English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Searmanas Comórtha 1916, Domhnach Cásca, Ard Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath,

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 16 Aibreán 2025
  • An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025

Beidh searmanas chun comóradh a dhéanamh ar chothrom 109ú bliain Éirí Amach na Cásca 1916 ar siúl lasmuigh d’Ard Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath, Domhnach Cásca 20ú Aibreán 2025, ag tosú ag 12 meán lae.

Is iad an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn, an Taoiseach, Micheál Ó Máirtín, T.D., agus an Tánaiste agus Aire Cosanta, Simon Harris, T.D. a bheidh i gceannas ar an searmanas.

Cuirtear fáilte roimh bhaill den phobal chun freastal ar an searmanas agus ba chóir go mbeidís ina n-áit sna limistéir amhairc poiblí lasmuigh d’Ard Oifig an Phoist faoi 11.30 a.m.

Tá na limistéir amhairc ar thaobh Uí Chléirigh de Shráid Uí Chonaill agus ag an deireadh theas d’Ard Oifig an Phoist. Tá limistéar curtha in áirithe d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí. Cuirfear scáileáin mhóra físe suas freisin ar an dá thaobh d’Ard Oifig an Phoist chun an searmanas a thaispeáint don phobal.

Leabhrán: Searmanas Comórtha 1916, Domhnach Cásca 2025
Amharc amharc