English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Leibhéal 3

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 15 Meán Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 24 Feabhra 2021

Bearta i bhfeidhm ón 18 Nollaig

Imeachtaí sóisialta agus teaghlaigh

I do theach nó i do ghairdín

Is féidir leat teacht le chéile le suas le 2 theaghlach eile.

Suíomhanna seachas do theach cónaithe nó do ghairdín

Suíomhanna faoin spéir seachas do theach cónaithe nó do ghairdín, is féidir le suas le 3 theaghlach ar a mhéad teacht le chéile chomh fada is go bhfuil scaradh fisiciúil dian i bhfeidhm.

Moltar cumhdach éadain a chaitheamh in áiteanna gnóthacha nó in áiteanna ina bhfuil sluaite daoine.

Bainiseacha

Is féidir le bainiseacha leanúint ar aghaidh le 25 duine ar a mhéad ag an searmanas agus ag an mbainis (beag beann ar an ionad).

Imeachtaí eagraithe taobh istigh

Timpeallachtaí rialaithe iad seo a bhfuil duine ainmnithe ina bhfeighil, dála eagraí imeachtaí, úinéir nó bainisteoir.

Mar shampla: cúrsaí oiliúna gnó, comhdhálacha, imeachtaí in amharclanna nó i bpictiúrlanna nó imeachtaí ealaíne eile (gan spóirt a bheith san áireamh).

Níor cheart go dtarlódh aon teacht le chéile eagraithe faoi dhíon.

Eisceacht:

Is féidir le pictiúrlanna a bheith ar oscailt le bearta cosanta i bhfeidhm.

Imeachtaí eagraithe faoin aer

Timpeallachtaí rialaithe iad seo a bhfuil duine ainmnithe ina bhfeighil, dála eagraí imeachtaí, úinéir nó bainisteoir. Mar shampla: imeachtaí ealaíon taobh amuigh, imeachtaí traenála.

Ceadófar imeachtaí eagraithe faoin aer, nuair nach mbíonn níos mó ná 15 páirteach.

Spórt

Traenáil

Amuigh faoin aer: Traenáil neamhtheagmhála amháin i ngrúpaí suas le 15 duine (mar shampla: galf, leadóg, marcaíocht ar chapall, seilg, cluichí Gaelacha, sacar, cispheil amuigh faoin aer).

Tá eisceacht ann do spórt ar leibhéal gairmiúil agus sárchéime agus do chluichí Gaelacha idirchontae atá ceadaithe.

Taobh istigh: Daoine aonair amháin le bheith i mbun traenála. Ní cheadaítear ranganna aclaíochta ná ranganna damhsa (mar shampla: ní cheadaítear bailé, gleacaíocht, cispheil, liathróid raicéid, scuais, zumba, drámaíocht).

Cluichí agus Imeachtaí

Níor chóir go mbeadh aon chluichí ná imeachtaí eile spóirt ar siúl, cé go bhfuil na heisceachtaí a leanas i gceist:

  • spórt ar leibhéal gairmiúil agus sárchéime
  • cluichí Gaelacha idirchontae atá ceadaithe
  • rásaíocht chapall agus rásaíocht chon
  • imeachtaí eachaíochta atá ceadaithe
  • imeachtaí cúrsála atá ceadaithe

Ba cheart iad seo a reáchtáil gan aon lucht tacaíochta i láthair.

Ionaid aclaíochta, Ionaid Fóillíochta agus Linnte Snámha

Féadfaidh ionaid aclaíochta/ionaid fóillíochta agus linnte snámha oscailt do dhaoine aonair amháin, le bearta cosanta i bhfeidhm.

Ní áirítear áiseanna fóillíochta eile mar lánaí babhlála, hallaí púil agus árais siamsaíochta orthu seo. Ba cheart ionaid mar iad fanacht dúnta.

Seirbhísí reiligiúnacha

Is féidir ionaid adhartha oscailt chun seirbhísí reiligiúnacha a chur ar fáil do suas le 50 duine.

