Leibhéal 5
- Foilsithe: 15 Meán Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 4 Bealtaine 2021
- Treoir duitse maidir leis na hathruithe nua
- Scoileanna agus ardoideachas agus oideachas do dhaoine fásta
- Earnáil na Tógála
- Siopaí agus seirbhísí (mar shampla: gruagairí, sciamheolaithe, bearbóirí)
- Teacht le chéile sóisialta agus teaghlaigh
- Bainiseacha
- Imeachtaí eagraithe taobh istigh
- Imeachtaí eagraithe faoin aer
- Aclaíocht agus imeachtaí spóirt
- Seirbhísí reiligiúnacha
- Freastal a dhéanamh ar shochraidí
- Músaeim, gailearaithe agus ionaid chultúir eile
- Beáir, caiféanna agus bialanna (bialanna agus beáir in óstáin san áireamh)
- Tithe tábhairne nach gcuirtear bia ar fáil iontu
- Óstáin agus lóistín
- Obair
- Srianta taistil
- Páirceanna spraoi, ionaid spraoi agus páirceanna faoin aer
- Iompar
- Daoine os cionn 70 agus daoine eile atá i mbaol níos mó mórthinneas a fháil
- Cuairt ar ionaid cúraim cónaitheachta fadtéarmacha (tithe altranais agus ionaid cúraim)
Treoir duitse maidir leis na hathruithe nua
Má tá an dara dáileog den vacsaín faighte le breis is coicís, is féidir leat bualadh faoi dhian le daoine ó theaghlach amháin eile a bhfuil cosaint iomlán na vacsaíne faighte acu gan an gá maisc a chaitheamh ná fanacht 2 mhéadar ó chéile. Tá feidhm láithreach leis an mbeart seo.
Má tá an dara dáileog den vacsaín faighte agat, ní mór duit fanacht go mbeidh coicís caite le bualadh faoi dhian le daoine eile a bhfuil cosaint iomlán na vacsaíne faighte acu freisin.
Ón 12 Aibreán
Gníomhaíocht | Treoir |
Scoileanna | Filleadh iomlán ar theagasc ionscoile |
Teacht le chéile le teaghlaigh eile | Beifear ábalta bualadh le teaghlach amháin eile faoin spéir ach ní cheadaítear sin a dhéanamh ina ngairdín ná i do ghairdín |
Taisteal | Beidh tú ábalta taisteal a dhéanamh laistigh de do chontae nó laistigh de 20km ó do theach má tá tú ag dul thar teorainn contae |
Earnáil na Tógála Beifear ábalta tús a chur arís le tograí tógála tí chomh maith le tograí tógála ionaid luathfhoghlama agus cúraim leanaí
Ón 19 Aibreán
Gníomhaíocht | Treoir |
CLG | Traenáil agus imirt maidir le Sraithchomórtais Náisiúnta na gCluichí Gaelacha idirchontae do dhaoine fásta atá ceadaithe agus eagraithe ag Coiste Náisiúnta Rialaithe, ní bheidh comórtais faoi 20 ná comórtais na mionúr san áireamh. |
Scothspóirt | Beidh cead tús a chur arís le lúthchleasaíocht ardfheidhmíochta arna gceadú ag Spórt Éireann. |
Ón 26 Aibreán (faoi réir na comhairle sláinte poiblí reatha):
Gníomhaíocht | Treoir |
Spórt faoin spéir | Beifear ábalta áiseanna spórt faoin spéir a oscailt arís (mar shampla: páirceanna imeartha, galfchúrsaí agus cúirteanna leadóige, áiseanna eile de réir mar is cuí). |
Taitneamhachtaí Faoin Spéir | Beifear ábalta taitneamhachtaí do chuairteoirí faoin spéir a oscailt arís (i.e. zúnna, feirmeacha peataí oscailte, láithreacha oidhreachta). Ní bheidh cead páirceanna siamsaíochta a oscailt. |
