Óráid leis an Taoiseach, Micheál Martin TD, Ag Comhdháil Bhliantúil an Lárionaid um Staidéar Trasteorann
-
By: An Taoiseach ; Micheál Martin
- Foilsithe: 29 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 18 Deireadh Fómhair 2022
- Réamhrá
- Dúshláin Pholaitíochta
- Comhthéacs Uile-Oileáin
- An Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas
- Ag Cur le Comhaontú Aoine an Chéasta
- An chéad ghlúin eile de thionscadail
- Ag éisteacht agus ag foghlaim
- Ráitis Deiridh
Dún Dealgan, an 29 Meán Fómhair 2022
‘Dúshláin agus cuir chuige nua i dtaobh comhoibriú trasteorann’
Réamhrá
A ChathaoirlighPeter Osbourne, a Stiúrthóir Anthony Soares, a Chomhaltaí Boird agus a aíonna mór le rá,
Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Lárionad um Staidéar Trasteorann as cuireadh a thabhairt dom labhairt ag comhdháil an lae inniu. Beidh na pléití inniu agus amárach ina n-ábhar thar a bheith úsáideach chun ár smaointeoireacht i dteannta a chéile a fhorbairt i dtaobh na gcaidreamh trasteorann atá againn agus i dtaobh cuir chuige nua chun na caidrimh sin a chothú.
Tá ról thar a bheith tábhachtach ag an Lárionad i dtaobh idirphlé riachtanach a éascú maidir le caidrimh Thuaidh/Theas, agus caidrimh Thoir/Thiar go deimhin - agus tá ról ag an lárionad freisin a chinntiú go dtabharfar cluas do na daoine sin go léir a mbaineann na caidrimh sin leo.
Chonaic mé an chaoi a léiríodh luach an taighde i ndáil leis an mbealach a ndéantar comhoibriú trasteorann agus leis an gcúis atá leis trí obair an Lárionaid um Staidéar Trasteorann ón mbliain 1999. Trína chuid oibre, tá fianaise agus anailís curtha ar fáil a chuidigh chun forbairt comhoibrithe Thuaidh/Theas agus Thoir/Thiar a spreagadh agus a mhúnlú le cóir a bheith 25 bliain.
Thar aon ní eile, cuirtear bealach ar fáil le bhur gcuid oibre trínar féidir dearcthaí na sochaí sibhialta tionchar a imirt ar bheartas poiblí agus é a mhúnlú, ionas go mbeidh bonn eolais níos fearr faoi chuir chuige beartais ar gach aon taobh.
Tá obair an Lárionaid i dtaobh monatóireacht a dhéanamh ar na coinníollacha atá ann do chomhoibriú Thuaidh/Theas, agus i dtaobh an bhealaigh a bhfuil na coinníollacha sin ag athrú i gcomhthéacs iar-Bhreatimeachta, thar a bheith luachmhar.
Ba mhaith liom tagairt ghairid a dhéanamh do na dúshláin pholaitíochta atá romhainn, ach formhór mo chuid ama a chaitheamh ag labhairt faoin mbealach a ndéantar comhoibriú Thuaidh/Theas agus faoin gcúis atá leis.
Dúshláin Pholaitíochta
Tá an Breatimeacht ina néal os cionn caidrimh ar na hoileáin seo, agus tá an caidreamh idir an AE agus an RA athraithe ó bhonn dá bharr.
Ní thiocfaidh réitigh inbhuanaithe as gníomh aontaobhach - cibé a mbaineann sé leis an bPrótacal nó le saincheisteanna leagáide - agus tagann sé salach ar spiorad na comhpháirtíochta atá mar bhonn agus thaca ag Comhaontú Aoine an Chéasta.
Leis an toil pholaitiúil cheart ann, níl amhras ar bith orm ach go dtiocfar ar réitigh maidir leis na fadhbanna a bhaineann le cur i bhfeidhm an Phrótacail.
Chas mé leis an bPríomh-Aire Truss le déanaí, agus bím ag plé an ábhair go rialta le mo chomhghleacaithe san Eoraip.
Tá mé cinnte go bhfuil réiteach trí idirbheartaíocht uainn ar fad. Tá deis againn anois fuinneamh nua a chur isteach i gcainteanna an AE/na RA.
