English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Idirphlé maidir le hOileán Comhroinnte

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 8 Nollaig 2020
  • An t-eolas is déanaí: 22 Eanáir 2025


Forléargas

Tá baint lárnach ag cur chuige Oileán Comhroinnte an Rialtais ag plé ionchuimsitheach leis na pobail agus na traidisiúin pholaitiúla go léir.

Thug an tsraith Plé ar Oileán Comhroinnte breis agus 3,500 saoránach agus ionadaí cathartha le chéile chun plé a dhéanamh ar conas is féidir le comhoibriú agus idirghníomhú cabhrú le dul i ngleic le dúshláin agus deiseanna a thapú a bhaineann leis an oileán iomlán agus a cheanglaíonn é.

Lorg an tsraith Plé réimse chomh fairsing taithí agus peirspictíochtaí agus is féidir a chur san áireamh, go háirithe na glórtha siúd a ndearnadh tearcionadaíocht dóibh sa Phróiseas Síochána - mná, daoine óga agus pobail mhionlaigh eitnigh ar an oileán.

Tá eolas á sholáthar ag an rannpháirtíocht don bhealach a fhorbraíonn agus a sholáthraíonn an rialtas, trí oibriú lenár gcontrapháirteanna agus le comhpháirtithe sochaí sibhialta, Tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte.

Leagtar amach i dTuarascáil ar Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte 2023 – Gníomhú i leith Todhchaí Chomhroinnte an tríú bliain de Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, agus conas a thug an Rialtas a thiomantas chun cinn chun idirchaidreamh a dhéanamh le gach pobal agus traidisiún le todhchaí chomhroinnte a chruthú ar an oileán, atá buntacaithe ag Comhaontú Aoine an Chéasta. Foilsíodh an tuarascáil ar an 8 Feabhra 2024.

Tuarascáil Thionscnamh Oileáin Comhroinnte 2023 - Beart maidir leis an Saol ata I nDan ar Oilean Comhroinnte
Amharc amharc

Tuarascáil Thionscnamh an Oileáin Comhroinnte 2022 - Beart maidir leis an Saol atá i nDán ar Oileán Comhroinnte

I dTuarascáil Thionscnamh an Oileáin Comhroinnte 2022 - Beart maidir leis an Saol atá i nDán ar Oileán Comhroinnte, leagtar amach an dara bliain de Thionscnamh an Oileáin Comhroinnte, agus mar atá dul chun cinn déanta ag an Rialtas ar an ngealltanas a thug sé dul i mbun rannpháirtíochta le gach pobal agus traidisiún chun todhchaí comhroinnte a fhorbairt ar an oileán agus Comhaontú Aoine an Chéasta mar bhonn aige. Foilsíodh an tuarascáil ar an 5 Nollaig 2022.

Tuarascáil Thionscnamh an Oileáin Comhroinnte 2022 - Beart maidir leis an Saol atá i nDán ar Oileán Comhroinnte
Amharc amharc

Freastal ar fhéiniúlachtaí náisiúnta

Ghlac breis agus 300 ionadaí polaitíochta, sochaí sibhialta agus cultúrtha ó Thuaisceart agus ó Phoblacht na hÉireann páirt i bPlé faoi Oileán Comhroinnte ar Fhreastal ar Fhéiniúlachtaí Náisiúnta i nDeireadh Fómhair 2023, a cuireadh ar bun ag Amharclann na Mainistreach, Baile Átha Cliath.

Rinne Miriam O’Callaghan, RTÉ, modhnóireacht ar an bPlé agus thit dhá dhíospóireacht phainéil amach mar chuid de.

Thug an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus an tAire Cosanta, Micheál Martin, T.D., an spreagaitheasc.

Thug Comhstiúrthóir Amharclann na Mainistreach, Mark O’Brien, an óráid tosaigh.

Rinne an craoltóir John Toal machnamh pearsanta ar fhéiniúlacht ar an oileán.

Fiosraíodh sa chéad seisiún na féiniúlachtaí éagsúla náisiúnta ar an oileán agus conas agus cén áit a rinneadh freastal maith orthu seo, agus conas a rinneadh freastal maith orthu seo agus na háiteanna nach ndearnadh freastal maith orthu i limistéir éagsúla den tsochaí, ó Thuaidh agus ó Theas.

