English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Faisnéis d'oibrithe teorann reatha agus oibrithe teorann amach anseo

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 5 Eanáir 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Má oibríonn tú ar thaobh amháin de theorainn ach má tá tú i do chónaí ar an taobh eile, agus má fhilleann tú abhaile uair sa tseachtain ar a laghad, is oibrí teorann tú, nó oibrí trasteorann.

Más saoránach Éireannach nó Briotanach tú atá ina chónaí agus ag obair áit ar bith ar oileán na hÉireann nó idir Éire agus an Bhreatain Mhór, lena n-áirítear mar oibrí teorann, ní gá duit beart a dhéanamh. Tugann an Comhlimistéar Taistil (CTA) an ceart leanúnach do shaoránaigh na hÉireann agus na Breataine oibriú agus / nó cónaí i gceachtar dlínse.

Ón 1 Eanáir 2021, tabharfaidh an RA roinnt athruithe isteach d’oibrithe teorann nach Éireannach nó Briotanach iad. Ba cheart duit smaoineamh ar an gcaoi a bhféadfadh siad seo dul i bhfeidhm ort agus gníomhú más gá.

Tugtar tuilleadh faisnéise thíos. Tabhair faoi deara le do thoil go mbaineann na samplaí seo freisin le hoibrithe teorann atá ina gcónaí in Éirinn agus ag obair sa Bhreatain Mhór, nó a mhalairt.


Má tá tú i do chonaí in Éirinn agus ag obair i dTuaisceart Éireann

Saoránaigh AE atá ina gcónaí in Éirinn agus ag obair i dTuaisceart Éireann faoin 31 Nollaig 2020

Más saoránach AE tú atá ina chónaí in Éirinn agus ag obair i dTuaisceart Éireann faoin 31 Nollaig 2020, tá do chearta cosanta ag an gComhaontú Aistarraingthe. Beidh ort iarratas a dhéanamh ar chead oibrí teorann ó Rialtas na RA d’fhonn leanúint ar aghaidh ag obair sa RA. Mar shaoránach den AE, níl aon athrú ar do cheart chun cónaí in Éirinn.

Saoránaigh an AE, atá ina gcónaí in Éirinn, a thosaíonn ag obair i dTuaisceart Éireann ón 1 Eanáir 2021

Más saoránach den AE tú, a bhfuil cónaí ort in Éirinn, agus má thosaíonn tú ag obair i dTuaisceart Éireann ón 1 Eanáir 2021, b’fhéidir go mbeidh ort iarratas a dhéanamh trí chóras inimirce nua bunaithe ar phointí na RA. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach anseo. Mar shaoránach den AE, níl aon athrú ar do cheart chun cónaí in Éirinn.

Saoránaigh neamh-AE, atá ina gcónaí in Éirinn, a thosaíonn ag obair i dTuaisceart Éireann ón 1 Eanáir 2021

Más saoránach neamh-AE tú, atá ina chónaí in Éirinn, agus má thosaíonn tú ag obair i dTuaisceart Éireann ón 1 Eanáir 2021, b’fhéidir go mbeidh ort iarratas a dhéanamh trí chóras inimirce nua bunaithe ar phointí na RA. B’fhéidir go mbeidh ort iarratas a dhéanamh faoi dhlí inimirce na hÉireann chun cónaí in Éirinn, mar a bhí riamh.


Má tá tú i do chonaí i dTuaisceart Éireann agus ag obair in Éirinn

Saoránaigh AE atá ina gcónaí i dTuaisceart Éireann agus ag obair in Éirinn faoin 31 Nollaig 2020

Más saoránach de chuid an AE neamh-Éireannach tú atá ina chónaí i dTuaisceart Éireann agus ag obair in Éirinn faoin 31 Nollaig 2020, beidh ort iarratas a dhéanamh faoi Scéim Stádas Socraithe na RA chun leanúint ar aghaidh ag maireachtáil i dTuaisceart Éireann. Mar shaoránach den AE, níl aon athrú ar do cheart chun oibre in Éirinn.

Saoránaigh an AE, atá ag obair in Éirinn, a thosaíonn ag maireachtáil i dTuaisceart Éireann ón 1 Eanáir 2021

Más saoránach den AE tú, ag obair in Éirinn, agus má thosaíonn tú i do chónaí i dTuaisceart Éireann ón 1 Eanáir 2021, b’fhéidir go mbeidh ort iarratas a dhéanamh faoi chóras inimirce nua bunaithe ar phointí na RA. Mar shaoránach den AE, níl aon athrú ar do cheart chun oibre in Éirinn.

Saoránaigh neamh-AE, atá ag obair in Éirinn, a thosaíonn ag maireachtáil i dTuaisceart Éireann ón 1 Eanáir 2021

Más saoránach neamh-AE tú, ag obair in Éirinn, agus má thosaíonn tú i do chónaí i dTuaisceart Éireann ón 1 Eanáir 2021, b’fhéidir go mbeidh ort iarratas a dhéanamh faoi na rialacha inimirce sa dá dhlínse. Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar rialacha inimirce na RA, féach anseo. Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar rialacha inimirce na hÉireann, féach anseo.

Tabhair FAOI DEARA:

Níl sé i gceist tagairtí do ‘shaoránaigh an AE’ sna samplaí seo a léamh mar thagairtí do shaoránaigh Éireannacha, atá clúdaithe faoin gComhlimistéar Taistil agus nach gá dóibh aon bheart a dhéanamh.

Tá foráil déanta ag an Roinn Dlí agus Cirt do shaoránaigh na Breataine atá ina gcónaí sa RA agus atá ag obair in Éirinn iarratas a dhéanamh ar chlárú tar éis an aistrithe agus Cárta Tairbhithe Chomhaontaithe Aistarraingthe Teorann a fháil, más mian leo.

Mar sin féin, ní gá do shaoránaigh na Breataine é seo a dhéanamh chun leanúint ar aghaidh ag obair in Éirinn mar go bhfuil siad cumhdaithe ag an gComhlimistéar Taistil.