English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Óráid ar líne leis an Taoiseach ar Oileán na Comhréime

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 22 Deireadh Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 7 Aibreán 2021

Seiceáil in aghaidh Seachadta

I dtosach, ba mhaith lion mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a thóg an t-am bheith linn anseo ar maidin.

Tá áthas orm a bheith in ann caint libh go léir.

Is cruinniú ar líne seo trína gcuimsítear iomlán na héagsúlachta a bhaineann le pobal an oileáin seo agus lena dtugtar san áireamh an ceangal caidrimh eadrainn ar fad, Thuaidh Theas agus soir siar ar fud na n-oileán.

Cé go n-airímid uainn an deis teacht le chéile ar an aon láthair amháin, tá a bhrí féin le baint as comhréim na scáileán atá á chruthú againn ina ionad sin ar an bhfóram ar líne seo.

Cuireann na pictiúir seo dár n-áiteanna cónaithe agus oibre i gcuimhne dúinn cé chomh dlúth agus atá an ceangal a airímid leis an mbaile agus leis an mbunáit. Agus le pobal na gcomharsanachtaí ar fud an oileáin.

Is mar gheall ar cheangal dlúth seo an duine leis an mbaile agus leis an bpobal is gá dúinn oibriú i gcónaí ar mhaithe le cóiriú dá chéile agus tuiscint dá chéile ar an oileán.

Níl sárú ar an leagan a bhí ag Séamus Mallon ag cur síos ar an oileán, an baile againn go léir.

An halla ina bhfuilim i mo sheasamh ar maidin - Halla Phádraig Naofa i gCaisleán Bhaile Átha Cliath - tá macalla stair chasta an oileáin seo ann. Stair lenar bhain deighilt agus coimhlint i bhfad rómhinic anall trí na cianta.

Leis an halla seo freisin a bhaineann cora chun nua-aimsearthacht i stair phobal na hÉireann le tamall de bhlianta anuas, agus na cora chun athmhuintearais ar tosaíodh orthu ar an oileán seo sa bhliain 1998 nuair a d'aontaigh na daoine, ó Thuaidh agus ó Dheas, go láidir fonnmhar le Comhaontú Aoine an Chéasta.

Agus is anseo i gCaisleán Bhaile Átha Cliath a bheidh aonad nua Oileán na Comhréime, cuid de Roinn an Taoisigh, agus táthar ag tnúth le fáilte a fhearadh anseo romhaibh ar fad agus cion tairbhe á dhéanamh agaibh maidir le hOileán na Comhréime a mhúnlú.

Is mian liom a leagan amach inniu an dóigh ina bhfuil an Rialtas ag féachaint leis an gcuspóir maidir le cothú na comhthola faoin gcomhréim a chruthófar dúinn ar fad a thabhairt i gcrích, bunaithe ar Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Is iontach an dul chun cinn atá déanta in éineacht againn tríd an gComhaontú le 21 bliain anuas maidir leis an gcuspóir athmhuintearas, do chaoinfhulaingt agus do chomhiontaoibh a bhaint amach”.

Bhí deacrachtaí le sárú le blianta beaga anuas ach tá an Feidhmeannas comhroinnt cumhachta agus an Tionól, an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas agus na hinstitiúidí Thoir Thiar, Comhairle na Breataine agus na hÉireann san áireamh, ar ais i mbun feidhme go hiomlán anois.

Is é an Comhaontú an creatchóras bunlárnach don chaidreamh polaitíochta, an bhonnchloch ar a socraítear an uile ní.

Leanann an dlúthpháirtíocht idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine, ina gcomhurraí ar Chomhaontú Aoine an Chéasta dóibh agus ina dtíortha a shíneann lena chéile, go seasmhach buan.

I mo chuid cainteanna leis an bPríomh-Aire Johnson, feictear dúthracht an dá thaobh maidir leis an gcomhpháirtíocht dhéthaobhach a chothú atá ina léiriú ar dhlús an cheangail agus an chairdis idir muintir na dtíortha seo.

Leis an tsíocháin i dTuaisceart Éireann, cruthaíodh agus daingníodh an spás agus an gá le comhthuiscint agus comhiontaoibh idir gach pobal agus gach traidisiún.

