Leagann an Rialtas amach bearta breise chun tacú le gnólachtaí a ndeachaigh Covid-19 i bhfeidhm orthu
- Foilsithe: 2 Bealtaine 2020
- An t-eolas is déanaí: 2 Bealtaine 2020
Arna Eisiúnt ag Preas-Oifig an Rialtais
Shocraigh an Rialtas inniu (Dé Sathairn 2 Bealtaine), ar chruinniú speisialta de na hAirí Rialtais, tacar de bhearta chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do ghnólachtaí beaga, meánmhéide agus móra a bhfuil tionchar diúltach ag Covid-19 orthu.
Tagann sé seo i ndiaidh fhoilsiú Phlean Oibre an Rialtais chun an tSochaí agus Gnó a Athoscailt tráthnóna inné, ina leagtar amach plean cúig céim le srianta Covid-19 a mhaolú agus geilleagar agus sochaí na hÉireann a athoscailt. Bhí tionchar ag éigeandáil Covid-19 ar an ngeilleagar againn, chomh maith lenár sochaí, nach bhfacthas a leithéid riamh. De réir mar a athosclaímid ár ngeilleagar ar bhonn céimnithe, aithníonn an Rialtas go bhfuil tacaíocht shuntasach de dhíth ar ghnólachtaí. Is é aidhm tacar bearta an lae inniu cabhrú le gnólachtaí atosú, athcheangal agus foireann a ligeadh chun bealaigh nó atá ar scor a athfhostú.
Tá sraith de bhearta tugtha chun cinn cheana ag an Rialtas chun tacú le daoine a ndeachaigh an phaindéim dhomhanda seo i bhfeidhm orthu. Ina measc tá tacaíocht éigeandála ioncaim amhail an scéim Fóirdheontas Pá Shealadaigh agus an Íocaíocht Dífhostaíocht Phaindéime. Is gá anois roinnt bearta breise a thabhairt isteach chun cabhrú leis an ngeilleagar de réir mar a mhaolófar srianta Covid-19.
Is iad na bearta atá i gceist:
- Deontas atosaithe €10,000 do mhionghnólachtaí agus gnólachtaí beaga bunaithe ar lacáiste/tarscaoileadh rátaí ó 2019;
- Tarscaoileadh rátaí tráchtála trí mhí do ghnólachtaí ar a ndeachthas i bhfeidhm;
- Ciste Cobhsaithe agus Téarnaimh €2 bhilliún Paindéime laistigh de Chiste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann (CISÉ) a chuirfidh caipiteal ar fáil d'fhiontair mheánmhéide agus mhóra ar théarmaí tráchtála;
- Scéim Ráthaíocht Creidmheasa COVID-19 €2 bhilliún chun tacú le hiasachtaí FBManna ar feadh téarmaí ó 3 mhí go 6 bliana a bheidh faoi bhun rátaí úis an mhargaidh;
- 'trádstóráil' dliteanais chánach ar feadh tréimhse dhá mhí dhéag i ndiaidh atosú trádála agus le linn an ama seo ní dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fiachas a fhorfheidhmiú ó thaobh fiachais trádstóráilte de agus ní thabhófar aon táille úis maidir le fiachas trádstóráilte;
- Gealltanas do na húdaráis áitiúla an t-easnamh rátaí a chúiteamh ionas go bhféadfaidh údaráis áitiúla leanúint d'iomlán seirbhísí a sholáthar don phobal.
Arsa Paschal Donohoe TD, an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe:
“Tá domhan cruthaithe ag Covid-19 nach bhféadfadh aon duine againn a shamhlú roinnt seachtainí ó shin. Chuathas i bhfeidhm ar ár gcomhshláinte phoiblí; tá ualach dochreidte ar ár ngnólachtaí agus ár ngeilleagar; agus tá ár sochaí i ngleic le fírinne nua. Ach dá mhéad a oibrímid as lámha a chéile, is ea is lú an damáiste. Trí obair chrua mhuintir na hÉireann cinntíodh go bhfuilimid ag fáil lámh an uachtair ar an ngalar seo, tá an pobal aontaithe i gcúram dá chéile sna cúinsí is measa agus tá ár ngnólachtaí ag iarraidh teacht chun réitigh leis an timpeallacht thar a bheith dúshlánach nua seo.