Moltar cumhdach éadain a chaitheamh.

Tá tuilleadh treorach ar fáil.

Sochraidí

Ceadófar suas le 25 caointeoir.

Músaeim, gailearaithe agus ionaid chultúir eile

Is féidir le músaeim agus gailearaithe a bheith ar oscailt le bearta cosanta i bhfeidhm.

Tá Leabharlanna ar fáil maidir le brabhsáil, seirbhís leictreonaice agus seirbhís bailiúcháin. Ní cheadaítear áit suí ná imeachtaí.

Beáir, caiféanna agus bialanna (bialanna agus beáir in óstáin san áireamh)

Is féidir le bialanna agus tithe tábhairne a fheidhmíonn mar bhialanna (a chuireann béile substaintiúil ar fáil) oscailt do bhéilí taobh istigh le srianta breise, lena n-áirítear ceanglas go n-ullmhófaí na béilí ar an láthair, taobh istigh den áitreabh, le suas le seisear (6) ag gach bord.

Tá rochtain ar bhialanna in óstáin do dhaoine nach bhfuil ag fanacht sna hóstáin sin san áireamh anseo.

Féach ar threoirlínte Fáilte Ireland maidir le bialanna agus caiféanna a athoscailt.

Tithe tábhairne ‘fliucha’

Seirbhísí tabhair leat agus seirbhís seachadta amháin.

Clubanna oíche, dioscónna agus casaíní

Fanfaidh clubanna oíche, dioscónna agus casaíní dúnta.

Óstáin agus lóistín

Féadfaidh óstáin, tithe lóistín agus tithe leaba agus bricfeasta oscailt ach gur d’aíonna amháin a chuirfear seirbhís ar fáil.

Siopaí agus seirbhísí (mar shampla: gruagairí, sciamheolaithe, bearbóirí)

Ní mór cumhdach éadain a chaitheamh.

Féadfaidh na siopaí agus ionaid siopadóireachta ar fad oscailt. Féadfaidh seirbhísí ar nós gruagairí, bearbóirí agus radharceolaithe oscailt ach cloí go docht le treoirlínte na hearnála maidir le bearta cosanta.

Tá treoir shonrach ar fáil anseo:

Obair

Ba cheart oibriú ón mbaile mura bhfuil sé riachtanach go mbeifeá ar an láthair oibre.

Moltar cumhdach éadain a chaitheamh in áiteanna oibre ina bhfuil sluaite daoine.

Taisteal taobh istigh den tír

Is féidir leat taisteal áit ar bith in Éirinn.

Scoileanna, seirbhísí luathoideachais agus cúraim leanaí, oideachas daoine fásta agus ardoideachas

Na scoileanna agus na naíonraí oscailte le bearta cosanta i bhfeidhm.

Ba chóir go bhfanfadh ardoideachas, breisoideachas agus oideachas d’aosaigh ar líne go príomha.

Na páirceanna spraoi, ionaid spraoi agus páirceanna, atá taobh amuigh

Fanfaidh siad ar fad oscailte le bearta cosanta i bhfeidhm.

Moltar cumhdach éadain a chaitheamh in áiteanna gnóthacha nó in áiteanna ina bhfuil sluaite daoine.

Iompar

Ní mór cumhdach éadain a chaitheamh.

Déantar siúl nó rothaíocht nuair is féidir.

Tá acmhainn iompair phoiblí teoranta go dtí 50%.

D’oibrithe riachtanacha amháin iad nó do thurais atá ar chúiseanna riachtanacha.

Daoine os cionn 70 agus daoine atá leochaileach ó thaobh sláinte

Moltar do dhaoine os cionn 70 bliain d'aois agus do dhaoine atá leochaileach ó thaobh na sláinte leanúint de bheith ciallmhar.

Moltar go bhfanfadh siad sa bhaile an méid agus is féidir, teorainn a chur leis an líon daoine a mbíonn siad i dteagmháil leo go dtí grúpa beag daoine ar feadh tréimhsí gearra, ach fanacht amach ó na daoine sin chomh maith.

