Taighde maidir le hOileán Comhroinnte
- Foilsithe: 8 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 15 Bealtaine 2025
- An Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta
- An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta
- An Chomhairle um Thaighde in Éirinn
- Buan-Chomhdháil maidir le hOideachas Múinteoirí, ó Thuaidh agus ó Dheas
- Taighde Breise
Tá clár taighde leathanréimseach á chur chun cinn ag aonad an Oileáin Chomhroinnte i Roinn an Taoisigh le hiniúchadh a dhéanamh ar na ceisteanna polaitíochta, sóisialta, eacnamaíochta agus cultúir a bhaineann le todhchaí in éineacht ag daoine de gach dream agus traidisiún ar an oileán, agus Comhaontú Aoine an Chéasta mar bhonn daingean faoi.
Tá dlús breise leis an gcomhoibriú tairbheach uile oileáin agus forfheabhas ar chomhcheangal agus ar chomhthuiscint chathartha ar na réimsí príomhbhéime. Is gné lárnach den chur chuige an chomhpháirtíocht Thuaidh/Theas agus Thoir/Thiar.
Tá bonn fianaise níos tréine á chur ar fáil leis an gclár taighde seo mar atá anailís níos déine mar lón eolas don phlé uilechuimsitheach cathartha agus polaitíochta ar thodhchaí in éineacht ar oileán na hÉireann.
Foilsíodh líon is mó ná 40 tuarascáil de thoradh thaighde an chláir go dtí seo.
An Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta
Ar an 28 Bealtaine 2025, thug an Taoiseach Micheál Martin TD an príomhaitheasc ag an gcomhdháil Taighde ar Oileán Comhroinnte. Comóradh a bhí san ócáid ar cheithre bliana den chomhchlár taighde idir an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta agus Aonad an Oileáin Chomhroinnte i Roinn an Taoisigh. D'fhógair an Taoiseach céim nua den chomhchlár taighde a bheidh mar chuid den Tionscnamh Oileán Comhroinnte chomh maith, ina ndíreofar ar bhreithnithe straitéiseacha beartais agus comhoibrithe don dá dhlínse ar an oileán.
Ó 2021 i leith, cuireadh 16 thuarascáil taighde ar fáil mar chuid den gcomhchlár taighde – 'Deiseanna Eacnamaíocha agus Sóisialta a bhaineann le Comhoibriú Méadaithe ar an Oileán Comhroinnte. Tá an taighde seo ag cur leis an tuiscint ar naisc reatha agus fhéideartha ar fud oileán na hÉireann thar réimse fearainn eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil.
Áirítear an méid seo a leanas leis an taighde a foilsíodh le linn 2024-2025:
An tOileán á Roinnt: Deiseanna agus Dúshláin Eacnamaíocha agus Shóisialta: Fianaise ó Chlár Taighde na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta: Ar an 28 Aibreán 2025, mar chuid den chomhdháil Taighde ar Oileán Comhroinnte, sheol an Taoiseach Micheál Martin TD tuarascáil uileghabhálach – ‘An tOileán á Roinnt: Deiseanna agus Dúshláin Eacnamaíocha agus Shóisialta: Fianaise ó Chlár Taighde na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta'. Déantar príomhthorthaí ó na 15 thuarascáil cláir a tháinig roimhe seo a chomhtháthú sa taighde seo faoi chomhchlár taighde na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta-Roinn an Taoisigh um Oileán Comhroinnte. Caitear solas sa chomhchlár ar idirnaisc idir na tuairiscí, cuirtear béim ar impleachtaí le haghaidh foghlaim beartais don oileán amach anseo, agus déantar breithniú ar na himpleachtaí sin. Tá an taighde deiridh ar fáil anseo.
