Nollaig Shábháilte
- Foilsithe: 27 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
- Seicliosta maidir le Nollaig Shábháilte
- Siopadóireacht Shábháilte
- Cuartaíocht shábháilte
- Ag ithe béile i gcaiféanna agus i mbialanna
- Lá Nollag Sábháilte
Beidh Éire ag bogadh go dtí Leibhéal 3 Dé Máirt an 1 Nollaig, le roinnt eisceachtaí i bhfeidhm do thréimhse na Nollag.
Gníomhaíocht | Ón 1 Nollaig | Ón 4 Nollaig | Ón 18 Nollaig |
Cuairteoirí chuig do theach | Ní cheadaítear cuairteoirí ar bith seachas iad sin sa bholgán tacaíochta | Ní cheadaítear cuairteoirí ar bith seachas iad sin sa bholgán tacaíochta | 2 theaghlach eile |
Ionaid adhartha | Uasmhéid 50 | Uasmhéid 50 | Uasmhéid 50 |
Músaeim, dánlanna agus pictiúrlanna | Oscailte | Oscailte | Oscailte |
Bialanna | Dúnta | Oscailte | Oscailte |
Tithe tábhairne atá ag feidhmiú mar bhialanna | Dúnta | Oscailte | Oscailte |
Tithe tábhairne ‘fliucha’ | Soláthar agus le tabhairt leat | Soláthar agus le tabhairt leat | Soláthar agus le tabhairt leat |
Miondíol | Oscailte | Oscailte | Oscailte |
Taisteal taobh amuigh de do chontae | Ní cheadaítear | Ní cheadaítear | Ceadaítear |
Seicliosta maidir le Nollaig Shábháilte
Déan ceiliúradh ar bhealach sábháilte le linn shéasúr na Nollag – fan slán agus tugaigí aire dá chéile:
- íoslaghdaigh teagmhálacha le daoine
- caith clúdach aghaidhe agus nigh na lámha go rialta
- déan siopadóireacht i mbealach sábháilte, seachain sluaite taobh istigh agus taobh amuigh
- má airíonn tú tinn, ná téigh sa seans – fan sa bhaile agus téigh i dteagmháil le do dhochtúir teaghlaigh
- coinnigh aer úr ag scaipeadh i do theach
Siopadóireacht Shábháilte
- nuair atá siopadóireacht na Nollag á pleanáil agat, tacaigh le do thoil le miondíoltóirí agus gnólachtaí áitiúla. Má airíonn tú tinn ba chóir duit fanacht sa bhaile
- ag an am gnóthach seo den bhliain is féidir leat siopadóireacht a dhéanamh ar líne go fóill nó do chuid earraí a bhailiú nó iad a thabhairt chomh fada leat
- má théann tú amach ag siopadóireacht, cuir éadaí teo ort féin ar fhaitíos go mbeidh ort seasamh i scuaine
- déan iarracht dul ag siopadóireacht le linn uaireanta seachbhuaice agus fan 2 mhéadar ó shiopadóirí eile
- ní mór duit do mhasc a chaitheamh sa siopa ar mhaithe le do shábháilteacht féin agus sábháilteacht siopadóirí eile agus foirne
- déan iarracht an t-achar a chaitheann tú ag siopadóireacht a choinneáil chomh gearr agus is féidir agus cuimhnigh díghalrán lámh a úsáid agus tú ag dul isteach i siopa agus é á fhágáil
- tá tuilleadh treorach ar fáil do ghnólachtaí
Cuartaíocht shábháilte
Ag cuartaíocht faoi Nollaig
Is cuid thábhachtach den Nollaig dúinn ar fad a bheith ábalta am a chaitheamh lenár dteaghlach, lenár gcairde agus lenár gcomharsana. Ina dhiaidh sin féin, mar is eol dúinn ar fad, beidh rudaí beagán difriúil i mbliana. Mar sin tóg beagán ama chun pleanáil chun cinn, seo roinnt leidí le cuimhneamh cén chaoi ar féidir linn ar fad leanúint á dhéanamh sin, ach ag cinntiú ag an am céanna go gcoinneoidh muid a chéile slán chomh maith.
