Bunreacht na hÉireann
- Foilsithe: 1 Samhain 2018
- An t-eolas is déanaí: 26 Bealtaine 2020
An téacs seo den Bhunreacht, is cóip é den téacs a cuireadh isteach ina iris an 13 Samhain 2019 de dhroim Airteagal 25.5.2° ach amháin gur fágadh na Forálacha Sealadacha (Airteagail 34A agus 51-64) ar lár mar a cheanglaítear le téarmaí na nAirteagal sin agus gur athraíodh an téacs Gaeilge chun go mbeadh sé de réir na Nua-Ghaeilge caighdeánaí.
Déantar na leasuithe a rinneadh ó achtaíodh an Bunreacht i 1937 suas go dtí tráth clóite an eagráin seo (Eanáir 2020) a liostú thíos.
Na hAchtanna Leasúcháin | |
Gearrtheideal | Dáta Sínithe |
An tAcht um an gCéad Leasú ar an mBunreacht, 1939 [Rinneadh an socrú maidir le staid phráinne chun slándáil an phobail a chur in áirithe agus chun an Stát a chaomhnú in aimsir chogaidh nó ceannairce faoi arm a leathnú chuig coinbhleachtaí nach mbeidh an Stát páirteach iontu.] | 2 Meán Fómhair,1939 |
An tAcht um an Dara Leasú ar an mBunreacht, 1941 [ Olltogra inar cuimsíodh réimse Airteagal éagsúil agus arbh é ba chuspóir leis an slacht a chur ar an mBunreacht i bhfianaise na taithí ó achtaíodh é. ] | 30 Bealtaine, 1941 |
An tAcht um an Tríú Leasú ar an mBunreacht, 1972 [ Ceadaíodh don Stát a bheith ina chomhalta de na Comhphobail Eorpacha. ] | 8 Meitheamh, 1972 |
An tAcht um an gCeathrú Leasú ar an mBunreacht, 1972 [Laghdaíodh an aois íosta vótála i dtoghcháin Dála agus Uachtaráin agus i reifrinn ó 21 bliain go 18 mbliana.] | 5 Eanáir, 1973 |
An tAcht um an gCúigiú Leasú ar an mBunreacht, 1972 [Baineadh den Bhunreacht ionad speisialta na hEaglaise Caitlicí agus an t-aitheantas d’aicmí ainmnithe eile creidimh.] | 5 Eanáir, 1973 |
An tAcht um an Séú Leasú ar an mBunreacht (Uchtáil), 1979 [Áirithíodh nach bhféadfaí a dhearbhú gurb orduithe neamhbhailí iad orduithe uchtála arna ndéanamh ag an mBord Uchtála ar an ábhar nach cúirt a rinne iad.] | 3 Lúnasa, 1979 |
An tAcht um an Seachtú Leasú ar an mBunreacht (Forais Ardoideachais do Thoghadh Comhaltaí de Sheanad Éireann), 1979 [Ceadaíodh don Stát an socrú maidir le toghadh comhaltaí de Sheanad Éireann ag ollscoileanna agus ag forais eile ardoideachais sa Stát a leathnú] | 3 Lúnasa, 1979 |
An tAcht um an Ochtú Leasú ar an mBunreacht, 1983 [Admhaíodh ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha.] | 7 Deireadh Fómhair,1983 |
An tAcht um an Naoú Leasú ar an mBunreacht, 1984[Leathnaíodh an ceart vótála i dtoghcháin Dála chuig náisiúnaigh áirithe neamh-Éireannacha.] | 2 Lúnasa, 1984 |
An tAcht um an Deichiú Leasú ar an mBunreacht, 1987[Ceadaíodh don Stát an Ionstraim Eorpach Aonair a Dhaingniú.] | 22 Meitheamh, 1987 |
An tAcht um an Aonú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1992 [Ceadaíodh don Stát an Conradh ar an Aontas Eorpach (Maastricht) a dhaingniú agus a bheith ina chomhalta den aontas sin.] | 16 Iúil, 1992 |
Níl aon Dóú Leasú Déag ar an mBunreacht ann. Ar an 25 Samhain, 1992, cuireadh trí thogra faoi bhráid an phobail, an Dóú Leasú Déag, an Tríú Leasú Déag agus an Ceathrú Leasú Déag (a bhain le ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha) agus thoiligh siad leis an Tríú Leasú Déag agus leis an gCeathrú Leasú Déag (thíos). | |