Tá curtha leis an riachtanas maidir leis an spás sin a úsáid agus a shaothrú ón mbliain 1998 anall.


Ceisteanna bunreachta agus athmhuintearas

Ar cheann de na gnéithe buntábhachtacha a bhaineann le Comhaontú Aoine an Chéasta, thángthas ar aontú cinnte faoin mbealach ina socraítear ar a mbeidh i ndán ó thaobh cúrsaí bunreachta ar an oileán, agus sin bunaithe ar phrionsabal an toilithe.

I mo Thaoiseach dom, glacaim leis agus dearbhaím go bhfuil de cheart ag an uile dhuine ar an oileán an leagan amach bunreachta is mian leo a fheiceáil do Thuaisceart Éireann san am atá romhainn a chur in iúl, más náisiúnach, aontachtóir nó eile a dhéanann sin.

Is é bunéirim an Chomhaontaithe nach gá a bheith srianta ná plúchta ag ceisteanna faoi chúrsaí bunreachta faoi mar a bhítí san am a caitheadh.

Is féidir linn ar fad oibriú as lámha a chéile ar mhaithe leis an saol a bheidh againn ar fad in éineacht gan scaoileadh ar bhealach ar bith leis an aidhm dhlisteanacha agus an dearcadh cóir a bheadh ag náisiúnach, aontachtóir nó eile.

Mar a dúirt John Hume agus é ag glacadh le Duais Síochána Nobel, in éineacht le David Trimble, le hoibriú le chéile trí institiúidí an Chomhaontaithe:

“the real healing process will begin and we will erode the distrust and prejudices of our past and our new society will evolve…

The identities of both sections of our people will be respected and there will be no victory for either side.”

Ní féidir le haon duine againn, le dea-choinsias, a áiteamh gur tugadh an aisling sin i gcrích go hiomlán i rith an dá bhliain is fiche atá beagnach caite ó thug John an chaint sin.

Ach ní fhágann an ní is féidir a thabhairt i gcrích a bheith le baint amach go fóill againn nach bhfuil an deis chéanna maidir le hathrú agus claochlú ag baint le Comhaontú Aoine an Chéasta dúinn ar fad ar an oileán seo agus a bhí riamh.


Oileán na Comhréime

Táimse cinnte gur tráthúil anois dlús a chur in athuair leis an dúthracht maidir leis an saol a chruthú a chaithfimid uilig in éineacht.

Díograis breise a dhéanamh ceangal agus iontaoibh a chothú idir na traidisiúin atá ar an oileán againn.

Níos mó a dhéanamh in éineacht ionas go mbíonn dul chun cinn dáiríre maidir le hathmhuintears á thabhairt i gcrích againn maidir le gach réimse den Chomhaontú.

Tá sin bunlárnach maidir le cur chuige an Rialtais i ndáil le hoileán na comhréime.

  • Tá oibriú le chéile i gceist, ó Thuaidh agus ó Dheas, d'fhonn na deacrachtaí móra straitéiseacha a chuirtear romhainn in éineacht a shárú.
  • Tá forbairt bhreise i gceist ar eacnamaíocht oileán na comhréime; saothrú chun cur leis an gcomhoibriú i réimsí na sláinte, an oideachais agus eile; agus infheistiú in éineacht ar mhaithe le ceantar an Iarthuaiscirt agus réigiúin leis an teorainn.
  • Tá caidreamh tairbheach uilechuimsitheach a chothú i gceist mar atá bonn treise a chur faoi chlár taighde ionas go mbíonn teacht againn ar an smaointeoireacht is fearr agus sin bunaithe ar an bhfianaise is cinnte.

Tá buntábhacht ag an Rialtas ar fad le clár oibre Oileán na Comhréime agus beidh aonad Oileán na Comhréime i Roinn an Taoisigh ag cur na hoibre sin ar aghaidh.

Is clár oibre leathan, dóchasach, praiticiúil atá ann.

Is féidir le gach cuid den phobal, ó Thuaidh agus ó Dheas - náisiúnaithe, aontachtóirí nó eile - teacht i ngleic leis go huileghabhálach agus le barr misnigh.