Amharc ar sheisiún 1: Smaointe maidir le féiniúlacht náisiúnta ar oileán na hÉireann

Fiosraíodh sa dara seisiún conas a d’athraigh féiniúlachtaí náisiúnta le roinnt blianta anuas, agus cén gníomhartha a d’fhéadfadh freastal níos fearr a dhéanamh ar an oileán ar an éagsúlacht féiniúlachta náisiúnta.

Amharc ar sheisiún 2: Cad atá ag teastáil chun freastal níos fearr ar éagsúlacht féiniúlachtaí náisiúnta?

Cuirfear tuarascáil ar fáil go luath ina leagtar amach na príomhthéamaí agus na príomh-shaincheisteanna a tugadh chun solais ag an bPlé chun cabhrú le heolas a sholáthar d’fhorbairt bhreise ar thionscnamh Oileán Comhroinnte an rialtais agus chun cur le plé níos fairsinge ar conas a dhéanaimid oileán na hÉireann a chomhroinnt inniu agus a dhéanfaimid é a chomhroinnt amach anseo.


Ionadaíocht oileán na hÉireann sna meáin

Ghlac breis agus 150 sochaí sibhialta, iriseoirí, eagraíochtaí meán, acadóirí, ionadaithe rialtais agus polaitíochta ina measc ó Thuaisceart agus ó Phoblacht na hÉireann páirt i bPlé faoi Oileán Comhroinnte ar Ionadaíocht Oileán na hÉireann sna Meáin an 24 Aibreán 2023, a cuireadh ar bun ag an Ionad Comhdhála, Baile Átha Cliath.

Rinne Kevin Rafter, Lán-Ollamh Cumarsáide Polaitiúla ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath modhnóireacht ar an bPlé, agus thit dhá dhíospóireacht phainéil amach mar chuid de.

Fiosraíodh sa chéad seisiún rath agus easnaimh ionadaíocht oileán na hÉireann sna meáin; conas a chuirtear pobail, réigiúin, agus saincheisteanna polaitiúla agus sóisialta éagsúla i láthair sna meáin agus sna meáin shóisialta; agus conas a imríonn seo tionchar ar dhíospóireachtaí polaitiúla agus poiblí.

Fiosraíodh sa dara seisiún earnáil na meán ar fud an oileáin, ach go háirithe cúrsaí mar atá siad faoi láthair agus an fhéidearthacht líonraí, eagrúchán agus comhoibriú níos doimhne trasteorann a fhorbairt sa nuacht agus i meáin eile, agus aird ar chúrsaí ó Thuaidh/Theas agus Thoir/Thiar.

Leagtar amach sa tuarascáil thíos na príomhthéamaí agus na príomh-shaincheisteanna a tugadh chun solais ag an bPlé chun cabhrú le heolas a sholáthar d’fhorbairt bhreise ar thionscnamh Oileán Comhroinnte an rialtais agus chun cur le plé níos fairsinge ar conas a dhéanaimid oileán na hÉireann a chomhroinnt inniu agus a dhéanfaimid é a chomhroinnt amach anseo.

Sraith Idirphléití maidir le hOileán Comhroinnte: Ionadaíocht ar oileán na hÉireann sna Meáin
Amharc amharc

Córais Oideachais agus Pobail a Nascadh

Ba í an tOllamh Anne Looney, Déan na hInstitiúide Oideachais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a rinne cathaoirleacht ar an bplé agus bhí ionchur ann ó ionadaithe ón earnáil oideachais – ó Thuaidh agus ó Dheas.

Sa chéad seisiún 'Córais Scoile agus pobail a nascadh', rinneadh iniúchadh ar a bhfuil bainte amach sa chóras oideachais le 25 bliain anuas agus na laigí atá ann, agus phléigh an painéal na deiseanna atá ann leis an iolrachas a chothú laistigh den chóras oideachais, ionas go mbeidh tuilleadh éagsúlachta ag baint leis an tsochaí ó thaobh eitneachta, cultúir agus creidimh de.

Sa dara seisiún cuireadh béim ar thuairimí na ndaoine óga, agus leag cainteoirí béim ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh ionadaíocht ag mic léinn sa phróiseas nuair a bhíonn beartais á bhforbairt.

