English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Dún na nGall ag Leibhéal 3


Dún na nGall ag Leibhéal 3

De bharr go bhfuil síneadh níos faide ná an 3 seachtaine a bhí i gceist ar dtús curtha anois le Leibhéal 3 i mBaile Átha Cliath agus i nDún na nGall beidh gnóthaí sa dá chontae sin i dteideal breisiú 20% agus 10% faoi seach.

Tá tuilleadh eolas le fáil anseo.

Má tá tú i nDún na nGall:

Féadfaidh suas le 6 as teaghlach amháin eile teacht ar cuairt chuig do theach nó do ghairdín

Níor cheart go mbeadh daoine/teaghlaigh ag teacht le chéile go sóisialta, ach amháin le haghaidh bainiseacha nó sochraidí (féach thíos)

Níor cheart go mbeadh aon imeachtaí á n-eagrú taobh istigh. Ceadófar imeachtaí faoin aer, ach gan dul thar 15.

Ba cheart do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i nDún na nGall fanacht sa chontae (is é sin le rá nár cheart dóibh Dún na nGall a fhágáil ar mhaithe le taisteal taobh istigh den tír nó taisteal go hidirnáisiúnta) ach amháin sa chás is gur gá dóibh taisteal ar mhaithe lena gcuid oibre, oideachais nó ar chúiseanna riachtanacha eile.

Níor cheart do dhaoine a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh de Dhún na nGall taisteal go Dún na nGall ach amháin sa chás is gur gá dóibh taisteal ar mhaithe lena gcuid oibre, oideachais nó ar chúiseanna riachtanacha eile.

Iarrtar ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i nDún na nGall oibriú ón mbaile, más féidir é ar chor ar bith.

Ba cheart do scoileanna agus d’ionaid luathoideachais agus cúraim leanaí fanacht oscailte. Ba cheart go bhfanfadh institiúidí oideachais daoine fásta agus institiúidí ardoideachais oscailte, ach iarrtar orthu athbhreithniú a dhéanamh ar a mbearta cosanta agus comhthionóil a sheachaint a oiread agus is féidir.

Iarrtar ort siúl nó rothaíocht nuair is féidir, le go mbeidh an córas iompair phoiblí ar fáil d’oibrithe riachtanacha agus le haghaidh obair atá riachtanach.


Imeachtaí sóisialta agus teaghlaigh

I do theach nó i do ghairdín

Níor cheart go dtiocfadh níos mó ná 6 as 1 teaghlach amháin eile ar cuairt.

Suíomhanna seachas an teach cónaithe nó an gairdín

Níor cheart go mbeadh imeachtaí sóisialta ná imeachtaí teaghlaigh ar siúl in aon áit eile.


Bainiseacha

Féadfar dul ar aghaidh le bainiseacha i nDún na nGall ach ní cheadófar níos mó ná 25 aoi ag an searmanas ná ag an bhfáiltiú (beag beann ar an ionad).

Ní cheadófar do dhaoine nach bhfuil cónaí orthu i nDún na nGall freastal ar bhainiseacha i nDún na nGall, ná ní cheadófar dóibh siúd atá ina gcónaí i nDún na nGall freastal ar bhainiseacha in áiteanna eile sa tír.

Má tá na socruithe déanta cheana féin ag lánúin, a bhfuil cónaí orthu i nDún na nGall, féadfaidh siad taisteal go dtí áit eile sa tír le pósadh.


Imeachtaí eagraithe taobh istigh

Timpeallachtaí rialaithe iad seo a bhfuil duine ainmnithe ina bhfeighil, dála eagraí imeachtaí, úinéir nó bainisteoir.

Mar shampla: cúrsaí oiliúna gnó, comhdhálacha, imeachtaí in amharclanna nó i bpictiúrlanna nó imeachtaí ealaíne eile (gan spóirt a bheith san áireamh).

Níor cheart aon imeachtaí eagraithe a bheith ar siúl taobh istigh.


Imeachtaí eagraithe faoin aer

Timpeallachtaí rialaithe iad seo agus duine ainmnithe i bhfeighil, dála eagraí imeachtaí, úinéir nó bainisteoir. Mar shampla: imeachtaí ealaíon taobh amuigh, imeachtaí traenála.

Ceadófar imeachtaí eagraithe faoin aer, nuair nach mbíonn níos mó ná 15 páirteach.


Spórt

Traenáil

Amuigh faoin aer: Traenáil neamhtheagmhála i ngrúpaí suas le 15 (déanfar eisceacht i gcás spórt gairmiúil/scothspóirt/craobhchomórtais idirchontae/craobhchomórtais sinsear na gclubanna.)

Taobh istigh: Daoine aonair amháin le bheith i mbun traenála. Gan aon ranganna aclaíochta ná damhsa.

