Óráid an Taoisigh ag Músaem na hOidhreachta Oráistí, Bóthar na Creagaí, Béal Feirste
- Foilsithe: 8 Meitheamh 2018
- An t-eolas is déanaí: 23 Deireadh Fómhair 2018
Seiceáil i gCoinne Seachadadh
A dhaoine uaisle, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Ardlóiste Oráisteach agus leis an Urramach Mervyn Gibson as an gcuireadh gnaíúil anseo inniu.
Creidim gurb é seo an chéad chuairt ag Taoiseach chun na háite agus tá sé i bhfad thar am. Ba mhaith liom buíochas a ghabhail libh go léir as an bhfáilte a cuireadh romham inniu.
Tá an-áthas orm bheith anseo i dTeach Schomberg. Anuraidh, nuair a thug mé mo chéad chuairt oifigiúil ar Cheanada agus nuair a chuaigh mé tríd an bhaile beag, Schomberg agus muid ag taisteal tríd Ontario, caithfidh mé a admháil nár chuir mé mórán suime san ainm. Bhí náire orm ina dhiaidh sin nuair a fuair mé amach go bhfuair an baile a ainm ó dhuine a raibh páirt mhór aige i stair na n-oileán seo, agus atá curtha in Ardeaglais Naomh Pádraig , i mBaile Átha Cliath, mo chathair dhúchais agus áit ar a bhfuil mé eolach go maith.
Roimh theacht anseo dom, sinne me giota beag taighde faoi Schomberg. Fuair mé amach go raibh cáil air mar ‘an saighdiúir ba chumasaí dá aois’ de réir Daniel Defoe, agus gur bhain a bhás na deora as an Rí Liam, a thug ‘athair’ air. Throid sé go cróga agus é sna hochtóidí – agus bhásaigh sé i dtír choimhthíoch- agus rinne sé sin go léir ar son ar chreid sé, an tsaoirse reiligiúin.
Chuir a scéal in iúl dom an tábhacht a bhaineann le bheith eolach ar ár gcuid stair agus an chastacht a ghabhann léi agus bheith in ann foghlaim uaidh sin.
Mar sin tá an-áthas orm bheith anseo inniu ar mo chéad chuairt ar an Mhúsaem, chun foghlaim faoi stair agus faoi oidhreacht na hInstitiúide Oráistí Dílse. Tá sé ina chuid thábhachtach de stair an oileáin seo- stair an oileáin iomlán, den am atá caite agus den am i láthair – agus ba chóir go roinnfí í agus go nglacfadh gach duine go fonnmhar léi.
Tá an músaem páirteach i gcomhthionscnamh le músaem Oidhreachta na hÉireann agus tá an teach i Loch Gall i gContae Ard Mhacha, páirteach ann chomh maith. Ba mhaith liom cuairt a thabhairt ar an teach i Loch Gall am éigin amach anseo. Nuair a rachaidh mé ar ais go Baile Átha Cliath is cinnte go mbeidh mé ag moladh na háite do dhuine ar bith atá ag teacht go Béal Feirste ó áit ar bith sa tír agus ó áit ar bith ar domhan chomh maith, go háirithe má tá sé ar intinn acu teacht go hOirthear Bhéal Feirste le haghaidh Eispéireas an Titanic, nó ar cuairt ar bith eile.
Is eispéireas iontach maith é an músaem, tugtar eolas dúinn ar an stair agus cothaíonn sé caidrimh lena chomharsana.
Chuir sé áthas orm a chloisteáil faoin scéim mhalartach atá ar bun, le daltaí óga scoile as áiteanna ón taobh theas den teorainn a thabhairt isteach anseo. Is é seo go díreach an sórt tionscnamh tras-teorainn atá éifeachtach, agus ba mhaith liom comhaontú a fheiceáil idir an Ord Oráisteach agus Rialtas na hÉireann sna míonna atá romhainn chun é seo a fhorbairt agus chun a lán daltaí scoile eile a spreagadh chun cuairt a thabhairt ar Bhéal Feirste agus go mbeadh an músaem seo mar chuid den turas.