Forbhreathnú Eacnamaíoch ar Éirinn agus ar Thuaisceart Éireann: Ar an 15 Aibreán 2025, d'fhoilsigh an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta tuarascáil ina léirítear mionchomparáid idir geilleagar na hÉireann agus Thuaisceart Éireann le blianta beaga anuas. Clúdaítear raon leathan gnéithe sa chomparáid, lena n-áirítear déimeagrafaic agus treochtaí sa mhargadh saothair, caighdeáin mhaireachtála, struchtúir eacnamaíocha, oideachas, sláinte, agus folláine fhoriomlán. Aithnítear sa taighde go bhfuil an geilleagar ar an oileán éagsúil ó Thuaidh agus ó Dheas ó thaobh gnéithe tábhachtacha struchtúracha de, agus dá bhrí sin, ní bheidh sé feiliúnach i gcónaí comparáid dhíreach a dhéanamh eatarthu ar bhonn iontamhla. Mar sin féin, léirítear réimse léargais thábhachtacha sa taighde ar fheidhmíocht choibhneasta an dá gheilleagar le blianta beaga anuas agus is féidir tuiscint níos fearr a fháil ar dhifríochtaí dá bharr. Tá an taighde deiridh ar fáil anseo.
Bochtaineacht Leanaí ar oileán na hÉireann: Ar an 16 Eanáir 2025, d'fhoilsigh an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta taighde ina ndéantar comparáid idir bochtaineacht leanaí in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Baineadh úsáid as cur chuige modhanna measctha agus sonraí comhchuibhithe suirbhé náisiúnta sa taighde, chomh maith le comhairliúcháin le páirtithe leasmhara. Fuarthas go raibh leibhéil bhochtaineachta ioncaim leanaí beagán níos airde i dTuaisceart Éireann i gcaitheamh 2004-2023, agus go raibh rátaí díothachta ábhartha leanaí níos airde in Éirinn sa chuid is mó den tréimhse a scrúdaíodh (2010-2023), agus go raibh leibhéal inchomparáide i gceist in 2023. Leagtar béim sa tuarascáil ar raon tacaíochtaí leasa, oideachais agus margaidh saothair a mbíonn tionchar acu agus a mbeidh gá leo chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht leanaí sa dá dhlínse. Tá an taighde deiridh ar fáil anseo agus tá an seimineár gréasáin inar seoladh an taighde ar fáil anseo.
Cúinsí a chuireann le hÉagothroime Ioncaim in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann: Ar an 18 Deireadh Fómhair 2024, d'fhoilsigh an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta taighde ina shainaithnítear cúinsí a chuireann le héagothroime ioncaim in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. Sa saothar taighde, arna bhunú ar shonraí na bliana 2019, tagtar ar an gcomhairle go bhfuil dhá ní a oibríonn i gcoinne a chéile ina siocracha le gnéithe den éagsúlacht a bhaineann leis an éagothroime sa dá dhlínse i ndáil le hioncam margaidh nó réamhchánach agus ioncam aistrithe. Tá an taighde deiridh ar fáil anseo agus tá an seimineár gréasáin inar seoladh an taighde ar fáil anseo.
I measc na dtuarascálacha a tháinig roimhe seo faoi chlár taighde na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta-Roinn an Taoisigh um Oileán Comhroinnte tá:
- Inscne agus Lánpháirtíocht ar an Margadh Saothair ar Oileán na hÉireann (Aibreán 2024) – tá fáil ar na sleamhnáin ón seoladh anseo.
- An Chodarsnacht idir an Soláthar Tithíochta in Éirinn, i dTuaisceart Éireann agus sa chuid eile den Ríocht Aontaithe (Eanáir 2024) – tá fáil ar na sleamhnáin ón seoladh anseo.
- Dearcthaí Polaitíochta agus Sóisialta in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann a Athrú(Samhain 2023) – tá an seimineár gréasáin inar seoladh an taighde ar fáil anseo.
- Soghluaisteacht Mac Léinn in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann (Meán Fómhair 2023) – tá fáil ar na sleamhnáin ón seoladh anseo.
- Imeascadh imirceach in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann a chur i gcomparáid (Márta 2023) – Tá físeán ina dtaispeántar buaicphointí ón seoladh ar fáil anseo agus tá na sleamhnáin ar fáil le híoslódáil anseo.
- Oideachas agus Cúram na Luath-Óige in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann (Eanáir 2023) – tá an seimineár gréasáin inar seoladh an taighde ar fáil anseo.
- Comhordú Uile-Oileáin maidir le Bonneagar Fuinnimh agus Tacaíochtaí Fuinnimh In-athnuaite (Nollaig 2022) – tá an seimineár gréasáin inar seoladh an taighde ar fáil anseo.
