Aitheasc a thug an Taoiseach Micheál Martin ar Chomhaltaí an Rialtais a fhógairt dó.
-
By: An Taoiseach ; Micheál Martin
- Foilsithe: 23 Eanáir 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Stádas na hÉireann san Eoraip agus sa Domhan
- Geilleagar Tréan
- Oideachas
- Leanaí agus Daoine faoi Mhíchumas
- An Pobal
- Cúrsaí Dlí agus Cirt agus Imirce
- Tithíocht
- Ceantair Thuaithe na hÉireann
- Cúrsaí Aeráide, Fuinnimh agus Iompair
- Sláinte
B'áil liom cead a chur in iúl, mar eolas don Dáil, gur chuir mé m'ainmniú mar Thaoiseach in iúl don Uachtarán agus gur cheap sé mé dá réir.
Tá líon suntasach nithe i gclár cuimsitheach an Rialtais ar gá atheagar maidir le réimsí áirithe freagrachta ina leith chomh maith le feidhmeanna nua a chruthú. Anuas ar an méid sin, tá sraith athruithe maidir le comhord an rialtais a bheidh á gcur i bhfeidhm agamsa i Roinn an Taoisigh. Tabharfaidh mé cuntas níos mine ar na hathruithe sin i mo chuid cainte tar éis dom comhaltaí an Rialtais a ainmniú go foirmeálta.
Tairigim:
Go gcomhaontóidh Dáil Éireann leis an Taoiseach d'ainmniú na dTeachtaí seo a leanas chun a gceaptha ag an Uachtarán mar chomhaltaí den Rialtas:
• An Teachta Simon Harris ina Thánaiste, ina Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus ina Aire Cosanta.
• An Teachta Paschal Donohoe ina Aire Airgeadais.
• An Teachta Jack Chambers ina Aire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Seirbhísí Poiblí, Athchóirithe agus Digitithe.
• An tAire Helen McEntee ina hAire Oideachais agus Óige.
• An Teachta Darragh O’Brien ina Aire Aeráide, Comhshaoil agus Fuinnimh agus ina Aire Iompair.
• An Teachta Norma Foley ina hAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais.
• An Teachta Peter Burke ina Aire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta.
• An Teachta Dara Calleary ina Aire Coimirce Sóisialaí agus ina Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
• An Teachta Patrick O’Donovan ina Aire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt.
• An Teachta Jennifer Carroll McNeill ina hAire Sláinte.
• An Teachta James Browne ina Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
• An Teachta Jim O’Callaghan ina Aire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce.
• An Teachta Martin Heydon ina Aire Talmhaíochta, Bia, Iascaigh agus Mara.
• An Teachta James Lawless ina Aire Breisoideachais, Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.
• Rossa Fanning, Abhcóide Sinsearach, ina Ard-Aighne ag an Rialtas.
• An Teachta Mary Butler ina Príomh-Aoire an Rialtais a dhéanfaidh freastal ar chruinnithe comhaireachta agus ina hAire Stáit maidir le Meabhairshláinte.
• An Teachta Hildegarde Naughton ina hAire Stáit a dhéanfaidh freastal ar chruinnithe comhaireachta ar a mbeidh cúram maidir le Daoine faoi Mhíchumas.
• An Teachta Noel Grealish ina Aire Stáit a dhéanfaidh freastal ar chruinnithe comhaireachta ar a mbeidh cúram maidir le Bia a Chur chun Cinn, Margaí Nua, Taighde agus Forbairt.
• An Teachta Seán Canney ina Aire Stáit a dhéanfaidh freastal ar chruinnithe comhaireachta ar a mbeidh cúram maidir le hIompar Idirnáisiúnta agus Iompar ar Bhóithre, Lóistíocht, Iarnróid agus Calafoirt.
Chomh maith leo sin, beidh bearta á ndéanamh agam as seo go ceann roinnt laethanta le Teachtaí eile a mholadh chun fónamh a dhéanamh ina nAirí Stáit ar a mbeidh réimse leathnaithe cúraimí d’fhonn dul i ngleic go hiomlán leis na bearta tús áite a leagtar amach i gclár an rialtais.