Creidim go bhfuil bealach ann chun teacht ar chomhaontú maidir leis an tslí chun cinn má choinnímid aird ar na fadhbanna a mbíonn tionchar acu ar dhaoine i dTuaisceart Éireann agus má dhírímid freisin ar réitigh phraiticiúla réadúla a shainaithint.
Chuirfeadh sé sin ar chumas gnólachtaí i dTuaisceart Éireann lánleas a bhaint as na deiseanna a eascraíonn as an bPrótacal, agus bheadh sé ina thacaíocht chun caidrimh níos dearfaí agus níos comhoibrithí idir an AE agus an RA a fhorbairt.
Le geimhreadh deacair amach romhainn a bheidh dúshlánach ó thaobh na heacnamaíochta de, is cúis mhór aiféala é nach bhfuil an Feidhmeannas ag feidhmiú chun an cheannaireacht a theastaíonn ó mhuintir Thuaisceart Éireann, agus atá tuillte acu, a chur ar fáil dóibh.
An rud atá i gceist ná cinneadh páirtí polaitíochta amháin gan na hInstitiúidí a fheidhmiú.
Breis agus ceithre mhí tar éis thoghcháin na Bealtaine, níl sé de chumas ag an Tionóil a bheith ag feidhmiú fós - rud a sháraíonn an mandáid a thug na daoine sna toghcháin sin.
Agus muid ag druidim leis an 28 Deireadh Fómhair, an spriocdháta chun an Feidhmeannas a chur ar bun, gríosaím na páirtithe chun bogadh chun tosaigh le gur féidir Tionóil agus Feidhmeannas feidhmiúil a bheith ann arís i dTuaisceart Éireann agus obair na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas a atosú.
Tá comóradh 25 bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta ag teannadh linn, agus tá sé de dhualgas orainn, ar mhaithe le muintir Thuaisceart Éireann, ár ndícheall a dhéanamh ina leith.
Comhthéacs Uile-Oileáin
Ag bogadh ar aghaidh anois go téama na comhdhála, nuair a bhreathnaím ar oileán na hÉireann sa lá atá inniu ann, feicim oileán
a bhfuil os cionn 7 milliún duine air, agus a bhfuil daonra níos ilchineálaí air anois ná mar a bhí riamh roimhe seo.
Oileán ar a raibh trádáil trasteorann arbh fhiú €7.5 billiún é sa bhliain 2021 ó thaobh earraí de amháin.
Oileán ar a ndéanann daoine 110 milliún turas trasna na teorann gach bliain.
Oileán ar a dteastaíonn go ndéanfaimis deiseanna comhair agus comhoibrithe a uasmhéadú chun todhchaí inbhuanaithe rathúil ionchuimsitheach a chruthú don uile dhuine.
Tá na riachtanais chun é sin a dhéanamh ríshoiléir.
Trí bheith ag obair le chéile tá seans níos fearr againn aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus ar chaillteanas bithéagsúlachta, ar dhúshláin chomhroinnte dhomhanda iad.
D’fhonn a bheith iomaíoch ar an ardán domhanda, ní mór dúinn leas iomlán a bhaint as na deiseanna a bhaineann le comhoibriú eacnamaíochta uile-oileáin - barainneachtaí scála a uasmhéadú, an nuálaíocht a chothú agus bonn scileanna an oileáin a chosaint le go seasfaidh sé an aimsir.
Ó thaobh seirbhísí poiblí de, tá go leor ar féidir linn a fhoghlaim óna chéile ach is féidir linn - agus ba cheart dúinn - comhoibriú a dhéanamh freisin chun seirbhísí poiblí níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla a chur ar fáil do shaoránaigh an oileáin.
Tuigeann sibh go maith anseo i nDún Dealgan go n-éilítear orthu a bheith ag obair i gcomhar ar bhonn trasteorann, ar mhaithe le forbairt réigiúnach chothromaithe, chun forbairt iomlán a dhéanamh ar an Iarthuaisceart, ar Réigiún Lár na Teorann, ar ais an Iúir / Dhún Dealgan, agus ar bhealach iomlán Bhaile Átha Cliath-Bhéal Feirste.
Thar aon ní eile, agus muid ag roinnt an oileáin seo, éilítear orainn leanúint leis an obair cháiréiseach atá ar bun againn, a mbíonn foighne ag teastáil ina leith, i dtaobh caidrimh agus comhpháirtíochtaí a chothú ar fud an oileáin.
An Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas
Bunaíodh an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas trí Chomhaontú Aoine an Chéasta chun faisnéis a mhalartú; chun comhoibriú a fhorbairt ar cheisteanna a mbeadh spéis ag an bpobal ar an dá thaobh den teorainn iontu agus chun teacht ar chomhaontú ar bheartais agus gníomhartha comhchoiteanna. Taobh istigh den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas (CATT), tá ról speisialta ag na Comhlachtaí Thuaidh/Theas maidir le beartais agus cláir a chur i bhfeidhm ar bhonn uile-oileáin.
Tá tábhacht ag baint le struchtúir agus le hInstitiúidí.
Níl an Chomhairle ag teacht le chéile faoi láthair ceal Feidhmeannais atá ag feidhmiú. Ach bhí dúshláin roimh obair an Fheidhmeannais i bhfad sula raibh trácht ar bith ar thoghchán an Tionóil i mí Bealtaine agus i bhfad sular tháinig na folúntais in oifigí an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire chun cinn i mí Feabhra.
Níl aon rud dearfach nó cuiditheach ag baint leis an gclár oibre a chuirtear ar aghaidh leis an gcur chuige seo.
Ba cheart dúinn a bheith ag labhairt, trí na struchtúir a cruthaíodh le Comhaontú Aoine an Chéasta, faoi mar is féidir linn a bheith ag obair le chéile chun borradh a chur faoin ngeilleagar, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin aeráide agus timpeallachta, chun nascacht iompair an oileáin a láidriú agus faoin mbealach le feabhas a chur ar na seirbhísí sláinte agus oideachais atá againn - gan ach cuid acu a lua.
Thug Comhaontú Aoine an Chéasta struchtúr dúinn, i bhfoirm an CATT, trínar féidir linn na nithe seo uile a dhéanamh, agus iad a dhéanamh i gceart. Tá sé do-ghlactha ar fad nach bhfuiltear ag ligean don Chomhairle an jab seo a dhéanamh agus tá súil agam go mbeidh sí ábalta dul i mbun oibre arís sula i bhfad.
Leanfaimid orainn ag obair chun tacú le hathbhunú Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann, le feidhmiú iomlán an CATT agus chun an tacaíocht pholaitíochta agus shibhialta i gcoitinne a theastaíonn go géar i ndáil le cur chun cinn comhoibrithe Thuaidh/Theas a chothú.
Seo an áit a bhfuil ról chomh tábhachtach sin ag eagraíochtaí ar nós an Lárionaid um Staidéar Trasteorann - chun tuiscint a láidriú agus chun gréasáin nascachta a chothú ag leibhéil éagsúla agus in earnálacha éagsúla.
Tá ról freisin ag cúrsaí gnó, ar nós, mar shampla, na bealaí a bhfuil Comhchomhairle Gnó IBEC-CBI ag déanamh cás soiléir ar son ‘Gnó ar Oileán Nasctha’ chun margadh oileán na hÉireann agus slabhraí soláthair comhtháite a uasmhéadú; chun borradh a chur faoi ghnó agus poist nua a chruthú.
Tá forbairtí iontacha ag teacht chun cinn ag leibhéal réigiúnach freisin. Is comhpháirtíocht bhríomhar chomhtháite é Réigiún Cathrach Thiar Thuaidh anois, a bhfuil naisc láidre idir daoine agus caidrimh láidre eacnamaíochta agus timpeallachta.
Anseo ar an gcósta thoir, bhí naisc láidre idir an tIúr agus Dún Dealgan i gcónaí agus tá comhpháirtíochtaí iontacha nua á bhforbairt feadh bhealach Bhaile Átha Cliath-Bhéal Feirste.
Ag Cur le Comhaontú Aoine an Chéasta
Feicimid, mar sin, go bhfuil an tsochaí shibhialta, gnólachtaí agus údaráis áitiúla go léir ag glacadh freagracht orthu féin as nascacht agus comhoibriú Thuaidh/Theas níos láidre ar an oileán seo a chothú.
Tá Rialtas na hÉireann ag luí isteach ar an obair freisin, ag cur leis an méid ar féidir a bhaint amach trí Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Ar na gnéithe atá lárnach dár gcur chuige tá acmhainní a chur ar fáil, tosaíochtaí a leagan síos agus beart a dhéanamh de réir ár mbriathair.
