English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Óráid leis an Taoiseach Micheál Martin i gCív, an 6 Iúil 2022

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leat, a Uachtaráin Zelenskyy, as fáilte chroíúil a chur romham go Cív, agus is mian liom buíochas a ghabháil leat freisin as an gceannaireacht iontach atá tugtha agat, a bhfuil meas mór ag muintir na hÉireann uirthi. Táimse anseo, ar an gcéad dul síos, chun dlúthpháirtíocht na hÉireann le rialtas agus le muintir na hÚcráine a chur in iúl.

Tá meas againn oraibh agus seasaimid libh. Sárú samhnasach ar dhlí idirnáisiúnta atá i gcogadh na Rúise i gcoinne na tíre aoibhne daonlathaí seo. Masla atá ann don uile rud a seasann Éire dó. Ní féidir glacadh leis, agus ní ghlacfar leis.

Thug mé cuairt ar na bailte Borodianka, Irpin agus Bucha ar maidin le fírinne éifeachtaí an chogaidh ar mhuintir na hÚcráine a fheiceáil dom féin. Bhuail mé leis na hionadaithe áitiúla a thug cuntas mionsonraithe dom ar na hainghníomhartha a tharla, agus anuas air sin, ar an ngéarghá atá ann atógáil a dhéanamh, go háirithe ó thaobh scoileanna agus naíonraí a réiteach lena n-oscailt i mí Mheán Fómhair. Is ionann sceimhlitheoireacht a úsáid i gcoinne an phobail shibhialtaigh, a bheith ag díriú d’aon ghnó ar an bpobal sibhialtach go deimhin, agus coireanna cogaidh. Déanfar na daoine atá freagrach, na daoine atá ag cur na ngníomhartha seo i gcrích agus na daoine atá ag stiúradh na ngníomhartha seo a choinneáil cuntasach agus ní bheidh áit ar bith acu le dul i bhfolach. Is é sin an fáth a bhfuil maoiniú breise curtha ar fáil againn don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta chun go mbeadh acmhainn aici dul i ngleic leis na coireanna seo.

Táim anseo chun ómós a thabhairt don Uachtarán Zelenskyy agus dá rialtas chomh maith agus stádas mar iarrthóir san Aontas Eorpach bainte amach acu. Chuir mé in iúl go soiléir ón gcéad lá riamh go raibh tuairim láidir againn gurb é an tAontas Eorpach an áit is dual don Úcráin. Is luachanna na hEorpa iad na luachanna a bhfuil daoine ag troid agus ag fáil bháis inniu ar a son, is iad ár gcuid luachanna féin iad. Ach ba é tiomantas agus obair crua an rialtais i gCív a chuir ina luí ar an gCoimisiún Eorpach moladh ar a shon a thabhairt chomh sciobtha sin agus tá an toradh sin tuillte go maith acu.

Agus sibh ag tabhairt faoin bpróiseas casta seo chun ballraíocht a ghlacadh, beidh Éire ag seasamh libh ag gach céim den aistear agus déanfaimid an méid agus is féidir chun cuidiú libh oibriú le hinstitiúidí na hEorpa agus an Coimisiún, mar gur cuireadh athrú ó bhonn ar Éirinn de thoradh í a bheith ina ball den Aontas Eorpach le 50 bliain anuas, agus tá an t-athrú sin uainn daoibh freisin.

Cé go bhfuilimid suite i bhfad óna chéile ar an dá thaobh den mhór-roinn, chuaigh fulaingt mhuintir na hÚcráine go mór i bhfeidhm ar mhuintir na hÉireann. Is cinnte go bhfuil áit inár gcroí agaibh. Bíonn bratacha buí agus gorma le feiceáil ar foluain i ngach baile agus cathair in Éirinn. Tá fáilte curtha againn roimh nach mór 40,000 duine as an Úcráin a bhí ag teitheadh ón gcogadh. Tá lán fáilte rompu fanacht in Éirinn chomh fada agus is gá. Tá baile agaibh i dtír s’againne, ach tá a fhios againn go bhfuil sibh ag iarraidh dul abhaile agus táimid ag iarraidh go mbeidh sibh in ann dul abhaile chomh maith. Agus oibreoimid libh ó thaobh atógála agus mar sin de. Tá ceangal eadrainn freisin mar dhaoine a bhfuil taithí acu ar anachain, agus a bhfuil an anachain sáraithe againn san am atá thart.