Spórt faoi aois | Beifear ábalta tús a chur le traenáil gan teagmháil faoi aois taobh amuigh i bpóid de 15 duine nó níos lú arís |
Sochraidí | Ardófar go 25 an líon uasta de dhaoine a bheidh ábalta freastal ar shochraidí |
Faoi bhreithniú ón 4 Aibreán (faoi réir na comhairle sláinte poiblí reatha):
Gníomhaíocht |
Athoscailt iomlán ar ghníomhaíochtaí tógála |
Filleadh céim ar chéim ar mhiondíolachán nach bhfuil riachtanach, cuirfear tús leis le cliceáil agus seachaid agus miondíolachán faoin spéir, mar shampla: ionaid gharraíodóireachta/plandlanna. |
Tús a chur arís le seirbhísí pearsanta ar bhonn céimnithe |
Iarsmalanna, Gailearaithe agus Leabharlanna a oscailt arís |
Tús a chur arís le seirbhísí reiligiúnacha ar bhonn céimnithe |
Scoileanna agus ardoideachas agus oideachas do dhaoine fásta
Scoileanna
12 Aibreán 2021 ar aghaidh (tar éis Shaoire na Cásca):
Filleadh iomlán ar theagasc ionscoile
Ardoideachas agus Oideachas d’Aosaigh
Ba chóir go bhfanfadh ardoideachas, breisoideachas agus oideachas d’aosaigh ar líne go príomha
Earnáil na Tógála
Beifear ábalta tús a chur arís le tograí tógála tí ón 12 Aibreán, chomh maith le tograí tógála ionaid luathfhoghlama agus cúraim leanaí
Go dtí sin, tá earnáil na tógála dúnta seachas sna cásanna a leanas:
• tionscadail riachtanacha sláinte agus tionscadail lena mbaineann lena n-áirítear tionscadail a bhaineann le cosc agus srian a chur ar scaipeadh COVID-19 agus an scaipeadh sin a laghdú nó a mhoilliú.
• tionscadail tithíochta sóisialta, lena n-áirítear folúis atá ainmnithe ina suíomhanna riachtanacha ag Údaráis Áitiúla bunaithe ar chritéir shocraithe
• deontais oiriúnaithe tithíochta sa chás go bhfuil úinéir an tí sásta go ndéanfaí oiriúnaithe ar a theach
• obair dheisiúcháin, chothabhála agus thógála ar ghnéithe den bhonneagar ríthábhachtach iompair agus fóntais
• suíomhanna saoráidí oideachais atá ainmnithe ina suíomhanna atá riachtanach ag an Roinn Oideachais
• seirbhísí cothabhála agus deisiúcháin riachtanacha nó éigeandála a chur ar fáil do ghnólachtaí agus in árais chónaithe (lena n-áirítear seirbhísí leictreachais, gáis, pluiméireachta, gloine agus dín) ar bhonn ghlao amach éigeandála amháin
• tionscadail mhóra áirithe tógála san earnáil onnmhaire / FDI bunaithe ar chritéir shocraithe.
• maidir le tithe príobháideacha atá ionann is críochnaithe agus a bhfuil sé beartaithe daoine a bheith ina gcónaí iontu faoin 31 Eanáir 2021, lena n-áirítear tithe a bhfuil obair ar fhabhtanna agus obair riachtanach fheabhsúcháin, mar obair piríte, gar do bheith tugtha chun críche, ba cheart leanúint leis an obair chun go mbeidh úinéirí na dtithe sin ábalta dul isteach ina gcuid tithe. Ba cheart go leanfaí de theas, uisce, leathanbhanda agus leictreachas a shuiteáil chun go mbeidh daoine ábalta cónaí sna tithe.