Is éard atá i gceist leis an tionscnamh um Oileán Comhroinnte, a bhunaigh mé i Roinn an Taoisigh agus a sheol mé beagnach dhá bhliain ó shin, ná lánacmhainneacht a bhaint as Comhaontú Aoine an Chéasta, chun todhchaí comhroinnte a chothú a mbeidh athmhuintearas i gceist leis, trí bheith ag obair leis an uile phobal.
Tá tiomantas polaitíochta agus tiomantas acmhainní d’infheistíocht uile-oileáin déanta againn tríd an gCiste Oileáin Chomhroinnte, ar fiú €1 billiún é. Is tiomantas é nach bhfacthas a leithéid riamh cheana agus tá sé lárnach don chur chuige seo.
In éineacht leis an gclár PEACEPLUS atá le bheith i bhfeidhm go luath ar fiú €1.1 billiún é, is ionann é seo agus maoiniú nach raibh ar fáil riamh roimhe seo d’infheistíocht trasteorann chun tacú le síocháin agus rathúnas comhroinnte ar oileán na hÉireann.
Cuirfidh sé seo chun tosaigh an obair phraiticiúil chrua a bhaineann le tionscadail bonneagair trasteorann a chur i bhfeidhm; le dúshláin timpeallachta, eacnamaíochta agus shóisialta a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu; agus le hinfheistíocht a dhéanamh chun lánacmhainneacht réigiúin teorann an oileáin seo a bhaint amach.
Táimid ag leithdháileadh Ciste Oileáin Chomhroinnte trí chomhpháirtíochtaí uile-oileáin, ag obair le Feidhmeannas Thuaisceart Éireann, le Rialtas na Ríochta Aontaithe, leis na hÚdaráis Áitiúla, le hinstitiúidí oideachais agus leis an tsochaí shibhialta.
Tá breis agus €120 milliún leithdháilte ag an Rialtas cheana féin ó Chiste Oileáin Chomhroinnte le dhá bhliain anuas.
Le tacaíocht ó Chiste Oileáin Chomhroinnte, tá an Rialtas ag bogadh ar aghaidh anois le seachadadh thionscadal Chanáil Uladh agus thionscadal Dhroichead Chaol Uisce anseo i gContae Lú.
Is dhá mhórthionscadal bonneagair iad seo a bhfuiltear ag déanamh go leor leor cainte fúthu leis na deicheanna de bhlianta.
Agus muid ag déanamh beart den ghealltanas a rinneamar, ní hamháin go bhfuilimid ag cur sócmhainní fíorthábhachtacha turasóireachta agus áineasa inbhuanaithe ar fáil do réigiún lár na teorann agus réigiún na teorann thoir.
Táimid ag léiriú freisin an buntáiste a bhaineann le hoibriú uaillmhianach trasteorann agus an tionchar atá aige: deiseanna a chruthú; daoine a nascadh lena chéile agus a bheith ag cur leis na caidrimh a bhíonn againn le daoine ar fud pobail éagsúla.
An príomhchúram atá orm ná tionscadail agus torthaí lena ndéantar difríocht cheart do na gnáthphobail - ar an dá thaobh den teorainn.
Ó tharla an tAonad um Oileán Comhroinnte a bheith ag tabhairt ceannaireachta ó Roinn an Taoisigh, táimse ag cinntiú go bhfuil tús áite á thabhairt ar fud an Rialtais do thionscadail, tionscnaimh agus forbairt beartais uile-oileáin.
D’iarr mé ar na hAirí ar fad tionscnaimh infheistíochta, beartais nó comhoibrithe faoina bpunann a bhainfeadh le hOileán Comhroinnte a shainaithint. Tá rianú cúramach á dhéanamh ar dhul chun cinn i dtaobh spriocanna an Chláir Rialtais agus tosaíochtaí an Phlean Forbartha Náisiúnta a chur chun cinn, lena n-áirítear tríd an eolas is deireanaí a chur ar fáil don chomh-aireacht ar bhonn rialta.
An chéad ghlúin eile de thionscadail
Chomh maith leis sin, de bharr go bhfuilimid ag breathnú chun cinn leis an tionscnamh um Oileán Comhroinnte, táimid ag forbairt glúin nua de chuir chuige agus infheistíochtaí trasteorann agus á gcur i bhfeidhm.
