Fáilte go Súil ar an Todhchaí
- Foilsithe: 3 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 22 Eanáir 2025
- Colum McCann
- Caoilfhionn Gallagher
- Brian Dalton
- Linda Ervine
- Lucy Caldwell
- Felispeaks
- Vittorio Angelone
- Owen Reidy
- Mark Pollock
- Jarlath Kearney
- Rhiannon Giddens
- Colin Davidson
- Colm Mac Con Iomaire
- Oona Doherty
- Samantha Barry

Sheol an Taoiseach Simon Harris TD, an Tánaiste Micheál Martin TD agus an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige Roderic O’Gorman TD an tsraith nua Future Takes an 10 Deireadh Fómhair 2024, mar chuid de thionscnamh Oileán Comhroinnte an Rialtais.
Déantar ceiliúradh ar cheithre bliana de shraith Idirphléití maidir le hOileán Comhroinnte an Rialtais in agallaimh Future Takes, trínar tugadh breis is 4,000 ionadaí ón tsochaí shibhialta ar fud na bpobal agus na dtraidisiún uile ar an oileán le chéile chun ábhair imní chomhchoiteanna maidir leis an todhchaí a phlé.
Ag leanúint den idirghníomhaíocht seo ar fud an oileáin, ghlac réimse daoine iomráiteacha in Éirinn, i dTuaisceart Éireann agus níos faide i gcéin páirt in Future Takes, chun a dtuairimí a thabhairt ar an gcaoi le todhchaí chomhroinnte a chruthú ar oileán na hÉireann, agus Comhaontú Aoine an Chéasta mar bhonn agus mar thaca aige.
Tugann na rannpháirtithe a dtuairimí ar cheist uileghabhálach: Céard a bheidh orainn a dhéanamh d’fhonn oileán na hÉireann atá níos comhréitithe a bhaint amach, cibé comhréiteach a bheidh i gceist, agus cé na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis sna blianta amach romhainn?
Colum McCann
Pléifidh an scríbhneoir Colum McCann an tábhacht a bhaineann le scéalaíocht chun bearnaí a laghdú agus teorainneacha a thrasnú chun oileán comhroinnte níos comhréitithe a bhaint amach.
Caoilfhionn Gallagher
Léargais an-spéisiúil ón abhcóide Caoilfhionn Gallagher KC ar a thábhachtaí atá sé glacadh leis an am atá thart d’fhonn bogadh ar aghaidh agus oileán níos comhréitithe a bhaint amach.
Brian Dalton
Comhrá fíorspéisiúil ar fad le Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Irish in Britain, Brian Dalton, faoin nádúr síorathraitheach agus luaineach a bhaineann le féiniúlacht ar na hoileáin seo.
Linda Ervine
An-léargas go deo ón ngníomhaí Gaeilge agus pobail Linda Ervine MBE ar a chumhachtaí atá teanga le daoine a thabhairt le chéile ar mhaithe le hoileán comhroinnte a bhaint amach.
Lucy Caldwell
Tabharfaidh an drámadóir agus an t-úrscéalaí Lucy Caldwell a dearcadh cumhachtach féin ar an gcaoi le hoileán comhréitithe a bhaint amach atá oscailte, a fhéachann ar an domhan mór agus nach bhfuil an chéimlathas ag baint leis.
Felispeaks
Focail chumhachtacha ón bhfile, an t-oirfideach agus an drámadóir, Felispeaks, faoin gcaoi le leas a bhaint as cumhacht na healaíne chun deis labhartha níos fearr a thabhairt do gach uile phobal ar oileán comhroinnte.
Vittorio Angelone
Tuairimí léirsteanacha ón bhfuirseoir Vittorio Angelone ar an ngá atá ann easaontas a shárú d’fhonn oileán comhréitithe a bhaint amach.
Owen Reidy
Léargas an-tuisceanach ó Ard-Rúnaí Chomhdháil na gCeardchumann, Owen Reidy, ar a thábhachtaí atá sé meas a léiriú agus comhplé sóisialta cuimsitheach a bheith ann nuair atáthar ag cruthú todhchaí chomhroinnte ar le gach pobal ar an oileán í.
Mark Pollock
Tabharfaidh an cainteoir spreagúil agus an taiscéalaí Mark Pollock a thuairimí inspioráideacha faoi dhúshláin a shárú agus ar an tábhacht atá le dóchas agus le teacht aniar d’fhonn oileán níos comhréitithe a bhaint amach.
Jarlath Kearney
Pléifidh an rannpháirtí meán, Jarlath Kearney na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith i gceist le hoileán níos comhréitithe agus a bheadh le déanamh againn chun sin a bhaint amach.
Rhiannon Giddens
Léargas cumhachtach an cheoltóra Rhiannon Giddens, a bhfuil gradaim buaite aici dá saothar, ar an gcaoi le leas a bhaint as neart an phobail agus neart an chomhrá chun todhchaí chomhroinnte níos fearr a bhaint amach ar oileán na hÉireann.
Colin Davidson
Lón inspioráide ón ealaíontóir Colin Davidson ar a tábhachtaí atá sé todhchaí chomhroinnte a bhaint amach a oireann do gach pobal ar fud an oileáin.
Colm Mac Con Iomaire
Labhróidh an ceoltóir agus an cumadóir Colm Mac Con Iomaire ar an ngá atá ann am agus spás a chur i leataobh chun a chur ar chumas gach pobail teacht le chéile, go muiníneach, d’fhonn oileán níos comhréitithe a bhaint amach.
Oona Doherty
Ábhar machnaimh ón gcóiréagrafaí Oona Doherty ar an gcaoi a bhféadfadh glacadh go fonnmhar leis na healaíona cuidiú le hoileán níos comhréitithe a bhaint amach sna blianta amach romhainn.
Samantha Barry
Léargais an-spéisiúil ón eagarthóir agus iriseoir Samantha Barry ar an gcaoi ar féidir constaicí a shárú agus pobail a thabhairt le chéile trí scéalaíocht chun oileán comhroinnte a bhaint amach.
