


Freagairt na ndaoine áitiúla a chomhordú

Fóram Freagartha Pobail i ngach ceantar ina bhfuiltear ag comhordú bearta áitiúla le fáilte a chur roimh mhuintir na hÚcráine

Bunaíodh Fóraim Freagartha Pobail i ngach údarás áitiúil, a bhfuil an Príomhfheidhmeannach ina chathaoirleach air, chun freagairt faoi stiúir an phobail a chomhordú i gcúnamh agus tacaíocht a chur ar fáil do theifigh na hÚcráine agus tithíocht á tabhairt dóibh ar fud na tíre. Le hiarrachtaí oibrithe deonacha áitiúla, oibrithe pobail, comhlachtaí poiblí, mar aon le cuidiú ón earnáil phríobháideach, táthar ag tabhairt tacaíochta do neart daoine atá tagtha go hÉirinn le déanaí le nithe bunriachtanacha a chur ar fáil dóibh amhail éadaí, rochtain ar an idirlíon, modhanna taistil, ranganna Béarla agus eolas ar an gcaoi rochtain a fháil ar sheirbhísí áitiúla amhail seirbhísí cúraim leanaí, cúraim sláinte agus oideachas.

Is é ról an Fhóraim Freagartha Pobail pointe comhordaithe don fhreagairt phobail agus dheonach ina cheantar a chur ar fáil. Agus é ag cur le struchtúir agus caidrimh a bhí an-éifeachtach i rith chéadmhíonna phaindéim COVID-19, cuirfidh an Fóram Freagartha Pobail ar chumas gach duine atá páirteach oibriú le chéile faoi stiúir an údaráis áitiúil. Fad a bheifear ag cur leis na tacaíochtaí agus na seirbhísí atá á gcur ar fáil ag gníomhaireachtaí an rialtais ar leibhéal áitiúil, is é an cuspóir a bheidh ann cumarsáid agus comhroinnt faisnéise éifeachtach i ngníomhaíochtaí pobail agus deonacha áitiúla a chomhordú chun tacaíochtaí pobail a chur ar fáil do phobal nua na hÚcráine.

Pointí teagmhála do gach Údarás Áitiúil le fáil thíos.

Údarás Áitiúil Ríomhphost
Comhairle Contae Cheatharlach communityforum@carlowcoco.ie
Comhairle Contae an Chabháin communityforum@cavancoco.ie
Comhairle Contae an Chláir communityresponseforum@clarecoco.ie
Comhairle Cathrach Chorcaí CommunityResponseForum@corkcity.ie
Comhairle Contae Chorcaí communityforum@corkcoco.ie
Comhairle Contae Dhún na nGall communityforum@donegalcoco.ie
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath communitycall@dublincity.ie
Comhairle Contae Dhún Laoghaire -Ráth An Dúin community@dlrcoco.ie
Comhairle Contae Fhine Gall communityforum@fingal.ie
Comhairle Cathrach na Gaillimhe candc@galwaycity.ie
Comhairle Chontae na Gaillimhe ukraineresponse@galwaycoco.ie
Comhairle Contae Chiarraí UkraineCommunityResponse@kerrycoco.ie
Comhairle Contae Chill Dara communityresponseforum@kildarecoco.ie
Comhairle Chontae Chill Chainnigh Ukrainecommunityforum@kilkennycoco.ie
Comhairle Chontae Laoise responseforum@laoiscoco.ie
Comhairle Chontae Liatroma communityforum@leitrimcoco.ie
Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh communityforum@limerick.ie
Comhairle Chontae an Longfoirt communityforum@longfordcoco.ie
Comhairle Contae Lú communityforum@louthcoco.ie
Comhairle Contae Mhaigh Eo murphym@mayococo.ie
Comhairle Chontae na Mí communityforum@meathcoco.ie
Comhairle Contae Mhuineacháin communityforum@monaghancoco.ie
Comhairle Chontae Uíbh Fhailí communityforum@offalycoco.ie
Comhairle Contae Ros Comáin communityforum@roscommoncoco.ie
Comhairle Chontae Shligigh communityresponse@sligococo.ie
Comhairle Contae Átha Cliath Theas communityresponseforum@sdublincoco.ie
Comhairle Contae Thiobraid Árann communityforum@tipperarycoco.ie
Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge communityforum@waterfordcouncil.ie
Comhairle Chontae na hIarmhí Ukrcommunityforum@westmeathcoco.ie
Comhairle Contae Loch Garman ukrainesupport@wexfordcoco.ie
Comhairle Chontae Chill Mhantáin communityforum@wicklowcoco.ie
Rúnaíocht CCMA* ccma@lgma.ie
  • Cuir ríomhphost Rúnaíocht CCMA san áireamh i ngach comhfhreagras a dhéantar.

An chaoi ar féidir le daoine cuidiú linn

Dá mba mhaith leat obair dheonach a dhéanamh

Dá mba mhaith leat cúnamh a thairiscint, téigh i dteagmháil le d’Ionad Oibrithe Deonacha áitiúil, nó cláraigh leis an mbunachar sonraí náisiúnta d’obair dheonach (I-VOL).

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi chonas clárú leis an mbunachar sonraí náisiúnta d’obair dheonach (I-VOL), ar https://www.volunteer.ie/volunteers/.

Tá a Ionad Oibrithe Deonacha féin ag gach Contae. Is féidir leat tuilleadh eolais faoi dheiseanna ar obair dheonach a dhéanamh a fháil ó d’Ionad Oibrithe Deonacha áitiúil: https://www.volunteer.ie/about-us/vcs/find-your-vc/.

