English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Óráid an Taoisigh Micheál Martin ag Comóradh Brian Dillon, Corcaigh

Le céad bliain anuas, tá an ról a bhí ag Corcaigh mar cheannaire na hÉireann réabhlóidí daingnithe ag gníomhartha iontacha na bhfear agus na mban in Éirinn le linn Chogadh na Saoirse.

Mar sin féin, téann an traidisiún sin níos faide siar agus bhí an ról a bhí ag Brian Dillon lárnach i dtaca leis sin.

Nuair a bhailigh níos mó ná 8,000 duine le chéile anseo dá adhlacadh 150 bliain ó shin, bhí cáil ar ainm Dillon ar fud na hÉireann. Bhí clú agus cáil air mar cheannaire ar mhaithe le scarúnachas na hÉireann, fear a d’fhulaing trioblóidí móra agus cruatan ach nár theip an misneach riamh air.

Léiríodh mothúcháin mhuintir Chorcaí go mór agus na cuspóirí polaitíochta a bhí acu san fheachtas chun é a scaoileadh saor as an bpríosún agus san uafás a cuireadh ar dhaoine maidir leis an gcaoi ar caitheadh leis.

Rugadh Brian i nGleann Maghair sa bhliain 1830, tráth a raibh dóchas agus gníomhaíochas ag teacht chun cinn maidir le náisiúnachas na hÉireann. Eagraíodh an chéad mhórghluaiseacht pholaitíochta i stair an domhain agus bhí a theaghlach mar chuid d’aicme pholaitíochta a bhí ag teacht chun cinn agus a chuir in aghaidh an smacht a bhí ag rialtas Londan ag cur i bhfeidhm orthu.

Bhí teach tábhairne ag a theaghlach ag crosbhóithre ar ainmníodh i ndiaidh an teaghlaigh sin níos déanaí - agus nuair a fuair sé an teach tábhairne le huacht, bhí an áit mar lár an phoblachtachais i gCorcaigh le scór bliain anuas.

Thit Brian le linn a óige, rud a chur srian air nuair a bhí sé ag fás aníos agus bhí pian i gcuaire a dhromlaigh air agus bhí tionchar mór aige sin ar shaol Brian. Mar gheall air sin, duine ar leith ab ea é sa chuideachta a bhí aige agus baineadh an bonn ón gcumas a bhí aige chun maireachtáil sa bhochtaineacht a bhí roimhe sna blianta deireanacha dá shaol.

Bhí tionchar ag an gcor is cinniúnaí i stair na hÉireann le blianta beaga anuas air freisin, is é sin an Gorta Mór. Bhí an t-ádh leis go raibh a theaghlach sách saibhir agus nár fhulaing sé féin go pearsanta, ach roinn sé leis an gcuid eile den tír an tráma domhain a bhain do dhaoine a bhí tréigthe ag na cinniúintí is cruálaí.

Cé go raibh an t-oideachas foirmiúil a cuireadh air teoranta, is léir go raibh sé an-chliste agus d’éirigh leis post a fháil ina chléireach scríbhneoireachta do chomhlacht aturnaetha.

Ón mbliain 1850 ar aghaidh, chaith sé uaireanta an chloig uile a bhí saor aige ag glacadh páirt in eagraíochtaí náisiúnacha agus ag cur na heagraíochtaí sin ar bun - agus bhí teach tábhairne a theaghlaigh ina cheanncheathrú don ghníomhaíocht sin i gCúige Mumhan.

Bhí ionchur speisialta aige mar go raibh sé ina chomhalta de Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann.

Chuir James Stephens é féin Brian Dillon faoi mhionn na heagraíochta, agus faoina cheannaireacht, breathnaíodh i riarachán na corónach ar Chorcaigh mar “phríomhchathair an fhíníneachais”.

Nuair a shocraigh na húdaráis beart dianteannta a chur i bhfeidhm, aithníodh Dillon mar sprioc tosaíochta agus gabhadh é sa bhliain 1865.

