An Earnáil Fáilteachais a athoscailt
-
Ó: Roinn an Taoisigh; An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 23 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 5 Lúnasa 2021
Osclóidh seirbhísí fáilteachais faoi dhíon arís ó Dé Luain an 26 Iúil do dhaoine a bhfuil cosaint iomlán na vacsaíne faighte acu nó atá tagtha slán ó COVID-19 le 6 mhí anuas, chomh maith le leanaí faoi 18 atá faoina gcúram.
Is é Deimhniú Digiteach COVID an AE (DCC) an príomhfhianaise a úsáidfear nuair a bheifear ag dul isteach i bpub, i mbialann, i gcaifé nó i gcúirt bhia chun teacht a fháil ar sheirbhísí fáilteachais faoi dhíon. Tá daoine ar fud na tíre ag fáil a nDeimhniú Digiteach COVID AE ar ríomhphost nó tríd an bpost.
Beidh cruthúnais eile imdhíonachta leagtha amach i rialacháin agus áireofar Taifead Vacsaínithe COVID-19 an HSE orthu sin.
D'fhéadfaí aitheantas fótagrafach a iarraidh ort chun a chruthú gur leat Deimhniú Digiteach COVID an AE, Taifead Vacsaínithe COVID-19 an HSE nó cruthúnas eile imdhíonachta.
Beidh ar chustaiméirí, seachas custaiméirí faoi 18, sonraí rianaithe teagmhálaithe a chur ar fáil. Beidh ainm teagmhála agus uimhir theagmhála de dhíth agus coinneofar go daingean iad ar feadh 28 lá agus beidh sin ag cloí le GDPR.
Chun muid féin agus daoine eile a chosaint, beidh orainn cloí le hiompar sláinte poiblí a choinníonn muid féin agus ár ndaoine muinteartha slán - lena n-áirítear sláinteachas lámh, scaradh fisiciúil, clúdaigh éadain a chaitheamh nuair atáthar ag bogadh ó áit go háit faoi dhíon.
Ba chóir do dhaoine cuimhneamh go bhfuil áiteanna faoin spéir níos fearr ná áiteanna faoi dhíon.
Mar a oibreoidh an athoscailt
Cuirfear tús arís le seirbhísí faoi dhíon an mhí seo do dhaoine a bhfuil cosaint iomlán na vacsaíne faighte acu agus iadsan atá tagtha slán ó COVID-19, agus leanaí faoi 18 atá faoina gcúram.
Déanfaidh an Rialtas céimeanna breise d'athoscailt na hearnála fáilteachais a mheas de réir mar a cheadaíonn an staid eipidéimeolaíochta sin.
Céard a tharlóidh Dé Luain?
Ón Luain ar aghaidh is é Deimhniú Digiteach COVID an AE an príomhbhealach a bheidh ag duine le rochtain a fháil ar sheirbhísí fáilteachais faoi dhíon. Iarrfar ort do dheimhniú nó Thaifead Vacsaínithe COVID-19 an HSE nó aon chruthúnas eile imdhíonachta a thaispeáint ar do bhealach isteach chuig an áitreabh nó chuig áit suí i gcás cúirteanna bia mar shampla. D'fhéadfaí ceist a chur ort aitheantas fótagrafach a thaispeáint chun a chruthú gur leat an cruthúnas imdhíonachta.
Iarrtar ar dhaoine a thabhairt ar aird go bhféadfaí moill suas le 15 lá a bheidh ann idir an tráth a fhaigheann tú an dara vacsaín agus an imdhíonacht a bheidh de dhíth chun do dheimhniú a chur ag obair, ag brath ar an vacsaín a fuarthas.
Má fhágann custaiméir an áitreabh (nó áit suí i gcúirt bhia mar shampla) ar chúis ar bith (chun dul chuig láthair caite tobac mar shampla) beidh air an té sin duine den bhall foirne a chur ar an eolas. Go hidéalach, tabharfar pas dóibh a bheidh le seiceáil agus le tabhairt ar ais ar teacht isteach arís dóibh.
Eolas do chustaiméirí
Sa chás nach bhfuil Deimhniú Digiteach COVID an AE agat
Cuirfear sonraí ar fáil sna rialacháin atá á ndéanamh faoin Acht Sláinte (Leasú) (Uimh. 2) 2021 ar na cruthúnais imdhíonachta a bhféadfaidh gnólachtaí glacadh leo, lena n-áirítear Deimhniú Digiteach COVID an AE agus Taifead Vacsaínithe COVID-19 an HSE.
Cineálacha cáipéisí aitheantais fhótagrafaigh a nglactar leo chun taispeáint ag an doras
Cuirfear sonraí ar fáil sna rialacháin atá á ndéanamh faoin Acht Sláinte (Leasú) (Uimh. 2) 2021 ar na cáipéisí aitheantais fhótagrafaigh a bhféadfaidh gnólachtaí glacadh leo, lena n-áirítear pasanna agus ceadúnais tiomána.