Phléigh an tríú painéal 'Fís agus gníomhartha san oideachas do thodhchaí chomhroinnte?' agus d'fhéach sé chun cinn maidir leis an gcaoi a bhféadfaimis córais oideachais a úsáid chun pobail ar fud an oileáin a nascadh níos fearr le chéile agus smaoineamh ar dheiseanna straitéiseacha a chuirfeadh leis an gcomhoibriú ar chúrsaí oideachais ar bhonn uile-oileáin.

D’éist an ceathrú painéal le hionadaithe polaitiúla ó Thuaidh agus ó Dheas, agus iad ag roinnt a gcuid smaointe féin ar a raibh pléite i rith an lae.

Leagtar amach sa tuarascáil seo agus san fhíseán na príomhthéamaí agus na príomhcheisteanna a ardaíodh le linn na gcainteanna

Idirphlé maidir le hOileán Comhroinnte Córais Oideachais agus Pobail a Nascadh
Amharc amharc

Aghaidh a Thabhairt ar Fhoréigean agus Mí-Úsáid Inscnebhunaithe ar Oileán Comhroinnte

Ghlac breis is 100 duine páirt in Idirphlé hibride maidir le hOileán Comhroinnte, ‘Aghaidh a Thabhairt ar Fhoréigean agus Mí-Úsáid Inscnebhunaithe’.

Tháinig eagraíochtaí tacaíochta d’íospartaigh agus do mharthanóirí, ionadaithe rialtais agus polaitíochta, Thuaidh agus Theas, agus cleachtóirí taighde agus dlí le chéile i dTeach Eureka, Ceanannas, chun plé a dhéanamh ar mar is féidir aghaidh a thabhairt ar fhoréigean agus mí-úsáid inscnebhunaithe ar oileán na hÉireann.

Ba iad an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, TD agus ceannaire an Pháirtí Comhghuaillíochta, Naomi Long, MLA, a bhí ina hAire Dlí agus Cirt i dTuaisceart Éireann roimhe seo, a thug an t-aitheasc tosaigh ag an gceathrú hIdirphlé réigiúnach in 2022.

Aghaidh a thabhairt ar Fhoréigean agus Mí-Úsáid Inscnebhunaithe
Amharc amharc

Na hEalaíona agus an Cultúr ar Oileán Comhroinnte

Ghlac breis is 200 duine páirt in Idirphlé hibride maidir le hOileán Comhroinnte, ‘Na hEalaíona agus an Cultúr ar Oileán Comhroinnte’.

Tháinig ealaíontóirí, ceoltóirí, scríbhneoirí, comhaltaí na n-eagraíochtaí pobail cultúir agus cruthaitheacha agus gníomhaireachtaí rialtais Thuaidh agus Theas le chéile i Halla Mandela in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste chun dúshláin chomhroinnte agus na deiseanna atá i ndán don earnáil ealaíon agus cultúir ar fud an oileáin a phlé.

Ba iad Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta Spóirt agus Meán agus Deirdre Hargey MLA, Aire Pobail Thuaisceart Éireann, a thug na haithisc thosaigh ag an tríú hIdirphlé réigiúnach in 2022.

Ealaíona agus Cultúr ar Oileán Comhroinnte
Amharc amharc

Féiniúlachtaí ar Oileán Comhroinnte – Dearcadh na Glúine Nua

Bhí os cionn 150 duine rannpháirteach In imeacht hibrideach mar chuid den den tsraith chomhráite maidir le hOileán Comhroinnte hibride, ‘Féiniúlachtaí ar Oileán Comhroinnte – dearcadh na glúine nua’.

Tháinig daoine óga ó gach pobal, réigiún, féiniúlacht agus cúlra le chéile, ó Thuaidh agus ó Dheas, i Halla Cholm Cille i nDoire chun plé a dhéanamh ar a bhfuil i gceist le féiniúlacht – féiniúlacht chultúir, cine, eitneacht, gnéasacht, inscne agus cumas – ar oileán comhroinnte.

Thug an Taoiseach, Micheál Martin, T.D. an t-aitheasc oscailte ag an Dara Comhrá Réigiúnach sa bhliain 2022.