• ciallaíonn cosaintí tionóntachta reatha nach féidir tionónta a chur amach as a áras cónaithe le linn na tréimhse ina bhfuil na srianta taistil 5km i bhfeidhm. Tá sé aontaithe chomh maith go mbeidh cur chuige réamhshocraithe i bhfeidhm chun féachaint ar réadmhaoin chun críocha cíosa nó díolacháin d'fhonn feidhmiú áirithe den mhargadh tithíochta agus den mhargadh tionóntachtaí cónaithe a éascú le linn an ama seo, agus nach mbeidh cead féachaint ar réadmhaoin go fisiciúil go dtí go mbeidh comhaontú tionóntachta á dhéanamh nó go dtí go mbeidh conradh i gcomhair díolacháin dréachtaithe. Cinnteoidh an cur chuige seo go mbeidh cothromaíocht ann idir an gá atá ann idirghníomhaíocht shóisialta a sheachaint agus an gá atá ann bealach a chur ar fáil do dhaoine a dteastaíonn sé uathu tionóntacht agus úinéireacht ar theach cónaithe a bhaint amach.
Siopaí agus seirbhísí (mar shampla: gruagairí, sciamheolaithe, bearbóirí)
Ní mór cumhdach éadain a chaitheamh.
Beidh na siopaí ar fad dúnta seachas siopaí bunriachtanacha.
Beidh na seirbhísí ar fad nach bhfuil bunriachtanach dúnta.
Féach ar liosta na seirbhísí bunriachtanacha maidir le Leibhéal 5
Cliceáil agus Seachaid
Ní cheadaítear cliceáil agus seachaid ó shiopaí nach bhfuil bunriachtanach.
Beidh cead leanúint den chliceáil agus seachaid
Déanfaidh an Rialtas filleadh céim ar chéim ar mhiondíolachán nach bhfuil riachtanach a bhreithniú, cuirfear tús leis le cliceáil agus seachaid agus miondíolachán faoin spéir, mar shampla: ionaid garraíodóireachta/plandlanna.
Teacht le chéile sóisialta agus teaghlaigh
I do theach nó i do ghairdín
Ní cheadófar cuairteoirí chuig tithe/gairdíní príobháideacha seachas cuairt ar chuspóirí bunriachtanacha teaghlaigh ar nós aire a thabhairt do leanaí, do sheandaoine no do dhaoine leochaileacha, nó mar chuid de bholgán tacaíochta.
Suíomhanna seachas do theach cónaithe nó do ghairdín
Beifear ábalta bualadh le teaghlach amháin eile faoin spéir ón 12 Aibreán ach ní cheadaítear sin a dhéanamh ina ngairdín ná i do ghairdín Ba cheart aon teacht le chéile faoin spéir a bheith sábháilte agus ba cheart go gcloífí le scaradh sóisialta agus le hiompar sábháilte eile.
Ba cheart maisc a chaitheamh in áiteanna faoin spéir ina bhfuil sluaite daoine.
Bainiseacha
Suas le 6 aoi a bheidh ceadaithe.
Imeachtaí eagraithe taobh istigh
Timpeallachtaí rialaithe iad seo a bhfuil duine ainmnithe ina bhfeighil, dála eagraí imeachtaí, úinéir nó bainisteoir.
Mar shampla: cúrsaí oiliúna gnó, comhdhálacha, imeachtaí in amharclanna nó i bpictiúrlanna nó imeachtaí ealaíon eile (gan spórt a bheith san áireamh).
Níor cheart go dtarlódh aon teacht le chéile eagraithe faoi dhíon.
Imeachtaí eagraithe faoin aer
Timpeallachtaí rialaithe iad seo a bhfuil duine ainmnithe ina bhfeighil, dála eagraí imeachtaí, úinéir nó bainisteoir. Mar shampla: imeachtaí ealaíon taobh amuigh, imeachtaí traenála.
Níor cheart go dtarlódh aon teacht le chéile eagraithe faoin aer.
Aclaíocht agus imeachtaí spóirt
Traenáil
Beidh daoine ábalta bualadh le daoine eile ó theaghlach amháin eile i suíomhanna faoin aer chun aclaíocht a dhéanamh.
Beifear ábalta tús a chur le traenáil agus imirt maidir le Sraithchomórtais Náisiúnta na gCluichí Gaelacha idirchontae do dhaoine fásta ón 19 Aibreán, atá ceadaithe agus eagraithe ag Coiste Náisiúnta Rialaithe, ní bheidh comórtais faoi 20 ná comórtais na mionúr san áireamh.