Cuimhnigh ar na bunriachtanais
- nigh do chuid lámha go minic le gallúnach agus le huisce nó úsáid maothóir lámh alcólbhunaithe mura mbreathnaíonn sé go bhfuil do chuid lámh salach.
- nuair atá tú ag casacht agus ag sraothartach, clúdaigh do bhéal agus do shrón le d’uillinn nó le ciarsúr.
- seachain a bheith ag leagan do lámh ar do shúile, do shrón agus do bhéal.
- léigh treoir iomlán ar cén chaoi tú féin a chosaint
Taobh amuigh nuair is féidir
- nuair atá tú ag caitheamh am le cairde agus le do theaghlach le linn shéasúr na Nollag, déan iarracht é a chaitheamh taobh amuigh nuair is féidir
- tá sé níos sábháilte éadaí teo a chur ort agus taitneamh a bhaint as comhluadar daoine eile in áiteanna taobh amuigh seachas taobh istigh
Ag tabhairt cuairt ar chlann, cairde agus comharsana soghonta
- caith masc nuair atá tú ag casadh le daoine soghonta agus leo siúd a bhfuil bunghalair orthu
- má tá tú taobh istigh, déan cinnte nuair is féidir go bhfuil an áit aeraithe go maith
- cuir teorann leis an méid ama a chaitheann sibh le chéile
- déan cinnte go bhfuil na daoine sin compordach go bhfuil tú chun cuairt a thabhairt orthu sula dtéann tú chomh fada lena ndoras
Ag ithe béile i gcaiféanna agus i mbialanna
- díghalraigh do chuid lámh nuair a théann tú isteach agus ar fhágáil duit
- caith do mhasc aghaidhe taobh istigh agus nuair atá tú ag gluaiseacht timpeall an fhoirgnimh
- tabhair sonraí d’fhonn rianú teagmhálacha a éascú
- Tá tuilleadh eolais ag Fáilte Ireland
Lá Nollag Sábháilte
Pleanáil chun cinn
- pleanáil cén chaoi a gcaithfidh tú do Lá Nollag agus cé leis/léi a mbeidh tú i dteagmháil
- coinnigh do liosta aíonna gearr agus déan iarracht a chinntiú go ndéanann tú do dhlúththeagmhálaithe a theorannú sna laethanta agus sna seachtaine roimh ré
- cuimhnigh – comhaireann gach teagmhálaí!
Ar theacht na n-aíonna
- déan iarracht aíonna a spreagadh díghalrán a úsáid nó a gcuid lámh a ní nuair a thagann siad isteach i do theach nó déan amhlaidh nuair a thagann tú chomh fada le teach duine éigin eile
Dean teagmháil a theorannú
- déan iarracht barróga, póga agus croitheadh lámh a sheachaint agus daoine ag teacht isteach
- ná roinn soithí ná gloiní
- seachain bia a roinnt agus bia a bheith leagtha amach mar stíl buifé
Tabhair beagán áit bhreise
- déan iarracht spás breise a bheith ag an mbord dinnéir
- Cinnteoidh spás breise idir áiteanna ag an mbord go bhfuil gach duine compordach agus go bhfanfaidh siad slán
- ba chóir go suíodh daoine ón teaghlach céanna le chéile
Sa chistin
- cuimhnigh masc a chaitheamh nuair atá tú ag cócaireacht agus ag tabhairt bia chun boird
- cuir teorainn leis an méid daoine atá sa chistin
Aer úr
- coinnigh do theach agus na háiteanna a bhfuil daoine ag bailiú aeráilte
- coinnigh fuinneoga agus doirse oscailte nuair is féidir
- déan iarracht dul ar shiúlóid nó caith am amuigh faoin aer