Bhí sé ar cheann de na príomhghnéithe dár gcur chuige cláir iomaíocha oscailte a fhorbairt ar bhonn uile-oileáin, trína ndearna muid infheistíocht i gcomhpháirtíochtaí Thuaidh/Theas agus trína ndearna muid na comhpháirtíochtaí sin a chothú gan srianta dlínsiúla.
I mí Lúnasa na bliana seo caite, sheol an Rialtas mórchlár Taighde Thuaidh/Theas, arbh fhiú €40 milliún é, chun tacú go sonrach le taighde, nuálaíocht agus forbairt i gcomhar idir institiúidí agus taighdeoirí ardoideachais ar an oileán, a raibh an bhéim a bhain leis ar dhúshláin chomhroinnte. I mí Márta na bliana seo, d’fhógair muid €37.3 milliún san iomlán do 62 comhthionscadal sa chéad bhabhta maoinithe faoin gClár.
I mí Aibreáin, sheol mé scéim maoinithe um Oileán Comhroinnte d’Údaráis Áitiúla, scéim iomaíoch nua an Rialtais. Cuirtear síolchaipiteal ar fáil tríd an scéim seo do thionscadail nua infheistíochta trasteorann, le €5 milliún á fháil tríd an gCiste Oileáin Chomhroinnte.
Bhí freagairt iontach láidir ó chomhpháirtíochtaí na nÚdarás Áitiúil don ghlao ar thograí.
Beidh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i mo theannta tráthnóna i mBaile an Chabháin chun na 25 dámhachtain ar éirigh leo faoin scéim a sheoladh.
Leis seo, beifear ábalta beart a dhéanamh de na smaointe atá ann: moltaí trasteorann nua maidir le grúpaí i dtionscal na cruthaitheachta agus moil nuálaíochta agraibhia a fhiosrú; borradh a chur faoin ngeilleagar ciorclach agus foirgnimh phoiblí a dhícharbónú - gan ach cuid den na 25 tionscadal a bhfuilimid ag tacú leo a lua.
Agus déanfaimid níos mó ná sin - idir moil taighde uile-oileáin a mhaoiniú agus cláir do chomhpháirtíochtaí fiontraíochta.
Is ionann cur chuige i gcomhar a ghlacadh i dtaobh dúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn agus bealach fónta eile chun bogadh ar aghaidh - lena gcuirfear ar ár gcumas saineolas agus dea-chleachtas a roinnt ach, anuas air sin, obair i gcomhar a dhéanamh ar chuid de na saincheisteanna is mó a bhaineann le saoránaigh an oileáin, rud atá fíorthábhachtach.
I mí Iúil, leithdháileamar €15 milliún i leith scéim nua chun tacú le suiteáil bonneagair luchtaithe d’Fheithiclí Leictreacha ag clubanna agus faichí spóirt ar fud an oileáin.
Chomh maith leis sin, chuireamar €3 milliún ar fáil i leith comhpháirtíochtaí trasteorann um ghníomhú an phobail ar son na haeráide. B’in chun tacú le hidirghabhálacha áitiúla a chuideoidh le spriocanna aeráide agus fuinnimh a bhaint amach, Thuaidh agus Theas.
Anois táimid ag breathnú ar chomhoibriú níos dlúithe ar na féidearthachtaí a bhaineann le fuinneamh hidrigine.
Tá sé mar aidhm againn i bhfad níos mó ná sin a dhéanamh ó thaobh gníomhú ar son na haeráide trí bheith ag obair le Feidhmeannas nua i dTuaisceart Éireann - agus le Rialtas na Breataine - mar chuid dár gclár oibre um Oileán Comhroinnte.
Táimse go mór den tuairim gur gá dúinn a bheith níos uaillmhianaí i ndáil leis an méid ar féidir linn a dhéanamh i réimse an tseachadta seirbhísí poiblí ar an oileán.
Ag cinntiú gur féidir le saoránaigh rochtain a fháil ar an gcúram sláinte cuí is gaire dóibh agus sainseirbhísí a rolladh amach ar fud an oileáin ar fad.
Ó thaobh réimse an Oideachais de, beidh an Rialtas ag iarraidh i bhfad níos mó a dhéanamh i gcomhar le Feidhmeannas nua Thuaisceart Éireann agus Rialtas na Breataine, faoi chreat Chomhaontú Aoine an Chéasta. Chun borradh a chur faoin gcomhoibriú a dhéanaimid agus faoin dtacaíocht a thugaimid, go háirithe i dtaobh saincheisteanna gnóthachtála oideachais.