Mar níl réamhshocrú maidir le toradh ar bith faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Ach amháin gur chóir oibriú in éineacht ar an oileán seo ar mhaithe le saol an athmhuintearais in éineacht san am atá romhainn.


Oileán na Comhréime a Chothú

Tá éiginnteacht dothuartha ag baint le cúrsaí faoi láthair.

Tá sraith deacrachtaí móra le sárú againn ar an oileán. Luaitear -

  • An bhagairt a bhaineann le paindéim Covid a shárú
  • Oibriú trína dtiocfaidh de bharr Brexit
  • Téarnamh eacnamaíochta agus sóisialta a chothú
  • Tabhairt faoin ngéarchéim maidir le cúrsaí aeráide agus bithéagsúlachta

Is deacrachtaí iad sin a chuirtear romhainn uilig le chéile.

Is mian linn oibriú i bpáirt leis an bhFeidhmeannas, tríd an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas agus in éineacht le Rialtas na Breataine chun dul i ngleic leis na nithe sin ar fad ar mhaithe leis an uile dhuine.

Mar gheall ar an bpaindéim, tá aird ar bhealaí nua ar a cheangailte atáthar ar an oileán agus sinn ar fad ag maireachtáil ar scáth a chéile.

Ar an gcaoi chéanna a seastar le chéile chun torthaí COVID-19 a shárú, ní mór dúinn oibriú le chéile maidir le hathchóiriú eacnamaíochta a rachaidh chun tairbhe don uile áit ar an oileán.

Mar a deirim, tá de rún daingean agam féin agus ag an bPríomh-Aire Johnson oibriú le chéile chun caidreamh bisiúil rathúil a chinntiú san am atá romhainn.

Is léir deacrachtaí le sárú maidir leis an gceangal trádála idir an Bhreatain agus Éirinn agus le cúrsaí eacnamaíochta ar an oileán seo mar gheall ar Brexit, fiú leis na bearta cosanta bunriachtanacha a bhaineann leis an bPrótacal agus leis an teorainn á coinneáil oscailte.

Ag tabhairt fúthu sin dúinn, ní mór an bhuntáiste a bhaineann go smior leis an réim eacnamaíochta uile-oileáin a chosaint agus díriú ar an tairbhe nár tugadh i gcrích go fóill an tráth céanna a gcinntítear trádáil láidir Soir-Siar.

Agus ní mór a bheith ionraic macánta ag dul i ngleic le ceisteanna maidir le míbhuntáiste sheanbhunaithe atá ar fáil go fóill sa dá chuid den oileán.

Táimse den tuairim gur cheart dúinn oibriú le chéile freisin, ó Thuaidh agus ó Dheas, le comhordú níos fearr maidir le polasaithe agus bearta cúnta don fhiontraíocht, chun treisiú le postanna nua a chruthú, go háirithe i réigiúin leis an teorainn.

Tá daoine, go háirithe na daoine óga, ag éileamh ar pholaiteoirí, mar is ceart, beart a dhéanamh maidir le géarchéim na haeráide agus na bithéagsúlachta agus sin a dhéanamh go beo agus go hardaidhmeach mar atá de dhíth anois.

Is ar an ábhar sin a bheidh an Rialtas ag féachaint le straitéis uile-oileáin a thabhairt chun cinn chun dul i ngleic le géarchéim na haeráide agus na bithéagsúlachta.

Tá clár cuimsitheach taighde, ar fud réimsí éagsúla, á thabhairt chun cinn freisin ag Aonad Oileán na Comhréime, i gcomhar leis an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta agus leis an gComhairle Náisiúnta Eacnamaíochta agus Shóisialta. Beidh an comhar Thuaidh/Theas agus Soir-Siar ina gné thábhachtach den obair sin.


Ciste Oileán na Comhréime

An tseachtain seo caite, d'fhógair an Rialtas Ciste Oileán na Comhréime mar chuid de Bhuiséad 2021, le €500m a chuirfear ar fáil i rith na 5 bhliana anonn go dtí 2025 á chur de leataobh maidir le tionscadail a bhaineann le hOileán na Comhréime.

