English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Fostaíocht, cúram leanaí agus oideachas

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 10 Márta 2022
  • An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025


Oideachas

Tá treoir do thuismitheoirí ar an gcóras scoile in Éirinn le fáil anseo: https://www.pdst.ie/cultural-and-linguistic-supports

Oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile

Tabharfar tacaíocht do pháistí idir 4 bliana agus 18 mbliana d’aois chun oideachas poiblí bunscoile nó iar-bhunscoile a fháil, soláthraithe ag an Stáit mar is cuí.

Is féidir leat dul i dteagmháil le haon bhunscoil nó iar-bhunscoil áitiúil agus eolas a lorg maidir le spás a fháil le haghaidh do pháiste nó páistí.

Freastalaíonn páistí ar an mbunscoil ó 4 nó 5 bliana d’aois go 12 nó 13 bliana d’aois.

Freastalaíonn páistí ar an iar-bhunscoil, ar a gcuirtear an mheánscoil uaireanta, ó 12 nó 13 bliana d’aois le haghaidh cúig nó sé bliana.

Tá scoileanna dúnta anois le haghaidh saoire an tsamhraidh go dtí deireadh mhí Lúnasa. Chun do pháiste a chlárú le haghaidh téarma an fhómhair ó dheireadh mhí Lúnasa, téigh i dteagmháil le d’Fhoireann Réigiúnach Oideachais agus Teanga áitiúil.

Item was unpublished or removed ar fáil duit chun cuidiú leat scoileanna atá áitiúil duitse a aimsiú.

Má tá spás ag an scoil le haghaidh do pháiste, soláthróidh siad tuilleadh eolais duit maidir le conas is féidir clárú leis an scoil sin.

Má tá aon deacracht agat maidir le spás a fháil, téigh i dteagmháil le d’Fhoireann Réigiúnach Oideachais agus Teanga áitiúil.

Tuilleadh eolais maidir le hoideachas in Éireann.


Gaeilge

Tá a teanga dúchais féin ag Éirinn – Gaeilge. Foghlaimíonn an chuid is mó de na leanaí in Éirinn an teanga mar ábhar ar scoil ón gcéad bhliain den bhunscoil – na naíonáin sóisir – go dtí an bhliain deiridh san iar-bhunscoil.

Cé gurb é an Béarla an phríomhtheanga labhartha sa chuid is mó den tír, labhraítear an Ghaeilge mar an chéad teanga i líon réigiún in Éirinn. Tugtar an Ghaeltacht ar na réigiúin seo. Tá tuairim is 2.1% de dhaonra na hÉireann ina gcónaí sna réigiúin seo.

Sna scoileanna sna réigiúin seo, múintear an curaclam trí mheán na Gaeilge agus tá dlúthnaisc acu leis an bpobal áitiúil ina gcuid oibre chun an teanga a chur chun cinn agus a chaomhnú.

I roinnt scoileanna i gcodanna eile den tír, cuirtear oideachas ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tugtar Gaelscoileanna (bunscoileanna) agus Gaelcholáistí (iar-bhunscoileanna) ar na scoileanna seo.

Sula gcláraíonn siad a leanbh le scoil, b’fhéidir gur mian le tuismitheoirí an teanga teagaisc sa scoil a dheimhniú. B’fhéidir gur mian leo plé a dhéanamh le húdaráis na scoile an socrúchán is oiriúnaí le haghaidh a linbh i bhfianaise a gcuid scileanna teanga agus a riachtanais oideachais atá acu cheana féin.


Próiseas chun Seirbhísí Iompar Scoile a Sholáthar do Leanaí a thagann go hÉirinn ón Úcráin

Leanaí i dTithe Teaghlaigh Óstacha

Is féidir iarratas ar iompar scoile a dhéanamh trí nasc chuig foirm ar líne atá ar fáil anseo: Iarratas ar iompar scoile tuismitheoir/caomhnóir/teaghlach óstach

Seiceálfaidh Bus Éireann an fáil atá ar sheirbhísí iompar scoile agus an bhfuil áiteanna breise ar fáil.

Má tá suíocháin ar fáil ar sheirbhísí atá ann cheana, ní bheidh feidhm ag baint leis na seirbhísí incháilitheachta a bhíonn i gceist de ghnáth agus deonófar incháilitheacht don scoil ina bhfuil an leanbh/na leanaí rollaithe.

Má tá suíocháin ar fáil ar sheirbhís/bealach atá ann cheana, déanfar na suíocháin seo a ofráil don leanbh/do na leanaí. Má tá a leithéid de shuíocháin ar fáil, déanfar teagmháil leis an teaghlach óstach agus cuirfear in iúl dóibh go ndéanfar ticéad a eisiúint. Nuair a bheifear ag fanacht le heisiúint an ticéid, beidh cead ag an leanbh /na leanaí taisteal ar an tseirbhís agus beidh an tiománaí agus an cigire ar an eolas faoi seo i ngach cas dá leithéid ina mbíonn na socruithe seo á gcur ar fáil.

Beifear ag súil go mbuailfidh na leanaí leis an seirbhís ag an bpointe bailithe atá ann faoi láthair.

Ní bheidh táille le híoc ar an ticéad agus cinnteofar go mbeidh ticéad ar fáil don leanbh do thréimhse a gcuid oideachais agus iad ina gcónaí lena dteaghlach óstach in Éirinn.

Má bhogann na leanaí chun cónaí le teaghlach eile/chuig cineál cóiríochta eile beidh gá iarratas nua a dhéanamh ar iompar.

