English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Polasaí na Gaeilge

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 1 Iúil 2019
  • An t-eolas is déanaí: 29 Samhain 2024

Scéim na dTeangacha Oifigiúla: 2019 - 2022

Ullmhaíodh an scéim seo de réir na Treoirlínte faoi Alt 12 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tháinig sí in éifeacht ó 1 Iúil 2019.

Ábhar na Scéime Teanga

Cuireann an scéim seo leis na prionsabail QCS (Seirbhís Cháilíochta do Chustaiméirí), agus leis an gcoimitmint sa Chairt do Chustaiméirí a dheimhníonn gur féidir le custaiméirí ar mian leo gnó a dhéanamh trí Ghaeilge déanamh amhlaidh. Leagann sé amach an méid seirbhísí atá ar fáil faoi láthair trí Ghaeilge, agus aithníonn sé limistéir le feabhsú as seo amach.

Tá cóip den scéim anseo.

Tá cóipeanna de na scéimeanna roimhe seo ó 2005, 2009 agus 2016 ar fáil thíos.

Polasaí maidir le Foilsiú i nGaeilge agus i mBéarla

De réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, foilsítear na doiciméid seo a leanas i nGaeilge agus i mBéarla go comhuaineach:

• Aon doiciméid ina leagtar amach tograí beartais phoiblí

• Aon tuarascáil bhliantúil

• Aon chuntas iniúchta nó ráiteas airgeadais

• Aon ráiteas straitéise a cheanglaítear a ullmhú faoi alt 5 den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997

Ina theannta sin, in ómós spioraid an Achta, agus ar aon dul leis ár dtiomantas seirbhís ar ard chaighdeán a chur ar fáil dár gcustaiméirí, foilsímid réimse doiciméid i ngach ceann de na teangacha oifigiúla - mar shampla:

• An Chairt do Chustaiméirí

• An Bhratach Náisiúnta

• An Lámhleabhar Comh-Aireachta

• Lámhleabhar do Thithe an Rialtais

• Doiciméid Comhairliúcháin Poiblí

• Leabhráin Cuimhneacháin

Faoi láthair, foilsímid i mBéarla amháin doiciméid nach leagann amach tograí beartais phoiblí, nach bhfuil ach ciorclaíocht teoranta acu, agus atá dírithe ar ghrúpaí saineolacha. Foilsítear óráidí ar an láithreán gréasáin sa teanga ina dtugtar iad.

Tá sé mar pholasaí againn go bhfuil an téacs agus na grafaicí ar fáil i ngach ceann de na teangacha oifigiúla ar phríomhleathanaigh ár láithreán ghréasáin.

Sonraí Teagmhála Phearsanra atá ag cur seirbhís Ghaeilge ar fáil

Irish Language Officer

Seoladh:
Department of the Taoiseach, Government Buildings, Merrion Street Upper, Dublin 2, D02 R583
Ríomhphost:

gaeilge@taoiseach.gov.ie

Comhad Gaolmhar

Scéim na dTeangacha Oifigiúla 2019-2022
Amharc amharc
Sceim faoi Acht na dTeangacha Oifigiula 2016-2019
Amharc amharc
Official Languages Scheme 2009-2012
Official Languages Scheme 2009-2012
Amharc amharc
Official Languages Scheme 2005 - 2008
Amharc amharc
Aighneachtaí faoi Scéim na dTeangacha Oifigiúla 2005
Amharc amharc