English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Teacht Aniar agus Téarnamh COVID-19 2021 - An Bóthar Amach Romhainn

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 23 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 3 Márta 2021

Do threoir ar na hathruithe atá le teacht

Scoileanna agus cúram leanaí

1 Márta Scoileanna speisialta ag acmhainn 100%
Naíonáin bheaga agus mhóra, ranganna 1 agus 2 ar ais ar scoil
Ranganna sa bhliain dheireanach den Ardteistiméireacht ar ais ar scoil
8 Márta Tús le cur arís leis an gclár ECCE agus leanaí in aois ECCE ar ais ar scoil
15 Márta Ranganna 3, 4, 5 agus 6 sa bhunscoil
Scoláirí iar-bhunscoile sa 5ú bliain ar ais ar scoil
29 Márta Seirbhísí luathfhoghlama agus luathchúraim agus seirbhísí cúraim leanaí do leanaí in aois scoile le hoscailt arís
12 Aibreán An 1ú go dtí an 4ú bliain sna hiar-bhunscoileanna ar ais ar scoil

Bearta Eacnamaíocha

An Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime Síneadh curtha léi go dtí an 30 Meitheamh 2021
An Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta Síneadh curtha léi go dtí an 30 Meitheamh 2021
Sochar Feabhsaithe Breoiteachta COVID-19 Síneadh curtha leis go dtí an 30 Meitheamh 2021
Scéim Tacaíochta Shrianta Covid Síneadh curtha léi go dtí an 30 Meitheamh 2021
Soláthair iomarcaíochta le cur ar fionraí Síneadh curtha leo go dtí an 30 Meitheamh 2021
Tarscaoileadh rátaí tráchtála Síneadh curtha leis go dtí an 30 Meitheamh 2021

Mar is féidir linn fanacht ar an mbóthar ceart

Cineálacha nua den ghalar a bhainistiú Déanfar monatóireacht chúramach ar chineálacha nua de réir mar a bheidh scoileanna agus seirbhísí cúraim leanaí ag oscailt arís
Smacht a choinneáil ar an víreas Beidh níos mó roghanna againn má laghdaítear uimhreacha den víreas
Soláthar vacsaíní a fháil Táimid ag obair leis an AE d'fhonn soláthar vacsaíní na hÉireann a fháil
An líon daoine a chuirtear san ospidéal a laghdú Ní mór dúinn an brú atá ar ár gcóras sláinte agus ar ár n-oibrithe túslíne a laghdú

Tá sé socraithe ag an Rialtas inniu filleadh sábháilte ar oideachas ionscoile agus seirbhísí cúraim leanaí a éascú ar bhonn cúramach agus céimnithe le linn mhíonna Márta agus Aibreáin.

Déanfar sin taobh leis an dlús a chuirfear faoin gclár vacsaínithe i gcomhar le soláthar, ag cinntiú go ndéantar gach dáileog den vacsaín a thabhairt do spriocghrúpaí chomh luath agus is féidir.

Beidh na srianta reatha sláinte poiblí i bhfeidhm go dtí an 5 Aibreán agus déanfar athbhreithniú eile orthu an tráth sin.

Cuirfear síneadh eile le bearta chun tacú le gnólachtaí agus leo sin nach bhfuil ábalta a bheith ag obair mar gheall ar an bpaindéim.

Tá tionchar mór imeartha ag na srianta seo ar an ngeilleagar, ar fholláine fhisiciúil agus mheabhrach ár bpobal. Cuirfear €10 milliún eile i maoiniú ar fáil chun an t-ardú atá ar an éileamh ar sheirbhísí meabhairshláinte a shásamh, agus cuirfear breisiú eile €10 milliún ar fáil lena chur ar chumas seirbhísí criticiúla leanúint de na seirbhísí sin a chur ar fáil do ghrúpaí leochaileacha.

Leagtar amach sa phlean athbhreithnithe chun an víreas a bhainistiú - Téarnamh agus Teacht Aniar COVID-19 2021: An Bóthar Amach Romhainn - mar a thabharfar oideachas ionscoile agus seirbhísí cúraim leanaí ar ais ar bhonn céimnithe ón 1 Márta, agus tabharfar ar ais iad de réir a chéile ar feadh mhí Márta go dtí go mbeidh sin tugtha chun críche tar éis bhriseadh na Cásca an 12 Aibreán (Tá sonraí thíos).

