English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Srianta COVID-19 a mhaolú ar 8 Meitheamh (Céim 2)


Tá na bearta seo ar bun anois. Is cuid iad den treochlár chun an tsochaí agus an gnó a athoscailt.

Tá tionchar mór ag COVID-19 fós ar ár dtír. Ag obair le chéile, tá dul chun cinn déanta againn – ach tá an víreas fós in Éirinn.

Ag ár dtír á hathoscailt againn, tá sé ríthábhachtach go leanfaimid de chloí leis an treoir i dtaca le sláinte phoiblí. Le fanacht sábháilte, ní mór duit srian a chur ar ha háiteanna a rachaidh tú agus ar líon na ndaoine a mbuailfidh tú leo.

Seo cúig rud ba chóir a bheith ar eolas agat do Chéim 2:

  • Fan Áitiúil: Is féidir leat taisteal laistigh de do chontae féin, nó suas le 20 ciliméadar ó do bhaile féin má tá tú ag dul thar teorainneacha contae.
  • Bualadh le daoine eile: Is féidir leat bualadh le suas le 6 duine ó lasmuigh de do theaghlach féin istigh nó amuigh faoin aer do thionól sóisialta. Is féidir gníomhaíochtaí allamuigh aclaíochta, spóirt, cultúrtha nó sóisialta le suas le 15 duine a bheith ann.
  • Siopaí: Tá an miondíol ar fad ag athoscailt. Déan siopadóireacht i siopaí áitiúla, déan go sábháilte é agus tabhair tacaíocht do ghnólachtaí i do phobal.
  • Obair ón mbaile: Tá sé níos tábhachtaí ná riamh obair ón mbaile más féidir.
  • Iompar: Siúil nó rothaigh más féidir leat. Ná bain úsáid as iompar poiblí ach amháin mura bhfuil aon dul as agat. Mar thoradh ar riachtanais i dtaca le scaradh sóisialta, tá srian ar líon na n-áiteanna ar iompar poiblí.

Sláinte an phoiblí

Moltar clúdaigh aghaidhe a chaitheamh in áiteanna poiblí, amhail siopaí, agus ar iompar poiblí.

Is féidir leat bualadh le suas le seisear ó lasmuigh de do theaghlach, istigh nó amuigh faoin aer, do thionóil shóisialta.

Is féidir gníomhaíochtaí allamuigh aclaíochta, spóirt, cultúrtha nó sóisialta le suas le 15 duine a bheith ann.

Má tá tú os cionn 70 bliain d’aois nó íogair ó thaobh sláinte de, bí an-chúramach go deo.

Is féidir le suas le 25 duine neasteaghlaigh agus dlúthchairde freastal ar sheirbhísí sochraide.


Leanaí

Is féidir le campaí samhraidh allamuigh feidhmiú.

Is féidir le clóis súgartha agus áiseanna allamuigh a bhfuil seirbhís tráchtála orthu athoscailt.


Gníomhaíocht eacnamaíochta agus obair

Is é an Item was unpublished or removed an treoir atá i bhfeidhm d’fhostóirí agus d’fhostaithe.

Ní mór leanúint den obair ón mbaile más féidir.

Is féidir le marglanna athoscailt más féidir scaradh sóisialta agus sláinteachas a choimeád.


Miondíol, seirbhísí agus gníomhaíocht tráchtála

Is féidir leis na ionaid miondíola go léir athoscailt. B’fhéidir go mbeidh uaireanta oscailte agus modhanna oibriúcháin éagsúla ann. Le do thoil, bí ag comhoibriú le baill foirne na siopaí agus cloígh leis na córais atá curtha ar bun ar son do shábháilteachta.


Cultúrtha, spóirt agus sóisialta

Is féidir le grúpaí suas le 15 duine, traenálaithe agus cóitseálaithe san áireamh, filleadh ar ghníomhaíocht traenála allamuigh gan teagmháil (ach ní cluichí) agus scaradh sóisialta á choimeád i gcónaí.

Is féidir le leabharlanna poiblí athoscailt.

Is féidir le rásaíocht capall agus con taobh thiar de gheataí dúnta tosú.


Iompar agus taisteal

Iompar poiblí

Mar thoradh ar scaradh sóisialta, tá an-srian go deo ar líon na n-áiteanna ar an iomlán. Ná bain úsáid as iompar poiblí ach do thurais riachtanacha.

Moltar clúdach aghaidhe a chaitheamh.

Seachain an taisteal sa bhuaicam.

Siúil nó rothaigh más féidir.

Taisteal idirnáisiúnta

Ba chóir gach taisteal thar lear as Éirinn nó chun na hÉireann nach bhfuil riachtanach a sheachaint.

Táthar ag súil leis go ndéanfaidh paisinéirí atá ag teacht ó lasmuigh d’oileán na hÉireann iad féin a fhéin-aonrú ar feadh 14 lá.

Beidh ar phaisinéirí freisin foirm a líonadh isteach a léiríonn cén áit a ndéanfaidh siad féin-aonrú.


Comhairle dóibh siúd atá os cionn 70 nó leochaileach ó thaobh na sláinte de

Má tá tú os cionn 70 nó leochaileach ó thaobh na sláinte de, bain úsáid as do chiall féin le cinneadh a dhéanamh conas is fearr an treoir seo a leanas i dtaca le sláinte phoiblí a chur i bhfeidhm:

  • fan sa bhaile oiread agus is féidir leat
  • is féidir leat fáilte a chur roimh líon beag daoine ag an mbaile, ach coinnigh ort leis an scaradh sóisialta
  • don tsiopadóireacht, bain úsáid as na hamanna atá curtha ar fáil go speisialta ag miondíoltóirí
  • má tá tú ag tabhairt cuairt ar dhuine atá os cionn 70 bliain d’aois nó leochaileach ó thaobh sláinte de, tabhair aire ar leith

Tá treoir dóibh siúd atá ag clutharú ar fáil anseo.

Phase 2 - Roadmap for Reopening Society and Business
Amharc amharc
Céim 2 - Treoir don Athoscailt
Amharc amharc
Economic Considerations for Reinstating Economic Activity - Phase 2 Update
Amharc amharc
Department of Health Phase One Status Report on COVID-19
Amharc amharc
Report on the Social Impacts of COVID-19 in Ireland
Amharc amharc