English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Gníomhú ar son na hAeráide: Céard is Féidir Liomsa a Dhéanamh?

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 26 Meitheamh 2020
  • An t-eolas is déanaí: 8 Meitheamh 2021

Cuireann an Stát tacaíochtaí ar fáil i réimsí éagsúla chun cabhrú leat do chuidse a dhéanamh chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.

Tá mionsonraí agus naisc thíos chun cabhrú leat níos mó a fhoghlaim faoi na tacaíochtaí sin agus an tslí le rochtain a fháil orthu.


Éifeachtúlacht Fuinnimh a Fheabhsú i bhFoirgnimh agus sa Bhaile

Cláraigh le dúshlán fuinnimh 21-lá an SEAI chun an tslí a bhféadfaidh tú do chostais téamh baile agus fuinnimh a laghdú, gan compord do bhaile a laghdú.

Tá deontais éagsúla ar fáil chun cabhrú leat do bhaile a uasghrádú, é a dhéanamh níos teolaí agus níos tíosaí ar fhuinneamh. Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann atá freagrach as na deontais sin. Déan iarratas anois agus bain tairbhe as billí fuinnimh níos ísle.

- Deontais Inslithe: Suas go €6,000 ar fáil

- Deontais um Chóras Caidéal Teasa: Suas go €3,500 ar fáil

- Deontais um Rialtáin Téimh: Suas go €700 ar fáil


Ag Athrú go Fuinneamh Inathnuaite

Tá deontais agus tacaíochtaí éagsúla ar fáil ó SEAI chun painéil ghréine agus roghanna eile fuinnimh inathnuaite a shuiteáil.

- Deontais do Théamh Gréine an Uisce: Suas go €1,200 ar fáil

- Deontais do Leictreachas Gréine: Suas go €3,000 ar fáil (€2,400 i dtreo Córas Fótavoltach Gréine + €600 i dtreo taisc-cheallra)

- Deontais Fuinnimh Phobail: deontais i dtreo suiteálacha fuinneamh inathnuaite d’úinéirí gnólachtaí beaga.


Mo Chuid Astaíochtaí Iompair a Laghdú

Beidh tionchar mór ar an aeráid trí bhíthin ár n-astaíochtaí iompair a laghdú. Cabhróidh sé go mór níos lú turas a dhéanamh sa charr, agus bheith ag siúl, ag rothaíocht nó ag úsáid iompar poiblí.

Tá mionsonraí sa chuid seo faoi thacaíochtaí Stáit chun cabhrú leat d’astaíochtaí iompair a laghdú.

Feithiclí Leictreacha

Úsáid a bhaint as carranna príobháideacha an foinse astaíochtaí gás ceaptha teasa is mó in earnáil an iompair phoiblí agus is é is cúis le níos mó ná leath d’astaíochtaí iompair na hÉireann.

Ceann de na hathruithe is mó tionchair a d’fhéadfadh úsáideoirí carranna a dhéanamh chun astaíochtaí a laghdú, athrú ó fheithicil dhíosail nó pheitril go dtí ceann leictreach (EV).

Tá roinnt tacaíochtaí ar bun chun cabhrú leat EV a cheannach:

  • Faoiseamh suas go €5,000 ar fheithiclí príobháideacha cáilitheacha (SEAI)
  • Suas go €3,800 ar fheithiclí tráchtála (SEAI)
  • Suas go €10,000 ar fheithiclí beaga seirbhíse poiblí (tacsaithe) (an tÚdarás Náisiúnta Iompair)
  • Suas go €600 den chostas chun luchtaire EV a shuiteáil sa bhaile (SEAI)
  • Rátaí lascainithe ar mhótarcháin agus ar dholaí (DTTAS)

Iompar Poiblí

Tá dreasachtaí ar fáil chun tacú le hiompar poiblí seachas carranna príobháideacha a úsáid:

  • Scéim na bPasanna Taistil:Féadfaidh fostóirí pasanna taistil míosúla nó bliantúla, nach ngearrtar cáin ina leith, a chur ar fáil le haghaidh seirbhísí iompair phoiblí.
  • Páirceáil agus Taisteal: Tá saoráidí páirceála agus taistil curtha i bhfeidhm ag go leor comhairlí áitiúla, rud a bhaineann cuid den tiomáint as an gcomaitéireacht a dhéanann tú.

Rothaíocht

Tá dreasachtaí ar fáil freisin chun daoine a spreagadh úsáid a bhaint as na modhanna iompair lena mbaineann astaíochtaí níos lú, amhail rothaíocht.


Mo Chuid Dramhaíola a Laghdú

Tá roinnt tacaíochtaí á gcur ar fáil ag an Stát chun cabhrú leat athchúrsáil a dhéanamh agus do dhramhaíl a dhiúscairt i gceart:


Foraoiseacht ar mo Thalamh a Fheabhsú

Tá roinnt tacaíochtaí á gcur ar fáil ag an Stát d’úinéirí talún chun foraois nua a chur nó chun tacú le foraoisí atá ann cheana féin. Cuireann Teagasc na deontais seo a leanas ar fáil:


Mo Ghnó a Dhéanamh Níos Tíosaí ar Fhuinneamh

Treoir d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh curtha i dtoll a chéile ag SEAI. Tá comhairle agus smaointe inti chun cabhrú le gnólacht ar bith a bheith níos tíosaí ar fhuinneamh. Tá go leor gníomhartha simplí, soiléire inti a fhéadfaidh tú a dhéanamh gan costas ar bith. Tá faisnéis faoi ghníomhartha níos mó inti freisin, chomh maith le deontais, scéimeanna agus dreasachtaí cánach a d’fhéadfá cáiliú leas a bhaint astu.

Tá na tacaíochtaí seo a leanas ar fáil trí SEAI:

  • Deontais i dtreo feithiclí leictreacha sa chatagóir N1 a cheannach don ghnó.
  • An Scéim Tacaíochta um Theas Inathnuaite, ar tionscnamh é a mhaoiníonn an rialtas agus atá ceaptha an méid fuinnimh a ghintear ó fhoinsí inathnuaite san earnáil teasa a mhéadú. Tá an scéim oscailte d’úsáideoirí teasa tráchtála, tionsclaíocha, talmhaíochta, téamh ceantair, earnáil phoiblí agus d’úsáideoirí teasa gnó eile.
  • An Scéim Deontais EXEED, a ceapadh d’eagraíochtaí a bhfuil tionscadal infheistíochta fuinnimh á pleanáil acu. Tugtar tacaíocht deontais suas go €500,000 sa bhliain ar fáil faoi scéim.
  • Deontais Chúnaimh Thionscadail, lena gcuirtear deontais ar fáil do ghnólachtaí agus do chomhlachtaí san earnáil phoiblí a chaitheann níos mó ná €250,000 sa bhliain ar bhillí leictreachais agus ar mian leo tionscadail a fhorbairt chun fuinneamh a spáráil.
  • Ceardlanna, cúrsaí ar líne agus acmhainní, maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, a ceapadh go sonrach d’Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide.

Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhleathanach maidir le gníomhú ar son na haeráide.