Tá sé tábhachtach nuair atáthar ag glacadh aclaíochta faoin spéir 2 mhéadar a fhágáil idir tú féin agus daoine eile agus na lámha a ní agus tú sa bhaile arís.

Moltar siopadóireacht a dhéanamh le linn na dtréimhsí atá leagtha amach ina leith sin, clúdach éadain a chaitheamh agus iompar poiblí a sheachaint.

Ionaid Altranais Fhadtéarmacha (tithe altranais agus tithe cúraim)

Treoir nua HPSC maidir le cuairt a thabhairt ar thithe altranais atá i bhfeidhm ón 7 Nollaig 2020

Leagtar amach sainmhíniú nuashonraithe sa treoir seo maidir le 'cúinsí criticiúla agus tuisceanacha', ina bhforáiltear anois, faoi réir measúnú riosca i ngach cás, gur féidir le tithe altranais glacadh le:

  • suas le haon chuairt ó dhuine amháin sa tseachtain faoi Leibhéal 3 agus Leibhéal 4 den chreat
  • suas le haon chuairt ó dhuine amháin sa choicís faoi Leibhéal 5

Tugtar ar aird ann chomh maith gur cheart gach dícheall praiticiúil a dhéanamh glacadh le cuairt bhreise ar bhonn atrua le linn tréimhse lena mbaineann mórfhéile cultúir nó reiligiúnach nó ceiliúradh lena mbaineann tábhacht ar leith leis don chónaitheoir, mar thréimhse na Nollag/Bliana Nua.

Léigh treoir nuashonraithe an HPSC.

Cumhdaigh Éadain

Ba chóir duit cumhdach éadain a chaitheamh i láithreacha oibre, in ionaid adhartha agus in áiteanna gnóthacha nó plódaithe taobh amuigh áit a bhfuil slua suntasach bailithe.

Bearta i bhfeidhm ón 1 Nollaig

Imeachtaí sóisialta agus teaghlaigh

I do theach nó i do ghairdín

Níor chóir duit teacht le chéile le haon teaghlaigh eile cé is moite díobh sin atá i do bholgán tacaíochta féin.

Suíomhanna seachas do theach cónaithe nó do ghairdín

Suíomhanna faoin spéir seachas do theach cónaithe nó do ghairdín, is féidir le suas le seisear (6) ó suas le 2 theaghlach ar a mhéad teacht le chéile chomh fada is go bhfuil scaradh fisiciúil dian i bhfeidhm.

Moltar cumhdach éadain a chaitheamh in áiteanna gnóthacha nó in áiteanna ina bhfuil sluaite daoine.

Bainiseacha

Is féidir le bainiseacha leanúint ar aghaidh le 25 duine ar a mhéad ag an searmanas agus ag an mbainis (beag beann ar an ionad).

Má bhí socrú déanta ag lánúin cheana féin pósadh i gcontae taobh amuigh den chontae ina bhfuil cónaí orthu, beidh cead acu taisteal taobh amuigh dá gcontae ar mhaith le pósadh.

Imeachtaí eagraithe taobh istigh

Timpeallachtaí rialaithe iad seo a bhfuil duine ainmnithe ina bhfeighil, dála eagraí imeachtaí, úinéir nó bainisteoir.

Mar shampla: cúrsaí oiliúna gnó, comhdhálacha, imeachtaí in amharclanna nó i bpictiúrlanna nó imeachtaí ealaíne eile (gan spóirt a bheith san áireamh).

Níor cheart go dtarlódh aon teacht le chéile eagraithe faoi dhíon.

Eisceacht:

Is féidir le pictiúrlanna a bheith ar oscailt le bearta cosanta i bhfeidhm.

Imeachtaí eagraithe faoin aer

Timpeallachtaí rialaithe iad seo a bhfuil duine ainmnithe ina bhfeighil, dála eagraí imeachtaí, úinéir nó bainisteoir. Mar shampla: imeachtaí ealaíon taobh amuigh, imeachtaí traenála.

