English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Óráid an Taoisigh ag seoladh an leabhair ‘John Hume in America’ le Maurice Fitzpatrick

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 5 Nollaig 2017
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

A aíonna oirirce, a dhaoine uaisle. Tá an-ríméad orm gur iarradh orm an leabhar seo a sheoladh mar gur deis atá ann ómós a thabhairt do státaire agus do cheannaire a chuir athrú ar chúrsa na staire. Mar a thugann Maurice Fitzpatrick le fios sa leabhar tábhachtach agus tráthúil seo, is é John Hume an t-aon duine riamh a bhuaigh Duais Nobel na Síochána, Duais Síochána Martin Luther King agus Duais Idirnáisiúnta Síochána Gandhi. Sílim lá is faide anonn gur mó ná sin a ghradam mar fhear déanta na síochána.

Sa réamhrá atá leis an leabhar seo, luann an Seanadóir George Mitchell go leor daoine a chuidigh le síocháin a dhéanamh ar an oileán seo. Chuir roinnt díobh leis an leabhar seo agus leis an scannán a ghabhann leis agus tá ómós tuillte acusan ar fad freisin. Agus tá ríméad orm go bhfuil roinnt díobh ábalta a bheith linn anocht. Luann an Seanadóir Mitchell gurb é John Hume ‘the primary architect’. Deir sé faoi Hume ‘an extraordinary leader who was able to offer a new way’. Agus muid ag tabhairt aghaidh ar an mBreatimeacht agus muid ag féachaint leis an tsíocháin, a shaothraíomar go maith, a choinneáil ar an oileán seo, is treoir dúinn ar fad fós an fhís a bhí aigesean.

Nuair a sheas John Hume i dtoghchán den chéad uair i 1969 ag aois a tríocha dó rinne sé sin ar bhonn an ‘chirt’ agus ‘na huilechuimsitheachta’, féachaint le gluaiseacht neamhseicteach a chur ar bun a bheadh i gcoinne an tseicteachais agus an scoilt a fhágann sé. Ba teachtaireacht é sin a raibh dáimh léi thar lear agus ar thug an Seanadóir Ted Kennedy suntas dó dá bharr chomh maith le pearsana tábhachtacha eile sna Stáit Aontaithe. Bhí meas acu air mar cheannaire chearta sibhialta, duine a labhair ar son chearta na ngnáthdhaoine.

Is staidéar den chéad scoth é an leabhar seo ar an bhfear as Taobh an Bhogaigh a spreag, le cúnamh ó Rialtas na hÉireann, Uachtarán i ndiaidh a chéile i Meiriceá chun athrú a chur ar chúrsa na staire. Leis an Uachtarán Carter a thosaigh sé agus lean go dtí ré an Uachtaráin Clinton agus chuidigh leis an oileán seo a thabhairt slán ón gcíor thuathail, ón éagóir agus ón mbarbarthacht a bhaineann le foréigean. Chreid Hume nach raibh aon leigheas ar an deighilt ach comhaontú a dhéanamh. Chuidigh an teagasc nua a bhí aige, a bheith réalaíoch, uilechuimsitheach agus oibriú i gcomhpháirt, chomh maith le chomh mór is a bhí sé i gcoinne foréigin, leis an gcomhaontú sin a dhéanamh.

Léiríonn an leabhar seo mar a bhí John Hume in ann a chur ina luí ar pholaiteoirí sinsearacha sna SA – ‘Na Ceithre Dúile’- oibriú leis ar athrú a chur ar na tuairimí seanchaite d’Éirinn a bhí sna Stáit Aontaithe. Chuidigh an taidhleoir as Éirinn, Michael Lillis, leis a bhí in ann, de réir cosúlachta, leas a bhaint as an díolúine a bhí aige mar thaidhleoir le todóga a thabhairt isteach sa tír as Cúba! Is cosúil gurb iad seo an chéad rud a d’iarradh Tipp O’Neill, Spéicéir an Tí, nuair a thagadh sé. I ndiaidh na dtodóg, bhíodh plé an-dáiríre le John Hume agus mar thoradh air sin tháinig cumhacht láidir polaitíochta chun cinn sna Stáit Aontaithe a bhí sásta dul ag plé go tairbheach le gnóthaí na hÉireann. Tugadh dúshlán na sean-smaointe i nGael-Mheiriceá agus cothaíodh caidrimh ar Chnoc an Chaipeatóil agus sa Teach Bán.