Beidh an reachtaíocht is gá chun sin a thabhairt i bhfeidhm á seoladh gan mhoill.
A Cheann Comhairle, is rialtas seo atá á ainmniú agam inniu a shaothróidh lá i ndiaidh an lae le neart na hÉireann a chosaint tráth seo na bagartha dáiríre agus a dhéanfaidh gníomh go seasta leanúnach ag díriú ar riachtanais shóisialta bhuntábhachtacha.
Beidh gach comhalta den rialtas nua freagrach as clár beartaíochta faoi leith, ach beidh á éileamh ar an uile dhuine freisin cion tairbhe a dhéanamh go forbheartach maidir le príomhréimsí tús áite an rialtais.
Bainfidh cur chuige an rialtais uile de shaintréith le hobair an rialtais agus na mórcheisteanna á dtabhairt ó shadhlann aon roinn amháin agus bearta á gcur i gcrích i réimsí éagsúla an t-aon tráth amháin. I gcás réimsí éagsúla príomhthábhachta, beidh sraith de chórais nua comhordúcháin á gcur ar bun faoi stiúir oifig an Taoisigh.
Stádas na hÉireann san Eoraip agus sa Domhan
Is léir don uile dhuine gur ag dul i míshocracht atá an domhan agus go bhfuil bagairt dáiríre ann d’fhorais a bhfuil tábhacht faoi leith leo d’Éirinn.
Beidh ar cheann de phríomhaidhmeanna lárnacha an rialtais stádas na hÉireann san Aontas Eorpach agus i bhfóraim idirnáisiúnta níos leithne a chaomhnú agus a threisiú.
Ní foláir, mar ghné bhunúsach de sin, an tráchtáil a chaomhnú atá bunriachtanach d’eacnamaíocht na tíre chomh maith leis na forais atá bunriachtanach maidir le meon mhuintir na hÉireann a chur chun tosaigh.
Saothrófar in éineacht leo sin atá ag féachaint leis an Aontas Eorpach a neartú, le hathchóiriú bunriachtanach ar chúrsaí eacnamaíochta laistigh den Aontas a thabhairt i gcrích, agus le meon an daonlathais a dhearbhú.
Féachfar chomh maith le brostú le margaí nua a shaothrú agus le cur leis na deiseanna ag comhlachtaí de chuid na hÉireann bláthú de bharr na trádála. Leagfar béim arís agus arís eile ar an tábhacht atá le cúrsaí trádála maidir le taidhleoireacht idirnáisiúnta na hÉireann.
D’fhonn bonn daingean a chur faoi sin aistreofar, mar is léir ón ainm nua, feidhm na trádála go dtí an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a bheidh faoi stiúir an Tánaiste nua, an Teachta Simon Harris.
An bhliain seo chugainn, beifear ag glacadh ar ár seal le hUachtaránacht na Comhairle. Bainfear leas as an tréimhse uachtaránachta chun clár tairbheach de bhearta praiticiúla a chur chun cinn maidir le réimsí éagsúla sóisialta, eacnamaíochta, polaitíochta agus timpeallachta. Bainfidh déanamh gnímh go sainiúil le huachtaránacht na hÉireann ar an gComhairle.
Beidh an tAire Stáit maidir leis an Eoraip á cheapadh i Roinn an Taoisigh agus sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála araon. Beidh ról lárnach ag an Aire Stáit sa phleanáil don Uachtaránacht chomh maith le bearta buana a chur i bhfeidhm trína dtreiseofar leis an gcaidreamh idir Éire agus ballstáit eile an Aontais.
Tá an uile dhuine a sheasann le cúis na síochána agus le luachanna bunúsacha ag súil go maireann an sos cogaíochta i nGaza agus gur féidir athrú gan mhoill agus dul i mbun chlár ollmhór oibre maidir le cabhair dhaonnúil agus atógáil.