- Leibhéil Táirgiúlachta a Shamhaltú in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann (Samhain 2022) – tá an seimineár gréasáin inar seoladh an taighde ar fáil anseo.
- Comparáid Thuaidh-Theas idir Córais Oideachais agus Oiliúna: Ceachtanna a thacóidh le Beartas (Aibreán 2022) – tá an seimineár gréasáin inar seoladh an taighde ar fáil anseo.
- Anailís ar Chórais Chúraim Phríomhúil na hÉireann agus Thuaisceart Éireann (Márta 2022) – tá an seimineár gréasáin inar seoladh an taighde ar fáil anseo.
- Tarraingteacht oileán na hÉireann mar láthair le haghaidh Infheistíocht Dhíreach Eachtrach ar Ardluach a Fheabhsú (Nollaig 2021) – tá an seimineár gréasáin inar seoladh an taighde ar fáil anseo.
- Trádáil Trasteorann i Seirbhísí (Nollaig 2021) – tá an seimineár gréasáin inar seoladh an taighde ar fáil anseo.
An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta
Thug an Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta, ar iarratas ó Roinn an Taoisigh, faoi chlár taighde in 2021 chun tuarascáil chuimsitheach a chur le chéile ar shaincheisteanna don Rialtas a bhaineann le hOileán Comhroinnte, chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt an Tionscnaimh Oileán Comhroinnte mar thosaíocht uile-Rialtais. Seoladh an tuarascáil 'Oileán Comhroinnte: Deiseanna Comhroinnte' i mí Aibreáin 2022. Is féidir an tuarascáil a léamh anseo.
Déantar 3 chonclúid uileghabhálacha sa tuarascáil:
- Ar an gcéad dul síos, tá tacaíocht an-láidir ann, sa chleachtas, do chur chuige uile-oileáin maidir le príomhdhúshláin eacnamaíocha, shóisialta, chomhshaoil agus folláine.
- Ar an dara dul síos, léirítear gur spreagadh soiléir, práinneach atá san athrú aeráide agus sa chaillteanas bithéagsúlachta chun tabhairt faoi ghníomhaíocht agus faoi chomhoibriú uaillmhianach uile-oileáin.
- Ar an tríú dul síos, is iad na tosca atá ag dul i bhfeidhm ar an gcomhoibriú reatha, agus ar an gcomhoibriú atá beartaithe don am atá le teacht, ná clár oibre comhroinnte, acmhainní, deimhneacht agus tacaíocht pholaitiúil, comhleanúnachas reachtach agus rialála, agus tionscadail chomhoibríocha.
Déantar tagairt sa tuarascáil do mholtaí sonracha thar chúig phríomhréimse maidir leis an ngeilleagar agus infheistíocht, beartas sóisialta, cúrsaí aeráide agus bithéagsúlachta, tomhas folláine agus comhordú sonraí.
Déanfaidh an Rialtas breithniú dearfach ar mholtaí NESC agus rachaidh siad i gcomhairle le Feidhmeannas Thuaisceart Éireann agus le Rialtas na Ríochta Aontaithe maidir leis na deiseanna aitheanta chun comhoibriú comhthairbheach ar oileán na hÉireann a threisiú. Beidh Comhaontú Aoine an Chéasta mar bhonn taca leis an gcomhoibriú seo.
Is féidir tuilleadh eolais maidir le hobair NESC agus foilseacháin go dtí seo maidir le hOileán Comhroinnte a fheiceáil anseo.
An Chomhairle um Thaighde in Éirinn
Ar an 14 Aibreán 2021, d'fhógair an Chomhairle um Thaighde in Éirinn, i gcomhar le Roinn an Taoisigh, an chéad ghlao ar iarratais ar thaighde acadúil a bhain le Tionscnamh an Rialtais um Oileán Comhroinnte.
Bronnadh aon ghradam déag, a bhfuil luach €20,000 an ceann leo ar a mhéad, faoin gclár New Foundations, arna mhaoiniú ag an Aonad um Oileán Comhroinnte laistigh de Roinn an Taoisigh.
Ar an 10 Bealtaine 2022, fógraíodh glao eile agus bronnadh ocht ndámhachtain, ar uasluach €20,000 in aghaidh na dámhachtana arís.