Daoine a fuair an vacsaín lasmuigh den AE
Cuirfear sonraí ar fáil sna rialacháin atá á ndéanamh faoin Acht Sláinte (Leasú) (Uimh. 2) 2021 do dhaoine ó lasmuigh den AE a bhfuil cosaint iomlán na vacsaíne faighte acu nó atá tagtha slán ó COVID-19 maidir leis na cruthúnais imdhíonachta a bhféadfaidh gnólachtaí glacadh leo.
Rochtain a dhiúltú
Is féidir le gnólachtaí rochtain a dhiúltú sa chás nach bhfuil daoine ábalta cruthúnas vacsaínithe nó cruthúnas go bhfuil siad tagtha slán ó COVID-19 a chur ar fáil nó sa chás nach bhfuil siad ábalta a léiriú go mbaineann an deimhniú leo. Mura n-oibríonn gnólachtaí ar an mbonn sin, d'fhéadfaí fíneáil a ghearradh orthu nó d'fhéadfaí na gnólachtaí sin a dhúnadh.
Leanann Fáilte Ireland dá chairt sábháilteachta maidir le COVID-19 a chur i bhfeidhm Beidh gnólachtaí a chuireann a n-ainm síos don chairt dheonach seo faoi réir spotseiceálacha trína ndeimhneofar go bhfuil an gnó ag cloí le gach prótacal agus treoirlíne rialtais i dtaobh sláinte poiblí agus go bhfuil oiliúint ar chosc agus rialú ionfhabhtaithe déanta ag gach fostaí. Ba chóir do chustaiméirí comharthaíocht maidir leis an gcairt sábháilteachta a lorg.
Coinníollacha atá leagtha síos do ghnólachtaí maidir le teorainneacha ama, líon na mbord, seirbhís ag an mbord
I ndiaidh comhairle sláinte poiblí a fháil, níl teorainn ama i gceist níos mó do dhaoine a shuíonn chun boird. Níl aon teorainn níos mó ann maidir leis an am a mbeidh custaiméirí ábalta suí ag boird. Is féidir le gnólachtaí glacadh leis an gcur chuige sin.
Níl aon riachtanas ann bord a chur in áirithe roimh ré, is féidir le gnólachtaí glacadh leis an gcur chuige sin áfach. Ba chóir do ghnólachtaí a bheith cinnte de go bhfuil córais bainistithe scuaine chuí i bhfeidhm.
Ceadaítear suas le 6 duine ar a mhéid atá 13 bliana d'aois nó níos sine ag bord. Ní chuimsíonn an teorainn sin de 6 duine leanaí atá ina dteannta agus atá 12 bhliain d'aois nó níos óige. Ní fhéadfaidh an méid iomlán daoine atá le chéile ag aon bhord amháin dul thar 15 ar fad (6 duine ar a mhéid atá 13 agus níos sine). Ní cheadaítear daoine ó bhord amháin a bheith ag meascadh le daoine ó bhoird eile.
Ba chóir duit masc a chaitheamh an t-am ar fad seachas nuair atá tú i do shuí ag do bhord. Leanfaidh an fhoireann ar fad orthu ag caitheamh PPE oiriúnach, lena n-áirítear maisc, an t-am ar fad.
Tá cosc fós ar sheirbhís ag an gcuntar. Beidh foráil sna rialacháin chun freastal ar dhaoine ag boird amháin. Is chun oibrithe nach bhfuil an vacsaín faighte acu a chosaint a dhéantar sin.
Níl aon athrú ar am dúnta - tá ceanglas ar gach áitreabh dúnadh ag 11.30pm i láthair na huaire.
Beidh ar chustaiméirí, seachas custaiméirí faoi 18, sonraí rianaithe teagmhálaithe a chur ar fáil. Beidh ainm teagmhála agus uimhir theagmhála de dhíth agus coinneofar go daingean iad ar feadh 28 lá agus beidh sin ag cloí le GDPR.
Ba chóir limistéir faoi dhíon a bheith aeráilte go maith.
Cosaint sonraí
Ní choinneoidh gnólachtaí sonraí pearsanta ar bith a bhaineann le stádas vacsaínithe ná imdhíonachta duine.
Beidh ar chustaiméirí, seachas custaiméirí faoi 18, sonraí rianaithe teagmhálaithe a chur ar fáil. Beidh ainm teagmhála agus uimhir theagmhála de dhíth agus coinneofar go daingean iad ar feadh 28 lá agus beidh sin ag cloí le GDPR. Déantar foráil dó sin i Rialachán 13 den Acht Sláinte 1947 (Alt 31A - Forálacha Sealadacha) (COVID-19) (Uimh.2) Rialacháin 2021 (I.R. Uimh. 217 de 2021).