“Le cois na mbeart atá déanta cheana ag an Rialtas, is é aidhm an tacair de bhearta atá á leagan amach inniu muinín a chothú agus tuilleadh cúnaimh a thabhairt do ghnólachtaí maidir lena gcomhlachtaí a bhainistiú agus a chur ar a gcumas tosú ag breathnú chun cinn agus bealach chun tosaigh a réiteach do na seachtainí agus na míonna atá romhainn. Leanfaimid d'aimsiú na slite is fearr chun tacú leis an bpobal i gcoitinne agus ár ngeilleagar a atógáil ionas gur féidir daoine a chur ar ais ag obair go sábháilte. Déanfaimid é seo ach aird a thabhairt ar chomhairle oifigiúil sláinte poiblí agus ar leas gach duine."
Arsa Heather Humphreys TD, Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta:
“Sa phlean oibre a fógraíodh inné, leagtar amach cosán lenár ngeilleagar a athoscailt. Is ionann na bearta tacaíochta seo agus an chéad chéim eile inár bhfreagra leanúnach chun tacú le gnólachtaí tríd an bpaindéim agus cabhrófar leo agus iad ag pleanáil don am atá le teacht".
“Tá tacar cuimsitheach de bhearta tacaíochta againn anois do chomhlachtaí de gach méid lena n-áirítear deontais, iasachtaí ísealchostais, díscríobh dliteanais rátaí tráchtála agus cánach iarchurtha. Is cuidiú iad seo uile chun sreabhadh airgid a fheabhsú i measc ár FBManna.
“Beidh an Ciste nua Atosaithe €250 milliún go háirithe mar uirlis ríthábhachtach le tacú le gnólachtaí beaga inár mbailte móra agus sráidbhailte chun a gcuid doirse a athoscailt agus dul i mbun oibre arís agus tacaíocht a fhad le €10,000 ar fáil.”
Arsa Eoghan Murphy TD, Aire Tithíochta, Pleanáil & Rialtais Áitiúil:
“Is freagra tábhachtach ón Rialtas é an tarscaoileadh rátaí tráchtála. Tabharfaidh sé seo faoiseamh do ghnólachtaí a ndeachthas i bhfeidhm orthu le cois cinnteacht a thabhairt d'údaráis áitiúla maidir lena maoiniú.
"Cuirfidh Ciste Atosaithe do mhionghnólachtaí agus gnólachtaí beaga leis an laghdú rátaí óir cuirfear €250m eile ar fáil chun tacú le lucht íoctha rátaí. Cuirfear an ciste, ina mbeidh suas le €10,000 ar fáil do ghnólachtaí, i bhfeidhm trí scéim aisíoctha nó tarscaoilte bunaithe ar íocaíocht rátaí in 2019 agus díreofar é ar bhonn níos leithne ar mhionfhiontair agus fiontair bheaga ar thit a n-ioncam go mór mar gheall ar an ngéarchéim. An Roinn Tithíochta, Pleanála & Rialtais Áitiúil a fhorbróidh an scéim a thuilleadh in éineacht leis an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe."
Arsa Michael Creed TD, Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara:
“Fáiltím roimh fhógairt na Scéime Ráthaíocht Chreidmheasa mhéadaithe. D'oibrigh mé i bpáirt le mo chomhghleacaithe lena chinntiú go gcuimseofaí ár dtáirgeoirí tosaigh (feirmeoirí agus iascairí) sa Scéim nua agus is cúis áthais a dheimhniú anois go gcuimseofar. Tá sreabhadh airgid agus leachtacht ag croí na ceiste feadh an bhiashlabhra agus leis an Scéim seo beidh gnólachtaí cinnte go mbeidh cúnamh ar fáil nuair is gá.”