Sampla amháin, mar a tharlaíonn, Gaza de chor nua a théann níos fairsinge ná sin agus atá ina ábhar mór buartha le gnáthshaoránaigh á n-ionsaí níos minice i gcásanna coimhlinte agus toradh níos measa ar chásanna i ndiaidh a chéile.
Feictear seo sa chogaíocht bharbartha a d’imir an Rúis i gcoinne na hÚcráine, i réimeas an uafáis arna agairt ag Assad agus an Rúis sa tSiria agus sa tSúdáin.
I mbun an chláir cúnaimh agus obair eile ar fud an domhain, beidh an rialtas go mór chun cinn ag labhairt ar son na comhghuaillíochta a chuirfidh in aghaidh an chlaonghnáis seo chun uafáis i gcomhlintí le tamall anuas.
Is gné bhuntábhachtach den obair freisin caidreamh nua a chothú leis an Ríocht Aontaithe. Tosófar ag eagrú cruinnithe mullaigh go rialta agus go foirmeálta leis an gcomhordú gníomhach a chur chun cinn.
Leagfar de chúram ar gach aire caidreamh déthaobhach a chothú le teacht in ionad an chaidrimh a bhíodh i gceist tráth mar ghnáthchuid de bhallraíocht na dtíortha éagsúla san Aontas Eorpach.
Ag féachaint chun cinn, leanfar den obair maidir le síocháin bhuan agus athmhuintearas a chothú ar an oileán seo trí Thionscnamh Oileán na Comhréime faoi mo stiúirse. Treiseofar leis an aonad a dhéanann comhordú maidir leis an tionscnamh agus tabharfar leathnú mór ar na bearta a thagann faoi scáth an tionscnaimh i bhfeidhm.
Féachfar le hoibriú go dlúth agus go sochrach le hionadaithe daonlathacha mhuintir Thuaisceart Éireann agus beidh cuidiú le hoibriú éifeachtúil institiúidí Chomhaontú Aoine an Chéasta ina chuid den obair ag gach comhalta den rialtas nua.
Geilleagar Tréan
Ní ceart go brách talamh slán a dhéanamh de threise an gheilleagair mar bhonn faoi ráta ard fostaíochta agus mar fhoinse cistíochta do sheirbhísí poiblí. D’éirigh le hÉirinn san am a caitheadh mar gheall gur coinníodh i mbun éabhlóide – tuigeadh gur ghá saothrú leis an treoir faoi chúrsaí geilleagair a chóiriú agus an acmhainn a chothú.
Coinneofar bonn daingean faoi chúrsaí airgeadais phoiblí, lena n-áirítear cúlchistí a sholáthar chun cláir infheistíochta a chumhdach agus seirbhísí a chosaint nuair is géire a bhíonn an cás. An tráth céanna, tabharfar clár cuimsitheach infheistíochta i gcrích maidir le seirbhísí agus gnéithe bonneagair.
D’fhonn a chinntiú go dtugtar tionscadail mhóra i gcrích go críochnúil, go héifeachtúil ó thaobh costais agus níos tráthúla, tabharfar athchóiriú agus neartú ar struchtúr agus ar oibriú na Roinne Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe.
Cuirfear Rannóg nua Bonneagair ar bun ar a mbeidh oifigeach ar leibhéal leas-ardrúnaí i gceannas. Beidh an t-aonad, mar aon leis na hairí, freagrach as bac míréasúnach a ghlanadh as an mbealach maidir le tograí bunriachtanacha, treisiú le maoirseacht saineolaithe agus a chinntiú go ndéantar cláir infheistíochta a chur i bhfeidhm gan mhoill.
Oibreoidh an rialtas nua freisin ar mhaithe le gnólachtaí na hÉireann, ní hamháin i mbun teacht ar mhargaí nua, ach maidir le costais a ísliú chomh maith. Tá príomhthábhacht á leagan ar threochlár a leagan amach go luath maidir le cobhsaíocht fhadtéarmach agus forás do thionscail bheaga agus mheánmhéide agus déanfar taighde agus comhairliúchán go forleathan ina leith sin.
Gné amháin de seo, mar gheall ar an tábhacht atá leis an turasóireacht i gcuid mhór réimsí de gheilleagar na tíre, tá feidhm na Turasóireachta á aistriú go dtí an Roinn Fiontar.