Tagann sin chomh maith leis an gcúnamh suntasach maidir le síocháin agus dul chun cinn ar an oileán a chuirfear ar fáil faoi chlár PEACE PLUS an AE agus gealltanais reatha an Rialtais maidir le gnóthaí uile-oileáin, na Comhlachtaí Thuaidh/theas, seirbhísí sláinte trasteorann agus an Ciste Athmhuintearais san áireamh.

Tá acmhainní suntasacha caipitil nua Oileán na Comhréime á gcur ar fáil againn chun soláthar dá bhfuil d'aidhm atá againn maidir le hoileán na comhréime a chothú bunaithe ar a bhfuil i gComhaontú Aoine an Chéasta.

Tá athrú leis an gcur chuige seo ar an gcaoi a ndéanaimid infheistíocht chun treisiú leis an gComhaontú.

Ciallaíonn sé go ndéantar soláthar do bhearta príomhthábhachta Oileán na Comhréime ar bhealach seasta mar is ceart, chun tosaigh san ord tábhachta agus i gceartlár an Rialtais.

Is léir go bhfuil moill faoin tráth seo ar dhul chun cinn maidir le comhghealltanais sheanbhunaithe i ndáil le hinfheistíocht trasteorann maidir le conair iompair agus taistil an A5, Canáil Uladh agus Droichead Chaol Uisce.

Is mian linn dul chun cinn a dhéanamh maidir le hinfheistíocht i nglasbhealaí trasteorann, mar shampla Canáil Uladh agus an bealach idir Sligeach agus Inis Ceithleann, a d'fhéadfadh bonn a chur faoi fhorbairt réigiúnach inmharthana.

Táim ag tnúth freisin le dul chun cinn ar an obair scóipeála maidir le bealaí ceangail ardluais iarnróid trasna na teorann.

Le Ciste Oileán na Comhréime, tá an Rialtas ullamh chun freastal ar na gealltanais maidir leis na tionscadail sin. Beifear ag obair go dlúth leis an bhFeidhmeannas ag féachaint le bogadh ar aghaidh chun iad a thabhairt i gcrích go hiomlán gan aon mhoill iomarcach.

Níos ginearálta ná sin, ní mór dúinn cur leis an acmhainn caidrimh agus ceangail ar fud an oileáin, ní amháin chun treisiú le forás breise ar chúrsaí eacnamaíochta uile-oileáin, ach chun freastal freisin do neartú agus do leathnú ar an gcaidreamh sóisialta, cultúir, spóirt, ealaíne agus cathartha.

Táthar tugtha go mór freisin d'oibriú in éineacht leis an bhFeidhmeannas agus le Rialtas na Breataine ar dheiseanna nua forbartha agus infheistíochta i gceantar an Iarthuaiscirt agus i réigiúin leis an teorainn.

Is léir go bhfuil buntábhacht le teacht ar ardoideachas agus ar oideachas breise maidir le deiseanna eacnamaíochta níos fearr a chruthú. Tá dúthracht an Rialtais maidir le hinfheistíocht chomhordaithe ar Champas Mhig Aoidh Ollscoil Uladh i nDoire ar cheann de na gnéithe tábhachtacha den mhodh oibre chun sin a thabhairt i gcrích i gceantar an Iarthuaiscirt.

Trí Chiste Oileán na Comhréime, táthar ullamh maidir leis an infheistíocht sin a dhéanamh agus deiseanna eile a mheas ionas go dtéitear i ngleic leis na deacrachtaí sainiúla a bhaineann le cúrsaí eacnamaíochta i réigiúin le teorainneacha ar bhealach straitéiseach slánchóirithe.

Tá, ar ndóigh, buntábhacht le hinfheistíocht i gcúrsaí taighde agus nuálaíochta maidir le dul chun cinn eacnamaíochta agus sóisialta agus saol níos fearr a chruthú don am atá le theacht.

Is fada mé ag seasamh leis an ngá infheistíocht fhiúntach fhadtéarmach a dhéanamh i dtaighde eolaíochta. Tuigim, ó mo thaithí féin agus ó labhairt le lucht taighde agus le lucht tionsclaíochta, a bhfuil de thairbhe le tabhairt i gcrích ó chlár taighde agus nuálaíochta Thuaidh/Theas a chur i bhfeidhm ar an mórscála cuí.