Féiniúlachtaí ar Oilean Comhroinnte - dearcthaí glúirne nua
Amharc amharc

Forbairt Tuaithe agus Pobail a Chumasú ar Oileán Comhroinnte

Ghlac breis is 200 duine páirt in idirphlé hibride maidir le hOileán Comhroinnte, ‘Forbairt Tuaithe agus Pobail a Chumasú ar Oileán Comhroinnte’

Tháinig grúpaí pobail, eagraíochtaí gnó, comhordaitheoirí fiontraíochta sóisialta agus gníomhaireachtaí Rialtais Thuaidh agus Theas le chéile i nDroim Thamhain, Co. Mhuineacháin chun naisc agus comhoibriú maidir le forbairt tuaithe agus pobail ar oileáin na hÉireann a phlé.

Ba í an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, a thug an t-aitheasc tosaigh a chuir tús leis an gcéad cheann d’Idirpléití réigiúnacha na bliana 2022.

Thug Mary McKenna MBE, Fiontraí Sraithteicneolaíochta, Infheisteoir Aingil agus comhbhunaitheoir Awaken Hub aitheasc an aoichainteora inar thug sí achoimre ar na deiseanna atá ann d’fhiontair shóisialta dul i mbun comhoibrithe le gníomhaireachtaí stáit le féachaint chun cinn leis an gcéad ghlúin eile d’fhiontraithe agus béim ar dhigitiú agus ar líonra mol a chruthú mar thodhchaí na hoibre.

Forbairt Tuaithe agus Pobail a Chumasú ar Oileán Comhroinnte
Amharc amharc

Constaicí a bhriseadh síos agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhroinnte: Comhoibriú i leith spórt ar an oileán

Ghlac breis is 100 duine páirt in idirphlé hibride maidir le hOileán Comhroinnte ar - Constaicí a bhriseadh síos agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhroinnte: Comhoibriú i leith spórt ar an oileán.

Tháinig réaltaí spóirt reatha agus iar-réaltaí spóirt, eagraíochtaí spóirt, cumainn spóirt, grúpaí pobail agus gairmithe sláinte agus folláine le chéile chun an ról atá ag spórt i dtaobh caidrimh pobail a fheabhsú a scrúdú agus chun mar is féidir comhoibriú a fheabhsú ar fud an oileáin trí spóirt a phlé.

Ba é an tAire Spóirt, Jack Chambers TD a thug an t-aitheasc tosaigh.

Chun an seisiún Ceisteanna & Freagraí leis an Aire Chamber a fheiceáil cliceáil anseo.

Thug Iarsheaimpín Cleitmheáchain an Domhain, Barry McGuigan, aitheasc an aoichainteora inar thug sé achoimre ar an gcaoi a léiríonn dornálaíocht muinín, dílseacht, meas, smacht agus comhbhá, a gcuireann sé féin síos orthu mar na croíluachanna atá i gceist le caidrimh láidre a chothú sa phobal.

An tSraith Idirphléití maidir le hOileán Comhroinnte Constaicí a bhriseadh síos agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhroinnte: Comhoibriú i leith spórt ar an oileán
Amharc amharc

Turasóireacht ar an oileán comhroinnte: Ag Cur le rathúlacht an ama atá caite chun todhchaí inbhuanaithe a chruthú

Ghlac breis is 160 duine páirt ar líne san Idirphlé maidir le hOileán Comhroinnte ar - Turasóireacht ar an oileán comhroinnte: Ag Cur le rathúlacht an ama atá caite chun todhchaí inbhuanaithe a chruthú.

Tugadh leis an Idirphlé gníomhaireachtaí turasóireachta, eagraíochtaí, grúpaí leasmhara agus páirtithe leasmhara na sochaí sibhialta, Thuaidh agus Theas, le chéile chun rathúlacht an chomhoibrithe turasóireachta ar oileán na hÉireann a scrúdú agus chun an bealach is fearr chun cur leis na deiseanna atá ann do chuairteoirí baile agus idirnáisiúnta sna blianta amach romhainn a fhiosrú.

Ba í an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, a thug an t-aitheasc tosaigh thar ceann an Rialtais don seisiún Idirphlé ar Thurasóireacht.

Chun an t-aitheasc iomlán a fheiceáil cliceáil anseo.

Thug an Dr. Howard Hastings OBE, Cathaoirleach Hastings Hotels, aitheasc an aoichainteora inar thug sé achoimre ar na deiseanna, dar leis, atá ann le tuilleadh comhoibrithe Thuaidh agus Theas a bhaint amach chun borradh a chur faoi thurasóireacht ar fud an oileáin.

