Buiséad 2024
- Foilsithe: 14 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 19 Feabhra 2025
Sa tuarascáil seo, Ag Briseadh an Timthrialla: Bearta Nua i mBuiséad 2024 chun Bochtaineacht Leanaí a Laghdú agus Ffholláine a chur chun cinn, déantar cur síos ar na céimeanna feabhsaithe atá á dtógáil ag an Rialtas chun tacaíocht a thabhairt do leanaí barr a gcumais a bhaint amach agus éalú ó thimthriallta idirghlúine na bochtaineachta.
Cé go ndéantar an chuid is suntasaí den infheistíocht a dhéanann an Rialtas chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht leanaí trí chláir agus caiteachais atá ann faoi láthair, cuirtear achoimre uile-rialtais ar fáil sa tuarascáil seo ar chaiteachas nua agus breise i mBuiséad 2024, chun an tús áite atá tugtha don cheist chriticiúil seo a léiriú.
Agus a bpleananna Buiséid á bhforbairt acu, rinne gach aire rialtais machnamh ar a n-ionchur chun deireadh a chur le bochtaineacht leanaí agus dea-bhail leanaí a chur chun cinn. Leagtar amach sa tuarascáil seo gníomhartha agus bearta ábhartha a d’aithin dhá cheann déag de Ranna Rialtais. Leanfaidh Ranna orthu ag leagan béime air sin agus iad ag forbairt caiteachais agus pleanáil oibre níos mionsonraithe sna míonna amach romhainn.