Ceadófar imeachtaí eagraithe faoin aer, nuair nach mbíonn níos mó ná 15 páirteach.

Moltar cumhdach éadain a chaitheamh in áiteanna gnóthacha agus in áiteanna ina bhfuil sluaite daoine.

Spórt

Traenáil

Amuigh faoin aer: Traenáil neamhtheagmhála amháin i ngrúpaí suas le 15 duine (mar shampla: galf, leadóg, marcaíocht ar chapall, seilg, cluichí Gaelacha, sacar, cispheil amuigh faoin aer).

Tá eisceacht ann do spórt ar leibhéal gairmiúil agus sárchéime agus do chluichí Gaelacha idirchontae atá ceadaithe.

Taobh istigh: Daoine aonair amháin le bheith i mbun traenála. Ní cheadaítear ranganna aclaíochta ná ranganna damhsa (mar shampla: ní cheadaítear bailé, gleacaíocht, cispheil, liathróid raicéid, scuais, zumba, drámaíocht).

Cluichí agus Imeachtaí

Níor chóir go mbeadh aon chluichí ná imeachtaí eile spóirt ar siúl, cé go bhfuil na heisceachtaí a leanas i gceist:

  • spórt ar leibhéal gairmiúil agus sárchéime
  • cluichí Gaelacha idirchontae atá ceadaithe
  • rásaíocht chapall agus rásaíocht chon
  • imeachtaí eachaíochta atá ceadaithe
  • imeachtaí cúrsála atá ceadaithe

Ba cheart iad seo a reáchtáil gan aon lucht tacaíochta i láthair.

Ionaid aclaíochta, Ionaid Fóillíochta agus Linnte Snámha

Féadfaidh ionaid aclaíochta/ionaid fóillíochta agus linnte snámha oscailt do dhaoine aonair amháin, le bearta cosanta i bhfeidhm.

Ní áirítear áiseanna fóillíochta eile mar lánaí babhlála, hallaí púil agus árais siamsaíochta orthu seo. Ba cheart ionaid mar iad fanacht dúnta.

Seirbhísí reiligiúnacha

Is féidir ionaid adhartha oscailt chun seirbhísí reiligiúnacha a chur ar fáil do suas le 50 duine.

Moltar cumhdach éadain a chaitheamh.

Tá tuilleadh treorach ar fáil.

Sochraidí

Ceadófar suas le 25 caointeoir.

Músaeim, gailearaithe agus ionaid chultúir eile

Is féidir le músaeim agus gailearaithe a bheith ar oscailt le bearta cosanta i bhfeidhm.

Tá Leabharlanna ar fáil maidir le brabhsáil, seirbhís leictreonaice agus seirbhís bailiúcháin. Ní cheadaítear áit suí ná imeachtaí.

Beáir, caiféanna agus bialanna (bialanna agus beáir in óstáin san áireamh)

Is féidir le bialanna agus tithe tábhairne a fheidhmíonn mar bhialanna (a chuireann béile substaintiúil ar fáil) oscailt do bhéilí taobh istigh le srianta breise, lena n-áirítear ceanglas go n-ullmhófaí na béilí ar an láthair, taobh istigh den áitreabh, le suas le seisear (6) ag gach bord.

Tá rochtain ar bhialanna in óstáin do dhaoine nach bhfuil ag fanacht sna hóstáin sin san áireamh anseo.

Féach ar threoirlínte Fáilte Ireland maidir le bialanna agus caiféanna a athoscailt.

Tithe tábhairne ‘fliucha’

Seirbhísí tabhair leat agus seirbhís seachadta amháin.

Clubanna oíche, dioscónna agus casaíní

Fanfaidh clubanna oíche, dioscónna agus casaíní dúnta.

Óstáin agus lóistín

Féadfaidh óstáin, tithe lóistín agus tithe leaba agus bricfeasta oscailt ach gur d’aíonna amháin a chuirfear seirbhís ar fáil.