An tAcht um an Tríú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1992 [Rinneadh socrú nach dteorannódh Airteagal 40.3.3° (ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha) saoirse chun taisteal idir Éirinn agus stát eile.] | 23 Nollaig, 1992 |
An tAcht um an gCeathrú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1992 [Rinneadh socrú nach dteorannódh Airteagal 40.3.3° (ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha) saoirse chun faisnéis a fháil nó a chur ar fáil maidir le seirbhísí atá ar fáil go dátheangach i stát eile.] | 23 Nollaig, 1992 |
An tAcht um an gCúigiú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1995 [Rinneadh socrú maidir le pósadh a scaoileadh in imthosca sonraithe áirithe.] | 17 Meitheamh, 1996 |
An tAcht um an Séú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1996[Rinneadh socrú chun go bhféadfadh cúirt bannaí a dhiúltú do dhuine atá cúisithe i gcion tromaí sa chás go measfar le réasún é a bheith riachtanach chun an duine sin a chosc ar chion tromaí a dhéanamh.] | 12 Nollaig, 1996 |
An tAcht um an Seachtú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1997 [Rinneadh socrú go ndéanfaí rúndacht na bpléití ag cruinnithe den Rialtas a urramú ach amháin i gcás ina gcinnfeadh an Ard-Chúirt, in imthosca sonraithe áirithe, gur ceart nochtadh a dhéanamh.] | 14 Samhain, 1997 |
An tAcht um an Ochtú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1998 [Ceadaíodh don Stát Conradh Amstardam a dhaingniú.] | 3 Meitheamh, 1998 |
An tAcht um an Naoú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1998[Ceadaíodh don Stát a thoiliú a bheith faoi cheangal ag Comhaontú na Breataine-na hÉireann, arna dhéanamh i mBéal Feirste an 10 Aibreán, 1998, agus rinneadh socrú go mbeadh éifeacht ag leasuithe breise ar an mBunreacht, go háirithe ar Airteagail 2 agus 3, nuair a bheadh feidhm ag an gcomhaontú sin.] | 3 Meitheamh, 1998 |
An tAcht um an bhFichiú Leasú ar an mBunreacht, 1999 [Rinneadh socrú maidir le haitheantas bunreachta don ról atá ag rialtas áitiúil agus go ndéanfar toghcháin áitiúla gach cúig bliana ar a laghad.] | 23 Meitheamh,1999 |
An tAcht um an Aonú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2001 [Toirmeasc ar phionós an bháis agus tagairtí a bhaineann le pionós an bháis a scriosadh.] | 27 Márta, 2002 |
Níl aon Dóú Leasú is Fiche ar an mBunreacht ann. Níor rith Tithe an Oireachtais an Bille um an Dóú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2001 [a bhain le breitheamh a chur as oifig agus ina raibh socrú maidir le comhlacht a bhunú le dlí chun imscrúdú a dhéanamh, nó chun a chur faoi deara imscrúdú a dhéanamh, ar iompar is mí-iompar ag breitheamh nó ar iompar dá ndéanann éagumas ar thaobh breithimh difear dó.] | |
An tAcht um an Tríú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2001 [Ceadaíodh don Stát Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a dhaingniú.] | 27 Márta,2002 |
Níl aon Cheathrú Leasú is Fiche ar an mBunreacht ann. Ar an 7 Meitheamh, 2001, cuireadh trí thogra faoi bhráid an phobail, is é sin le rá, an tAonú Leasú is Fiche, an Tríú Leasú is Fiche agus an Ceathrú Leasú is Fiche. Dhiúltaigh an pobal don Cheathrú Leasú is Fiche (a dhéileáil le Conradh Nice) agus thoiligh an pobal leis an Aonú Leasú is Fiche agus leis an Tríú Leasú is Fiche (thuas). | |
