English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Treoir ón Rialtas maidir leis an mBreatimeacht, Tacaíochtaí Airgeadais agus Uasoiliúna

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 20 Feabhra 2020
  • An t-eolas is déanaí: 14 Bealtaine 2024

Amhail an 1 Eanáir 2021, tá an RA lasmuigh den Mhargadh Aonair agus an tAontas Custam. Ciallaíonn sé sin go bhfuil gnólacht ar bith a aistríonn earraí ón mBreatain Mhór, chuici nó tríthi, faoi réir réimse nua foirmiúlachtaí custam, seiceálacha SPS agus ceanglais rialála eile. Ní mór do ghnóthaí, is cuma cé chomh beag is atá siad, céimeanna a ghlacadh anois chun tuiscint a fháil ar na tionchair a bheidh ag na rialacha nó próisis nua seo ar a gcuid oibríochtaí, agus ní mór dóibh a chinntiú go bhfuil siad ullamh ina leith.

Tá an Item was unpublished or removed i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021 trína gcinnteofar nach bhfuil feidhm ag go leor de na hathruithe atá le tarlú maidir leis an trádáil a dhéanaimid leis an mBreatain Mhór.

Aithníonn an Rialtas go bhfuil an timpeallacht ghnó reatha an-deacair. Mar gheall ar phaindéim COVID-19, tá athrú suntasach tagtha ar an gcomhthéacs geilleagrach inar tharla an Breatimeacht, mar aon le cumas ghnóthaí na hÉireann ullmhú ina leith. Is dá bharr sin a bhfuil réimse tacaíochtaí gnó curtha ar fáil ag an Rialtas, ag oibriú le comhlachtaí tionscail agus grúpaí gnó, lena n-áirítear tacaíochtaí airgeadais, uasoiliúna agus tacaíochtaí comhairleacha, d’fhonn tacú le gnóthaí agus cuidiú leo dul in oiriúint do na hathruithe a bheidh i gceist mar gheall ar an mBreatimeacht.

Tá forléargas ar an réimse tacaíochtaí atá ar fáil i ndáil leis an mBreatimeacht mar aon leis an áit is féidir tuilleadh sonraí a fháil ar fáil thíos.


D’ullmhacht i leith an Breatimeacht a mheas

Don chéad chéim thábhachtach, tá roinnt uirlisí ar fáil ar féidir le gnóthaí a úsáid chun a n-ullmhacht i leith an Breatimeacht a mheas agus na réimsí is measa a d’fhéadfadh a bheith buailte nó na réimsí a bhfuil an aird is mó de dhíth orthu a aithint.

Cuideachtaí in earnáil ar bith: Bain úsáid as Scórchárta an Bhreatimeachta ó Fhiontraíocht Éireann chun tuairim ghinearálta a fháil de d’ullmhacht, agus breathnaigh ar an Seicliosta d’Ullmhacht Breatimeachta ina leagtar amach na gníomhaíochtaí bunriachtanacha atá le déanamh lena chinntiú go bhfuil tú réidh le trádáil a dhéanamh leis an RA.

Gnóthaí a bhaineann le bia, deochanna nó gairneoireacht: Bain úsáid as an bPlean Gníomhaíochta don Bhreatimeacht ó Bhord Bia.

Gnóthaí a bhaineann le turasóireacht: Bain úsáid as Leathanach Tacaíochta Breatimeachta Fáilte Ireland.


Comhairle a fháil

Tá réimse leathan cláir agus tacaíochtaí comhairleacha i bhfeidhm ag brath ar do riachtanais ghnó ar leith.

Gach gnó: Cuireann Seirbhís Chomhairleach ar an mBreatimeacht ó Idir-Thrádáil Éireann réimse comhairle phraiticiúil, tacaíocht agus eolas ar fáil do ghnóthaí maidir le ceisteanna a bhaineann leis an mBreatimeacht.

Gach gnó beag agus micreaghnó: Tá líonra na hOifige Fiontair Áitiúil ag reáchtáil Clár Meantóireachta i ndáil leis an mBreatimeacht ar fud na tíre chun tacú le húinéirí agus bainisteoirí gnólachtaí.

Gnóthaí a onnmhairíonn: Reáchtáil Fiontraíocht Éireann sraith Clinicí Comhairleacha ar fud na tíre maidir leis an mBreatimeacht inar cuireadh eolas agus tacaíocht phraiticiúil ar fáil. Is féidir na torthaí is tábhachtaí ón tsraith a fháil anseo. Chomh maith leis sin reáchtáil Fiontraíocht Éireann sraith Seimineár gréasáin i ndáil leis an mBreatimeacht inar cuireadh eolas agus leideanna barrthábhachtacha ar fáil a chuideoidh le do ghnó roinnt de na rioscaí a bhaineann leis an mBreatimeacht a mhaolú.