Ba mhaith liom áit i bhfad níos lárnaí a bheith ag cúrsaí Oideachais i ndáil leis an gcaoi a gcuirfimid an Comhaontú i bhfeidhm sna blianta atá amach romhainn.
Ag éisteacht agus ag foghlaim
Le hocht mí dhéag anuas, tríd an tSraith Idirphléití maidir le hOileán Comhroinnte, táimid ag éisteacht leis an tsochaí shibhialta ar mar a d’fhéadfaimis, ar bhealaí praiticiúla, an oileán seo a chomhroinnt ar shlí níos fearr.
Is cúis áthais dom gur rannpháirtithe gníomhacha sa tSraith Idirphléití iad lucht an Lárionaid um Staidéar Trasteorann, comhaltaí den Ghrúpa Ad Hoc um chomhoibriú Thuaidh/Theas agus Thoir/Thiar agus go leor eile atá i láthair anseo inniu.
Bhí baint dhíreach ag nach mór 2,000 saoránach agus ceannaire sibhialta go dtí seo agus leanfar den bhaint sin i rith na bliana.
Bíonn siad ag fiosrú na spéiseanna agus na ndeiseanna comhchoiteanna atá againn chun caidrimh lena chéile a láidriú, Thuaidh agus Theas.
Agus, bíonn siad ag dul i ngleic le ceisteanna níos leithne. Ceisteanna maidir leis an gclár oibre comhionannais, cuir i gcás; maidir leis na healaíona agus cultúr; maidir le deireadh a chur le foréigean agus mí-úsáid inscnebhunaithe, ar ceist phráinneach í sin don tsochaí ar fad.
Sa mhéid seo ar fad, táimid ag obair lena chinntiú go dtabharfar aird níos mó ar thuairimí agus ar thaithí daoine ar minic iad a bheith faoi ghannionadaíocht - lena n-áirítear mná, daoine óga agus mionlaigh eitneacha.
Tá sé ag teacht chun solais anois gurb ionann na hIdirphléití agus comhpháirteachas dearfach praiticiúil géarchúiseach poiblí maidir leis an gcaoi a múnlaímid todhchaí an oileáin seo.
Mar aon leis sin, trí na hIdirphléití maidir le hOileán Comhroinnte, tá túsphointe á chur ar fáil do chomhráite níos doimhne agus do thionscnaimh shibhialta amhail Fóram Uile-Oileáin na mBan agus an tionscadal iCommunity faoi stiúir The Wheel agus Comhairle Thuaisceart Éireann um Ghníomhaíocht Dheonach.
Dá mhéad a dhéanaimid ár dtaithí a roinnt lena chéile agus na físeanna agus spriocanna coiteanna atá againn don oileán a mhúnlú le chéile, is amhlaidh is fearr é, agus rachaidh sé chun leasa dúinn ar fad, Thuaidh/Theas agus Thoir/Thiar.
Ráitis Deiridh
Mar is eol don uile dhuine sa seomra seo, tá buntábhacht ag baint le caidrimh shibhialta fhorleathana ionchuimsitheacha ó thaobh rannpháirtíocht dhearfach a chothú ar fud pobal agus teorainneacha.
Tá sé ríthábhachtach i ndáil le comhthéacs don chomhoibriú agus, go deimhin, don chómhaireachtáil a dhearbhú, comhthéacs nach mbaintear d’fhéiniúlacht phobail, de chreidimh ná de mhianta duine ar bith don todhchaí ann.
Tá sé ríthábhachtach i dtaobh fís Chomhaontú Aoine an Chéasta a thabhairt chun fíre, is é sin chun bheith ag obair le chéile ar bhealaí praiticiúla d’fhonn athmhuintearas a bhaint amach.
Tá an Lárionad um Staidéar Trasteorann i gcroílár éiceachóras na sochaí sibhialta le 25 bliain anuas, ar cuid lárnach de Phróiseas na Síochána é, agus beidh go fóill sna blianta atá amach romhainn.
Tá mé ag súil leis an méid a dhéanfaidh sibh amach anseo ar son na cúise seo agus muid ag leanúint orainn le chéile ar aistear an athmhuintearais ar an oileán seo, atá bunaithe ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus guím gach rath oraibh leis an gcuid eile den chomhdháil.
Go raibh maith agaibh go léir.
Críoch