Ba chinneadh deacair a bhí ann síneadh a chur le srianta Leibhéal 5 agus beidh tionchar ollmhór acu ar gach cuid dár ngeilleagar agus den tsochaí. Tá leibhéal ard nach féidir glacadh leis fós sa phobal áfach, agus ní mór dúinn leanúint den ghalar seo a chur faoi chos. De bharr go bhfuil na cineálacha nua den ghalar i bhfad níos tógálaí, beidh gá leis na srianta go léir eile a bheith i bhfeidhm de réir mar a bheidh na chéad seirbhísí seo ag oscailt arís.

Táthar ag glacadh leis an gcur chuige cúramach, tomhaiste seo d'fhonn:

  • dul chun cinn réidh a dhéanamh, ag tosú le cúram leanaí agus scoileanna, agus ag seachaint ráig eile den ghalar agus srianta a chur i bhfeidhm arís
  • na daoine is leochailí a chosaint trí leathadh amach éifeachtach a dhéanamh ar an gclár vacsaínithe
  • fanacht airdeallach agus sofhreagrúil maidir leis na neamhchinnteachtaí atá ann maidir leis na cineálacha nua agus caipitliú a dhéanamh ar fhianaise a bheidh ag teacht chun cinn ar vacsaíní a bheidh ar fáil
  • an bhunchloch a leagan chun an saol sóisialta, seirbhísí poiblí agus an geilleagar a thabhairt ar ais go hiomlán mar a bhí

Má éiríonn linn leibhéil inghlactha i ndáil le scaipeadh an víris a bhaint amach, má leantar leis an gclár vacsaínithe mar atá beartaithe agus má cheadaítear é faoi chomhairle sláinte poiblí, is iad na roghanna eile a ndéanfar iad a bhreithniú ón 5 Aibreán ná:

  • maolófar de bheagán na srianta atá ar ghníomhaíochtaí faoin aer agus níos mó ná teaghlach amháin ag teacht le chéile
  • breithneofar síneadh a chur leis an teorainn 5km atá i bhfeidhm faoi láthair
  • cuirfear tús de réir a chéile le réimsí eile de na srianta a mhaolú ag díriú ar ghníomhaíochtaí faoin aer lena n-áirítear spórt agus roinnt réimsí in earnáil na tógála

Beidh gá le tréimhse eile trí go ceithre seachtaine i ndáil le haon mhaolú eile a dhéanamh ar shrianta tar éis an 5 Aibreán d'fhonn measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag na hathruithe.

Leanfar den riachtanas atá ann obair ón mbaile le linn na tréimhse seo murar obair bhunriachtanach maidir le cúrsaí sláinte, coimirce sóisialta nó seirbhís nó gníomhaíocht bhunriachtanach eile atá i gceist agus nach féidir í a dhéanamh ón mbaile.

Leanfar le cláir tacaíochta pobail agus folláine an rialtais agus cuirfear síneadh le tacaíochtaí fostaíochta agus gnó, go leor díobh go dtí mí an Mheithimh.

Tá an rialtas tugtha do threochlár soiléir maidir le filleadh ar ghníomhaíochtaí sna hearnálacha is mó atá buailte lena n-áirítear earnálacha na turasóireachta, an chultúir agus an spóirt a fhorbairt.


Féach ar an gcáipéis ina hiomláine

COVID-19 Teacht Aniar & Téarnamh 2021
Amharc amharc

Nótaí

Filleadh Céimnithe ar Oideachas Ionscoile

Cuirfear an filleadh céimnithe ar oideachas ionscoile agus seirbhísí cúraim leanaí i bhfeidhm mar seo a leanas:

1 Márta 2021

  • scoileanna speisialta ar ais ag acmhainn 100%
  • fillfidh na chéad cheithre rang ag leibhéal bunscoile ar oideachas ionscoile, is é sin na naíonáin Bheaga agus Mhóra, Rang a hAon agus Rang a Dó
  • fillfidh ranganna sa bhliain dheireanach den Ardteistiméireacht ar oideachas ionscoile

8 Márta 2021

  • cuirfear tús arís leis an gClár ECCE agus fillfidh leanaí in aois ECCE ar an scoil