Beidh cead tús a chur arís le lúthchleasaíocht ardfheidhmíochta arna gceadú ag Spórt Éireann ón 19 Aibreán
Ón 26 Aibreán
Faoi réir na comhairle sláinte poiblí reatha beifear ábalta áiseanna spórt faoin spéir a oscailt arís (mar shampla: páirceanna imeartha, galfchúrsaí agus cúirteanna leadóige, áiseanna eile de réir mar is cuí).
Is féidir le dhá theaghlach ar a mhéid teacht le chéile do ghníomhaíochtaí. Ní mór go bhfanfadh áiseanna, lena n-áirítear clubthithe agus aon áis faoi dhian (mar shampla: seomraí gléasta, cithfholcadáin, cistineacha, seomraí cruinnithe) dúnta, seachas áiseanna riachtanacha leithris. Níor cheart go reáchtálfaí spóirt foirne ná gníomhaíochtaí traenála.
Beifear ábalta tús a chur le traenáil gan teagmháil faoi aois taobh amuigh i bpóid de 15 duine arís, faoi réir na comhairle sláinte poiblí reatha.
Cluichí agus Imeachtaí
Beidh cead leanúint le spóirt ghairmiúla, scothspóirt, rásaíocht chapall, rásaíocht chon agus imeachtaí eachaíochta atá ceadaithe gan aon lucht féachana i láthair.
Ní cheadófar aon chluichí ná imeachtaí eile.
Ionaid aclaíochta, Ionaid Fóillíochta agus Linnte Snámha
Beidh ionaid aclaíochta, ionaid fóillíochta agus linnte snámha dúnta.
Seirbhísí reiligiúnacha
Eagrófar seirbhísí ar líne. Déanfar athbhreithniú air seo arís faoin 4 Bealtaine.
Fanfaidh ionaid adhartha oscailte le haghaidh urnaí phríobháideach amháin.
Freastal a dhéanamh ar shochraidí
10 an líon uasta de dhaoine a cheadaítear freastal a dhéanamh ar shochraidí i láthair na huaire. Ardófar go 25 an líon uasta de dhaoine a bheidh ábalta freastal ar shochraidí ón 26 Aibreán, faoi réir na comhairle sláinte poiblí reatha.
Músaeim, gailearaithe agus ionaid chultúir eile
Beidh siad ar fad dúnta. Déanfar athbhreithniú air seo arís faoin 4 Bealtaine.
Tá seirbhísí ar líne ar fáil.
Beáir, caiféanna agus bialanna (bialanna agus beáir in óstáin san áireamh)
Bia le breith leat agus a thugtar chuig an doras chugat amháin.
Tithe tábhairne nach gcuirtear bia ar fáil iontu
Dúnta.
Clubanna oíche, dioscónna agus caisíní
Fanfaidh clubanna oíche, dioscónna agus casaíní dúnta.
Óstáin agus lóistín
Oscailte chun críche riachtanacha amháin nach mbaineann le cúrsaí sóisialta ná turasóireachta.
Obair
Déantar obair ón mbaile murar obair bhunriachtanach maidir le cúrsaí sláinte, coimirce sóisialta nó seirbhís bhunriachtanach eile atá i gceist agus nach féidir í a dhéanamh ón mbaile.
Srianta taistil
Baile
Iarrtar ar dhaoine fanacht sa bhaile seachas nuair is gá taisteal ar mhaithe leis an obair, oideachas nó chun críocha riachtanacha eile, nó le haclaíocht a dhéanamh laistigh de 5km den bhaile. Beidh tú ábalta taisteal a dhéanamh laistigh de do chontae féin nó laistigh de 20km ó do theach má tá tú ag dul thar teorainn contae ón 12 Aibreán.