Cluichí agus Imeachtaí

Ní cheadófar aon chluichí ná imeachtaí.

Eisceachtaí: Féadfaidh spórt gairmiúil/scothspóirt/craobhchomórtais idirchontae/craobhchomórtais sinsear na gclubanna/rásaíocht chapall a bheith ar siúl taobh thiar de dhoirse druidte.

Ionaid aclaíochta/ionaid fóillíochta agus linnte snámha

Féadfaidh ionaid aclaíochta/ionaid fóillíochta agus linnte snámha fanacht oscailte do dhaoine aonair amháin, le bearta cosanta i bhfeidhm.


Seirbhísí reiligiúnacha

Ar líne amháin a bheidh fáil ar sheirbhísí.

Beidh ionaid adhartha fanta oscailte le haghaidh urnaí phríobháideach amháin.


Sochraidí

Ceadófar suas le 25 caointeoir.


Músaeim, gailearaithe agus ionaid chultúir eile

Beidh siad ar fad dúnta.

Cuirfidh na leabharlanna ríomh-sheirbhís agus seirbhís ‘glaoigh agus bailigh’ ar fáil.


Caiféanna agus bialanna (tithe tábhairne agus pubanna agus in óstáin san áireamh)

Féadfaidh siad fanacht oscailte le haghaidh seirbhís bia le tabhairt leat/bia chuig an doras agus le haghaidh seirbhís bia taobh amuigh ach gan dul thar 15.


Tithe óil

Féadfaidh siad fanacht oscailte le haghaidh seirbhís bia le tabhairt leat, bia chuig an doras agus seirbhís bia taobh amuigh, gan dul thar 15.

Clubanna oíche, dioscónna agus casaíní

Fanfaidh clubanna oíche, dioscónna agus casaíní dúnta.


Óstáin agus lóistín

Oscailte ach gur d’aíonna amháin a bheidh seirbhís ar fáil.


Siopaí agus seirbhísí (mar shampla: gruagairí, sciamheolaithe, bearbóirí)


Obair

Ba cheart oibriú ón mbaile mura bhfuil sé riachtanach go mbeifeá ar an láthair oibre.

Taisteal taobh istigh den tír

Ba cheart do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i nDún na nGall fanacht sa chontae (is é sin le rá nár cheart dóibh Dún na nGall a fhágáil ar mhaithe le taisteal taobh istigh den tír ná chun taisteal go hidirnáisiúnta), ach amháin daoine a chaithfidh taisteal le haghaidh cúrsaí oibre nó oideachais nó ar chúiseanna riachtanacha eile.


Scoileanna, seirbhísí luathoideachais agus cúraim leanaí, oideachas daoine fásta agus ardoideachas

Tá scoileanna agus naíolanna oscailte agus bearta cosanta i bhfeidhm iontu.

Cuirfidh na seirbhísí breisoideachais, ardoideachais agus oideachas aosach lena mbearta cosanta agus déanfaidh siad comhthionóil a sheachaint a oiread agus is féidir.


Páirceanna spraoi, ionaid spraoi agus páirceanna, atá faoin spéir

Fanfaidh siad ar fad oscailte le bearta cosanta i bhfeidhm.


Córais iompair

Ní mór clúdaigh aghaidhe a chaitheamh.

Siúil nó úsáid rothar nuair is féidir.

Ní ghlacfar ach le 50% den ghnáthuimhir ar an gcóras iompair phoiblí.

D’oibrithe riachtanacha amháin iad nó do thurais atá ar chúiseanna riachtanacha.


Daoine os cionn 70 agus daoine atá leochaileach ó thaobh sláinte

Moltar do dhaoine atá os cionn 70 agus do dhaoine atá leochaileach ó thaobh sláinte coinneáil orthu ag tabhairt a mbreithiúnas féin ar chúrsaí.

Moltar dóibh fanacht ag baile a oiread agus is féidir agus gan a bheith i dteagmháil ach le líon an-bheag daoine ar feadh tréimhsí gearra agus scaradh sóisialta á chleachtadh acu.

Nuair a bhíonn siad i mbun aclaíochta faoin aer tá sé tábhachtach go bhfanfaidís dhá mhéadar ó dhaoine eile agus go nífidís a lámha ar fhilleadh abhaile dóibh.

Moltar gur le linn na n-uaireanta atá leagtha amach dóibh amháin a dhéanfaidís siopadóireacht, agus clúdach aghaidhe a chaitheamh, nach mbeidís ag taisteal ar an gcóras iompair phoiblí.


Ionaid Altranais Fadtéarmacha (tithe altranais agus tithe cúraim)

Ní cheadófar cuairteanna ach amháin más cuairteanna riachtanacha iad ar chúiseanna comhbhá.