Óráid ón Taoiseach, Micheál Martin TD – Dún na nGall ar Leibhéal 3 faoi Phlean na hÉireann chun maireachtáil le Covid -19, Tithe an Rialtais
- Foilsithe: 24 Meán Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 8 Aibreán 2021
Eisithe ag Preasoifig an Rialtais
Tráthnóna maith daoibh go léir.
Níos lú ná seachtain ó shin sheas mé anseo taobh amuigh de Thithe an Rialtais agus thug mé rabhadh go raibh an víreas Covid 19 ag fáil greim docht arís ar fud na hEorpa agus ar fud na tíre seo agus gur in olcas a bhí an scéal ag dul.
Mar chuid den teachtaireacht sin, b’éigean domsa agus don Rialtas a fhógairt go raibh srianta breise á dtabhairt isteach i gcás chathair agus chontae Bhaile Átha Cliath agus fios maith againn go ndéanfadh na srianta sin an saol, agus an deis slí bheatha a bhaint amach, níos deacra do go leor daoine.
Tháinig an Rialtas ar an gcinneadh sin toisc gurb é sábháilteacht gach aon saoránach dár gcuid an fhreagracht is mó agus is bunúsaí atá orainn.
Thug mé le fios go soiléir ag an am, agus déanfaidh mé amhlaidh anois, nach mbeidh aon drogall orainn pé cinntí atá riachtanach a ghlacadh chun beatha agus sláinte an phobail a chosaint.
Anocht, bunaithe ar an eolas agus ar an gcomhairle atá faighte againn ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET), tá cinneadh glactha ag an Rialtas go gcaithfear Contae Dhún na nGall ar fad a chur ag Leibhéal 3 le Baile Átha Cliath, faoi Chreat Srianta an Rialtais.
Arís, is tréimhse trí seachtaine suas go dtí 16 Deireadh Fómhair atá i gceist.
Mar a tharla i gcás Bhaile Átha Cliath, cuirfidh an Rialtas breis tacaíochtaí ar fáil do na gnólachtaí a gcuirfidh na srianta breise seo as dóibh.
I gcás Dhún na nGall, faoin stádas nua beidh na srianta ar fad a cuireadh i bhfeidhm i gcathair agus i gcontae Bhaile Átha Cliath i gceist, taobh amuigh d’aon rud mór amháin.
I mBaile Átha Cliath, níor oscail tithe óil de bharr nach raibh an oiread feabhais tagtha ar phatrún scaipthe an ghalair sa tréimhse roimhe sin le go bhféadfaí iad a athoscailt.
I nDún na nGall, ag teacht le creat nua an Rialtais, beidh na tithe óil sin ag feidhmiú ar an mbealach céanna leis na bialanna agus na tithe tábhairne a mbíonn bia ar fáil iontu.
I bhfocail eile, féadfaidh siad fanacht oscailte do chustaiméirí a bheidh ag ól taobh amuigh, agus dóibhsean amháin, gan dul thar chúigear déag.
Tá an cinneadh seo anocht bunaithe ar shonraí a tháinig ó NPHET, sonraí atá, le bheith fírinneach, ina gcúis mhór imní agus ar mhaith liom iad a roinnt libh.
Le seacht lá anuas, tá ráta seacht lá scaipthe an ghalair níos airde i nDún na nGall ná in aon áit eile sa tír.
Tá méadú ag teacht ar líon na ráigeanna atá ar fud na tíre, agus mar shampla amháin, d’oibríomar amach anocht go bhfuil an ráta tolgtha i bpobal amháin, Sraith an Urláir, ag 336 in aghaidh gach 100,000 duine.
Le huimhreacht den sórt seo, níl an dara rogha againn ach gníomhú agus gníomhú go deimhneach.
Is é an t-údar gur ainmnigh mé pobal áitiúil ar leith ná chomh sciobtha agus a d’fhéadfadh an rud seo imeacht ó smacht a léiriú;
Chomh sciobtha agus a d’fhéadfadh ráig sa phobal iompú isteach ina géarchéim as éadan.