Áirítear leis na bearta eile chun tacú le gnólachtaí a ndeachaigh COVID-19 i bhfeidhm orthu agus iad ag beartú athoscailt:
- Ciste €2 billiún Cobhsaíochta agus Téarnaimh Paindéime laistigh de Chiste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann (CISÉ), trína gcuirfear caipiteal ar fáil d'fhiontair mheánmhéide agus mhóra ar rátaí tráchtála.
- Scéim Ráthaíocht Chreidmheasa €2 billiún COVID-19 chun tacú le FBManna ar théarmaí ó 3 mhí go 6 bliana a bheidh faoi bhonn rátaí úis an mhargaidh.
- Dliteanais chánach a 'thrádstóráil' ar feadh dhá mhí dhéag i ndiaidh atosú ag trádáil agus gan aon fhorfheidhmiú fiachais ag na Coimisinéirí Ioncaim le linn an ama seo ná gan aon táille úis i leith fiachais thrádstóráilte;
- Rátaí tráchtála a tharscaoileadh ar feadh tréimhse trí mhí ag tosú ar an 27ú Márta do ghnólachtaí ar cuireadh orthu druidim ar chúiseanna riachtanais sláinte poiblí.
- Soláthar Ciste Atosaithe do mhionghnólachtaí agus do ghnólachtaí beaga dar suim €250 milliún.
Lena chois sin, d'fháiltigh an tAire Donohoe roimh fhógairt Chónaidhm Baincéireachta agus Íocaíochtaí na hÉireann go mbeadh síneadh ama 6 mhí le sosanna íocaíochta do ghnólachtaí agus do theaghlaigh dóibh sin a bhfuil cúnamh de dhíth orthu. Tá sé seo á sholáthar do chustaiméirí bainc agus neamh-bhainc ar a ndeachaigh COVID-19 i bhfeidhm.
Is den riachtanas go ndéanann custaiméirí teagmháil lena n-iasachtóirí leis na síntí ama seo a fháil.
Tá luach breis agus €6 billiún leis na bearta seo agus léiríonn siad tiomantas an Rialtais do thacú le lucht gnó.
Nótaí d'Eagarthóirí
Áirítear le Bearta Cobhsaíochta leantacha chun tacú le gnólachtaí a fógraíodh inniu:
1. Ciste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann – Ciste Cobhsaíochta agus Téarnaimh Paindéime
Tá Ciste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann (CISÉ) ag athbhreithniú a straitéis infheistíochta chun fo-phunann a bhunú laistigh de CISÉ ar a dtabharfar Ciste Cobhsaíochta agus Téarnaimh Paindéime. Leis an bhfo-phunann seo, infheisteofar suas le €2 billiún de chaipiteal CISÉ atá ar fáil cheana féin i bhfiontair mheánacha agus mhóra (níos mó ná €50m d'ioncam bliantúil nó breis agus 250 fostaí) chun cabhrú leo dul i ngleic le dúshláin COVID-19. Cuirfidh sé le hobair CISÉ go dtí seo laistigh dá phunann reatha de 100 infheistiú de €2.7 billiún de chaipiteal chun tionchar COVID-19 a mhaolú.
Beidh an cur chuige céanna i gCiste Cobhsaíochta agus Téarnaimh Paindéime CISÉ agus atá i straitéis reatha, cruthaithe infheistíochta CISÉ:
- Cuirfidh an ciste luas faoi infheistíocht ar bhonn tráchtála i ngnólachtaí a chomhlíonann na riachtanais infheistíochta agus is féidir infheistíocht CISÉ a úsáid chun filleadh ar inmharthanacht fhadtréimhseach.
- Is féidir infheistiú i réimse d'ionstraimí ó fhiachas sinsearach, ionstaimí hibrideacha go dtí gnáthscaireanna agus is féidir iad a chur in oiriúint chun cúinsí gach institiúid infheistiúcháin a chur san áireamh. Cuirfear ar chumas lucht gnó an caipiteal atá de dhíth orthu a rochtain san fhormáid is fearr a oireann dóibh féin.
