Féach an liosta d'ionaid mhiondíolacháin bhunriachtanacha ag Leibhéal 5
- Foilsithe: 14 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
Is le Leibhéal 5 amháin a bhaineann an liosta seo.
Ba chóir do lucht miondíolacháin in ionaid ina dtairgtear réimsí éagsúla earraí i spásanna faoi leith maidir le miondíolachán bunriachtanach agus miondíolachán nach bhfuil bunriachtanach a shocrú go ndéantar deighilt idir na spásanna éagsúla.
1. Ionaid ina ndíoltar bia nó deochanna le tabhairt leo ag an gcustaiméir nó nuachtáin, más mórdhíolachán nó miondíolachán atá i gceist agus más ionad sainspeisialta atá i gceist nó nach ea.
2. Margaí inar bia amháin atá le díol nó inar bia den chuid is mó atá le díol.
3. Ionaid ina ndíoltar earraí atá riachtanach maidir le cothabháil riachtanach agus feidhmiú árais cónaithe agus gnó, más mórdhíolachán nó miondíolachán atá i gceist.
4. Cógaslanna, siopaí poitigéara agus ionaid mórdhíolacháin nó miondíolacháin ina gcuirtear cógais nó seirbhísí cógaisíochta agus dáileacháin ar fáil, más mórdhíolachán nó miondíolachán atá i gceist.
5. Ionaid ina ndíoltar earraí sláinte, leighis agus ortaipéidice, más mórdhíolachán nó miondíolachán atá i gceist.
6. Stáisiúin breosla agus soláthraithe breosla teasa.
7. Ionaid ina ndíoltar earraí bunriachtanacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe (lena n-áirítear bia ainmhithe agus earraí leighis tréidliachta, bia peataí, ábhar easrach agus soláthairtí d'ainmhithe), más mórdhíolachán nó miondíolachán atá i gceist.
8. Neachtlanna agus ionaid tirimghlanta.
9. Bainc, oifigí an phoist agus comhair chreidmheasa.
10. Ionaid ina ndíoltar soláthairtí sábháilteachta (lena n-áirítear feisteas oibre, coisbhearta agus trealamh cosanta pearsanta), más mórdhíolachán nó miondíolachán atá i gceist.
11. Ionaid crua-earraí, earraí tógála agus ionaid ina gcuirtear na nithe seo a leanas ar fáil, cibé más ar bhonn mórdhíolacháin nó miondíolacháin é:
- táirgí crua-earraí atá riachtanach le hobair chothabhála a dhéanamh ar áras cónaithe nó ionad gnó nó le haghaidh obair thógála agus forbraíochta,
- trealamh sláinteachais agus trealamh feirme, nó
nó
- soláthairtí agus trealamh atá riachtanach don fheirmeoireacht agus don talmhaíocht.
12. Ionaid ina ndéantar soláthar d'obair deisiúcháin agus cothabhála ar fheithiclí faoi thiomáint innill nó ar rothair agus saoráidí gaolmhara de chineál ar bith (díolachán agus deisiú boinn san áireamh).
13. Na hionaid seo a leanas, chomh mór agus gur ar bhonn éigeandála amháin a chuirtear seirbhís ar fáil:
- Ionaid ina gcuirtear tástálacha éisteachta ar fáil nó ina ndíoltar deiseanna éisteachta agus fearais éisteachta.
- Ionaid ina ndíoltar earraí oifige agus seirbhísí do ghnólachtaí nó do dhaoine atá ag obair óna n-áit chónaithe, cibé más ar bhonn mórdhíolacháin nó miondíolacháin é.
- Ionaid ina gcuirtear seirbhísí díolacháin, deisiúcháin agus cothabhála ar fáil d'ionaid chónaithe agus d'ionaid ghnó maidir le cúrsaí leictreachais, teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide agus cúrsaí teileafóin.
14. Ionad miondíolacháin ar bith eile ag a bhfuil córas ar líne nó córas cianda eile ar bun maidir le hearraí a ordú ionas gur féidir iad a bhailiú ag an ionad miondíolacháin.
15. Ionaid ina bhfuil bia nó deochanna ar díol cibé más ar bhonn mórdhíolacháin nó miondíolacháin é agus más ionad sainspeisialta atá i gceist nó nach ea:
- chomh fada agus gur le breith leis ag an gcustaiméir agus le hithe nó le hól in áit eile seachas san áitreabh a díoladh an bia nó na deochanna
- chomh fada agus gur bialann foirne atá i gceist atá á oibriú do na daoine atá ag obair ann, nó ag, áitreabh faoi leith agus do na daoine sin amháin, nó
nó
- seirbhísí óstáin nó seirbhísí lóistín den chineál céanna a luaitear i bhfo-ailt (a) go dtí (d) d'alt 8 de Chuid 2, chomh fada agus gur le daoine atá ag fanacht san áitreabh a dhíoltar bia agus deochanna le hithe agus le hól san áitreabh de réir fho-ailt (a) go dtí (d) d'alt 8 den Chuid sin
16. Ionaid radharceolaí agus ionaid optaiméadraí.