Déanfaidh an tAire Ardoideachais agus Breisoideachais agus Taighde ceannródaíocht maidir leis an dícheall an toradh eacnamaíochta is fearr is féidir ar an infheistíocht sna hearnála sin a thabhairt i gcrích.
Cinnteofar go mbíonn bonn daingean airgeadais fúthu agus cuirfear bearta i bhfeidhm chun gnéithe eolaíochta agus taighde de thionscnaimh an rialtais a thabhairt san áireamh de réir córais.
Oideachas
Beidh an tábhacht chéanna leis an oideachas maidir lena bhfuil i ndán don tír seo agus a bhí lenar tugadh i gcrích san am a caitheadh.
Beifear ag dul chun cinn le clár nuachóiriúcháin agus leasúcháin a thiocfaidh an tráth céanna le hacmhainní breise a chur ar fáil go díreach i ngach seomra ranga i ngach comharsanacht sa tír seo.
Leanaí agus Daoine faoi Mhíchumas
Tá de rún daingean diongbháilte agam go gcuirfidh an rialtas seo athrú dáiríre ar leibhéal agus ar scála an chúnaimh taca atá ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas agus dá muintir. Níl i ndán go dtabharfar an t-athrú a theastaíonn i gcrích leis na modhanna ina gcuirtear chuig an gcúram faoi láthair agus tá sé in am dul níos faide leis an mbeartaíocht.
Beidh ionadaíocht ar leibhéal Aire iomlán ag Daoine faoi Mhíchumas ag cruinnithe na Comh-Aireachta den chéad uair i stair an Stáit. Beidh an t-aire sin freagrach as cuid mhór seirbhísí agus i mbun ceannródaíochta maidir le beartaíocht ar fud an rialtais. Tabharfar san áireamh leis sin córas nua soláthair maidir le teiripe chinniúnach a chur ar fáil.
D’fhonn treisiú leis an obair seo, beidh Aonad nua maidir le Daoine faoi Mhíchumas á chur ar bun i Roinn an Taoisigh.
An Pobal
Tá de rún daingean agamsa go diongbháilte go gcuirfidh an Rialtas tús le ré nua forbartha pobail. I gceantair thuaithe, réigiúnacha agus uirbeacha, is iomaí deacracht nach féidir a shárú mura dtugtar le chéile na gníomhaireachtaí ar fad a bhaineann le hábhar, mura n-oibrítear le dreamanna pobail agus mura leagtar bearta amach atá dírithe go sonrach ar riachtanais áirithe gach aon dream faoi leith.
An tAire Coimirce Sóisialaí a bheidh i gceann an róid maidir leis an obair seo ach beidh cion tairbhe á dhéanamh ag gach Roinn Rialtais.
Cúrsaí Dlí agus Cirt agus Imirce
Cúram bunúsach ar gach rialtas a chinntiú go mbíonn an pobal sábháilte, gur féidir na sráideanna a shiúl nó a bheith gan eagla sa bhaile. Ní mór dúinn feabhas a chur, ó thaobh leibhéil agus tionchair, ar an bpóilíneacht pobail agus ní mór dul i ngleic le gnáis nua iompair a bhfuil cuid mhór damáiste ag teacht dá mbarr.
Déanfar athchóiriú suntasach ar an Roinn Dlí agus Cirt d’fhonn a chinntiú go mbíonn béim ar an gclár gníomhaíochta.
Chomh maith leis sin, rachfar i ngleic le beartaíocht an rialtais maidir le cúrsaí imirce a bheith róscaipthe agus gá le ceannasaíocht ina leith sin go díreach.
Leagfar freagracht ar rannóg nua sa Roinn Dlí agus Cirt as rialú theorainneacha na tíre, as an mbainistíocht ar chúrsaí imirce agus as an gcomhordú maidir le lánpháirtíocht. Beidh ard-rúnaí i gceannas le buiséad faoi leith agus le maoirseacht níos sainiúla.