- Nuair a bhíonn infheistíochtaí á ndéanamh, féachfaidh CISÉ le candam an chaipitil bhreise a uasmhéadú a fhéadann an gnólacht infheistiúcháin a rochtain óna scairshealbhóirí reatha agus ó na bainc , ó chomh-infheisteoirí féideartha agus ó fhoinsí Eorpacha (amhail Banc Infheistíochta na hEorpa). Mar sin de, íoslaghdófar an méid caipiteal CISÉ a bheidh de dhíth. Go dtí seo, bhi leibhéil infheistíochta CISÉ trí huaire níos mó ná infheistíocht bhunaidh CISÉ.
Tá níos mó mionsonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin CISÉ.
2. Bearta Tacaíocht Chreidmheasa FBM
Rinne an Rialtas beart gan aon mhoill chun €1 billiún de bhearta leachtachta a chur ar fáil do FBManna trí thacaíocht reatha do chreidmheas FBM a atreorú agus bearta breise a chur léi chun freastal ar na héilimh a d'eascair as an ngéarchéim. Ina measc seo bhí Scéim Iasachta na Breatimeachta a athmhúnlú, le comhaontú Chiste Infheistíochta na hEorpa agus rinneadh Scéim Chaipitil Oibre SBCI Covid-19 de. D'fhógair an tAire Humphreys fosta go méadófar an scéim seo go dtí €450 milliún chomh maith le méadú ar an Scéim Iasachta Fás Todhchaí go dtí níos mó ná an leithdháileadh bunaidh €300 milliún agus feabhsuithe san iasacht is mó atá ar fáil do mhicrifhiontair a ndeachaigh Covid-19 i bhfeidhm orthu ó Microfinance Ireland le cois laghduithe ar na rátaí úis. Ciallaíonn sé seo gur féidir le micrifhiontair iasachtaí suas le €50,000 a fháil gan aon aisíocaíochtaí úis nó bunairgid sa chéad sé mhí. Lena chois sin, tá réimse de bhearta deontais tugtha isteach ag an Aire Humphreys, amhail an Ciste Inbhuanaithe Fiontair do na hearnálacha déantúsaíochta agus seirbhísí idirnáisiúnta.
Inniu, tá an Rialtas ag fógairt Scéim Ráthaíocht Chreidmheasa COVID-19 €2 billiún. Beidh Ráthaíocht 80% ar iasachtaí do FBManna go dtí deireadh na bliana seo, ar théarmaí idir 3 mhí agus 6 bliana. Beidh FBM in ann dul go díreach chuig na bainc sa Scéim agus is féidir an ráthaíocht a úsáid i gcomhair réimse leathan de tháirgí iasachta idir €10,000 agus €1 milliún a bhfuil téarma uasta 6 bliana nó níos lú acu. Beidh sí ar fáil do gach earnáil FBM, lena n-áirítear táirgeoirí tosaigh.
Beidh rátaí úis níos ísle ná rátaí margaidh reatha. Is cuid thábhachtach í an Scéim seo de straitéis an Rialtais chun cabhrú le FBManna ag an am deacair seo.
Is forbairt í an Scéim Ráthaíocht Chreidmheasa COVID-19 de bhreis ar an Scéim Ráthaíocht Chreidmheasa reatha atá ar fáil cheana féin ó BAÉ, BnahÉ agus Banc Uladh agus beidh iasachtóirí eile in ann an Scéim a rochtain. Beidh iasachtóirí faoi réir uasmhéid punainne 50%. Laghdaíonn sé seo an neamhchosaint theagmhasach don Stát-Chiste, rud a fhágann go bhféadfadh an Scéim a bheith níos mó.
Beidh reachtaíocht de dhíth chun an scéim a fheidhmiú agus tá a dréachtú siúd faofa ag an Rialtas. Le cois an reachtaíocht a dhréachtú agus í a achtú i dTithe an Oireachtais, oibreoidh an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, na Ranna Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus Corparáid Bhaincéireachta Straitéisí na hÉireann i gcomhpháirt chun socruithe a dhéanamh a chinnteoidh gur féidir an Scéim a fheidhmiú a luaithe agus is féidir i ndiaidh actú na reachtaíochta.
