Óráid ag An Taoiseach, tar éis an Dearbhú maidir leis an Reifreann ar an Ochtú Leasú
- Foilsithe: 28 Bealtaine 2018
- An t-eolas is déanaí: 23 Deireadh Fómhair 2018
Seiceáil i gCoinne Seachadadh
Is lá stairiúil í an lae inniu d'Éirinn. Tá réabhlóid ciúin tar éis tarlú, chomh maith le gníomh mór daonlathais. Céad bliain ós rud é go bhfuair mná an ceart vótála. Inniu, labhair muid mar phobal. Agus deirimid go gcuirimid muinín sna mná agus go measimid mná agus a gcuid breithiúnais.
I mo thuairim féin, is é an lá céanna leis an lá a dúramar Stop.
Stop in aghaidh dochtúirí ag insint dá n-othair nach féidir rud ar bith a dhéanamh dóibh ina dtír féin.
Stop in aghaidh turais uaigneacha trasna Mhuir Éireann.
Stop in aghaidh an stiogma. Níl rud ar bith coimeádta faoi rún a thuilleadh.
Stop in aghaidh scoiteacht. Tá ualach na náire imithe.
Nuair a chuamar ag vótáil inné, vótáil cuid againn go díograiseach agus go bródúil, ach vótáil cuid mhór eile dúinn go brónach, go tromchroíoch.
Léirigh an 'X' a bhí marcáilte ar an bpáipéar ballóide i bhfad níos mó ná vótáil aonair.
Sa bhliain, vótáladh 841,000 duine chun an t-ochtú leasú a chur isteach inár mbunreacht.
In 2018, beagnach gach contae, gach dáilcheantar, fir agus mná, gach aicme sóisialta, beagnach gach aoisghrúpa. Ní tír roinnte muid. Is toradh thar barr é seo.
Tugann sé seo dúinn an sainordú a theastaíonn uainn chun reachtaíocht a thabhairt ar aghaidh agus pasáiste a shlánú ag deireadh na bliana.
Vótálamar:
- Ar son na 200,000 mná Éireannacha a thaistil chun na Breataine ó 1983 chun deireadh a chur lena dtoirchis.
- Ar son na lánúineacha a d'inis a scéalta faoi teacht abhaile le cónraí bídeacha.
- Ar son na mná óga agus na mná nach bhfuil chomh óg, a d'inis a scéalta.
- Ar son siúd nár chualthas a scéalta go fóill
Dúirt mé le laethanta beaga anuas gur vótáil é seo nach ndéantar ach uair amháin sa ghlúin.
Inniu, creidim gur vótálamar ar son an chéad ghlúin eile.
Vótálamar chun féachaint idir an dá shúil ar an saol mar atá agus níor chaochamar na súile.
Vótálamar chun a bheith tuisceanach san áit a bhfuarthas neamhaird, agus chun cúram leighis a thairiscint san áit a dhéanaimis neamhshuim.
Ag tús na feachtais seo d'iarr mé díospóireacht urramach, ceann nach raibh feargach nó nach ndearnadh ceist pearsanta as. Sílim gur éirigh linn ar an mórchóir.
Is daonlathas fuinniúil agus daingean é an ceann s'againne agus is féidir leis díospóireachtaí deighilteach a láimhseáil agus cinntí deacra a dhéanamh.
Dóibh siúd a vótáil NÍL: tá a fhios agam nach gcuirfidh sibh fáilte roimh an lá inniu. B'fhéidir go mbraitheann tú go bhfuil an tír ag dul an bealach contráilte, ní tír í a bhfuil aithne agat uirthi a thuilleadh.
Ba mhaith liom a chur in iúl díobh gurb í an tír chéanna í Éire mar a bhí riamh, ach tá sí níos fulangaí, níos oscailte agus níos measúla.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil libhse a thug anseo muid – na baill den Tionól Saoránach, Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais, ceannairí na bpríomhpháirtithe polaitiúla go léir, an Comhaontas Neamhspleách agus na hAirí neamhspleácha, iad siúd atá páirteach i bhfeachtas na sochaí sibhialta a bhí ag obair ar an gceist seo le go leor blianta fada, go háirithe libhse a d'oscail bhur gcroíthe agus a d'inis a scéalta pearsanta.