Maidir le daoine nach bhfuil ábalta an vacsaín a fháil de bharr chúinsí leighis
Níl cead isteach chuig gnólachtaí ach ag daoine a bhfuil an vacsaín faighte acu nó atá tagtha slán ó COVID mar go bhfuil an baol ard fós ann, leanfar d'athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras áfach.
Céard ba chóir duit a dhéanamh nuair a thugann tú fadhb le comhlíontacht faoi deara?
Tá an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta agus an HSE ainmnithe sa reachtaíocht i dtaobh ról a bheith acu comhlíontacht a mheas, tá ról againn ar fad, áfach, i dtaobh cinnte a dhéanamh de go bhfuil an córas ag obair agus gur féidir leis an earnáil fáilteachais seirbhís faoi dhíon a oscailt arís. Mar chustaiméir, ba chóir duit aon ábhar imní atá agat a chur in iúl don ghnólacht sa chéad ásc agus mura bhfaigheann tú sásamh ar bith, téigh chuig áitreabh eile - teachtaireacht láidir a bheadh ansin.
Eolas do ghnólachtaí
Cá bhfuil an t-eolas le fáil chun an córas nua seo a chur i bhfeidhm?
Tá ábhar i ndáil le tacaíocht curtha i dtoll a chéile ag Fáilte Ireland freisin do ghnólachtaí chun go mbeidh siad ábalta cumarsáid a dhéanamh lena gcustaiméirí - tá an t-ábhar sin ar fáil ar láithreán gréasáin Fáilte Ireland.
Sa chás nach bhfuil Deimhniú Digiteach COVID an AE ag custaiméir
Cuirfear sonraí ar fáil sna rialacháin atá á ndéanamh faoin Acht Sláinte (Leasú) (Uimh. 2) 2021 ar na cruthúnais imdhíonachta a bhféadfaidh gnólachtaí glacadh leo, lena n-áirítear Deimhniú Digiteach COVID an AE agus Taifead Vacsaínithe COVID-19 an HSE.
An uair ar cheart aitheantas fótagrafach a iarraidh agus céard le haghaidh
Is féidir le gnólachtaí aitheantas fótagrafach a iarraidh chun a dhearbhú gur le duine Deimhniú Digiteach COVID an AE nó aon chruthúnas eile imdhíonachta atá á chur i láthair acu chun rochtain a fháil ar an áitreabh nó ar an áit suí. Is féidir aitheantas fótagrafach a iarraidh ar leanaí faoi 18 bliana d'aois freisin chun a chruthú go bhfuil siad faoi 18 agus go bhfuil cead isteach san áitreabh acu le duine ceadaithe. Cuirfear sonraí ar fáil sna rialacháin atá á ndéanamh faoin Acht Sláinte (Leasú) (Uimh. 2) 2021 ar na cáipéisí aitheantais fhótagrafaigh a bhféadfaidh gnólachtaí glacadh leo, lena n-áirítear pasanna agus ceadúnais tiomána.
Rochtain a dhiúltú
Is féidir le gnólachtaí rochtain a dhiúltú sa chás nach bhfuil daoine ábalta cruthúnas vacsaínithe nó cruthúnas go bhfuil siad tagtha slán ó COVID-19 a chur ar fáil nó sa chás nach bhfuil siad ábalta a léiriú go mbaineann an deimhniú leo. Mura n-oibríonn gnólachtaí ar an mbonn sin, d'fhéadfaí fíneáil a ghearradh orthu nó d'fhéadfaí na gnólachtaí sin a dhúnadh.
Leanann Fáilte Ireland dá chairt sábháilteachta maidir le COVID-19 a chur i bhfeidhm Beidh gnólachtaí a chuireann a n-ainm síos don chairt dheonach seo faoi réir spotseiceálacha trína ndeimhneofar go bhfuil an gnó ag cloí le gach prótacal agus treoirlíne rialtais i dtaobh sláinte poiblí agus go bhfuil oiliúint ar chosc agus rialú ionfhabhtaithe déanta ag gach fostaí. Ba chóir do chustaiméirí comharthaíocht maidir leis an gcairt sábháilteachta a lorg.
Comhlíontacht a mheas
Tá an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta agus an HSE ainmnithe sa reachtaíocht i dtaobh ról a bheith acu comhlíontacht a mheas, tá ról againn ar fad, áfach, i dtaobh cinnte a dhéanamh de go bhfuil an córas ag obair agus gur féidir leis an earnáil fáilteachais seirbhís faoi dhíon a oscailt arís. Tá tacaíochtaí gnó ar fáil ar láithreán gréasáin Fáilte Ireland, lena n-áirítear roinnt póstaeir, téacs a bheadh áisiúil do láithreán gréasáin gnólachtaí agus mar sin de.