Cuirfidh na tionscadail cheadaithe eolas agus dearcthaí nua ar fáil lena gcuirfear bonn eolais faoi chuspóirí agus faoi ghealltanais an Rialtais maidir le hOileán Comhroinnte agus beidh comhoibriú Thuaidh/Theas, Thoir/Thiar nó comhoibriú idirnáisiúnta ábhartha i gceist leo.
Tá sonraí iomlána faoi thionscadail taighde 2021 agus 2022 ar fáil anseo, agus is féidir tuilleadh a léamh faoina dtionchar anseo.
Buan-Chomhdháil maidir le hOideachas Múinteoirí, ó Thuaidh agus ó Dheas
Chuaigh an tAonad um Oileán Comhroinnte i bpáirt leis an mBuan-Chomhdháil maidir le hOideachas Múinteoirí, ó Thuaidh agus ó Dheas (SCoTENS), do ghlao ar thaighde a rinneadh idir 2021-2023.
Maoiníodh cúig thionscadal maidir le hoideachas múinteoirí mar chuid den chomhpháirtíocht SCoTENS - Oileán Comhroinnte thar dhá réimse:
- Gnóthachtáil oideachais a fheabhsú: taithí agus foghlaim a roinnt ar oileán comhroinnte.
- An chaoi a múinimid: daoine eile a thuiscint, aitheantas a thabhairt dóibh, agus a bheith ag foghlaim óna chéile agus lena chéile ar oileán comhroinnte.
Cuirfidh an taighde seo le tuiscint fheabhsaithe agus beidh sé mar bhonn eolais faoi chúinsí forbartha gairmiúla agus beartais maidir le hoileán chomhroinnte.
Tá na cúig thionscadal seo a leanas ar fad foilsithe anois:
EDUCATE – Difríochtaí ina dtosca chun Seomraí Ranga agus Oideachas Múinteoirí a Thabhairt le Chéile (Samhain 2024).
CRiTERiA – Freagracht Chultúir in Oideachas Múinteoirí: Taighde i nGníomh (Deireadh Fómhair 2024).
SRASI – Freagracht Chomhroinnte ar fud Oileáin Chomhroinnte: Ceartas sóisialta a mhúineadh mar chuid d’oideachas tosaigh múinteoirí (Deireadh Fómhair 2023).
SHARED – Mianta na Mac Léinn: Gnóthachtáil, Taighde, Cothromas agus Éagsúlacht (Deireadh Fómhair 2022).
BUDDIES – Athmhuintearas, Míbhuntáiste Oideachasúil a Laghdú (Deireadh Fómhair 2022).
Is féidir eolas a léamh faoi gach ceann de na tionscadail thuas anseo.
Taighde Breise
Choimisiúnaigh an tAonad um Oileán Comhroinnte an tOllamh Deirdre Heenan chun taighde scóipe neamhspleách a dhéanamh maidir le Comhoibriú ar Chúram Sláinte ar Bhonn Uile-Oileáin. Cuireadh an plépháipéir isteach don Idirphlé um Oileán Comhroinnte ar Shláinte, a tionóladh ar an 8 Iúil 2021.
Thug an t-aonad um Oileán Comhroinnte cómhaoiniú i gcomhar leis an Roinn Cosanta do thaighde maidir le ‘Cur Chuige Trasteorann Dírithe maidir le Teachtaireachtaí Seirbhíse Poiblí i mBainistíocht Éigeandála a Chur Chun Cinn'. Foilsíodh an taighde i mí an Mheithimh 2024 agus atá sé ar fáil anseo. Táthar ag súil go ndéanfar tuilleadh oibre ar ‘Cumarsáid a mbeidh Tionchair aici: Teachtaireachtaí Sábháilteachta Poiblí do Phobail Teorann’ agus ‘Cur Chuige Dírithe Trasteorann agus Uile-Oileáin a Chur Chun Cinn maidir le Pleanáil le haghaidh Téarnaimh i mBainistíocht Straitéiseach Éigeandála’ in 2025.
Roinnfear an t-eolas is déanaí maidir le hobair bhreise a coimisiúnaíodh mar chuid den chlár taighde um Oileán Comhroinnte anseo.