Léargas ar an bPlean Téarnaimh Eacnamaíochta 2021
- Foilsithe: 1 Meitheamh 2021
- An t-eolas is déanaí: 1 Meitheamh 2022
An Plean
An Plean Téarnaimh Eacnamaíochta 2021
An Plean Téarnaimh Eacnamaíochta 2021 - Doiciméad Eolais lena mBaineann
An Seoladh
Sheol an Taoiseach Micheál Martin, an Tánaiste Leo Varadkar agus an tAire Eamon Ryan an Plean Téarnaimh Eacnamaíochta 2021 inniu chun cruthú fostaíochta tapa agus fás eacnamaíoch i ndiaidh na paindéime a bhaint amach.
Leagtar amach céim nua de thacaíochtaí sa phlean freisin a bhaineann leis an gcéad chéim eile den téarnamh, agus tá sé mar aidhm aige na leibhéil fostaíochta 2.5 milliún duine a bhí ann roimh thús na paindéime a shárú faoi 2024.
Cuirfear tús le réabhlóid fostaíochta glaise agus digití leis an infheistíocht tosaigh €915 milliún a dhéanfar tríd an bPlean Náisiúnta Téarnaimh agus Teacht Aniar , faoi Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta na hEorpa, mar aon leis an bPlean Forbartha Náisiúnta leasaithe atá ag teacht aníos.
Sa phlean seo, leagtar amach bearta nua do ghnólachtaí agus d'earnálacha a raibh tionchar ag an bpaindéim orthu, agus sonraí na dtacaíochtaí éigeandála airgeadais atá ar fáil faoi láthair de dheasca na paindéime lena n-áirítear an Scéim Tacaíochta i ndáil le Srianta COVID (CRSS), an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (EWSS), agus an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime (PUP), a thugann deimhneacht do ghnólachtaí agus d'fhostaithe agus dóibhsean is mó a bhfuil sé ag teastáil uathu.
Poist nua, níos mó post, poist níos fearr is bun agus barr leis an bplean - chun cuidiú le daoine filleadh ar an obair agus le gnólachtaí a athoscailt, chun cuidiú le hord agus eagar a chur ar airgeadas poiblí arís, agus chun sochaí agus geilleagar níos ionchuimsithí a fhorbairt. Tá an-bhéim ar uasoiliúint agus ar thaighde, tacaíocht spiocdhírithe a chur ar fáil do na hearnálacha is measa atá buailte, agus infheistíocht a dhéanamh i réimsí ar mhaithe le forás fadtéarmach.
Ag labhairt dó ag an seoladh inniu, dúirt an Taoiseach:
"Cuirfidh an Plean Téarnaimh Eacnamaíochta tús le téarnamh a bheidh á threorú ag poist agus cuirfidh sé an geilleagar ag bogadh i dtreo todhchaí níos inbhuanaithe, níos digití agus níos seasmhaí. Cuirfear ar an mbóthar seo muid leis na tacaíochtaí, infheistíochtaí agus beartais athnuaite a leagtar amach sa Phlean seo. Cuideoimid le daoine filleadh ar an obair trí dheiseanna athoiliúna agus uasoiliúna a chur ar fáil; geilleagar nuálach athnuaite a chur chun cinn; infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar, tithíocht agus leasuithe ar mhaithe lenár rathúnas fadtéarmach. Is é an croí-chuspóir atá againn ná na leibhéil fostaíochta a bhí ann roimh an bpaindéim a thabhairt ar ais i dtosach, agus dul tharstu ansin. Ní hamháin chun atógáil a dhéanamh, ach chun tógáil ar ais níos fearr a dhéanamh. Ag an am céanna, déanfaimid cinnte go gcuirfear deiseanna ar fáil do mhuintir na tíre ar fad mar gheall ar dhícharbónú agus aistrithe digiteacha. Ní mór beartais an Rialtais maidir le fás eacnamaíoch a bheith ag teacht leis na beartais i dtaobh caighdeáin mhaireachtála a fheabhsú do mhuintir na hÉireann fud fad an oileáin.”
Thug an Tánaiste dá aire:
“De bharr fhógra an lae inniu, cuirfear níos mó ná €4 billiún ar fáil do gheilleagar na hÉireann d'fhonn daoine a chur ar ais ag obair agus gnólachtaí a athoscailt le go mbeadh rath orthu arís, fad atá pleanáil fhadtéarmach ar siúl freisin trí infheistíocht mhéadaithe a dhéanamh i dtaighde agus scileanna, san aistriú digiteach, i ngníomhú ar son na haeráide agus in iompar poiblí. Ar an dóigh sin, tá forás mar aidhm againn agus táimid ag tacú le gnó mar gur maith linn an bhris a thabhairt isteach go tapa maidir leis an ngeilleagar. Creidim go gcuirfidh gnólachtaí fáilte roimh na gníomhartha a fógraíodh inniu, lena n-áirítear an síneadh atá á chur leis an scéim fóirdheontais pá go deireadh na bliana, an síneadh atá curtha leis an ráta CBL 9% go dtí an bhliain seo chugainn, íocaíocht athoscailte shuntasach do ghnólachtaí a bheidh ag athoscailt i rith mhí an Mheithimh agus mhí Iúil, an síneadh atá curtha leis na rátaí tráchtála saoire agus stórais cánach."
Is téarnamh atá ionchuimsitheach agus cothrom ó thaobh na réigiún croí-aidhm an phlean seo. Seo mar a labhair an tAire Eamon Ryan ag an imeacht:
“Cothromaíocht ó thaobh fhorbairt réigiúin na tíre, éagothroime a laghdú agus aistriú cóir a chinntiú - beidh siad seo ina gcodanna lárnacha agus muid ag bogadh i dtreo geilleagar nua glas. Le hinfheistíocht a dhéanamh i dtéarnamh eacnamaíoch na tíre, táimid ag déanamh infheistiú in athnuachan an gheilleagair, agus ag dul i dtreo todhchaí dícharbónaithe atá níos digitithe, lena mbeidh deiseanna do mhuintir na hÉireann ar fad thar earnálacha agus thar réigiúin. Mar chuid den phlean, déanfar sraith infheistíochtaí iontacha maidir leis an athrú aeráide, lena n-áirítear córas ráthaíochta iasachta le hiarfheistiú tithe ar chostas íseal a chumasú agus caiteachas uaillmhianach a dhéanamh ar iarnród comaitéireachta i gCorcaigh.”
Dúirt an Tánaiste freisin go ndíreofar an plean ar an ngeilleagar amach anseo:
“Is é an smaointeoireacht fhadtéarmach i dtaobh an gheilleagair is aidhm leis an bPlean Téarnaimh Eacnamaíoch Náisiúnta. Téarnamh tapa atá i gceist, mar aon leis an ngeilleagar nua-aimseartha agus ionchuimsitheach atá uainn i ndiaidh na paindéime. Baineann sé le poist nua, níos mó post agus poist níos fearr ar fud na tíre. Leagtar amach ann an bealach gur féidir linn an t-airgeadas poiblí a thabhairt ar ais mar a bhí trí phoist a chruthú agus trí thacú le fiontraíocht. Cuirtear fís ar fáil leis maidir leis an ngeilleagar i ndiaidh na paindéime atá dírithe ar an easpórtáil, atá digiteach agus atá glas, ina bhféadfadh daoine a bheith ag súil le poist níos fearr a mbeidh íocaíocht, cosaintí, pinsean agus solúbthacht níos fearr ag dul leo.
Tá an Plean Téarnaimh Eacnamaíochta agus eolas ábhartha ar fáil ag gov.ie/recovery