3. Trádstóráil Staonadh Cánach ag na Coimisinéirí Ioncaim
Is tacaíocht ríthábhachtach leachtachta iad an t-iarchur cánach ag na Coimisinéirí Ioncaim ar furasta í a rochtain ag gnólachtaí ar a ndeachaigh COVID-19 go mór i bhfeidhm. Bhí na gnólachtaí seo in ann cáin a choinneáil agus, dá thoradh sin, ba bhuntacaíocht leachtachta í agus cinntíodh go dtacódh an Stát leis na gnólachtaí seo le linn na paindéime. Is tábhachtach go leanfaidh comhlachtaí a thapaíonn an staonadh seo de thuairisceáin chánach a chur isteach agus teagmháil a choinneáil leis na Coimisinéirí Ioncaim óir cinntíonn sé comhlíonadh cánach agus go ndírítear cúnamh orthu sin ar mó a ngá.
Aithnítear fosta go bhfuil soiléire de dhíth ar ghnólachtaí ar conas agus cén uair a chuirfear deireadh de réir a chéile leis an staonadh fiachas cánach seo chun a chur ar chúmas comhlachtaí éirí brabúsach arís agus an cúnamh seo a aisíoc. De ghnáth, bheadh na Coimisinéirí Ioncaim ag obair i bpáirt le gnólachtaí chun socruithe a dhéanamh a oireann do thosca agus inmharthanacht gach gnólachta, chun íoc na bhfiach seo a chinntiú thar achar ama réasúnta.
Mar atá cúrsaí faoi láthair áfach, ní bheidh gnólachtaí arbh éigean dóibh druidim nó a ndeachaigh na srianta i bhfeidhm go mór orthu in ann socruithe a dhéanamh chun fiachas cánach a bhaineann le COVID-19 a íoc, a ngnáth-chreidiúnaithe trádála agus neamhchánach a íoc, aon athstruchtúrú a dhéanamh chun plé leis na socruithe nua trádála i gcomhthéacs scaradh sóisialta, a stoc a mhéadú, srl. Sa chomhthéacs sin, déanfaidh na Coimisinéirí Dliteanais Chánach Iarchurtha a Thrádstóráil má bhaineann siad le géarchéim COVID-19. Is ionann é seo agus tacaíocht dhíreach do ghnólachtaí ar a ndeachthas i bhfeidhm nuair nach féidir tiomantas a thabhairt do shocrú íocaíochtaí céimnithe.
Déanfar socruithe chun gur féidir fiachas nach féidir a íoc le linn COVID-19 a thrádstóráil saor ó ús ar feadh bliana ó atosú trádála. Le linn an ama seo ní dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon fhorfheidhmiú fiachais i leith an fhiachais. Lena chois sin, ní thabhófar aon táille úis maidir le fiachas trádstóráilte (gan aon íocaíocht caipitil ná úis). Roimh dheireadh thréimhse na trádstórála, beifear ag dúil go ndéanfaidh gnólachtaí teagmháil leis na Coimisinéirí chun straitéis éalaithe a chomhaontú is fearr a oireann do riachtanais shainiúla gnó agus an gá atá le hinmharthanacht leanúnach. Beidh gnólachtaí i dteideal ráta úis 3%, ar laghdú suntasach é, i leith fiachais nár íocadh fós nuair a chomhaontófar a leithéid de shocruithe faoi mar a bheidh leagtha amach sa reachtaíocht. Leanfaidh gnólachtaí de bheith i dteideal na socruithe seo ach is gá dóibh a bheith comhlíontach maidir le tuairisceáin agus oibleagáidí íoctha cánach i leith tréimhsí cánach i ndiaidh na dtréimhsí atá cumhdaithe ag an bhfiachas trádstóráilte. Tá bailchríoch á cur ar na mionsonraí oibríochta agus tabharfar na leasuithe reachtaíochta riachtanacha chun cinn i mBille Airgeadais 2020.