Mar cheannaire Fhine Gaeil, ba mhaith liom róil Sheanadóir Catherine Noone, an tAire Sláinte, Simon Harris, agus an tAire Josepha Madigan a aithint.
Thar aon ní eile, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na saoránaigh ar teacht amach agus vótáil go faduimhreach.
Agus mé ag éisteacht leis na hairgóintí ar an dá thaobh le cúpla seachtain anuas, chuaigh ár gcosúlachtaí i bhfeidhm orm, seachas na rudaí a dhéanann muid a scoilteadh. Léirigh an dá thaobh gur mian leo aire a thabhairt do mhná i ngéarchéim, ba mhian leis an dá thaobh a bheith tuiscineach, ba mhian leis an dá thaobh an saol a roghnú.
Ba mhaith linn go léir a chinntiú go mbeidh níos lú toircheas géarchéime agus níos lú ginmhilleadh ann. Mar gheall ar an gnéasoideachas, an oiread frithghiniúnaigh agus frithghiniúint éigeandála atá ar fáil, tá rátaí ginmhillte ag titim agus tá toirchis na déagóirí ag an pointe is ísle ó na 1960idí. Leanfaimid orainn ag feabhas a chur ar rochtain ar shláinte agus ar oideachas gnéasach chun toircheas géarchéime agus ginmhilleadh a laghdú níos mó sa bhliain atá romhainn.
Leanfaimid orainn ag déanamh áit níos fearr d'Éirinn chun teaghlach a thógadh. Rinneamar tús maith leis an dá bhliain saor in aisce sa réamhscolaíocht, turais chuig an dochtúir saor in aisce ag páistí óga, cúram leanaí fóirdheontais, saoire atharthachta íoctha méaduithe san Íocaíocht Teaghlaigh Oibre agus Creidmheas Cánach do Chúramóirí Baile.
Sna blianta romhainn tógfaimid ar na polasaithe seo sa dóigh go mbeidh Éire mar ceann de na tíortha is fearr ar domhan le teaghlach a thógáil. Teaghlaigh de gach cineál.
Tá an dara seans tuilte ag gach duine. Seo é an dara seans ag Éire caitheamh le gach duine go cothrom, go tuiscineach agus go measúil.
Tá fadhb na dtoirchis géarchéime curtha i bhfolach taobh thiar dár dlíthe le 35 bliain anuas. Chuireamar ár gcoinsiasa i bhfolach taobh thiar den Bhunreacht.
Athraíonn an cinneadh tromlaigh é sin uilig .
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach uile dhuine a chaith vóta sa reifreann inné. Is gné lárnach d’ár ndaonlathas é an reifreann agus tré mheán an refreinn, is léir é anois meon an phobail.
Is cuma ar vótáil sibh Tá nó Níl inné, ba mhaith liom sibh a chur ar bhúr suaimhneas – ní bheidh difríocht idir saol na hÉireann inniu, ach seans go mbeidh beagán níos mó chineáltas le feiscint.
Is é mo thuairim go gcuimhneofar ar an lá seo sa todhcaí. Lá cinniúnach d’ár saorántacht is ea é, lá a ghlacamar cúram ar ár mhuintir.
Is é mo thuairim go gcuimhneofar ar an lá seo mar an lá a ghlacamar lenár bhfreagrachtaí mar shaoránaigh agus mar thír.
An lá ar tháinig Éire amach ónár scáileanna deireanacha agus isteach sa tsolas.
An lá ar tháinig muid in aois mar thír. An lá ar a ghlacamar ár n-áit i measc náisiúin an domhain.
Inniu, tá bunreacht nua-aimseartha againn do dhaoine nua-aimseartha.
Ba mhaith liom a chríochnú le ceann de na filí is fearr liom, Maya Angelou.
‘History, despite its wrenching pain, cannot be unlived, but if faced with courage, need not be lived again.’
Ní féidir an phian uafásach ón drochíde a tugadh do mhná na hÉireann ar feadh na blianta a stopadh. Mar sin féin, chinntíomar inniu nár gá é sin a fhulaingt arís.