I gcásanna nach bhfuil aon seirbhís ar fáil cheana nó nach bhfuil spás ar fáil ar an tseirbhís atá ann cheana, is féidir deontas a sholáthar don teaghlach óstach de réir mar is cuí chun tacú leo le costas na socruithe iompair i gcás ina bhfuil socruithe iompair dá leithéid á sholáthar ag an teaghlach óstach.

I gcásanna nach bhfuil aon seirbhís ann cheana nó nach bhfuil spás ar an tseirbhís atá ar fáil, is féidir deontas a sholáthar don teaghlach Úcránach de réir mar is cuí chun tacú leo le costas na socruithe iompair i gcás ina bhfuil socruithe iompair dá leithéid á sholáthar ag an teaghlach Úcránach.

Teaghlaigh ón Úcráin a bhfuil cónaí orthu ina gcóiríocht aonair/neamhspleách/ príobháideach féin

Is féidir leis an tuismitheoir/caomhnóir iarratas a dhéanamh ar iompar scoile trí nasc chuig foirm ar líne atá ar fáil anseo: Iarratas ar iompar scoile tuismitheoir/ caomhnóir/teaghlach óstach. Beidh an fhoirm ar fáil i mBéarla, in Úcráinis agus i Rúisis.

Seiceálfaidh Bus Éireann an fáil atá ar sheirbhísí iompar scoile agus an bhfuil áiteanna breise ar fáil ar an mbealach scoile ina bhfuil gá le seirbhís.

Má tá suíocháin ar fáil ar sheirbhísí atá ann cheana, ní bheidh feidhm ag baint leis na seirbhísí incháilitheachta a bhíonn i gceist de ghnáth agus deonófar incháilitheacht don scoil ina bhfuil an leanbh/na leanaí rollaithe.

Má tá suíocháin ar fáil ar sheirbhís/bealach atá ann cheana, déanfar na suíocháin seo a ofráil don leanbh/do na leanaí. Má tá a leithéid de shuíocháin ar fáil, déanfar teagmháil leis an teaghlach óstach agus cuirfear in iúl dóibh go ndéanfar ticéad a eisiúint. Nuair a bheifear ag fanacht le heisiúint an ticéid, beidh cead ag an leanbh /na leanaí taisteal ar an tseirbhís agus beidh an tiománaí agus an cigire ar an eolas faoi seo i ngach cás dá leithéid ina mbíonn na socruithe seo á gcur ar fáil.

Beifear ag súil go mbuailfidh na leanaí leis an seirbhís ag an bpointe bailithe atá ann faoi láthair.

Ní bheidh táille le híoc ar an ticéad agus cinnteofar go mbeidh ticéad ar fáil don leanbh do thréimhse a gcuid oideachais agus iad ina gcónaí sa chóiríocht ina bhfuil siad faoi láthair.

Má bhogann na leanaí chun cónaí le teaghlach eile/chuig cineál cóiríochta eile beidh gá iarratas nua a dhéanamh ar iompar.

I gcásanna nach bhfuil aon seirbhís ar fáil cheana nó nach bhfuil spás ar fáil ar an tseirbhís atá ann cheana, is féidir deontas a sholáthar don teaghlach de réir mar is cuí chun tacú leo le costas na socruithe iompair.

Socruithe maidir le hiarratas a dhéanamh d’iompar scoile do theaghlaigh agus leanaí atá ag fanacht i lárionaid chóiríochta (nó a leithéid)

Féadfaidh príomhoidí scoile iarratas a dhéanamh ar iompar do leanaí ina scoil a bhfuil cónaí orthu i lárionaid chóiríochta (nó a leithéid).

Ba chóir do phríomhoidí scoile an fhaisnéis is gá a chomhlánú ar an bhfoirm iniata agus é a chur ar ais chuig a REALT* áitiúil.

Foirm Iarratais ar Iompar Scoile do Leanaí ón Úcráin a bhfuil cónaí orthu i Lárionaid Chóiríochta
Download link for Íoslódáil

Cuirfidh REALT an fhaisnéis isteach chun Rannóg Iompar Scoile na Roinne Oideachais, a dhéanfaidh teagmháil ina dhiaidh sin le Bus Éireann chun seirbhísí iompar scoile a chur ar fáil de réir mar is gá.

  • Foirne Oideachais agus Teanga Réigiúnacha (REALT) á n-óstáil ag na 16 bhord oideachais agus oiliúna réigiúnacha ar fud na hÉireann agus beidh pearsanra tacaíochta oideachais réigiúnach atá ann cheana mar fhoireann iontu. Is é príomhról REALT ná tógáil ar na struchtúir thacaíochta réigiúnach don oideachas atá ann cheana agus beidh an fócas ar dtús ar chuidiú le teaghlaigh áiteanna scoile a fháil. Tacóidh REALT le scoileanna sa cheantar freisin freastal ar riachtanais na leanaí seo de réir mar a thagann siad chun cinn, comhairle agus tacaíocht a sholáthar don Roinn Oideachais maidir le hacmhainn nua a fhorbairt de réir mar is gá, agus comhordú a dhéanamh ar an soláthar seirbhísí oideachais do scoileanna agus do theaghlaigh ar fud an limistéir atá i gceist.

Is féidir teacht ar shonraí do REALT áitiúil ag https://www.gov.ie/en/publication/48639-information-for-schools-ukraine/#realt

Pointí teagmhála sa Rannóg Iompar Scoile

Uimhir Ghutháin: 057 9325467 (le linn uaireanta oifige)

Seoladh ríomhphoist: transportapplications@education.gov.ie