Mar a léiríonn an leabhar seo, bhí tábhacht mhór le Meiriceá do Hume ach má bhí, bhí tábhacht freisin leis an Eoraip. Toghadh John Hume go dtí chéad Pharlaimint na hEorpa a toghadh go díreach i 1979 agus d’fhóin sé ann ar feadh cúig thréimhse. Mheas Hume an tAontas Eorpach a bheith ar an bpróiseas síochána ba mhó riamh. Mar atá tugtha ar aird ag roinnt scoláirí, ba údar inspioráide é, ba fhís é agus múnla dá chuid smaointeoireachta féin ar Thuaisceart Éireann. D’admhaigh sé ina dhiaidh nárbh comhtharlú ar bith a bhí ann go raibh na struchtúir a bhain le bunú an Chomhaontaithe Angla-Éireannaigh cosúil le struchtúir an Aontais Eorpaigh.

Tá uair na cinniúna buailte linn anois arís. Cé gur oth linn é, tá meas againn sa tír seo ar chinneadh daonlathach mhuintir na Ríochta Aontaithe imeacht as an Aontas Eorpach agus glacaimid leis. Ag an am céanna tá a fhios againn go mbeidh meas ag an Ríocht Aontaithe ar spiorad na reifreann stairiúil agus athraitheach a reáchtáladh in Éirinn i 1998 lenar glacadh le socrú Aoine an Chéasta. Oibreoimid sna míonna agus sna blianta atá le teacht le hoidhreacht stairiúil, chumhachtach John Hume a chosaint, oidhreacht ar aontaigh formhór na ndaoine ó Thuaidh agus ó Dheas léi.

Léirigh Comhaontú Aoine an Chéasta an méid is féidir a dhéanamh má oibrímid i gcomhar chun comhchuspóir a bhaint amach. Bhí an té ann, an t-am sin, nár chreid go n-éireodh leis ach bhí siad mícheart. Mar a chéile do dhuine ar bith a cheapann nach féidir cás an Bhreatimeachta a réiteach. Leanfaidh an Rialtas ag obair chun athmhuintearas seachas teorainneacha, a chothú agus táimid meáite ar gach ní a baineadh amach tríd an bpróiseas síochána a chosaint.

Tá ríméad orm go raibh roinnt de mhuintir John ábalta a bheith inár dteannta anocht don ócáid speisialta seo. Thar ceann tír atá thar a bheith buíoch, tá súil agam go dtabharfaidh siad ár mbuíochas agus ár mbeannachtaí do John agus do Pat. Tá an oiread déanta ag John agus Pat, thar na blianta, ar son na hÉireann – iad cáinte go minic agus scoite amach go minic, chuir suas le bagairtí báis agus fiú buamáil loiscneach a dhéanamh ar a dteach. Lean siad lena gcuid oibre le misneach agus dúthracht. Is tírghráthóirí gan amhras iad.

Agus mé á sheoladh, ba mhaith liom an leabhar a thréaslú le Maurice Fitzpatrick agus an Irish Academic Press ar leabhar den chéad scoth é. Chum Seamus Heaney roinnt filíochta a mheastar a bhí faoi John Hume a thugann léiriú air mar dhuine. Scríobh sé faoi gurb é ‘the one among us who never swerved’. Lean sé an méid a tháinig chuige go nádúrtha, rinne sé an ceart, mar a chreid seisean é, agus sheas sé a thalamh.

A dhaoine uaisle, téacs ó óráid John Hume nuair a ghlac sé le Duais Nobel na Síochána an chríoch atá leis an leabhar ríluachmhar seo. Dúirt sé gur mhian leis Éire a fheiceáil arbh eiseamláir í d’fhir agus do mhná i ngach áit, eiseamláir de

‘what can be achieved by living for ideals, rather than fighting for them, and by viewing each and every person as worthy of respect and honour’.

Bhíomar an-ghar inniu ar fhoclaíocht a aontú faoin teorainn. Cé go bhfuil iontas agus díomá orainn nach rabhamar ábalta an comhaontú sin a bhaint amach, leanfaimid ag obair i dtreo socrú a thabharfaidh cosaint dá bhfuil bainte amach le blianta beaga anuas –agus creidimid gur féidir sin fós a dhéanamh. Níl aon uisce faoi thalamh ann. Comhaontú Aoine Chéasta a chosaint an réalta eolais atá againn.

Ina léacht Nobel, dúirt John Hume rud éigin a cheart a bheith ina inspioráid againn anocht agus muid ag féachaint le réiteach a fháil:

‘And so, the challenge now is to grasp and shape history: to show that past grievances and injustices can give way to a new generosity of spirit and action.’

An bealach is fearr a fhéadfaimid ómós a thabhairt do shaol agus d’oidhreacht John Hume ná oibriú as lámh a chéile ar an oileán chun sin a bhaint amach agus an aisling sin a thabhairt chun fíre.

Go raibh maith agaibh.

Críoch