Tá bunachair áirithe eolais ar fud an oileáin maidir le hathrú go dtí eacnamaíocht atá neodrach ó thaobh carbóin, cibearshlándáil, slándáil bia, chomh maith le cóir leighis den chineál is nua maidir le hailse agus feistí bithleighis.

Tá an acmhainn iontach seo ar na bunchúiseanna atá againn le treisiú le mol taighde uile-oileáin.

Táthar ullamh plé a dhéanamh ar na réimsí seo agus iad a thabhairt chun cinn i gcomhar leis an bhFeidhmeannas, tríd an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas agus trí oibriú le Rialtas na Breataine.

Agus trí Chiste Oileán na Comhréime, déanfar an infheistíocht is gá chun dea-thoradh a thabhairt i gcrích bunaithe ar an gcomhar Thuaidh/Theas.


Comhrá Oileán na Comhréime

Is breá liom inniu an tsraith Comhrá Oileán na Comhréime a sheoladh d'fhonn caidreamh tairbheach uileghabhálach a spreagadh maidir le gnéithe uile an tsaoil atá i ndán dúinn le chéile.

Le súil chun cinn againn, beidh gá i gcónaí le comhrá agus le smaointeoireacht leathanréimseach uileghabhálach ar an oileán.

Bíonn plé den sórt seo ar bun cheana féin in ionaid pobail agus chathartha maidir le gach gné de Phróiseas na Síochána agus de Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Tá fonn ar an Rialtas smaointe agus ceisteanna na ndaoine a chloisteáil chomh maith le nithe a bheadh ina ábhar buartha nó ina ábhar dóchais acu maidir leis an saol atá i ndán.

Beidh an tsraith seo ina chuidiú maidir le dúthracht an Rialtais oibriú ar mhaithe le comhaontú faoin saol atá i ndán dúinn uilig le chéile.

Tá grúpaí áirithe nach raibh an aird chuí orthu maidir le Próiseas na Síochána, ina measc mná, daoine óga agus dreamanna nua ar an oileán.

Beifear ag féachaint le réimse chomh leathan agus is féidir de thuairimí agus de thaithí a tharraingt le chéile le Comhrá Oileán na Comhréime.

Cuirfear tús le sraith an Chomhrá an mhí seo chugainn agus pléifear leis na ceisteanna móra atá luaite agam - cúrsaí timpeallachta, eacnamaíochta agus sláinte ar an oileán.

Féachfar chomh maith trí shraith an Chomhrá le tuairimí a fháil ar bhonn uilechuimsitheach faoi cheisteanna forghabhálacha maidir leis an gComhaontú, ina measc ceisteanna maidir le cearta féiniúlachta agus cúrsaí comhionannais ar an oileán.

Agus na bealaí inar féidir comhthuiscint níos fearr a chothú ar an éagsúlacht maidir le féiniúlacht agus taithí saoil a chéile, mar shampla trí obair in éineacht ar churaclaim oideachais agus trí mhalartú ealaíne agus cultúir.

Tá 1.3 milliún duine óg ar an oileán seo a rugadh ón mbliain 1998 i leith - tá buntábhacht lena gcuid tuairimí sin agus lena gcuid gníomhartha sin maidir leis an saol atá i ndán dúinn uilig le chéile.

Is ar an gcúis sin a bheidh 'Glúnta Nua agus Glórtha Nua maidir le Comhaontú Aoine an Chéasta' ar an gcéad ábhar do Chomhrá Oileán na Comhréime.

Ba mhaith liom chomh maith níos mó smaointeoireachta agus tuairimíochta a fheiceáil ar bun ó Dheas ionas gur féidir breathnú ar réamhthuiscintí, ar chomhthusicint, ar réimsí deacrachta agus ar dheiseanna maidir leis an saol atá i ndán dúinn uilig ar an oileán.