Turasóireacht ar an Oileán Comhroinnte: Ag cur lenar baineadh amach roimhe seo chun todhchaí inbhuanaithe a bhaint amach
Amharc amharc

Ag foghlaim óna chéile: Todhchaí an oideachais ar oileán comhroinnte

Ghlac breis is 130 duine páirt ar líne san Idirphlé maidir le hOileán Comhroinnte ar - Ag foghlaim óna chéile Todhchaí an oideachais ar oileán comhroinnte, an 1 Deireadh Fómhair 2021.

Tugadh leis an Idirphlé páirtithe leasmhara oideachais agus páirtithe leasmhara na sochaí sibhialta, Thuaidh agus Theas, le chéile chun deiseanna, mar aon le dúshláin, a phlé i ndáil le comhoibriú níos doimhne a bhaint amach ar an oileán ar fud raon réimse oideachais, ardoideachais agus breisoideachais, scileanna agus taighde.

Ba í an tAire Oideachais, Norma Foley TD, a thug an t-aitheasc tosaigh thar ceann an Rialtais don seisiún Idirphlé ar Oideachas Bunscoile agus Iar-bhunscoile.

Dhírigh na pléití sa seisiún seo ar naisc nuálacha daoine óga ar an oileán agus ar aghaidh a thabhairt ar thearcghnóthachtáil oideachais.

Féach: Díospóireacht Phainéil Ghrinnfhéachana maidir le hOileán Comhroinnte ar naisc nuálacha ar oileán comhroinnte.

Féach: Díospóireacht Phainéil maidir le hOileán Comhroinnte ar aghaidh a thabhairt ar thearcghnóthachtáil oideachais ar an oileán.

Leagadh béim freisin sa seisiún ar chomhoibriú reatha uile-oileáin ar oideachas, lena n-áirítear Ionad Uathachais Choillidh Chanannáin.

Ba é an tAire Stáit a bhfuil freagracht air maidir le Scileanna agus Breisoideachas, Niall Collins, TD, a chuir tús leis an seisiún Idirphlé ar ardoideachas agus breisoideachas agus taighde.

Rinneadh saincheisteanna i ndáil le rochtain ar oideachas agus na riachtanais scileanna a chur le deiseanna ar fud an oileáin a bhreithniú sa seisiún.

Féach: Díospóireacht Phainéil maidir le hOileán Comhroinnte ar rochtain ar oideachas ar oileán comhroinnte.

Féach: Díospóireacht Phainéil maidir le hOileán Comhroinnte ar Riachtanais scileanna a chur le deiseanna ar fud an oileáin.

Leagadh béim freisin ar chomhoibriú taighdeoirí ar bhonn Thuaidh/Theas.

Ag foghlaim óna chéile - todhchaí an oideachais ar oileán comhroinnte
Amharc amharc

Ag obair le chéile chun Oileán níos Sláintiúla a bhaint amach

Ghlac os cionn 120 duine páirt san Idirphlé maidir le hOileán Comhroinnte ar Sláinte ar an 8 Iúil 2021 - Ag obair le chéile chun Oileán níos Sláintiúla a bhaint amach.

Tháinig ionadaithe othar, urlabhraithe, cliniceoirí, dochtúirí agus páirtithe leasmhara eile san earnáil sláinte le chéile chun a ndearcadh a roinnt ar chomhoibriú trasteorann san earnáil agus ar mar a bheifear in ann sin a fhorbairt tuilleadh.

Ba é an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, a thug an t-aitheasc tosaigh.

Chuala na daoine a bhí i láthair fíorscéalta maidir leis an tionchar a bhaineann le comhoibriú cúraim sláinte trasteorann ó othair a bhain tairbhe as cóir leighis ailse in Ospidéal Allt Mhic Dhuibhleacháin i nDoire, agus as cúram cairdiach péidiatraiceach in Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn i mBaile Átha Cliath. Leagadh béim freisin ar an gcomhoibriú tarrthála atá ann idir na seirbhísí otharcharranna ó Thuaidh agus ó Dheas.