Is féidir leat taisteal níos faide ná 5km ó do theach ar na cúiseanna seo a leanas:
• taisteal chuig an obair agus abhaile ón obair, sa chás gur seirbhísí bunriachtanacha atá i gceist leis an obair sin
• ceadófar do mhúinteoirí, SNAnna agus foireann eile scoile taisteal chun na scoile chun foghlaim ó chian a éascú
• le dul ag coinní leighis agus cóir leighis agus táirgí sláinte eile a bhailiú
• taisteal ar mhaithe le freastal ar sheirbhísí míchumais lae
• taisteal ar mhaithe le freastal ar chúirt
• ar mhaithe le cúiseanna bunriachtanacha teaghlaigh, mar shampla aire a thabhairt do leanaí, do dhaoine aosta nó do dhaoine a bheadh i mbaol, agus go háirithe do dhaoine a chónaíonn astu féin ach le cosc ar chuairt shóisialta ar ghaolta
• chun bia a cheannach
• ar mhaithe le feirmeoireacht (bia a tháirgeadh nó aire a thabhairt d’ainmhithe)
• freastal ar phósadh/bainis nó sochraid
• dul chuig uaigh
Idirnáisiúnta
Féach ar eolas maidir le bheith ag Taisteal chun na hÉireann le linn phaindéim COVID-19
Páirceanna spraoi, ionaid spraoi agus páirceanna faoin aer
Ar oscailt le bearta cosanta i bhfeidhm.
Iompar
Ní mór cumhdach éadain a chaitheamh.
Déantar siúl nó rothaíocht nuair is féidir.
Seachnaítear an córas iompair phoiblí - seachas i gcás oibrithe bunriachtanacha agus cúiseanna bunriachtanacha amháin.
Cuirfear teorainn 25% i bhfeidhm maidir le líon na ndaoine ar an gcóras iompair phoiblí.
Daoine os cionn 70 agus daoine eile atá i mbaol níos mó mórthinneas a fháil
Ba cheart dóibh sin atá os cionn 70 bliain d'aois agus do dhaoine eile atá i mbaol níos mó mórthinneas a fháil a bheith cúramach maidir leis an méid caidrimh a bhíonn acu le daoine eile agus a mhéid a ghlactar páirt i ngníomhaíochtaí taobh amuigh den áras cónaithe.
Ach, déanfar an treoir reatha do na daoine is leochailí maidir leis na tionchar is measa de COVID-19 a bhfuil cosaint iomlán na vacsaíne faighte acu a ailíniú leis an treoir don phobal i gcoiteann (mar shampla: maidir le córais iompar poiblí a úsáid, dul chuig siopaí etc)
Beidh daoine a mbeidh cosaint iomlán na vacsaíne faighte acu ábalta cuairt faoi dhian a thabhairt ar theaghlach eile a mbeidh an chosaint chéanna faighte acu.
Níl cosaint iomlán faighte mura bhfuil coicís (2 sheachtain) caite ó fuarthas an dara dáileog den vacsaín.
Féach treoir maidir le daoine atá i mbaol níos mó mórthinneas a fháil
Treoir do dhaoine eile atá i mbaol níos mó mórthinneas a fháil
• treoir maidir le seirbhísí míchumais
• daoine níos sine/ionaid cúraim cónaitheacha fhadtéarmacha
• daoine eile atá i mbaol níos mó mórthinneas a fháil
Cuairt ar ionaid cúraim cónaitheachta fadtéarmacha (tithe altranais agus ionaid cúraim)
D'fhéadfaí éascaíocht a dhéanamh do chónaitheoirí 2 chuairt a fháil in aghaidh na seachtaine ar mhaithe le comhbhá ghinearálta. Beifear ábalta seo a dhéanamh agus coicís caite i ndiaidh an dara vacsaín a bheith faighte ag tuairim is ochtar as deichniúr de chónaitheoirí agus d'oibrithe cúraim sláinte ar fad an tí altranais.
Níl aon cheanglas ann teorainn ama níos lú ná uair an chloig a chur i bhfeidhm ar chuairteanna.
Féach [external-link https://www.hpsc.ie/a-z/respiratory/coronavirus/novelcoronavirus/guidance/infectionpreventionandcontrolguidance/residentialcarefacilities/Guidance on visits to RCF.pdf | an treoir nua maidir le cuairt a thabhairt ar Ionaid Cúraim Cónaitheacha Fadtéarmacha (LTRCFanna)], a bhfuil feidhm leis ón 22 Márta 2021