15 Márta 2021

  • tabhairt ar ais spriocdhírithe maidir le ranganna 3, 4, 5 agus 6 ag leibhéal bunscoile an 5ú bliain ag leibhéal iar-bhunscoile

29 Márta 2021

  • cuirfear tús arís le gach seirbhís eile luathfhoghlama agus cúraim leanaí

12 Aibreán 2021 ar aghaidh (tar éis Shaoire na Cásca):

  • an 1ú go 4ú bliain san iar-bhunscoil le tabhairt ar ais

Cúram leanaí do na luathbhlianta agus leanaí in aois scoile

Cuirfear tús arís ar bhonn céimnithe le seirbhísí luathfhoghlama agus cúraim leanaí le linn na céimeanna seo a leanas:

  • cuirfear tús arís leis an gclár ECCE agus fillfidh leanaí in aois ECCE ar an scoil ón 8 Márta
  • cuirfear tús arís le gach seirbhís eile luathfhoghlama agus cúraim leanaí ón 29 Márta
  • beidh tús a chur arís leis an gclár ECCE ón 8 Márta ag teacht den chuid is mó le tús a chur arís le scolaíocht bhunscoile ar an láthair. Tá sé ag teacht chomh maith leis an méid atá soláthróirí ag súil leis agus cuireann am leordhóthanach ar fáil do sholáthróirí chun ullmhú don oscailt sin

Bearta Eacnamaíocha

Sa tréimhse seo romhainn, leanfaidh an rialtas de thacú le hoibrithe trí:

  • shíneadh go dtí an 30 Meitheamh a chur leis an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta a bhfuil sé beartaithe deireadh a chur léi faoi láthair an 31 Márta
  • síneadh a chur leis an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime, a bhfuil sé beartaithe deireadh a chur léi an 31 Márta 2021, go dtí an 30 Meitheamh 2021 d'fhaighteoirí reatha, agus cead a thabhairt i gcónaí d'iontrálaithe nua an Íocaíocht sin a fháil
  • síneadh a chur le sochar breoiteachta feabhsaithe COVID-19, a bhfuil sé beartaithe deireadh a chur faoi láthair leis an 31 Márta 2021, go dtí an 30 Meitheamh 2021.

Ina theannta sin, leanfaidh an rialtas de chúnamh a thabhairt do ghnólachtaí trí:

  • shíneadh a chur le Scéim Tacaíochta Shrianta COVID, a bhfuil sé beartaithe deireadh a chur léi an 31 Márta 2021, go dtí an 30 Meitheamh 2021, agus déanfar measúnú eacnamaíoch ar an scéim i gcomhréir leis na ceanglais reachtúla ar an tionchar, leagan amach agus inbhuanaitheacht na tacaíochta tábhachtaí seo
  • leanúint de thacaíochtaí móra a chur ar fáil, trí iasachtaí, deontais, dearbháin agus scéimeanna tacaíochta do ghnólachtaí a raibh tionchar ag an bpaindéim orthu, agus athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar thacaíochtaí den chineál sin de réir mar a bheidh an cás ag forbairt
  • síneadh a chur leis na soláthair iomarcaíochta atá curtha ar fionraí, atá i bhfeidhm faoi láthair go dtí an 31 Márta 2021, go dtí an 30 Meitheamh 2021, d'fhonn cuidiú le tuilleadh caillteanais bhuana post a sheachaint tráth a bhfuil tuairim is 480,000 duine ag fáil na hÍocaíochtaí Dífhostaíochta Paindéime
  • síneadh a chur leis an tarscaoileadh reatha atá ar rátaí tráchtála go ceann trí mhí eile do na gnólachtaí is mó a bhfuil tionchar ag na srianta orthu

Pobail Áitiúla agus Seachadadh Áitiúil

  • cuirfear Ciste Cobhsaíochta breisiú €10 milliún ar fáil d'Eagraíochtaí Pobail agus Deonacha d'fhonn a chur ar a gcumas leanúint de sheirbhísí criticiúla a chur ar fáil do dhaoine leochaileacha

Folláine agus Meabhairshláinte

  • leanfar de thacaíochtaí tánaisteacha a thairg go cianda lena chinntiú go mbeidh daoine ar leithlis ábalta teacht ar chúnamh nuair is gá. Cuirfear €10 milliún eile i maoiniú ar fáil chun an t-ardú atá ann ar an éileamh a shásamh