Níl an milleán ar aon duine amháin ná ar aon phobal amháin. Níor chóir go mbeadh stiogma ar bith ag baint leis an víreas a bheith ar dhuine. Is cuma leis cé tú féin, nó cé as tú. Níl uaidh ach scaipeadh agus tapóidh sé an deis sin i gcónaí.
Agus ní i mBaile Átha Cliath ná i nDún na nGall amháin atá an víreas ag scaipeadh.
Tugann an t-eolas a fuaireamar ó NPHET anocht le fios go bhfuil cúrsaí imithe in olcas ar fud na tíre le seachtain anuas.
- Tá ardú tagtha ar líon na gcásanna in aghaidh an lae, an ráta 7 lá agus an ráta 14 lá, agus ar líon na n-othar atá in ospidéil agus in aonaid dianchúraim.
- Cé go bhfuil líon na ndaoine atá ag fáil bháis íseal, ar an dea-uair, mar sin féin tá ardú ag teacht air.
- Tá NPHET agus an Rialtas ag coinneáil súil ghéar ar chúrsaí i gcontaetha Lú, Phort Láirge, Chill Mhantáin, Chill Dara, Chorcaí agus na Gaillimhe.
Creidim go gcaithfimid a bheith an-ionraic lena chéile faoin gcás ina bhfuilimid leis an víreas seo, agus is gá dúinn an cheist a phlé go neamhbhalbh san am atá amach romhainn.
Tarlóidh an plé seo ag leibhéal náisiúnta, agus is gá go mbeadh an plé céanna ar siúl i ngach uile theach sa tír.
Toisc nach féidir le Rialtas na hÉireann, as a chonlán féin, an víreas seo a stopadh ó a bheith ag scaipeadh.
Ag gníomhú le chéile mar phobal agus ag seasamh go diongbháilte gualainn ar ghualainn is féidir linn an scaipeadh tubaisteach a mhoilliú.
An tseachtain seo caite d’fhógair mé go raibh srianta breise le cur i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath agus anocht is é Dún na nGall atá i gceist. Ach, le bheith ionraic faoi, tá gach seans ann go mbeidh fógraí ar nós iad seo le déanamh maidir le ceantair eile.
Caithfidh gach aon duine againn machnamh a dhéanamh air sin.
Tá sé de chumhacht ag gach aon duine againn, tríd an saol a mhairimid agus tríd na cinntí a ghlacaimid, a shocrú an dtabharfar an spás don víreas seo le fás.
Mar, cé go bhfuil gach seans ann go gcaithfear ceantair eile a bhogadh go dtí Leibhéal 3 ní gá go dtarlódh sé sin.
Má shocraíonn gach aon duine againn cloí leis an gcomhairle agus na béasa bunúsacha a bhaineann le níochán na lámh, le casacht agus leis an scaradh sóisialta,
Má shocraíonn gach aon duine againn cloí leis na rialacha atá i bhfeidhm sa tír,
Má shocraíonn gach aon duine againn gan freastal ar chóisirí tí,
Má shocraíonn gach aon duine againn srian a chur ar líon na ndaoine a mbuailimid leo go sóisialta sa tréimhse atá amach romhainn,
Má shocraíonn gach aon duine againn freagracht a ghlacadh agus ár ndícheall a dhéanamh leis seo. Níl an méadú seo dosheachanta agus déanta na fírinne feicfimid athrú ag dul malairt treo agus an tír ar fad ag filleadh ar Leibhéal 2.
Is ar an mbealach seo a thabharfar cosaint don dream is leochailí, a choinneofar an oiread daoine agus is féidir ag obair agus a choinneofar na scoileanna ar oscailt.
Tá an-chuid déanta ag muintir na hÉireann cheana féin agus ba bhreá liom dá mba rud é gur deá scéala a bhí agam anocht. Ach, in ainneoin sin, is féidir linn teacht slán as seo agus tiocfaidh.
Gach duine againn le chéile ag socrú an rud ceart a dhéanamh ar son a chéile.
críoch