Dá mba mhaith leat cúnamh a thairiscint, déan teagmháil le d’Ionad Oibrithe Deonacha áitiúil agus tabharfaidh siad cúnamh duit an obair dheonach is fearr a oireann duit a fháil.

I measc na gcineálacha ról a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil tá:

  • fáilte a chur roimh dhaoine chuig an bpobal – mar shampla: daoine a thabhairt timpeall an bhaile, siopaí, páirceanna; socruithe súgartha a dhéanamh do pháistí
  • róil ambasadóra chun fáilte a chur roimh dhaoine ag calafoirt, aerfoirt, daoine a stiúradh chuig na moil atá bunaithe ag an rialtas
  • ag tabhairt cúnaimh ag (nó ag eagrú) imeachtaí fáilte sa phobal áitiúil
  • tiomáint
  • earraí riachtanacha a sholáthar
  • ag glanadh/ ag ullmhú tithíochta
  • aistritheoirí
  • caradú
  • tacaíochtaí síceasóisialta
  • tacú le Béarla comhráiteach (mar shampla: trí Fáilte Isteach nó tríd an Áisíneacht Náisiúnta Litearthachta d'Aosaigh (NALA)

An chaoi ar féidir le grúpaí pobail cuidiú linn

Ba cheart do ghrúpaí pobail teagmháil a dhéanamh lena nÚdarás Áitiúil agus lena gCuideachta Forbartha Áitiúil chun iarrachtaí áitiúla a chomhordú. Tá liosta Cuideachtaí Forbartha Áitiúla ar fáil ar https://ildn.ie/directory/.

Is féidir le heagraíochtaí atá cláraithe leis an Ionad Oibrithe Deonacha áitiúil róil d’oibrithe deonacha a fhógairt tríd an Ionad agus tríd an mbunachar sonraí náisiúnta I-VOL chomh maith.

Ba cheart duit dul i dteagmháil le d’Ionad Oibrithe Deonacha áitiúil lena chur in iúl dóibh gur ról mar fhreagra ar ghéarchéim na hÚcráine é seo agus tabharfaidh siad tosaíocht don ról i dtaobh é a chur chun cinn.

Mura bhfuil tú cláraithe le d’Ionad Oibrithe Deonacha áitiúil is féidir leat clárú ach teagmháil dhíreach a dhéanamh leo. A luaithe is a bheidh tú cláraithe, beidh tú ábalta do róil a fhógairt ar bhunachar sonraí I-VOL.

Más grúpa pobail sibh a bhfuil oibrithe deonacha ag teastáil uaibh

D’fhéadfadh grúpaí pobail oibrithe deonacha agus tacaíochtaí a fháil óna nIonad Oibrithe Deonacha áitiúil.

Téigh i dteagmháil le d’Ionad Oibrithe Deonacha áitiúil agus tabharfaidh siad cúnamh duit oibrithe deonacha oiriúnacha a aithint agus a chomhordú do d’eagraíocht.


Oibrithe Deonacha Pobail

Faoi chlár píolótach na nOibrithe Deonacha Pobail cuirtear bealach ar fáil do phobail áitiúla chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine atá i ngátar. Tá an clár maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus comhordaithe ag Oibrithe Deonacha na hÉireann agus líonra na nIonad Oibrithe Deonacha, le tacaíocht ón Údarás Áitiúil i ngach ceantar.

Rinneadh é a fhorbairt bunaithe ar cheachtanna a foghlaimíodh faoi obair dheonach le linn COVID- 19 agus is féidir leis tacú le riachtanais phráinneacha a thagann chun cinn gan choinne, amhail freagra an phobail ar COVID-19, chomh maith le tacú le himeachtaí agus le tionscnaimh áitiúla.

Is i gcontaetha Chorcaí, Dhún na nGall, Bhaile Átha Cliath, na Gaillimhe, Lú, na Mí agus Chill Mhantáin a bheidh an clár ag feidhmiú ar dtús, agus beidh sé á leathadh amach i ndeich gcontae eile i mbliana. Is féidir teagmháil a dhéanamh le hOibrithe Deonacha Pobail trí na hIonaid Oibrithe Deonacha áitiúla.


Tabhartais agus gealltanais

Cuirimid fáilte mhór roimh fhlaithiúlacht dhochreidte mhuintir na hÉireann agus an dlúthpháirtíocht láidir atá acu leis an Úcráin.

Is é an bealach is éifeachtaí chun tacú le cúnamh daonnúil san Úcráin agus i dtíortha in aice láimhe ná airgead a thabhairt d’eagraíochtaí daonnúla aitheanta na hÉireann agus idirnáisiúnta. Is cosúil go gcuirfeadh sé brú mór ar chórais bonneagair áitiúil, atá faoi bhrú ollmhór cheana féin, earraí fisiceacha a sheoladh.

Is féidir teacht ar liosta de na heagraíochtaí daonnúla Éireannacha atá ag freagairt don ghéarchéim ar láithreán gréasáin Dóchas, an bhrateagraíocht d’eagraíochtaí neamhrialtasacha na hÉireann.


Tá na ranna go léir thar a bheith gnóthach ag obair i gcomhar le comhghleacaithe ar fud an Rialtais chun cuidiú leis na hiarrachtaí daonnúla maidir leis an Úcráin. Agus an cás seo nach bhfacthas a leithéid riamh cheana ag titim amach, is cúrsaí oibríochtúla criticiúla an fócas is mó atá againn i gcónaí agus cúrsaí ag dul ar aghaidh.

Táimid ag obair chun lóistín a fháil ón méid foinsí agus is féidir agus gabhaimid buíochas ó chroí leat as an tacaíocht atá tairgthe agat.