Féadfaidh bialanna in óstáin oscailt do dhaoine nach bhfuil ag fanacht san óstán sin.

Siopaí agus seirbhísí (mar shampla: gruagairí, sciamheolaithe, bearbóirí)

Ní mór cumhdach éadain a chaitheamh.

Féadfaidh na siopaí agus ionaid siopadóireachta ar fad oscailt. Féadfaidh seirbhísí ar nós gruagairí, bearbóirí agus radharceolaithe oscailt ach cloí go docht le treoirlínte na hearnála maidir le bearta cosanta.

Tá treoir shonrach ar fáil anseo:

Obair

Ba cheart oibriú ón mbaile mura bhfuil sé riachtanach go mbeifeá ar an láthair oibre.

Moltar cumhdach éadain a chaitheamh in áiteanna oibre ina bhfuil sluaite daoine.

Taisteal taobh istigh den tír

Fan i do chontae féin ach amháin maidir le cúiseanna oibre, oideachais agus eile a bhfuil bunriachtanas leo.

Cúiseanna bunriachtanacha le taisteal taobh istigh den tír (ceadaithe taobh amuigh den chontae)

  • earraí riachtanacha a cheannach
  • taisteal chuig agus ón obair sa chás go bhfuil sé riachtanach go mbeifeá ar an láthair oibre
  • le dul ag coinní leighis agus cóir leighis agus táirgí sláinte eile a bhailiú
  • cúiseanna bunriachtanacha teaghlaigh, mar shampla aire a thabhairt do leanaí, do dhaoine aosta nó do dhaoine a bheadh i mbaol, agus go háirithe do dhaoine a chónaíonn astu féin, mar chuid de theaghlach leathnaithe ach le cosc ar chuairt shóisialta ar ghaolta
  • freastal ar phósadh/bainis nó sochraid mar dhuine den 25 aoi nó caointeoir faoi seach
  • ar mhaithe le feirmeoireacht, is é sin chun bia a tháirgeadh nó chun aire a thabhairt d’ainmhithe
  • dul chuig uaigh

Scoileanna, seirbhísí luathoideachais agus cúraim leanaí, oideachas daoine fásta agus ardoideachas

Na scoileanna agus na naíonraí oscailte le bearta cosanta i bhfeidhm.

Ba chóir go bhfanfadh ardoideachas, breisoideachas agus oideachas d’aosaigh ar líne go príomha.

Na páirceanna spraoi, ionaid spraoi agus páirceanna, atá taobh amuigh

Fanfaidh siad ar fad oscailte le bearta cosanta i bhfeidhm.

Moltar cumhdach éadain a chaitheamh in áiteanna gnóthacha agus in áiteanna ina bhfuil sluaite daoine.

Iompar

Ní mór cumhdach éadain a chaitheamh.

Déantar siúl nó rothaíocht nuair is féidir.

Tá acmhainn iompair phoiblí teoranta go dtí 50%.

D’oibrithe riachtanacha amháin iad nó do thurais atá ar chúiseanna riachtanacha.

Daoine os cionn 70 agus daoine atá leochaileach ó thaobh sláinte

Moltar do dhaoine os cionn 70 bliain d'aois agus do dhaoine atá leochaileach ó thaobh na sláinte leanúint de bheith ciallmhar.

Moltar go bhfanfadh siad sa bhaile an méid agus is féidir, teorainn a chur leis an líon daoine a mbíonn siad i dteagmháil leo go dtí grúpa beag daoine ar feadh tréimhsí gearra, ach fanacht amach ó na daoine sin chomh maith.

Tá sé tábhachtach nuair atáthar ag glacadh aclaíochta faoin spéir 2 mhéadar a fhágáil idir tú féin agus daoine eile agus na lámha a ní agus tú sa bhaile arís.

Moltar siopadóireacht a dhéanamh le linn na dtréimhsí atá leagtha amach ina leith sin, clúdach éadain a chaitheamh agus iompar poiblí a sheachaint.

Ionaid Altranais Fadtéarmacha (tithe altranais agus tithe cúraim)