English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Óráid ag an Taoiseach, ag Fáiltiú Lá Fhéile Pádraig sa Teach Bán, Washington DC

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 15 Márta 2018
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Seiceáil i gCoinne Seachadadh

A Uachtaráin agus a Dhaoine Uaisle,

Thar ceann Rialtas na hÉireann, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leat as an deis a ghlacadh ár lá náisiúnta a cheiliúradh le Diaspóra na hÉireann anseo sna Stáit Aontaithe.

Do mhuintir na hÉireann, agus dóibh siúd de bhunaidh na hÉireann ar fud an domhain, is cuma cén áit atáimid, is é seo an t-am nuair a dhéanaimid ceiliúradh ar cé muid féin mar phobal.

Níl aon áit eile ar domhan a dhéantar Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh ar bhealach níos díograisí ná anseo sna Stáit Aontaithe, áit a bhfuil 35 milliún Meiriceánach de bhunaidh na hÉireann.

Dé Sathairn beidh mé i do bhaile dúchais i Nua-Eabhrac, áit a mbeidh sé d’onóir agam siúl síos 5th Avenue i bparáid Lá Fhéile Pádraig.

A Uachtaráin, meabhraíonn imeachtaí mar an Fáiltiú seo sa Teach Bán agus na paráidí ar fud na tíre Dé Sathairn dúinn na ceangail a nascann an dá thír le chéile.

Tá na ceangail sin fréamhaithe inár stair chomhroinnte. Mar a dúirt tú féin i bhForógra do 'Mhí Oidhreachta na nGael-Mheiriceánach', chabhraigh spiorad na hÉireann, i bpáirt le féinmhuinín Mheiriceá, leis an tír seo a mhunlú.

Tá portráid an chéad Uachtaráin, George Washington, crochta os ár gcionn anseo sa Seomra Thoir. Dar leis an Uachtarán Washington bhí Éire ina cara ag Meiriceá. Theastaigh uaidh go mbeadh Éire saor agus go mbeadh síocháin inti. Dar le George Washington, is sinne na strainséirí a chruinnigh thart ar do bhratach.

Thacaíomar le cúis Shíocháin Mheiriceá ón tús – bhíomar sásta fuil a dhoirteadh ar son na cúise sin.

Ar an gcaoi chéanna, chabhraigh na Stáit Aontaithe le hÉirinn nua-aoiseach a thógáil. Tír a bheadh rathúil agus síochánta, féinmhuiníneach faoinár n-áit sa domhan, ní amháin oileán ar imeall na hEorpa, ach oileán i lár an domhain.

I m'Oifig tá bailiúchán óráidí agus litreacha de chuid Abraham Lincoln agam. Uaireanta nuair a bhíonn géarchéim ann nach bhfuil aon réiteach soiléir le fáil uirthi, faighim gaois i bhfocail an chéad Uachtaráin Phoblachtaigh.

Chreid an tUachtarán Lincoln an méid seo:

‘When we talk, we are only repeating what we already know. But if we listen, we may learn something new’.

Casadh an tUachtarán Trump orm níos luaithe agus creidim trí labhairt agus éisteacht leis gur fhoghlaim muid araon rudaí a chabhróidh lenár dá thír agus iad ag gluaiseacht ar aghaidh.

Chum an file clúiteach Walt Whitman píosa filíochta faoin Uachtarán Lincoln a bhfuil cáil air go fóill.

Rinne Whitman, agus é ag scríobh faoi Éire, cur síos ar ‘an isle of wondrous beauty’, agus ar na daoine a d’fhuiling cruachás agus iad ag trasnú an Atlantaigh.

B’iad sin na fir, mná agus leanaí a d’aimsigh tearmann agus sábháilteacht sna Stáit Aontaithe.

Roghnaigh siad an ‘Domhan Nua’ chun an ceann is fearr a fháil ar an gcos ar bolg, ar an ocras agus ar an mbochtaineacht, agus a d’fhuiling droch-choinníollacha agus iad ag trasnú an Aigéin Atlantaigh.

Shroich siad an Phoblacht nua, áit a bhfuair siad deis todhchaí nua a chruthú dóibh féin.

Bhí siad in ann a n-aislingí a bhaint amach agus rinneadh Meiriceánaigh díobh. Mar sin, tá scéal na nÉireannach i Meirceá chomh sean le Meiriceá féin.

Sa lá atá inniu tá Diaspóra na hÉireann le fáil i ngach stát, gach cathair agus gach comharsanacht sa tír seo.

D’éirigh go maith linn sa pholaitíocht, sa ghnó, sna healaíona agus sna fórsaí cosanta. Tá go leor againn i láthair anseo inniu.

Tá go leor Éireannach ag obair anseo sa Teach Bán fiú.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leat, a Uachtaráin, as an gcruinniú iontach a bhí againn ar maidin san Oval Office.

Mhalartaíomar dearcaí maidir le saincheisteanna tábhachtacha, lena n-áirítear trádáil, slándáil agus imirce.

Tá a fhios agam go bhfuil grá mór ag muintir na hÉireann a tháinig anseo, lena n-áirítear iad siúd atá gan doiciméid, don tír seo.

Tá an aisling chéanna acu leis na fir agus na mná a thug spreagadh do Washington, a throid do Lincoln, agus a oibríonn i bhur dteannta inniu.

Teastaíonn uathu leanúint de bheith ag cur le saol na tíre seo, agus leanfaidh siad orthu ag déanamh a bpáirt. Ní thiocfaidh deireadh lena n-aislingí.

Geallaim duit, a Uachtaráin, go leanfaidh Rialtas na hÉireann ar aghaidh ag obair le do Rialtas chun réiteach a fháil ar an tsaincheist thábhachtach seo. Agus déanfaimid ár ndícheall ar son mhuintir Mheiriceá in Éirinn.

Is ionann dea-chaidreamh idir dhá thír agus idirbheart cothrom. Faightear agus tugtar rud éigin ar an dá thaobh. Margadh maith – d’fhéadfá a rá.

Creidim, inniu, gur féidir le hÉirinn gníomhú mar dhroichead idir an tír iontach seo agus an tAontas Eorpach. Agus, níos mó ná riamh, is comhpháirtí láidir agus éifeachtach atá ionainn daoibhse.

Oibríonn an caidreamh eacnamaíoch ar an dá thaobh. Fostaíonn gnólachtaí Éireannacha os cionn 100,000 duine anseo ar fud na 50 stát. Ó chuaigh tú i mbun oifige, a Uachtaráin, tá infheistíochtaí nua déanta ag 59 cuideachta sa tír seo. Táimid ag cruthú post, poist mhaithe.

Gach aon seachtain, bímid ag trádáil luach $2 billiún in earraí agus seirbhísí anonn is anall trasna an Atlantaigh. Ba mhaith linn go dtiocfadh fás ar sin.

Mar sin, mar cheiliúradh ar an gcaidreamh fada agus dlúth idir an dá thír agus an dá phobal, is mór an onóir dom Babhla Seamróg na bliana seo a bhronnadh ort.

Beannachtaí na Féile Pádraig ort.