Is é Isaac Butt , an t-urlabhraí iontach agus ceannaire rialtais dúchais a chosain é sa chúirt, ach mar sin féin is léir ón bpointe go raibh toradh na trialach socraithe acu roimh ré.

Ó tharla go raibh laigí air, bhí meath tapa ar a shláinte mar gheall ar na coinníollacha uafásacha agus an obair leanúnach a cuireadh iallach air a dhéanamh i bPríosún Pentonville - rud a chuir uafás ar dhaoine anseo i gCorcaigh agus cuireadh feachtas trí bliana ar bun chun é a scaoileadh saor.

D’iarr Corparáid Chorcaí, lena n-áirítear comhaltaí aontachtacha, air a thabhairt abhaile láithreach sa bhliain 1868. Sa deireadh, is i bhFeabhra na bliana 1871 a scaoileadh saor ón bpríosún é agus bhí slua mór roimhe chun casadh leis ar shráideanna Chorcaí.

Mar sin féin, níor tháinig feabhas riamh ar a shláinte agus fuair sé bás 18 mí ina dhiaidh sin - tugadh onóir dó sna laethanta ina dhiaidh sin leis an tsochraid phoiblí is mó riamh a bhí sa gcathair sin ag an am.

Leis an méid clú a bhí air agus an chomhbhá a bhí air le muintir Chorcaí go háirithe, léirítear ní hamháin an tábhacht a bhí leis ach an teacht aniar a bhí ann freisin ar an dearcadh poblachtach maidir leis an mbrú faoi chois agus tráma uile a bhí sa naoú haois déag.

Is éard a bhí i gceist i gcónaí le spiorad an phoblachtachais fhírinnigh ná freagra a thabhairt ar riachtanais na ndaoine agus bealaí nua le dul chun cinn a aimsiú. Ní raibh na Fíníní go díreach ag iarraidh macasamhlú a chruthú den méid a bhí ann rompu agus bhí siad tiomanta d’ardú meanman a chur ar dhaoine in ísle brí a bhí sainithe ag daonra a bhí ag titim go tapa agus ag bochtaineacht fhorleathan.

Fuair gach glúin de phoblachtaigh fhírinneacha inspioráid ó dóibhsean a chuaigh rompu ach nár cuireadh an dallamullóg orthu riamh leis an earráid throm maidir le clár agus teaicticí dóibhsean a chuaigh rompu a choinneáil.

Chuimhnigh muid ar an laochas a bhain le glúnta difriúla poblachtacha, agus go háirithe dóibhsean a fuair neamhspleáchas dúinn, mar gheall ar na deiseanna nua a chruthaigh siad agus an todhchaí ar lig siad dúinn forbairt a dhéanamh uirthi.

I gCathair Chorcaí, beidh baint ag an ainm, Brian Dillon, go deo leis an gclub CLG a ainmníodh ina dhiaidh. De réir mar a bhí an Cumann ag méadú i gCorcaigh, agus clubanna nua á mbunú an t-am ar fad, roghnaigh an club, a bunaíodh sa bhliain 1910 in aice le Crois an Díolúnaigh, iad féin a ainmniú i ndiaidh laoch áitiúil iontach a raibh cuimhne fós ag daoine air.

Ní hamháin go raibh CLG i gCorcaigh mar chuid lárnach d’athbheochan náisiúnta bríomhar ach bhí sé mar bhunús de na pobail láidre agus na féiniúlachtaí áitiúla atá againn.

Is áit é ina dtreisítear coimhlint theasaí le muid a thabhairt le chéile - agus áit ina bhfuil traidisiún agus nua-aimsearthacht araon ann le chéile.

De réir mar a d’fhorbair Corcaigh agus a chuir siad an pholaitíocht láidir agus cultúr chun cinn, bhí Brian Dillon mar phearsa lárnach agus ríthábhachtach.

150 bliain i ndiaidh dó bás a fháil, tá sé oiriúnach go mbailíonn muid anseo chun cuimhneamh air, onóir a thabhairt dó agus chun an meas atá againn ar a shaol agus a íobairtí a athdhearbhú.