Níl aon Chúigiú Leasú is Fiche ar an mBunreacht ann. Ar an 6 Márta, 2002, cuireadh togra maidir leis an gCúigiú Leasú is Fiche ar an mBunreacht faoi bhráid an phobail agus diúltaíodh dó [Beatha Dhaonna le linn Toirchis a Chosaint]. | |
An tAcht um an Séú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2002 [Ceadaíodh don Stát Conradh Nice a dhaingniú.] | 7 Samhain, 2002 |
An tAcht um an Seachtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2004 [Saoránacht leanaí a bhfuil tuismitheoirí acu nach náisiúnaigh iad.] | 24 Meitheamh, 2004 |
An tAcht um an Ochtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2009 [Ceadaíodh don Stát Conradh Liospóin a dhaingniú.] | 15 Deireadh Fómhair, 2009 |
An tAcht um an Naoú Leasú is Fiche ar an mBunreacht Luach Saothair Breithiúna, 2011[alt 5 d’Airteagal 35 den Bhunreacht.] | 17 Samhain, 2011 |
An tAcht um an Tríochadú Leasú ar an mBunreacht (An Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eorpach agus Airgeadaíochta), 2012 [Lenar ceadaíodh don Stát Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhaingniú.] | 27 Meitheamh, 2012 |
An tAcht um an Aonú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Leanaí), 2012 [Chun foráil a dhéanamh d’Airteagal a bhaineann go sainráite le leanaí.] | 28 Aibreán, 2015 |
Níl aon Dara Leasú is Tríocha ar an mBunreacht ann. An 4 Deireadh Fómhair 2013, cuireadh togra don Dara Leasú is Tríocha ar an mBunreacht faoi bhráid an phobail agus diúltaíodh dó [Deireadh a chur le Seanad Éireann.] | |
An tAcht um an Tríú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Cúirt Achomhairc), 2013[Rinneadh socrú chun Cúirt Achomhairc a bhunú.] | 1 Samhain, 2013 |
An tAcht um an gCeathrú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Comhionannas Pósta), 2015 [Chun foráil a dhéanamh gur féidir le daoine pósadh gan idirdhealú a dhéanamh maidir lena ngnéas.] | 29 Lúnasa, 2015 |
Níl aon Chúigiú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht ann. An 22 Bealtaine 2015, cuireadh togra don Chúigiú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht faoi bhráid an phobail agus diúltaíodh dó [Aois na Cáilitheachta do Thoghadh le hOifig an Uachtaráin.] | |
An tAcht um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht, 2018 [Rinneadh socrú chun foirceannadh toirchis a rialáil]. | 18 Méan Fómhair, 2018 |
An tAcht um an Seachtú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Cion a aisghairm arb éard é ní diamhaslach a fhoilsiú nó a aithris), 2018 [Rinneadh socrú chun na focail "diamhaslach nó" a bhaint as an mbunreacht]. | 27 Samhain, 2018 |
An tAcht um an Ochtú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Scaoileadh ar Phósadh), 2019 [Rinneadh socrú maidir le hathruithe ar fhorálacha lena rialáiltear colscaradh tríd an gceanglas bunreachta maidir le tréimhse shainithe idirscartha a scriosadh, agus trí fhoráil a chur ina ionad go dtabharfar aitheantas do cholscarthaí coigríche]. | 11 Meitheamh 2019. |
Nóta
Cóip atá sa leagan is déanaí thíos den Bhunreacht den leagan is déanaí a ullmhaíodh d’Eagrán Móréilimh Bhunreacht na hÉireann. (Eanáir 2020)
Tá leagan HTML ar fáil anseo freisin.