Clár Reachtaíochta do Shamhradh 2021 foilsithe
- Foilsithe: 26 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 28 Bealtaine 2021
Tá Clár Reachtaíochta do sheisiún samhraidh 2021 an Oireachtais foilsithe ag Príomh-Aoire an Rialtais, Jack Chambers.
Tá 43 bhille sa chlár a dtabharfaidh airí Rialtais tús áite dóibh agus ceadaíodh an clár lena fhoilsiú i ndiaidh cruinniú Comh-Aireachta. Foilsíodh an clár tar éis dul i gcomhairle le ranna agus oifigigh ar fad an rialtais agus leis an Ard-Rúnaí.
Dúirt an tAire Chambers go gcuimsíonn an Clár Reachtaíochta billí uaillmhianacha, spreagúla agus tábhachtacha ó ar fud réimse Ranna Rialtais trína réiteofar an bealach chun gealltanais a tugadh i gClár an Rialtais a bhaint amach ar bhonn leanúnach.
Is cúis áthais dom gur fhoilsíomar tríú clár reachtaíochta an Rialtas inniu ó chuamar i seilbh oifige an samhradh seo caite. I gcaitheamh na tréimhse sin, d’fhoilsigh an Rialtas 39 bille agus achtaíodh 37 píosa reachtaíochta,
a dúirt an tAire Chambers:
Cuimsíonn Clár Reachtaíochta an tsamhraidh 43 bille a dtabharfar tús áite dóibh sa téarma atá le teacht trína gcuirfear ar chumas na tíre forbairt agus fás a dhéanamh de réir mar a leanaimid de na dúshláin a bhaineann le COVID-19 a shárú agus gealltanais Chlár an Rialtais a bhaint amach ag an am céanna freisin. Áirítear leis an gClár líon billí a bhfuil an-tábhacht leo agus a mbeidh tionchar claochlaitheach agus dearfach ag baint leo.
a dúirt an tAire Chambers freisin:
Ceann de na píosaí reachtaíochta a bhfuil an-tábhacht agus suntas ag baint léi is ea an Bille um (Athchóiriú ) Toghchán, trína mbunófar coimisiún toghcháin reachtúil agus neamhspleách chun fógraíocht pholaitiúil ar líne a rialú le linn feachtais toghchánaíochta agus chun an clár toghthóirí a nuachóiriú, i measc réimse athchóirithe riachtanacha eile.
De bhreis air sin, tríd an mBille um Shábháilteacht ar Líne agus Rialúchán Meán, bunófar Coimisiún Meán agus cruthófar creat rialála chun dul i ngleic le hábhar dochrach a bheith á scaipeadh ar líne agus tá a fhios agam go mbeidh sé sin ina idirghabháil thábhachtach a gcuirfear fáilte roimpi i dtírdhreach na meán sóisialta.
Tabharfar tús áite d’ocht mbille ceartais sa téarma atá le teacht, lena n-áirítear an Bille um Cheartas Coiriúil (Daoine a Smugláil), agus tabharfar tús áite do cheithre bhille Sláinte, lena n-áirítear an Bille um Atáirgeadh Daonna Cuidithe chun an réimse cúraim sláinte seo a rialáil.
Tríd an mBille um Dhíol Ticéad (Imeachtaí Cultúir, Siamsaíochta, Áineasa agus Spóirt) ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, cosnófar tomhaltóirí trí chosc a chur ar thicéid a athdhíol ag praghas níos airde ná an t-aghaidhluach. Chomh maith leis sin, tá tús áite á thabhairt don Bhille um Pá Breoiteachta Reachtúil d’fhonn scéim maidir le pá breoiteachta reachtúil a chur ar fáil d’oibrithe.
Chomh maith leis sin, leanfar den obair chun gach Scéim agus Bille eile, seachas iad sin atá ar an liosta tosaíochta, a fhorbairt, a dhréachtú agus a chur chun cinn trí na Tithe.