Bhí trí dhíospóireacht phainéil ann mar chuid den Idirphlé ar thodhchaí chomhoibriú sláinte poiblí ar an oileán; ar chuir chuige chun tionscnaimh sláinte trasteorann a fhorbairt agus a sholáthar; agus ar dheiseanna chun comhoibriú a bhíonn tionchar aige ar chúrsaí meabhairshláinte agus ar féinmharú a chosc ar an oileán.

Féach: Díospóireacht Phainéil Idirphlé maidir le hOileán Comhroinnte ar Chomhoibriú sláinte poiblí ar an oileán.

Féach: Díospóireacht Phainéil Idirphlé maidir le hOileán Comhroinnte ar Chuir chuige i ndáil le comhoibriú sláinte amach anseo ar an oileán.

Féach: Díospóireacht Phainéil Idirphlé maidir le hOileán Comhroinnte ar Thorthaí meabhairshláinte a fheabhsú - comhfhís i ndáil le todhchaí níos sláintiúla

Ag obair le chéile chun oileán níos sláintiúla a bhaint amach | Sraith idirphlé maidir le hOileán Comhroinnte
Sraith idirphlé maidir le hOileán Comhroinnte
Amharc amharc

Atógáil le chéile: Téarnamh eacnamaíochta ar oileán comhroinnte

Ba é an Tánaiste agus Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar TD a chur tús leis an Idirphlé maidir le hOileán Comhroinnte ar an ngeilleagar uile-oileánda.

Bhí 140 duine a bhfuil baint acu le gnó, fiontraíocht agus nuálaíocht páirteach san imeacht ar líne trínar scrúdaíodh na deiseanna agus dúshláin eacnamaíochta atá os comhair an oileán. Bhí béim láidir ar scileanna agus nuálaíocht, ar bhorradh a chur faoin ngeilleagar i ndiaidh na paindéime agus ar an acmhainneacht atá ann trádáil trasteorann in earraí agus seirbhísí a fhorbairt.

Áiríodh plé leis an Tánaiste mar chuid den Idirphlé freisin agus ina dhiaidh sin labhair iar-imreoir idirnáisiúnta rugbaí de chuid na hÉireann agus an fear gnó, Tommy Bowe.

Scrúdaíodh deiseanna maidir le naisc ghnó thrasteorann níos fearr, maidir le comhoibriú eacnamaíochta níos comhthairbhí agus infheistíocht chomhordaithe ar an oileán i dtrí dhíospóireacht phainéil mhodhnaithe, chomh maith le deiseanna eacnamaíochta ar leith Thuaisceart Éireann i ndiaidh an Bhreatimeachta, agus labhair triúr fiontraithe ar an oileán ón gcéad ghlúin eile.

Féach: Díospóireacht Phainéil Idirphlé maidir le hOileán Comhroinnte ar Thacú le fiontraíocht agus trádáil ar oileán comhroinnte.

Féach: Grinnfhéachaint ar Oileán Comhroinnte: Fiontraithe an chéad ghlúin eile ar an oileán

Féach: Díospóireacht Phainéil Idirphlé maidir le hOileán Comhroinnte ar Chumas an gheilleagair uile-oileánda nár tháinig i gcrann go fóill

Sraith idirphlé maidir le hOileán Comhroinnte
Sraith idirphlé maidir le hOileán Comhroinnte
Amharc amharc

Comhionannas ar Oileán Comhroinnte

Ghlac breis is 100 gníomhaí, feachtasóir agus grúpa ionadaíochta comhionannais agus ionchuimsitheachta ó ar fud gach pobal agus traidisiún ar an oileán páirt san idirphlé ar líne trínar breithníodh na forálacha Comhionannais i gComhaontú Aoine an Chéasta agus an dul chun cinn reatha ar an gclár oibre ar chomhionannais agus ar chearta, trína scrúdaíodh na príomhshaincheisteanna chun ionchuimsitheacht agus Comhionannas a bhaint amach ar an oileán, lena n-áirítear ionadaíocht sa saol poiblí, ar fud téamaí inscne, gnéasachta, eitneachta agus cumais.

Ba é an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige Roderic O’Gorman TD a chur tús leis an Idirphlé ag Caisleán Bhaile Átha Cliath.

Áiríodh plé leis an Aire O’Gorman, mar chuid den Idirphlé agus ina dhiaidh sin labhair an feachtasóir comhionannais agus Príomhfheidhmeannach Tilting the Lens, Sinéad Burke.