Tagaim go Béal Feirste go minic mar is eol daoibh i dTuaisceart Éireann agus ceapaim gurb í seo mo shéú cuairt mar Thaoiseach ach bhí mé anseo go leor amanna roimhe sin freisin. Bhí mé ocht mbliana déag nuair a tháinig go dtí an Tuaisceart den chéad uair, níor thrasnaigh muid an teorainn minic go leor go díreach. Ba mhaith liom go mbeadh cuairt ar Bhéal Feirste, cuairt ar Bhaile Átha Cliath agus ar áiteanna eile ar fud an oileáin mar chuid de shaol gach páiste scoile agus go mbeadh tuiscint acu ar ha háiteanna sin chomh maith.
Daoibh siúd nár thug cuairt air fós, ba mhaith liom sibh a spreagadh chun cuairt a thabhairt ar láthair chath na Bóinne, An Seandroichead, Contae na Mí agus ar chinn scríbe stairiúla agus turasóireachta eile sa Phoblacht. Tá a fhios agam go bhfuil mórán daoine nach raibh riamh ag láthair Chath na Bóinne ach tá pleananna ar bun le hathchóiriú a dhéanamh air agus tá a fhios agam go raibh cuid agaibh páirteach sa tionscnamh sin. Ba mhaith liom níos mó daoine a spreagadh chun cuairt a thabhairt air.
Má thugann tú cuairt ar Shráid Dhásain, giota beag ar shiúl ó Dháil Éireann, is féidir leat an phlaic Chré-umha a fheiceáil, a nochtadh beagnach fiche bliain ó shin, rud a cheiliúrann cruinniú Chéad Ardlóiste Oráisteach na hÉireann.
Mar is eol dúinn go léir, tá lóistí Oráisteacha ar fud an oileáin. Ar chuairt dom roimhe seo chuig Inis Ceithleann, bhí sé de phléisiúir agam bualadh le daoine ó lóistí as an gCabhán, as Muineachán, as Dún na nGall agus as Liatroim.
Áit eile ar fiú go mór cuairt a thabhairt uirthi agus atá ina chuid d’ár n-oidhreacht freisin is ea Banc na hÉireann ar Fhaiche an Choláiste, áit a bhfuil seanseomra Theach na dTiarnaí iomlán slán fós ón 18ú haois.
Is féidir dhá thaipéis iontacha ónár stair a fheiceáil ann, ceann amháin faoi ionsaí Dhoire agus an ceann eile faoi chath na Bóinne. Má fhéachann tú go géar ar an taipéis sin ag Faiche an Choláiste, feicfidh tú an áit inar thit Schomberg.
Chuir mé suim i scéal Ernest Blythe, agus mé ag léamh sular tháinig mé anseo. Chonaic mé a phictiúr i Halla na Laoch agus mé ag teacht isteach. Ba bhall é den chomh-aireacht i gCéad rialtas an tSaorstáit agus ba bhunaitheoir d’Fhine Gael é, mo pháirtí féin, ach bhí sé féin ina bhall den Ord Oráisteach am amháin, agus ós rud é go raibh sé ina bhall den IRB ag an am céanna- níl mé cinnte faoina dhílseacht.
Ceapaim go léiríonn sé fíric inmheánach, is é sin go bhfuil DNA stair na hÉireann déanta de na billiún snáithe de thraidisiúin, de chreidimh agus d’fhéiniúlachtaí éagsúla. Is í sin an taipéis is suntasaí ar fad. Ba chóir dúinn bheith bródúil as na snáitheanna as a dtángamar, agus as na luachanna a throideamar ar a son agus ní laghdaíonn sin an meas atá againn ar aon snáithe eile den fhéiniúlacht sin.
Sampla foirfe de sin is ea an tOrd Oráisteach. Níl bhur gcuid stair gan chailliúint nó gan chonspóid, mar aon le stair na hÉireann agus stair na Breataine.
Anseo i dTuaisceart Éireann, táim feasach go maith ar stair dheacair thragóideach na mball den Ord a maraíodh le linn na dTrioblóidí. Tugaim aitheantas don chailliúint sin agus do bhrón na ndaoine atá fágtha, faoi mar a dhéanaim i leith na ndaoine ar fad a cailleadh san am millteanach sin, am nár mhaith le duine againn filleadh air choíche.
Aithním chomh maith na deacrachtaí a bhaineann leis an gcaidreamh idir an Ord Oráisteach agus an pobal náisiúntachta anseo sa Tuaisceart. Tá cuimhní pianmhara ar gach taobh.