Daoine a oibríonn san earnáil bia, dí, iascaigh nó gairneoireachta: Sa Plean Gníomhaíochta don Bhreatimeacht ó Bord Bia, cuirtear eolas ar fáil maidir le héagsúlú margaidh, leanúnachas gnó, caidreamh le custaiméirí, acmhainneacht airgeadais agus an slabhra soláthair.

Sa Mhol Náisiúnta Nuálaíochta Bia nua atá lonnaithe ag Campas Teagasc i Moorepark, cuirtear bonneagar, saineolas agus deiseanna ar fáil do SMEnna chun nuálaíocht a dhéanamh agus tabhairt faoi ghníomhaíochtaí taighde ar bhealach inacmhainne.

Chomh maith leis na tacaíochtaí reatha atá ar fáil d’earnáil bia mara na hÉireann, tá réimse tacaíochtaí ag Bord Iascaigh Mhara do ghnóthaí bia mara chun fáil faoi réir don Bhreatimeacht. Is féidir le cuideachtaí leas a bhaint as meantóireacht agus comhairleoireacht shonrach chun cuidiú leo a straitéis i ndáil leis an mBreatimeacht a fhorbairt agus na rioscaí a bhaineann leis a mhaolú. Chun iarratas a dhéanamh ar an gClár Tacaíochta don Bhreatimeacht, seol ríomhphost chuig brexit@bim.ie .

Má oibríonn tú in earnáil na turasóireachta: Trína chlár Get Brexit Ready, cuireann Fáilte Éireann sraith tacaíochtaí ar fáil chun cuidiú le gnóthaí turasóireachta dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an mBreatimeacht ar nós tacaíochtaí forbartha, cláir oiliúna, léargais agus faisnéis faoin margadh.

Má tá cuideachta ar bith ag cur straitéis san áireamh maidir le héagsúlú margaidh, ba chóir dóibh bheith ar an eolas go bhfuil teacht ag cuideachtaí in Éirinn ar na buntáistí a bhaineann leis an réimse iomlán Comhaontuithe Saorthrádála atá ag an AE, lena n-áirítear na cinn a cuireadh i gcrích leis an tSeapáin, Singeapór agus Ceanada le gairid. Trí Chomhaontuithe Saorthrádála an AE, is féidir margaí nua a oscailt, constaicí a shárú agus deiseanna nua a chur ar fáil do ghnólachtaí atá lonnaithe in Éirinn, go háirithe gnóthaí agraibhia a mbíonn na constaicí is déine rompu go minic maidir le honnmhairiú chuig Tríú Tíortha. Mar gheall ar an mBreatimeacht tá sé níos tábhachtaí fós dlús a chur le comhaontuithe trádála AE a chur ar fáil in éineacht le geilleagair ceannródaíocha agus bloic réigiúnacha. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.


Riosca Airgeadra a Bhainistiú

Tá treoir agus uirlisí chun neamhchosaint airgeadra a bhainistiú ar fáil anseo.


Tacaíochtaí Airgeadais

Mar fhreagairt ar an mBreatimeacht, tugadh roinnt tacaíochtaí airgeadais isteach chun dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh ghnóthaí Éireannacha mar thoradh air. Áirítear orthu sin:

  • D’fhéadfaí tionchar a imirt ar shreabhadh airgid agus ba chóir dó gnóthaí smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar iasacht caipitil oibre tríd an Scéim Iasachta i ndáil leis an mBreatimeacht trínar féidir le gnóthaí incháilithe iasachtaí a fháil ó €25,000 suas le €1.5 milliún, lena n-áirítear iasachtaí neamhurraithe suas le €500,000 a fháil, ar feadh téarmaí suas le trí bliana agus ag an uasráta úis 4%.
  • Cuirtear suas le €25,000 ar fáil do ghnólachtaí le hIasacht Gnó Breatimeachta Mhicrea-Airgeadas Éireann, gnólachtaí a bhfuil a gcuid láimhdeachais tite (nó ar dóigh go dtitfidh sé) faoi 15% nó níos mó, nó sa chás go bhfuil sreabhadh airgid gearrthéarmach de dhíth ó ghnólacht mar gheall ar an mBreatimeacht. Tá réimse iasachtaí ar fáil, ó iasacht sé mhí go dtí iasacht 3 bliana.
  • Tríd an Future Growth Loan Scheme, cuirtear iasachtaí ar fáil chun tacú le SMEnna infheistíocht straitéiseach a dhéanamh in inbhuanaitheacht agus fás sa todhchaí. Tá an scéim tacaithe ar ráthaíocht ón gCiste Eorpach Infheistíochta. Cuirtear iasachtaí ar fáil ina bhfuil téarmaí idir 7-10 mbliana i gceist agus tá an scéim oscailte do ghnóthaí Éireannacha incháilithe, feirmeoirí agus iascairí san áireamh. Méadaíodh an scéim seo le gairid chun suas le €800 milliún a chur ar fáil.
  • Cuireann Fiontraíocht Éireann réimse tacaíochtaí airgeadais ar fáil atá dírithe ar Ullmhacht don Bhreatimeacht lena n-áirítear an Deontas Ullamh i leith Custaim ina bhfuil suas le €9,000 i gceist in aghaidh gach fostaí incháilithe a fhostaítear, nó a athlonnaítear laistigh den ghnó, ar ról custaim tiomnaithe.
  • Chomh maith leis sin, cuireann Fiontraíocht Éireann an Deontas Bí Ullamh , ar fáil, ina gcuirtear suas le €5,000 ar fáil chun cuidiú le cliantchuideachtaí onnmhairithe plean a fhorbairt chun déileáil leis an mBreatimeacht, mar aon leis an Ciste um Mhargaí a Aimsiú trína dtacaítear le cuideachtaí taighde a dhéanamh ar straitéisí margaidh nua atá inmharthana agus inbhuanaithe. Chomh maith leis sin, áirítear le tacaíochtaíEI an Tionscnamh maidir le Gníomhú, Comhairleoireacht Straitéiseach agus an tairiscint maidir le Barr Feabhais Oibriúcháin.
  • Tríd an Líonra atá ag an Oifig Fiontair Áitiúil(LEOanna) cuirtear tacaíocht ar fáil chun teacht ar líon tacaíochtaí airgeadais do ghnóthaí chun ullmhú don Bhreatimeacht, lena n-áirítear Deontais maidir le Cúnamh Teicniúil do Mhiocronnmhairitheoirí , agus Dearbháin Trádála ar Líne.
  • Trí dhearbháin Idir-Thrádáil Éireann Start to Planó Idir-Thrádáil Éireann, cuirtear suas le €2,250 ar fáil do SMEnna chun comhairle/oiliúint a aimsiú chun ullmhú don Bhreatimeacht.
  • Ina theannta sin fáiltíonn an Rialtas roimh mholadh an Choimisiúin Eorpaigh díreach breis is €1 bhilliún ón gCúlchiste Coigeartaithe maidir leis an mBreatimeacht a leithdháileadh ar Éirinn agus leanfaidh de dul i mbun oibre lena chinntiú go ndéanfar an tacaíocht sin a chur ar fáil do na hearnálacha is measa atá buailte ag an tionchar a bhaineann leis an mBreatimeacht.

Tacaíochtaí Uasoiliúna

Forbraíodh réimse tacaíochtaí chun baill foirne laistigh de do ghnó a uasoiliúint ar fud réimsí barrthábhachtacha d’fhonn dul i ngleic leis na dúshláin a bhainfidh leis an mBreatimeacht, lena n-áirítear imréiteach custaim, an slabhra soláthair a bhainistiú agus margaíocht a dhéanamh. Áirítear orthu sin:

Custaim agus an slabhra soláthair

  • Mar chuid den phacáiste July Jobs Stimulus, cheadaigh an Rialtas maoiniú breise €150 milliún chun sraith tionscnamh fiontraíochta a leathadh amach, lenar áiríodh €20 milliún i leith bearta custaim maidir leis an mBreatimeacht. Tríd an Scéim Forbartha Acmhainneachta um Imréiteach Cánach seo, ar a dtugtar Ullamh i leith Custaim arna riar ag Fiontraíocht Éireann, cuideofar le SMEnna atá ag onnmhairiú agus ag allmhairiú leis an mBreatain Mhór agus níos faide i gcéin, baill foirne, bogearraí agus córais IT a chur i bhfeidhm le go mbeidh siad réidh do na socruithe custaim nua.
  • Tá an dara chéim den oiliúint custaim saor in aisce ó Skillnet Ireland, Imréiteach Cánach ar Líne 2020, oscailte anois d’iarratais chun tacú leis an earnáil idirghabhálaithe custaim agus le gnóthaí a thrádálann go minic leis an mBreatain Mhór nó tríthi. Clúdaítear sa chúrsa réimse ceanglas custam agus SPS agus cuirtear é ar fáil ar ardán ar líne go príomha d’fhonn cur isteach ar ghnóthaí a laghdú.
  • Cúrsa 45 nóiméad ar líne ó Fhiontraíocht Éireann ar a dtugtar Léargais ChustamLéargais Chustam , atá ar fáil do gach gnó agus ina ndírítear ar thuiscint mhaith a chur ar fáil do chuideachta ar na príomhchoincheapa i ndáil le custaim, na doiciméid agus próisis.
  • Reáchtálann Oifigí Fiontair Áitiúla ceardlanna lae maidir le bheith Ullamh i leith Custaim ar fud na tíre, a bhfuil sé mar aidhm leo tuiscint níos fearr a chur ar fáil do ghnóthaí maidir leis na tionchair, foirmiúlachtaí agus nósanna imeachta a d’fhéadfadh bheith i gceist maidir le trádáil a dhéanamh leis an mBreatain Mhór. Cliceáil anseo chun clárú do cheardlanna.
  • Clár saincheaptha is ea Tionscnamh um Ghníomhú ó Fhiontraíocht Éireann ina chuidítear le cuideachtaí incháilithe plean gníomhaíochta a fhorbairt maidir leis an mBreatimeacht atá dírithe ar réimsí ar nós bainistiú airgeadais agus airgeadra, foinsiú straitéiseach agus custaim agus lóistíocht.
  • Cuireann Bord Bia oiliúint ar fáil maidir le custaim agus táillí, an slabhra soláthair a bhainistiú, agus ceanglais Sláintíochta agus Fíteashláintíochta (SPS) atá curtha in oiriúint do riachtanais na hearnála bia agus dí. Tríd an treoir um straitéis don slabhra soláthair agus an t-eolaire do sholáthraithe seirbhíse lóistíochta ó Bord Bia, tá sé beartaithe tacaíocht a thabhairt do ghnóthaí chun comhpháirtithe oibríochtaí a aithint, cainéil nó bealaí imdháilte níos éifeachtúla a bhunú agus straitéis a aithint a d’fhéadfaí a úsáid chun an Breatimeacht a bhainistiú.
  • blúiríní tacaíochtaí maidir leis an slabhra soláthair saor in aisce cruthaithe ag Idir-Thrádáil Éireann chun cuidiú le gnóthaí na háiteanna ina bhfuil na príomhdheiseanna agus na príomhrioscaí i gceist a aithint, mar aon leis na gníomhaíochtaí is féidir leo a dhéanamh chun a slabhraí soláthair a chosaint.

Tacaíochtaí oiliúna eile

Is féidir le gnóthaí leas a bhaint as tacaíochtaí oiliúna reatha freisin trí:

  • An Fóram Scileanna Réigiúnacha áitiúil ina dtugtar cúnamh d’fhostóirí nascadh le réimse seirbhísí agus tacaíochtaí atá ar fáil ar fud an chórais oideachais agus oiliúna. Déan teagmháil le do bhainisteoir Fóram Scileanna Réigiúnacha chun na roghanna atá agat a phlé.
  • An Líonra Skillnet Ireland a oibríonn le gnóthaí ar fud réimse earnálacha chun riachtanais reatha agus riachtanais atá ag teacht chun cinn a bhaint amach.
  • Springboard+ trína gcuirtear cúrsaí ardleibhéil saor in aisce/fóirdheonaithe ar fáil i raon réimsí ar nós forbairt gnó agus lóistíocht/slabhra soláthar a bhainistiú.
  • Rannpháirtíocht i gcláir phrintíseachta don earnáil Lóistíochta nó Miondíola. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig an Comhairle Printíseachta.
  • An clár GradStart ó Fhiontraíocht Éireann trína dtacaítear le cliantchuideachtaí chun céimithe sároilte a fhostú lena ngnó a fhorbairt agus a mhéadú ar feadh dhá bhliain. Nuair atá riachtanas soiléir ag cuideachta i ndáil le céimí ag a bhfuil inniúlacht teanga, déanfar 70% de chostais tuarastail an chéimí a chlúdach.

Tá tuilleadh eolais maidir leis na tacaíochtaí oiliúna agus uasoiliúna ar fáil ag Gnó a Ullmhú don Bhreatimeacht: Uasoiliúint.

Cliceáil anseo chun filleadh ar an leathanach An Breatimeacht agus Gnó.