An Lámhleabhar Comh-Aireachta
- Foilsithe: 1 Nollaig 2006
- An t-eolas is déanaí: 8 Márta 2019
Is éard atá sa Lámhleabhar seo ná treoir inmheánach Rialtais (Comh-Aireacht) d’Airí. Is é an cuspóir atá aige ná cabhair a thabhairt d’Airí agus d’oifigigh in ullmhú nithe a mbeidh faoi chaibidil ag cruinnithe Rialtais, de réir phrionsabail na comhfhreagrachta. Tugann sé treoir freisin ar roinnt nithe teagmhasacha. Is féidir leis an Rialtas na treoirlínte atá sa Lámhleabhar a athrú de réir mar a mheasann sé a bheith cuí agus, sa chás gur cuí is féidir leis an Rialtas cinneadh a dhéanamh nach bhfuil feidhm ag na treoirlínte (go hiomlán nó i bpáirt) i gcúinsí áirithe.