Comhionannas ar Oileán Comhroinnte
Amharc amharc

Sochaí Shibhialta - spreagadh chun nasc agus tuiscint a bhaint amach ar oileán comhroinnte

Bhí os cionn 140 rannpháirtí ó ar fud oileán na hÉireann páirteach san idirphlé ar líne seo chun ról comhoibrithe na sochaí sibhialta a bhreithniú i dtaobh dul i ngleic le dúshláin chomhroinnte ar an oileán anois agus sna blianta amach romhainn agus chun bealaí a scrúdú ina mbeadh an tsochaí shibhialta ábalta idirghníomhnú agus oibriú as lámh a chéile ar bhealach níos mó ar an oileán, le gnéithe Thuaidh/Theas agus Thoir/Thiar, i leith todhchaí chomhroinnte.

Bhí an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney TD páirteach san Idirphlé thar ceann an Rialtais.

Áiríodh plé idirghníomhach leis an Aire Coveney mar chuid den Idirphlé chomh maith le hionchur ón aisteoir a bhfuil go leor gradam buaite aige agus Iar-Seansailéir Ollscoil Uladh, James Nesbitt, ar cheannaireacht na sochaí sibhialta ar an oileán.

"An tSochaí Sibhialta - bealach chunnasc agus tuiscint a chruthú ar oileán comhroinnte" Tuarascáil ar an Idirphlé
"An tSochaí Sibhialta - bealach chunnasc agus tuiscint a chruthú ar oileán comhroinnte" Tuarascáil ar an Idirphlé
Amharc amharc

Comhshaol agus Aeráid - aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhroinnte ar an oileán.

Ghlac os cionn 100 rannpháirtí páirt san idirphlé seo ar líne, lena n-áirítear grúpaí sochaí sibhialta, ionadaithe gnó agus ionadaithe talmhaíochta, saineolaithe acadúla agus saineolaithe taighde, údaráis áitiúla agus gníomhaireachtaí comhshaoil agus gníomhaireachtaí forbartha inbhuanaithe.

Ghlac Eamon Ryan TD, atá ina Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus ina Aire Iompair, páirt thar ceann an Rialtais, agus is é a thug an t-aitheasc tosaigh.

San idirphlé, chuir an Dr. Jeanne Moore dréachtpháipéar i láthair a d’ullmhaigh Rúnaíocht na Comhairle Náisiúnta Eacnamaíche agus Sóisialaí (NESC) le tabhairt faoi chomhairliúchán ar “Shared Island Consultation: Climate and Biodiversity Challenges and Opportunities” mar chuid den obair ar Oileán Comhroinnte atá ar bun ag NESC in 2021. Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gcomhairliúchán seo, lena n-áirítear an chaoi ar féidir páirt a ghlacadh ann ar láithreán gréasáin NESC anseo.

Is é an t-údar, a bhfuil gradaim buaite aige, nádúraí agus feachtasóir comhshaoil, Dara McAnulty, a shocraigh an t-atmaisféar a bheadh ar na pléití ar an lá le dán ar leith a scríobh sé don imeacht 'Invisible Lines'.

“An Comhshaol agus Aeráid - aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhroinnte ar an oileán” Tuarascáil ar an Idirphlé
Tuarascáil SID - Aeráid agus Comhshaol - ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin chomhroinnte ar an oileán
Amharc amharc

Glúnta Nua agus Guthanna Nua ar Chomhaontú Aoine an Chéasta

Ghlac os cionn 80 duine óg ó ghrúpaí pobail agus sibhialta páirt ar líne ar fud an oileáin chun an rud is #OileánComhroinnte ann dóibh a phlé ag an gcéad Idirphlé maidir le hOileán Comhroinnte ar “Ghlúnta Nua agus Guthanna Nua ar Chomhaontú Aoine an Chéasta”. Seo an méid a bhí le rá ag cuid acu…

“Glúnta Nua agus Guthanna Nua maidir le Comhaontú Aoine an Chéasta” Tuarascáil ar an Idirphlé
“Glúnta Nua agus Guthanna Nua maidir le Comhaontú Aoine an Chéasta” Tuarascáil ar an Idirphlé
Amharc amharc

Príomhleathanach an Oileáin Roinnte

Fill ar phríomhleathanach an Oileáin Roinnte anseo.