Bhí sé de phribhléid agam bláthanna a leagan ar maidin ag an leac chuimhneacháin don Holodomor, an gorta uafásach a tharla san Úcráin sna 1930idí. I bhfianaise gach ar tharla inár dtír féin le linn an Ghorta Mhóir, ní fhéadfadh aon duine in Éirinn gan comhbhá a bheith acu le muintir na hÚcráine agus iad ag smaoineamh ar an ngorta arbh iad daoine ba chúis leis, a bhásaigh na milliúin mar thoradh air fad a bhí bia á easpórtáil. Ar an gcaoi chéanna, cuireann sé uafás orainn go bhféadfaí bia a úsáid ina uirlis chogaidh sa lá atá inniu ann.

Leanfaimid d’obair a dhéanamh le daoine eile lena chinntiú nach ndéanfar íospartaigh de na daoine is leochailí ar domhan mar gheall ar shoiniciúlacht agus mídhaonnacht na Rúise, agus mar gheall ar bhia a bheith ina uirlis troda aici. Ní mór bia a chur ar fáil dóibhsean a bhfuil géarghá acu leis. Tá na naisc idir Éire agus an Úcráin láidir cheana féin. Tá ceangail chroíúla idir daoine agus pobail óga cruthaitheacha bríomhara againn araon. Táimid ar dhá cheann de na tíortha is mó a bhfuil diaspóra againn ar fud an domhain.

Tá go leor curtha ag pobal fuinniúil na hÚcráine le sochaí na hÉireann, agus is saibhrede an tír dá bharr. Tá na ceangail sin á láidriú le linn an chogaidh uafásaigh mhímhorálta seo, fad atá daoine á ruaigeadh as a n-áit dúchais. Tá mé cinnte de go mbeidh ceangal láidir eadrainn nach féidir a bhriseadh mar thoradh air seo. Chuaigh teacht aniar agus spiorad suntasach mhuintir na hÚcráine, a bhfuil do cheannaireacht, a Uachtaráin, ina eiseamláir díobh, go mór i gcion ar dhaoine ar fud an domhain. Sin gan trácht ar an méid atá á fhulaingt agaibh anois.

Chun athfhriotal a dhéanamh ar an méid a dúirt sárscríbhneoir agus smaointeoir na hÚcráine, Oksana Zabuzhko, sa bhliain 2016, ‘tá sé foghlamtha againn gurb é is straitéis marthanais ann do náisiún saor ná labhairt amach seachas gan dada a rá, go bhfuil sé tugtha faoi deara ag muintir na hÚcráine faoi dheireadh go bhfuil go leor le rá acu leis an saol mór, dá mba rud é go dtabharfadh sé cluas dóibh an uair seo.’ Táim anseo inniu, a Uachtaráin, le hinsint duit agus do mhuintir na hÚcráine, gur labhair sibh agus go bhfuil an saol mór ag éisteacht; cloisimid sibh. Bhí sé i gceist leis an gcogadh seo go gcuirfí daoine faoi chois agus go ndéanfaí iad a scoilteadh, ach in ionad sin, rinne sé níos láidre sibh, níos aontaithe, níos siúráilte de bhur bhféiniúlacht agus bhur n-áit sa domhan, de bhur teanga, bhur gcultúr, bhur nglao san Eoraip.

Chuaigh láidreacht agus teacht aniar mhuintir na hÚcráine go croí i muintir an domhain. Mar a deirtear in amhrán náisiúnta na hÚcráine, ‘Níl deireadh go fóill le honóir agus saoirse na hÚcráine.’ Feictear dom nach dtiocfaidh deireadh leo go brách. Dia go deo leis an Úcráin, Slava Ukraini/Слава Україні!