Bainfidh an scéim le gnólachtaí i ngach earnáil den gheilleagar ar a raibh tionchar diúltach ag COVID-19 agus is treisiú breise é ar thiomantas an Rialtais do thacú le gnólachtaí agus an geilleagar a ullmhú le haghaidh gnáthshaol nua nuair a thiocfaidh an t-am.
Tá tuilleadh mionsonraí ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.
4. Faoiseamh/Laghduithe Íocaíocht Rátaí Tráchtála
Thug an Rialtas tús áite do thacaíocht do na gnólachtaí sin ar mó a ndeachaigh Covid-19 i bhfeidhm orthu nuair a shocraigh sé i Márta íocaíochtaí rátaí a iarchur ar feadh trí mhí do na hearnálacha fáilteachais, miondíola, fóillíochta agus cúram leanaí. Cé go bhfuil tús á chur le hathbhreithniú ar na roghanna chun tacú le fiontair agus le fostaíocht, aithníonn an Rialtas go bhfuil gnólachtaí go leor ag plé le deacrachtaí agus éiginnteacht faoi láthair. De ghrá na soiléire, tá rátaí tráchtála á dtarscaoileadh ar feadh trí mhí ag tosú ar an 27ú Márta do ghnólachtaí arbh éigean dóibh druidim ar chúiseanna riachtanais sláinte poiblí. Beidh an beart seo ag cur leis na bearta cánach, baincéireachta agus FBM a fógraíodh inniu chomh maith.
Leanfaidh an Rialtas den rannpháirtíocht ghníomhach le húinéirí gnólachtaí agus le forais ionadaíochta. Tá Údaráis Áitiúla, a bhfuil taithí blianta fada acu ag plé le híocóirí rátaí agus ag léiriú tuisceana ar a gcúinsí airgid, ag meas thionchar Covid-19 trí theagmháil dhíreach a dhéanamh le híocóirí rátaí aonair, ag aithint go bhféadfadh tionchair a bheith ar earnálacha lasmuigh díobh sin a n-aithnítear ar dtús a bheith faoin mbagairt is tromchúisí. Táthar ag meas go mbeidh laghdú €260 milliún ar ioncam na nÚdarás Áitiúil mar gheall ar an tarscaoileadh agus cúiteoidh an Stát-Chiste na costais seo.
5. Soláthar Ciste Atosaithe do mhionghnólachtaí agus do ghnólachtaí beaga
Bhí tionchar eacnamaíochta ag Covid-19 ar fud na tíre, go háirithe ar mhionghnólachtaí agus ar ghnólachtaí beaga. Fógraíodh bearta lena n-áirítear scéimeanna tacaíochta ioncaim agus bhí ról ag tacaíocht mhéadaithe leachtachta chun tacú leis na comhlachtaí seo ach de réir mar a théimid chuig an gcéad chéim eile den phaindéim, is gá tuilleadh tacaíochta spriocdhírithe a thabhairt isteach sa réimse seo. Sa chomhthéacs seo, tá sé beartaithe Ciste Atosaithe €250 milliún a chruthú do mhionfhiontair agus fiontair bheaga.
Is é feidhm an chiste seo cuidiú leis na gnólachtaí seo athcheangal leis an margadh, lena bhfostaithe agus lena gcustaiméirí. Beidh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag obair ar mhionsonraí na scéime i gcomhairle leis an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta agus an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus cuirfear i gcrích iad sna seachtainí atá romhainn ach tá sé beartaithe go n-oibreoidh an ciste trí chóras aisíocaíochta/tarscaoilte rátaí tráchtála ó 2019. Tá sé beartaithe go bhfaighidh comhlachtaí suim iomlán ar ionann é agus suim nach mó ná a mbille rátaí 2019 agus beidh uasmhéid €10,000 in aghaidh an ghnólachta ann. Féadann an ciste feidhmiú mar thacaíocht bhreise spriocdhírithe do mhionghnólachtaí agus do ghnólachtaí beaga a ndeachaigh Covid-19 i bhfeidhm orthu.
Críoch