Tithíocht
Tuigtear an brú mór agus na cúinsí anróiteacha atá le fulaingt ag saoránaigh go leor nach féidir leo áras cónaithe a aimsiú le ceannach nó le tógáil ar cíos.
Tá buntábhacht maidir le hobair an rialtais le brostú le líon na n-áras cónaithe atá ar fáil agus le cúnamh taca a chur ar fáil go díreach do dhaoine.
Cuirfear borradh faoin infheistíocht san infreastruchtúr atá de dhíth agus beidh mioneolas á fhógairt agam go gairid faoi ghrúpa nua maidir le comhordú agus cur i bhfeidhm a oibreoidh amach as Roinn an Taoisigh.
Ceantair Thuaithe na hÉireann
Is gné bhuntábhachtach i gcónaí de shaol sóisialta, eacnamaíochta agus cultúir na hÉireann an pobal faoin tuath agus earnáil na talmhaíochta agus an bhia. Oibreofar leo chun todhchaí atá inbhuanaithe agus rachmasach a thabhairt i gcrích dóibh.
Agus le haird ar an tábhacht atá le hiascaireacht agus cúrsaí mara, ceapfar aire stáit faoi leith i gceannas ar an infheistíocht san earnáil sin.
Cúrsaí Aeráide, Fuinnimh agus Iompair
Ní hamháin go dtugtar dúshlán an rialtais agus na Dála seo maidir le spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta a bhaint amach, is é seo dúshlán mór na linne ag an uile dhuine.
Ciallaíonn scála na hinfheistíochta is gá chun aistriú go dtí geilleagar glas gur gá athrú bunúsach ar leibhéal na hinfheistíochta, infheistíocht phoiblí agus phríobháideach.
Arna bhunú ar chur chuige a raibh rath air maidir le seirbhísí airgeadais, beidh Teach Imréitigh Infheistíochta Aeráide á chur ar bun agam a mbeidh béim ar dtús ann ar bhunathrú i gcúrsaí fuinnimh.
Sláinte
Le linn na paindéime agus i rith na mblianta ó shin, tá léirithe againn gur féidir athchóiriú agus dul chun cinn a thabhairt i bhfeidhm i gcúrsaí sláinte. Ní bheidh iomlán na buntáiste ó bhearta móra athchóiriúcháin, mar shampla conradh nua na gcomhairleoirí agus forbairt seirbhísí, le brath go ceann blianta beaga go fóill. Bíodh sin mar atá, ní mór dúinn bealaí a fháil le bunathrú a chur ar an modh ina ritear na seirbhísí sláinte, ní hamháin ó thaobh cúrsaí riaracháin ach, níos tábhachtaí ná sin, ó thaobh an chaoi a gcaitear le gach othar faoi leith.
Gné lárnach den bhunathrú seo clár digitiúcháin maidir leis an gcóras sláinte. Tá príomhthábhacht á leagan againn ar sin a chur i bhfeidhm agus beidh tús á chur leis an obair gan mhoill.
A Cheann Comhairle, beidh réimsí soiléire freagrachta á leagan ar gach duine den rialtas nua maidir leis an gclár ardaidhmeannach atá leagtha amach againn a thabhairt i gcrích.
Beidh súile feannta agus aghaidh amach ag an rialtas seo.
Beifear dírithe ar gheilleagar na tíre a chaomhnú agus dul chun cinn leanúnach a thabhairt i gcrích maidir le tithíocht, le hoideachas, le cúnamh don phobal, le bunathrú ar sheirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas agus le cuid mhór réimsí eile.
Tá léirithe arís agus arís eile ag an tír seo gur mór is féidir a bhaint amach.
Is iomaí deacracht mhór a sáraíodh agus ceann de na tíortha is faide a bhfuil an daonlathas ar bun gan stad ná scor ann á chruthú agus á thabhairt chun cinn againn.
Is mór é mo mhuinín sa mhianach atá ionainn agus níl aon amhras ach gur féidir linn, ag obair as lámha a chéile ar chlár tairbheach athruithe, an tír seo a thabhairt chun cinn le chéile.