D'fhéadfadh nach mar a chéile a bhfuil i gceist le hOileán na Comhréime do dhaoine ag brath ar iad a bheith ina gcónaí i gCorcaigh nó sa Chabhán, i Loch Garman nó i nDún na nGall.

Ní mór dúinn freisin cíoradh a dhéanamh ar roinnt de na cuntais shimplí faoinar tharla anuas go dtí an lá atá inniu ann atá tagtha chun cinn ar an dá thaobh den teorainn.

Ní mór aird a thabhairt chomh maith ar an deacracht a bhaineann le fadmharthanacht pholaitíocht na féiniúlachta de réir mar a mheastar príomhthábhacht a bheith le cúrsaí féiniúlachta agus bunreachta ionas go mbíonn bac ar phlé thairbheach faoi ghnéithe tábhachtacha polasaí nó faoi dhea-rialachas.

Is é lom na fírinne chomh maith, sula dtosaítear ar an tsraith seo, go mbeidh tuairim éagsúil agat ar fhiúntas na hoibre seo ag brath ar chónaí a bheith ort in Iúir Chinn Trá nó i mBaile Nua na hArd, i gCúl Raithin nó in Oileán an Ghuail.

Tuigim sin, ach is mian liom go sárófaí aon deacracht ina leith.


Focal Scoir

Is mian liom deireadh a chur le mo chuid cainte inniu trí ghairm scoile a chur amach chuig daoine ó Thuaidh agus ó Dheas, agus ar an dá oileán seo agus níos faide ó bhaile - gach uile dhuine a bhfuil geall acu sa chúram - ag iarraidh orthu leas a bhaint as a mbrí, a gcuid smaointe agus a gcuid réimsí spéise ar mhaithe le comhaontú a chothú bunaithe ar Chomhaontú Aoine an Chéasta faoina bhfuil i ndán ar an oileán seo.

Tá fonn ar an Rialtas cion tairbhe a dhéanamh agus treisiú leis an mbeart dóchasach uilechuimsitheach seo maidir leis an saol a bheidh againn ar fad le chéile ar an oileán.

Caithfear am leis an gcomhpháirtíocht polaitíochta, Thuaidh-Theas agus Soir-Siar agus acmhainní ag teacht le leibhéal na n-ardaidhmeanna atá againn maidir le hoileán na comhréime a chruthú i rith na mblianta seo romhainn.

Agus féachfar ar an uile bhealach leis an acmhainn ar fad a bhaineann le Comhaontú Aoine an Chéasta a thabhairt i gcrích.

Is eol dúinn go bhfuil ceisteanna anróiteacha a bhaineann leis an saol in éineacht ag an uile dhuine againn ar an oileán. Ceisteanna nach furasta a réiteach:

  • An tráth céanna nach ndéantar neamhaird de dheighilt agus de choimhlint san am a caitheadh, conas is féidir glacadh go dáiríre lena bhfuil i gcomhpháirt againn sa lá atá inniu ann agus cur leis sin agus súil chun cinn againn ar an gcéad bhliain atá amach roimh mhuintir an oileáin seo?
  • 21 bliain ó ceanglaíodh Comhaontú Aoine an Chéasta, conas a thugtar chun tosaigh an obair maidir le bacanna a chur de leataobh a bheadh roimh chomhthuiscint agus iontaoibh idir dreamanna éagsúla?
  • Cad atá i gceist le féiniúlacht na Breataine nó na hÉireann ar an oileán sa lá atá inniu ann? An bhfuil smaoineamh déanta ag an uile dhuine againn faoi fheabhas a chur ar an gcaidreamh atá againn le daoine d'fhéiniúlachtaí éagsúla agus an meas atá againn ar na féiniúlachtaí sin?

Ní chuirfear athrú anois ar an am atá caite, is féidir i gcónaí an t-am atá romhainn a mhúnlú.

Is í an cheist atá le cur againn uilig:

Cén saol is mian linn a bheith ag ár gclann agus ag clann ár gclainne ar an oileán seo in éineacht?

Tá sé in am oibriú le chéile chun freagra a thabhairt ar an gceist sin a bheidh ina ábhar mórtais againn ar fad.

Tá mé cinnte go ndéanfaimid sin.

Go raibh maith agaibh.