Ach creidim go daingean gur féidir caidrimh nua a chothú agus gur féidir sean deacrachtaí a shárú trí idirghníomhaíocht atá bunaithe ar bhonn meas ar a chéile agus ar chomhthuiscint de réir a chéile.
Ní dóigh liom go bhfuil an duine againn nach n-aithníonn cé chomh deacair is atá an tasc ach tá sé fíorthábhachtach do gach aon duine go gcuirtear an obair seo i gcrích céim ar chéim agus go ndéantar go rathúil é.
Le linn mo chuairteanna go Tuaisceart Éireann, chuaigh sé i bhfeidhm orm go bhfuil daoine lánsásta bheith ag labhairt liom agus na tuairimí éagsúla a phlé go measúil. Tá áthas orm a rá go bhfuil sé sin amhlaidh faoi mo chuid idirghníomhaíochtaí tráthnóna inné agus inniu freisin.
Braithim go bhfuil fáilte mhór romham i gcónaí.
Mar Thaoiseach agus mar cheannaire ar Rialtas na hÉireann, tuigim agus tugaim aitheantas d’obair an Oird mar phobal agus mar eagraíocht reiligiúnach, agus go bhfuil ról tábhachtach agaibh maidir le hathmhuintearas idir an dá phobal – ról is eol dom go n-imreoidh sibh sa todhchaí chomh maith.
Is é an dóigh is fearr le todhchaí níos fearr a chruthú ná aitheantas a thabhairt do chailliúintí agus do thragóidí ón am atá thart.
Níl aon uisce faoi thalamh agam anseo.
Is é an t-aon sprioc agus an t-aon pholasaí atá ag Rialtas na hÉireann ná meas a thaispeáint do thús áite Chomhaontú Aoine an Chéasta agus gach a bhaineann leis, seachas má bhíonn reifreann sa dá chuid den oileán:
- Comh-roinnt Cumhachta anseo i dTuaisceart Éireann
- Comhoibriú níos dlúithe idir an Tuaisceart agus an Deisceart
- Síocháin sa Bhreatain agus in Éirinn
Cuimsíonn sin cosaint ar chearta, ar shaoirse agus ar fhéiniúlachtaí na bpobal ar fad anseo agus nach bhfillfimid chuig teorainn chrua ar an oileán seo.
Is é sin spiorad Chomhaontú 1998 agus rud atá mise tiomanta go hiomlán dá chosaint.
Agus is leis an meon sin atáim anseo inniu, chun níos mó a fhoghlaim agus chun machnamh a dhéanamh ar an stair, chun ár bhféiniúlachtaí agus ár traidisiúin éagsúla a thuiscint, iad siúd atá ina gcuid luachmhar den stair agus den oidhreacht sin.
Ba mhaith liom a chinntiú go mbeidh todhchaí ann ina mbeidh meas ar fhéiniúlacht is cuma cé chomh coimpléascach is atá sé, bíodh sé Éireannach nó Sasanach nó as Tuaisceart Éireann, agus go ndéanfar an fhéiniúlacht sin a cheiliúradh ar fud an oileáin.
Tá a fhios agam gur féidir níos mó a dhéanamh chun tuiscint níos fearr ar a chéile a chothú, tuiscint ar an am atá thart, ar an am i láthair agus ar an am atá le teacht.
Tá cónaí orainn go léir ar an oileán seo, is comharsana agus is cairde muid. Is teaghlaigh muid, colceathracha ar a laghad agus táim tiomanta don chomhoibriú eadrainn inniu agus san am atá romhainn.
Dá mba rud é go raibh caoinfhulaingt reiligiúin sa Fhrainc i ndeireadh an 17ú haois, ní thagadh Schomberg go hÉirinn. D’fhanadh sé ansin agus bheadh sé ina mharascal ann. Ina áit sin bheartaigh sé troid ar son shaoirse reiligiúnach in áit éigin eile. Tá áthas orm go raibh deis agam foghlaim faoi agus faoi bhur gcuid stair.
Creidim go dtig linn foghlaim óna chéile. Tá an stair chéanna againn agus táim ag tnúth agus táim cinnte go mbeidh todhchaí i gcoiteann againn.
Go raibh maith agaibh as an bhfáilte chroíúil a tugadh domsa agus do m’fhoireann anseo maidin inniu agus beidh mé ag súil le bheith i dteagmháil agus ag cothú an chaidrimh seo san am atá le teacht.